Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 1 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL I. Geinealaċ Ċríost: do gaḃaḋ agus do rugaḋ é ó ṁaiġdin.

1 Leaḃar geinealaiġ Íosa Críost ṁic Dáiḃid mic Ábrahaim.

2 Do ġein Ábraham Isaac. Agus do ġein Isaac Iácób, agus do ġein Iácób Iúdás agus a ḋriṫáraċa.

3 Agus do ġein Iúdás Ṗáres agus Sára ó Ṫámar. Agus do ġein Ṗáres Esron. Agus do ġein Esron Aram.

4 Agus do ġein Aram Aminadab. Agus do ġein Aminadab Naasson. Agus do ġein Naasson Salmon.

5 Agus do ġein Salmon Boos ó Raċab. Agus do ġein Boos Obed ó Rút. Agus do ġein Obed Iesse. Agus do ġein Iesse Dáiḃid an rí.

6 Agus do ġein Dáiḃid, an rí, Salomón ó’n mnaoi a ḃí ag Urias.

7 Agus do ġein Salomón Robóam. Agus do ġein Robóam Abia. Agus do ġein Abia Asa.

8 Agus do ġein Asa Iósaṗat. Agus do ġein Iósaṗat Ióram. Agus do ġein Ióram Ósias.

9 Agus do ġein Ósias Ióatam. Agus do ġein Ióatam Aċas. Agus do ġein Aċas Esecias.

10 Agus do ġein Esecias Manasses. Agus do ġein Manasses Amon. Agus do ġein Amon Iosias.

11 Agus do ġein Iosias Ieċonias agus a ḋriṫáraċa i ndaor-ḃruid na Babilóine.

12 Agus tar éis daor-ḃruide na Babilóine do ġein Ieċonias Salatiel. Agus do ġein Salatiel Sorobabel.

13 Agus do ġein Sorobabel Abiud. Agus do ġein Abiud Eliacim. Agus do ġein Eliacim Asor.

14 Agus do ġein Asor Sadoc. Agus do ġein Sadoc Aċim. Agus do ġein Aċim Eliud.

15 Agus do ġein Eliud Eleásar. Agus do ġein Eleásar Matan. Agus do ġein Matan Iácób.

16 Agus do ġein Iácób Ióseṗ, céile Ṁuire, ó n-ar rugaḋ Íosa d’á ngoirtear Críost.

17 D’á ḃríġ sin na geinealaċa go léir ó Ábraham go dtí Dáiḃid is ċeiṫre glúine déag iad. Agus ó Ḋáiḃid go dtí daor-ḃruid na Babilóine ċeiṫre glúine déag. Agus ó ḋaorḃruid na Babilóine go dtí Críost ċeiṫre glúine déag.

18 Agus seo mar a ṫárla geineaṁaint Ċríost. Nuair a tugaḋ a ṁáṫair Muire, i gcuing ṗósta, do Ióseṗ, agus roim ṫeaċt d’á ċéile ḋóiḃ, do fuaraḋ go raiḃ gein’n-a broinn aici ó’n Spioraid Naoṁ.

19 Aċ ó ba ḋuine fíoraonta Ióseṗ, a fear, agus nár ṁaiṫ leis maslaḋ puibiliḋe ṫaḃairt di, ba ṁian leis í ċur uaiḋ a gan ḟios.

20 Aċ ag maċtnaṁ dó ar an méid sin, féaċ, do ṫaisbeáin aingeal an Tiġearna é féin dó i n-aisling, agus duḃairt sé leis. A Ióseṗ, a ṁic Ḋáiḃid, ná bíoḋ aon eagla ort do ḃan-ċéile, Muire, do ġlacaḋ ċúġat, mar is ó’n Spioraid Naoṁ an ġein atá ar iompar aici.

21 Agus béarfaiḋ sí mac, agus taḃarfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóċaiḋ sé a ḋaoine ó n-a bpeacaíḃ.

22 Agus do ṫuit an méid sin go léir amaċ i dtreó go gcóṁlíonfaí an rud a duḃairt an Tiġearna tré ḃéal an ḟáiḋ nuair aduḃairt sé:

23 Féaċ, beiḋ gein’n-a broinn ag maiġdin, agus béarfaiḋ sí mac, agus taḃarfaid siad Emmanuél mar ainim air; agus cialluiġeann an ainim sin, Dia linn.

24 Agus nuair a ḋ’eiriġ Ióseṗ as a ċodla do ḋein sé mar a ḋ’órduiġ aingeal an Tiġearna ḋó, agus do ġlac sé ċuige a ḃan-ċéile;

25 Agus níor ċuir sé aiṫne uirṫi go dtí gur rug sí a mac, a céad-ġein, agus ṫug sé Íosa mar ainim air.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan