Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 9 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL IX. Ná h-Asboil dá gcur amaċ ag Críost. Bia dá ṫaḃairt aige do ċúig ṁíle duine a’ ċúig ḃulógaiḃ, an t-Aṫarú gné do ṫeaċt air. Deaṁan a’ duine dá ċur amaċ aige.

1 Do ġlaoiḋ sé ċuige an dáréag Aspol agus ṫug sé ḋóiḃ cóṁaċt agus cumas ar gaċ aicme deaṁan, agus leiġeas ar ġalaraiḃ.

2 Agus ċuir sé uaiḋ iad ag craoḃsgaoileaḋ ríġeaċta Dé agus ag leiġeas daoine breóite.

3 Agus duḃairt sé leó: Ná tógaiḋ aon rud i gcóir an ḃóṫair, bata ná mála ná arán ná airgead, agus ná bíoḋ ḋá ḃrat ag aoinne agaiḃ;

4 Agus pé tiġ n-a raġaiḋ siḃ isteaċ ann, fanaiḋ ann, agus ná h-imṫiġiḋ amaċ as.

5 Agus pé daoine ná glacfaiḋ siḃ imṫiġiḋ amaċ as an gcaṫair sin agus deiniḋ an ceó do ċroṫaḋ d’ḃúr gcosaiḃ mar ḟiaḋnuise ’n-a gcoinniḃ.

6 Agus do ġluaiseadar amaċ mór-ṫímpal tré sna bailtiḃ ag craoḃsgaoileaḋ an tSoisgéil agus ag leiġeas ins gaċ aon ḃall.

7 Agus d’airiġ Héród, an tetrarc, gaċ níḋ a ḃí aige ’á ḋéanaṁ, agus ḃí sé ar mearḃall, mar deireaḋ daoine,

8 Gur ḃ’é Eóin a ḋ’eiriġ ós na mairḃ; agus deireaḋ daoine eile gur ḃ’é Elias a ṫaisbeáin é féin; agus deireaḋ daoine eile gur ḋuine éigin de sna sean-ḟáiḋiḃ a ḋ’eiriġ.

9 Agus duḃairt Héród: Ḃaineas-sa an ceann d’Eóin; aċ cé h-é seo go h-airiġim na neiṫe seo mar ġeall air? Agus ḃí sé a d’iarraiḋ é ḋ’ḟeisgint.

10 Agus ṫáinig na h-Aspoil ṫar n-ais agus d’innseadar dó gaċ a raiḃ déanta acu; agus do rug sé leis iad i leiṫtaoiḃ i n-áit uaigneaċ dár ḃ’ainim Betsaida.

11 Agus nuair a fuair na sluaiġte amaċ an méid sin do leanadar é; agus do ġlac sé iad, agus ḃí sé ag caint leó i dtaoḃ ríġeaċta Dé, agus na daoine a ḃíoḋ i ngáḋ le leiġeas do leiġiseaḋ sé iad.

12 Agus ṫusnuiġ an lá ar ḋul i ndéanaiġe. Agus ṫáinig an dáréag ċuige agus duḃradar leis: Leig na sluaiġte ċun siuḃail, i dtreó go n-imteóċaid siad ar fuid na mbailte agus na dtiġṫe mór-ṫímpal agus go ḃfaiġid siad lóisdín agus bia, óir is i ḃfásaċ atáimíd anso.

13 Agus duḃairt sé leó: Tugaiḋ-se rud le n-iṫe ḋóiḃ. Agus duḃradar-san: Ní’l againn aċ ċúig bulóga agus ḋá iasg, murab aṁlaiḋ a raiġmís agus bia ċeannaċ do’n tsluaġ ṁór so go léir.

14 Ḃí tímpal ċúig ṁíle fear sa tsluaġ. Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Cuiriḋ ’n-a suiḋe iad ’n-a gcuideaċtanaiḃ, caogad i ngaċ cuideaċtain.

15 Agus ḋeineadar aṁlaiḋ, agus ċuireadar na daoine go léir ’n-a suiḋe.

16 Ansan do ṫóg sé na ċúig bulóga agus an dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun neiṁe agus ḃeannuiġ sé iad, agus do ḃris, agus ṫug d’a ḋeisgiobuil le cur os cóṁair na ndaoine.

17 Agus d’iṫ na daoine go léir a ndóiṫin, agus do tógaḋ ḋá ċiseán déag de ḃia briste a fágaḋ.

18 Agus do ṫarla, nuair a ḃí sé i n’aonar ag guiḋe, go raiḃ a ḋeisgiobuil i n’ḟoċair, agus ċeistiġ sé iad agus duḃairt sé: Cé adeir na daoine is mise?

19 Agus d’ḟreagradar-san agus duḃradar: Eóin Baiste; agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu gurab aṁlaiḋ a ḋ’eiriġ duine de sna sean-ḟáiḋiḃ.

20 Agus duḃairt sé leó: Aċ siḃ-se, cé adeir siḃ is mé? Agus d’ḟreagair Símón Peadar agus duḃairt: Críost Dé.

21 Agus ṫug sé foláraṁ dóiḃ agus duḃairt leó gan an níḋ sin a ḋ’innsint d’aoinne,

22 ’Ġá ráḋ: Ní foláir do Ṁac an Duine mórán d’ḟulang, agus go séanfaḋ na seanóirí é, agus uaċtaráin na sagart, agus na Sgríḃneóirí, agus go gcurfaí ċun báis é, agus go n-aiseireóċaḋ sé an tríṁaḋ lá.

23 Agus duḃairt sé leó uile: Má’s áil le h-aoinne teaċt am’ ḋiaiḋ séanaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros gaċ lá, agus leanaḋ sé mé.

24 Óir an t-é gur maiṫ leis a anam féin do ṡáḃáil, caillfiḋ sé é; agus an t-é a ċaillfiḋ a anam ar mo ṡon-sa, sáḃálfaiḋ sé a anam.

25 Óir cad é an tairḃe do ḋuine má ḋeineann sé an saoġal mór do ḃuaċtaint agus é féin do ṁilleaḋ agus do ċailleaṁaint?

26 Óir an t-é do ġlacfaiḋ náire mar ġeall orm-sa agus ar mo ḃréiṫre, glacfaiḋ Mac an Duine náire mar ġeall ar an nduine sin, nuair a ṫiocfaiḋ sé ’n-a ġradam agus i ngradam a Aṫar agus na n-aingeal naoṁṫa,

27 Deirim liḃ go fíor, áṁṫaċ, go ḃfuil daoine ’n-a seasaṁ anso ná blaisfiḋ bás go ḃfeicfid siad ríġeaċt Dé.

28 Agus do ṫárla, tímpal oċt lá tar éis na cainte sin, gur ṫóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaġaiḋ sé suas ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ.

29 Agus an ḟaid a ḃí sé ag guiḋe d’aṫruiġ a ġnúis, agus d’iompuiġ a ċuid éadaiġ geal, taiṫneaṁaċ.

30 Agus féaċ, ḃí beirt ag cóṁráḋ leis, agus Maois agus Elias iad san.

31 Do ċonacṫas iad i nglóire, agus do ṫráċtadar ar a ḃas, an bás a ḃí aige le críoċnú i nIerúsalem.

32 Agus ṫáinig mairḃitíġe codlata ar Ṗeadar agus ar an muintir a ḃí i n’ḟoċair. Agus do ṁúsgladar, agus do ċonacadar a ġradam, agus an ḃeirt a ḃí ’n-a seasaṁ ’n-a ṫeannta.

33 Agus do ṫárla, nuair a ḃíodar ag imṫeaċt uaiḋ, go nduḃairt Peadar le h-Íosa: A Ṁáiġistir, is maiṫ an ḃail orainne ḃeiṫ anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Maois, agus pubal d’Elias; agus gan a ḟios aige cad a ḃí aige ḋ’á ráḋ.

34 Agus au ḟaid a bí sé ag ráḋ an méid sin ṫáinig sgamall agus do ċlúdaiġ sé iad, agus ṫáinig eagal orṫa nuair a ḃíodar ag dul isteaċ sa sgamall.

35 Agus do laḃair guṫ as an sgamall agus duḃairt: Isé seo mo Mac dílis-se; deiniḋ éisteaċt leis.

36 Agus le linn au ġuṫa do laḃairt do fuaraḋ Íosa i n’aonar. Agus ḃíodar-san ciúin, agus níor innseadar d’aoinne ins na laeṫanta san aon níḋ de sna neiṫiḃ a ċonacadar.

37 Agus do ṫarla, an lá ’n-a ḋiaiḋ san, ag teaċt anuas ó’n gcnoc dóiḃ, gur ḃuail sluaġ ṁór uime.

38 Agus féaċ, do laḃair duine de’n tsluaġ amaċ agus duḃairt sé: A Máiġistir, guiḋim ṫú, féaċ ar mo ṁac, mar ní’l agam aċ é;

39 Agus féaċ, beireann an deaṁan air, agus cuireann sé sgread as go h-obann, agus bíonn sé ’ġá leagaḋ agus ’ġá stracaḋ as a ċéile, agus cúḃar leis, agus is ar éigin a sgarann se leis aċ ’ġá stracaḋ.

40 Agus d’iarras ar do ḋeisgiobuil é ċur amaċ, agus do ṫeip sé orṫa.

41 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Ó, a ṡlioċt ċlaon gan creideaṁ, an fada a ḃeiḋ mé eadraiḃ ag cur suas liḃ? Taḃair anso do ṁac.

42 Agus nuair a ḃí sé ag teaċt do leag an deaṁan é, agus ḃí sé ’ġá stracaḋ.

43 Agus do smaċtuiġ Íosa an deaṁan truailliġṫe, agus do leiġis sé an buaċaill, agus ṫug sé d’á aṫair é.

44 Agus ḃí uaṫḃás ar na daoine go léir tré ṁór-ċóṁaċt Dé. Agus nuair a ḃíodar go léir ag déanaṁ iongna de sna gníoṁarṫa a ḃí aige ’á ḋéanaṁ, duḃairt sé le n-a ḋeisgiobulaiḃ: Coimeádaiḋ-se cuiṁne ar an gcaint sin i nḃúr gcroiḋe: óir tá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ daoine.

45 Agus níor ṫuigeadar bríġ na cainte sin, agus ḃí an bríġ i ḃfolaċ uaṫa, ionus ná moṫóċaidís é; agus níor leis eagla ḋóiḃ é ċeistiú i dtaoḃ na cainte sin.

46 Agus d’eiriġ tnúṫ eatarṫa féaċaint cé ’cu ḋioḃ ba ṁó.

47 Agus ċonaic Íosa na smuínte a ḃí ’n-a gcroiḋe, agus do rug sé ar leanḃ, agus ċuir sé ’n-a seasaṁ i n’aice é.

48 Agus duḃairt sé leó-san: An t-é a ġlacfaiḋ an leanḃ san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ġlacfaiḋ mise glacann sé an t-é do ċuir uaiḋ mé; óir an t-é is lúġa agaiḃ go léir isé is mó.

49 Agus d’ḟreagair Eóin agus duḃairt: A Ṁáiġistir, ċonacamair duine agus é ag cur deaṁan amaċ ad’ ainim-se, agus ċoisgeamair é, toisg ná gaḃann sé linne.

50 Agus duḃairt Íosa leis: Ná coisgiḋ é: mar, an t-é ná fuil i nḃúr gcoinniḃ tá sé liḃ.

51 Agus do ṫárla, fé mar a ḃí laeṫanta a ḋeasgaḃála d’á gcríoċnú, go raiḃ a ġnúis daingean aige féin ar ḋul go Ierúsalem.

52 Agus ċuir sé teaċtairí roimis amaċ, agus ċuadar isteaċ i gcaṫair de ċaṫaraċaiḃ na Samaritánaċ ċun neiṫe ċur i dtreó ḋó.

53 Agus níor leigeadar isteaċ é toisg a ġnúis a ḃeiṫ daingean ar ḋul go Ierúsalem.

54 Agus nuair a ċonaic a ḋeisgiobuil, Séamus agus Eóin, an níḋ sin duḃradar: A Ṫiġearna, an toil leat go ndéarfaimís teine ṫeaċt ó neaṁ ċun iad do losgaḋ?

55 Agus d’iompuiġ sé orṫa agus ṫug sé milleán dóiḃ, agus duḃairt sé: Ní fios daoiḃ an spioraid atá ionaiḃ.

56 Ní ċun anamnaċa do ṁilleaḋ a ṫáinig Mac an Duine, aċ ċun iad do ṡáḃáil. Agus d’imṫiġeadar go baile eile.

57 Agus ṫárla, an ḟaid a ḃíodar ar an slíġ, go nduḃairt duine éigin leis: Leanfad-sa ṫusa, a Ṫiġearna, pé ball ’n-a ngeoḃair.

58 Agus duḃairt Íosa leis: Táid poill talṁan ag na madraíḃ ruaḋa, agus a neadaċa ag éanlaiṫe an aeir, aċ ag Mac au Duine ni’l áit ’n-a leigfeaḋ sé a ċeann.

59 Duḃairt sé, áṁṫaċ, le duine eile: Leansa mise; agus duḃairt seisean: A Ṫiġearna, leis dom dul ar dtúis agus m’aṫair do ċur.

60 Agus duḃairt Íosa leis: leig do sna mairḃ na mairḃ do ċur; aċ imṫiġ-se agus dein ríġeaċt Dé d’ḟógairt.

61 Agus duḃairt duine eile: Leanfad ṫú, a Ṫiġearna, aċ leig dom dul agus é ḋ’innsint do’n ṁuintir atá sa ḃaile.

62 Duḃairt Íosa leis: Aoinne a ċuirfiḋ a láṁ ar an gcéaċta agus ansan a ḃeiḋ ag féaċaint lastiar de, ní’l sé oireaṁnaċ do ríġeaċt Dé.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan