Lúcas 6 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL VI. Críost ag gaḃáil leaṫsgéil a ḋeisgiobol. Leiġeas d’á ḋéanaṁ aige lá na sabbóide. An dáréag dá dtoġaḋ aige agus seanmóin aige á ṫaḃairt dóiḃ. 1 Agus do ṫárla go raiḃ sé ag gaḃáil tré ġortaiḃ arḃair an tarna céad-ṡabbóid, agus go raiḃ na deisgiobuil ag staṫaḋ na ndias agus ’ġá gcimilt idir a mbasaiḃ agus ’ġá n-iṫe. 2 Agus duḃairt cuid de sna Fairisíniġ leó: Cad ċuige ḋaoiḃ níḋ náċ dleaġṫaċ a ḋéanaṁ sa tsabbóid? 3 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leó: An aṁlaiḋ nár léiġeaḃair an níḋ a ḋein Dáiḃid nuair a ḃí an t-ocras air féin agus ar an muintir a ḃí i n’ḟoċair? 4 Conus mar a ċuaid sé isteaċ i dtiġ Dé agus ṫóg sé na bulóga fiaḋnaise agus d’iṫ, agus ṫug sé do’n muintir a ḃí i n’ḟoċair, agus ní dleaġṫaċ d’aoinne iad a d’iṫe aċ do sna sagairt? 5 Agus duḃairt sé leó: Is tiġearna Mac an Duine os cionn na sabbóide féin. 6 Agus do ṫárla, lá eile sabbóide, go ndeaġaiḋ sé isteaċ sa tsinagóig agus go raiḃ sé ag teagasg; agus ḃí duine ann agus ḃí a láṁ ḋeas seirgṫe. 7 Agus ḃí na Ṡgríḃneóirí agus na Fairisíniġ ag faire air féaċaint a’ ndéanfaḋ sé an leiġeas lá na sabbóide, agus go mbeaḋ níḋ acu le cur ’n-a leiṫ. 8 Aċ ḃí ḟios a smuínte aige, agus duḃairt sé leis an nduine n-a raiḃ an láṁ ṡeirgṫe aige: Eiriġ, agus seasaiṁ i lár baill. Agus d’eiriġ agus do ṡeasaiṁ. 9 Agus duḃairt Íosa leó-san: Cuirim an ċeist seo ċúġaiḃ, cé ’cu is cóir maiṫ a ḋéanaṁ nó olc a ḋéanaṁ sa tsabbóid, anam do ṡaoraḋ nó é ṁilleaḋ? 10 Agus d’ḟéaċ sé orṫa sa tímpal, agus duḃairt leis an nduine: Sín amaċ do láṁ. Do ṡín; agus ḃí sí slán aige. 11 Agus ḃíodar-san lán de ṁí-ċiall, agus ḃíodar ag caint eatarṫa féin féaċaint cad a ḋéanfaidís le h-Íosa. 12 Agus do ṫárla ins na laeṫanta san go ndeaġaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ, agus go dtug sé an oiḋċe ag guiḋe ċun Dé. 13 Agus nuair a ṫáinig an lá do ġlaoiḋ sé ċuige a ḋeisgiobuil, agus do ṫoġ sé dáréag acu, agus ṫug sé Aspoil mar ainim orṫa san; 14 Símón, ar ar ṫug sé Peadar, agus a ḋriṫáir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus, 15 Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alṗéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés, 16 Agus Iúdás driṫáir Iacóib, agus Iúdás Iscariót, an fear a ḋíol é. 17 Agus ṫáinig sé anuas i n-aonḟeaċt leó, agus ṡeasaiṁ sé ar áit leiḃéalta, agus cruinniú dá ḋeisgiobuil agus sluaġ ṁór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó ċríoċaiḃ Tuíre agus Sídóin cois na faraige, 18 Daoine a ṫáinig ċun go n-éistfidís leis agus ċun go leiġisfí iad ó n-a ngalaraiḃ. Agus an muintir a ḃí d’á gciapaḋ ag spioraidíḃ neaṁġlana do leiġiseaḋ iad. 19 Agus ḃí an tsluaġ go léir a d’iarraiḋ teangaḃáil leis, óir ḃí cóṁaċt ag dul amaċ uaiḋ a ḃí ag slánú gaċ aoinne. 20 Agus tóg sé suas a ṡúile agus d’ḟéaċ sé ar a ḋeisgiobuil agus duḃairt: Is aoiḃinn daoiḃ-se a daoine atá boċt, óir is liḃ ríġeaċt Dé. 21 Is aoiḃinn daoiḃ-se ar a ḃfuil an t-ocras anois, óir ġeoḃaiḋ siḃ ḃúr sáiṫ. Is aoiḃinn daoiḃ-se atá anois ag gol, óir gáirfiḋ siḃ. 22 Is aoiḃinn daoiḃ-se nuair a ṫaḃarfaid na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus a ṡéanfaid siad siḃ, agus ṫaḃarfaid siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus nuair a ċuirfid siad ḃúr n-ainim amaċ ’n-a droċ-ainim, mar ġeall ar Ṁac an Duine. 23 Deiniḋ gáirdeaċas an lá san, agus mórtais: óir féaċ, is mór é ḃúr dtuarasdal ar neaṁ: óir is mar sin a ḋein a sínsear é leis na fáiḋiḃ. 24 Aċ is mairg daoiḃ-se, a ḋaoine saiḋḃre, óir tá ḃúr sólás agaiḃ. 25 Is mairg daoiḃ-se atá sáiṫeaċ, óir beiḋ siḃ ocraċ. Is mairg daoiḃ-se atá anois ag gáirí, óir beiḋ siḃ ag gol agus ag caoi. 26 Is mairg daoiḃ nuair a ḃeid na daoine ag beannaċtaí oraiḃ, óir sin mar a ḋeineaḋ a sínsear leis na fáiḋiḃ fallsa. 27 Aċ deirim liḃ-se atá ag éisteaċt liom: Tugaiḋ gráḋ d’ḃúr naṁaid, deiniḋ maiṫ do’n ṁuintir a ṫaḃarfaiḋ fuaṫ daoiḃ. 28 Tugaiḋ beannaċt do’n ṁuintir a ṫaḃarfaiḋ mallaċt daoiḃ, agus deiniḋ guiḋe ar an muintir a ḋéanfaiḋ tromaiḋeaċt oraiḃ. 29 Agus an t-é a ḃuailfiḋ ṫu ar leacain leat, iompuiġ ċuige an leaca eile; agus má ḃeireann duine do ḃrat uait, leig leis do ċasóg ċóṁ maiṫ. 30 Gaċ aoinne a ḋ’iarrfaiḋ rud ort, taḃair dó é; agus má ḃeireann duine do ċuid uait ná h-éiliṁ ṫar n-ais air é. 31 Agus fé mar ba ṁaiṫ liḃ a ḋéanfaḋ daoine liḃ deiniḋ-se leó. 32 Má ṫugann siḃ gráḋ do’n ṁuintir a ṫugann gráḋ ḋaoiḃ, cad é an buiḋeaċas is cóir a ḃeiṫ oraiḃ? Tugaid na peacaċa gráḋ do’n ṁuintir a ṫugann gráḋ ḋóiḃ. 33 Agus má ḋeineann siḃ maiṫ do’n ṁuintir a ḋeineann maiṫ ḋaoiḃ, cad é an buiḋeaċas is cóir a ḃeiṫ oraiḃ? Ar ndó deinid na peacaċa an níḋ sin. 34 Agus má ṫugann siḃ iasaċt do’n ṁuintir ó n-ar dóiġ liḃ go mbeiḋ iasaċt le fáġail agaiḃ, cad é an buiḋeaċas is cóir a ḃeiṫ oraiḃ? Óir tugaid na peacaċa iasaċtaí uaṫa do ṗeacaċaiḃ ag súil le n-a gcoṫrom a ḋ’ḟáġail ṫar n-ais. 35 Aċ deiniḋ-se gráḋ ṫaḃairt d’ḃúr naṁaid; deiniḋ maiṫ, agus tugaiḋ iasaċt uaiḃ, gan súil le níḋ ḋ’á ḃárr, agus beiḋ ḃúr luaċt saoṫair líonṁar, agus beiḋ siḃ i nḃúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maiṫ do ḋaoine ná gaḃann a ḃuiḋeaċas leis, agus do ḋroċ-ḋaoine. 36 Ḃíḋiḋ, d’á ḃríġ sin, atruaġaċ fé mar atá ḃúr n-Aṫair atruaġaċ. 37 Ná tugaiḋ breiṫ, agus ní taḃarfar breiṫ oraiḃ; ná daoraiḋ, agus ní daorfar siḃ; maiṫiḋ, agus maiṫfar daoiḃ. 38 Tugaiḋ uaiḃ, agus taḃarfar daoiḃ: tóṁas maiṫ, díngṫe, croiṫte, cruaċta, iseaḋ ċuirfid siad i nḃúr n-uċt ċúġaiḃ. Óir mar a ṫóṁaisfiḋ siḃ uaiḃ iseaḋ a tóṁasfar ċúġaiḃ ṫar n-ais. 39 Agus ansan do laḃair sé soluíd leó: An féidir do ḋall dall a ġiollaċt? Ná tuitfid siad araon sa díg? 40 Ní’l an deisgiobul os cionn a ṁáiġistir; tá duine go sár-ṁaiṫ má tá sé mar atá a ṁáiġistir. 41 Cad uime, áṁṫaċ, go ḃfeiceann tú an dúradán i súil do ḃráṫar, agus ná tugann tú fé ndeara an tsail atá ad’ súil féin? 42 Nó conus is féidir duit a ráḋ le t’ḃráṫair: A ḃráṫair, leig dom an dúradán a ḃaint as do súil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ ṡúil féin? A ċluanaiḋe, bain an tsail ar dtúis as do ṡúil féin, agus ansan ċífir conus an dúradán a ḃaint a’ súil do ḃráṫar. 43 Óir ní’l crann fóġanta a ṫugann droċ-ṫoraḋ uaiḋ, ná droċ-ċrann a ṫugann toraḋ fóġanta uaiḋ. 44 Mar aiṫniġtear gaċ crann as a ṫoraḋ. Óir ní bailiġtear fígí de sgeaċaiḃ ná caora fíneaṁna de ḋriseaċ. 45 Tugann an deaġ-ḋuine an deaġ-níḋ amaċ a’ deaġ-stór a ċroiḋe féin; agus tugann an droċ-ḋuine an droċ-níḋ amaċ a’ droċ-stór a ċroiḋe; óir a’ flúirse an ċroiḋe is eaḋ do laḃrann an béal. 46 Agus cad ċuige go ndeir siḃ liom-sa, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, agus ná deineann siḃ an rud adeirim? 47 Gaċ duine a ṫagann ċúġam-sa agus d’éisteann le m’ ċaint agus a ḋeineann d’á réir taisbeánfad daoiḃ cé leis gur cosṁail é: 48 Is cosṁail é le fear a ḃí ag déanaṁ tiġe agus do róṁar sé síos go doiṁinn gur ċuir sé an ċloċ-ḃuinn ar an gcaraig; agus ṫáinig an tuile agus do buaileaḋ an tiġ sin go dian aċ níor coruiġeaḋ é, mar ḃí sé daingean ar an gcaraig. 49 Aċ an t-é a ċloiseann agus ná deineann, is cosṁail é leis an ḃfear a ḋein a ṫiġ ar an gcré gan ċloiċ ḃuinn, agus gur ḃuail an tuile ’n-a ċoinniḃ, agus do ṫuit sé láiṫreaċ, agus ba ṫiubaisteaċ é tuitim an tiġe sin. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society