Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 5 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL V. An tógáilt ṁírḃúilteaċ éisg. Leiġeas an loḃair, agus leiġeas an duine a ḃí gan lúṫ. Maitiú d’á ġlaoḋaċ.

1 Agus do ṫárla, nuair a ḃí sluaġ ṁór ag brúṫ air go n-aireóċaidís briaṫar Dé, go raiḃ sé féin ’n-a ṡeasaṁ ar bruaċ loċa Genésareit.

2 Agus do ċonaic sé ḋá luing ’n-a stad ag imeall an loċa; mar ḃí na h-iasgairí tagaiṫe i dtír agus iad ag niġe a líonta.

3 Agus ċuaiḋ sé ar bórd luinge acu, long Ṡímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amaċ ó’n dtír. Agus do ṡuiḋ sé agus ṫeagaisg sé na daoine ó ’n luing.

4 Nuair a stad sé de’n ċaint duḃairt sé le Símón: Gluais amaċ fé’n bpoll agus cuiriḋ amaċ ḃúr líonta ċun éisg a tógaint.

5 Agus d’ḟreagair Símón agus duḃairt: A Ṁáiġistir, tá an oiḋċe caiṫte againn ag obair, agus níor ṫógamair aon níḋ; aċ ó deirir-se é sgaoilfad amaċ an líon.

6 Ḋeineadar san, agus do ġaḃdar cruinniú mór iasg, i dtreó go raiḃ an líon d’á ḃriseaḋ orṫa.

7 Agus do ḃagradar ar a gcáirde a ḃí sa luing eile teaċt agus congnaṁ a ṫaḃairt dóiḃ. Agus do ṫánadar, agus do líonadar an dá luing, i dtreó go raḃadar náċ mór ag dul fé uisge.

8 Nuair a ċonaic Símón Peadar an níḋ sin do ċaiṫ sé é féin ag glúiniḃ Íosa, agus duḃairt: Imṫiġ uaim, a Ṫiġearna, mar is duine peacaṁail mé.

9 Óir do ṫáinig uaṫḃás air féin agus ar a raiḃ i n’ ḟoċair, mar ġeall ar an ngaḃáil iasg a ḃí tógṫa acu;

10 Agus mar an gcéadna ar Séamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a ḃí i bpáirtiḋeaċt le Símón. Agus duḃairt Íosa le Símón: Na bíoḋ eagal ort. Is ag gaḃáil daoine a ḃeiḋ tú feasda.

11 Agus ċuireadar a loingeas ar tír, agus d’ḟágadar gaċ níḋ ’n-a ndiaiḋ, agus do leanadar eisean.

12 Agus ḃí sé i gceann de sna caṫraċaiḃ, agus féaċ, ṫáinig duine a ḃí lán de loḃra, agus nuair a ċonaic sé Íosa do ċaiṫ sé é féin ar a ḃéal a’s ar a aġaiḋ, agus ġuiḋ sé é, agus duḃairt: A Ṫiġearna má’s toil leat é is féidir duit mé ġlanaḋ.

13 Agus do ṡin sé a láṁ agus ċuir sé air í, agus duḃairt: Is toil; glantar ṫú. Agus d’imṫiġ an loḃra ḋe láiṫreaċ.

14 Agus duḃairt sé leis gan é ḋ’innsint d’aoinne; aċ, Imṫiġ agus taisbeáin ṫú féin do’n tsagart, agus taḃair an ofráil as do ġlanaḋ, fé mar a d’órduiġ; Maois, mar ḟiaḋnuise ḋóiḃsin.

15 Aċ sin mar ba ṁó do leat an ċaint ’n-a ṫaoḃ, agus do ḃailiġ na sluaiġte móra ċun go n-éistfidís leis, agus ċun go leiġisfí iad ó n-a ngalaraiḃ.

16 Agus d’imṫiġeaḋ sé féin isteaċ sa n-uaigneas ag guiḋe.

17 Agus do ṫárla, lá, go raiḃ sé ’n-a ṡuiḋe ag teagasg. Agus ḃí na Fairisíniġ ’n-a suiḋe ann, agus doċtúirí na dliġe, a ḃí tagaiṫe ó gaċ baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus ḃí cóṁaċt ó’n dTiġearna ag dul ċun a slánuiġṫe.

18 Agus féaċ, daoine agus fear acu d’á iompar ar ṫoċt, agus é gan lúṫ, agus ḃíodar a d’iarraiḋ é ḃreiṫ isteaċ agus é ċur ’n-a láṫair;

19 Agus do ṫeip orṫa aon tslíġ ḟaġáil ċun é ḃreiṫ isteaċ, mar ġeall ar an mbrúṫ daoine, agus ċuadar anáirde ar an dtiġ agus do leigeadar síos tríd an slínn é féin agus an toċt, i ḃfiaḋnuise Íosa.

20 Agus nuair a ċonaic sé an creideaṁ a ḃí acu, duḃairt sé: A ḋuine, maiṫtear do ṗeacaí ḋuit.

21 Agus do ċrom na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ ar ṁaċtnaṁ, agus ar a ráḋ: Cad é mar ḋuine é seo a laḃrann diaṁasla? Cé ḟéadann peacaí do ṁaiṫeaṁ aċ Dia aṁáin?

22 Aċ ó ḃí fios a smuínte ag Íosa d’ḟreagair sé iad agus duḃairt: Cad ċuige an maċtnaṁ so i nḃúr gcroiḋe agaiḃ?

23 Cé’cu is usa a ráḋ, Maiṫtear do ṗeacaí ḋuit, nó a ráḋ, Eiriġ ad’ ṡeasaṁ agus siuḃluiġ?

24 Aċ ionus go mbeaḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ag Mac an Duine ar an dtalaṁ so cóṁaċt ċun peacaí do ṁaiṫeaṁ (duḃairt sé leis an ḃfear a ḃí gan lúṫ), Eiriġ, adeirim leat, agus tóg suas do ṫoċt, agus imṫiġ ċun do ṫiġe féin.

25 Agus d’eiriġ an duine láiṫreaċ bonn, agus ṫóg sé an toċt ar a raiḃ sé ’n-a luiġe, agus d’imṫiġ sé ċun a ṫiġe féin agus é ag molaḋ Dé.

26 Agus ṫáinig uaṫḃás ar na daoine go léir, agus ḃíodar ag taḃairt glóire do Ḋia; agus ḃíodar lán d’eagla agus deiridís: Ċonacamair neiṫe iongantaċa indiu.

27 Agus tar éis an méid sin d’imṫiġ sé amaċ, agus ċonaic sé puibliocánaċ dár ḃ’ ainim Leḃí ’n-a ṡuiḋe ag bórd an ċusduim agus duḃairt sé leis: Lean-sa mise.

28 Agus d’ḟag seisean gaċ níḋ ’n-a ḋiaiḋ, agus d’eiriġ sé agus do lean sé é.

29 Agus do ḋein Leḃí féasta mór dó ’n-a ṫiġ, agus ḃí cuideaċta ṁór ann de ṗuibliocánaiġ agus de ḋaoine eile a ḃí ’n-a suiḋe ċun bíḋ ’n-a ḃfoċair.

30 Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a ḋeisgiobuil-sin: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i gcuíḃreann puibliocánaċ agus peacaċ?

31 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leó: Ní h-ag luċt sláinte atá gáḋ le liaiġ, aċ ag daoine breóite.

32 Ní ċun fíoraon do ġlaoḋaċ ċun aiṫriġe a ṫánag, aċ ċun peacaċ do ġlaoḋaċ ċun aiṫriġe.

33 Aċ duḃradar-san: Cad ’n-a ṫaoḃ go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanaṁ trosgaiḋ agus úrnuiġṫe go minic, agus deisgiobuil na ḃFairisíneaċ mar an gcéadna, agus go mbíd do ḋeisgiobuil-se ag iṫe agus ag ól?

34 Agus duḃairt sé leó: An féidir daoiḃ teaġlaċ an ċéile do ċur ag déanaṁ trosgaiḋ agus an ċéile ’n-a ḃfoċair?

35 Aċ tiocfaiḋ na laeṫanta nuair a béarfar uaṫa an céile, ansan déanfaid siad trosgaḋ ins na laeṫantaiḃ sin.

36 Agus duḃairt sé leó i soluíd: Ní ċuireann aoinne preabán, gearrṫa de ḃall éadaiġ a ḃeaḋ nua, mar ḋeisiú ar ṡeana-ḃall éadaiġ, mar do loitfeaḋ sé an t-éadaċ nua, agus an preabán a baineaḋ de’n éadaċ nua ní oirfeaḋ sé do’n tsean-éadaċ.

37 Agus ní ċuireann aoinne fíon nua i sean-árṫaíḃ leaṫair, mar brisfiḋ an fíon nua an seana-leaṫar, agus doirtfar an fíon agus caillfar an t-árṫaċ leaṫair.

38 Aċ ní foláir an fíon nua do ċur i n-árṫaíḃ nua i dtreó go gcoimeádfar iad araon.

39 Agus aoinne a ḃíonn ag ól sean-ḟíona ní ṫaiṫnfiḋ an fíon nua láiṫreaċ leis, óir deir sé, Is fearr an sean-ḟíon.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan