Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 4 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL IV. Trosgaḋ Ċríost, agus caṫ d’á ċur air. Géarleanṁaint air i Nasaret: A ṁírḃúiltí i gCapbarnaum.

1 Agus ḃí Íosa lán de’n Spioraid Naoṁ, agus ṫáinig sé ṫar n-ais ó’n Iórdan, agus do ṡeól an Spioraid isteaċ sa ḃfásaċ é,

2 Ar feaḋ daċad lá, agus do cuireaḋ caṫ air ó’n annsprid; agus níor iṫ sé bia i gcaiṫeaṁ na h-aimsire sin; agus nuair a ḃí an aimsir caiṫte ṫáinig ocras air.

3 Agus duḃairt an diaḃal leis: Má’s tu Mac Dé abair leis an gcloiċ seo go ndéanfaḋ arán di.

4 Agus d’ḟreagair Íosa é: Tá sgríoḃṫa: Ní h-ar arán aṁáin a ṁaireann an duine aċ ar gaċ briaṫar a ṫagann ó Ḋia.

5 Agus do ṡeól an diaḃal é go mullaċ cnuic aoird, agus ṫaisbeáin sé do, i n-aon ṗúnc aṁáin aimsire, ríġeaċta an doṁain go léir,

6 Agus duḃairt sé leis: Taḃarfad-sa ḋuit-se na cóṁaċta san uile go léir, agus a ngradam, óir do tugaḋ dom iad, agus tugaim iad do m’roġa duine.

7 D’á ḃríġ sin, má ḋeineann tú mise ḋ’aḋraḋ, ansan os mo ċoṁair, is leat iad go léir.

8 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Tá sgríoḃṫa: Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia agus déanfair seirḃís dó san aṁáin.

9 Agus do rug sé leis é isteaċ i n-Ierúsalem, agus ċuir sé ’n-a ṡeasaṁ é ar spuaic an teampail, agus duḃairt sé leis: Má’s tu Mac De caiṫ ṫu féin le fánaiḋ;

10 Óir tá sgríoḃṫa: Gur ṫug sé órdú ad’ ṫaoḃ d’á aingealaiḃ go ndéanfaidís tu ṫaḃairt saor,

11 Agus go ndéanfaidís tu ġaḃáil ’n-a nglacaiḃ sar a’ mbuailfá do ċos i gcoinniḃ cloiċe.

12 Agus duḃairt Íosa ’ġá ḟreagraḋ: Tá ráiḋte, leis: Ná déin froṁaḋ ar do Ṫiġearna Dia.

13 Agus nuair a ḃí an caṫ go léir críoċnuiġṫe d’imṫiġ an diaḃal uaiḋ ar feaḋ aimsire.

14 Agus ṫáinig Íosa, i gcóṁaċt an Spioraid, ṫar n-air go Gaililí agus ċuaiḋ a ċáil amaċ ar fuid na tíre sin go léir.

15 Agus ḃíoḋ sé ag teagasg ins na sinagógaiḃ agus iad go léir ’ġá ṁolaḋ.

16 Agus ṫáinig sé go Nasaret mar ar h-oileaḋ é, agus ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabbóide, isteaċ sa tsinagóig, agus d’eiriġ sé ’n-a ṡeasaṁ ċun léiġṫeóireaċta ḋéanaṁ.

17 Agus do tugaḋ dó leaḃar Isáias fáiḋ. Agus d’osgail sé an leaḃar go dtáinig sé ċun na h-áite ’n-a raiḃ sgríoḃṫa:

18 Tá Spioraid an Tiġearna orm, agus d’á ḃríġ sin d’ong sé me, ċun soisgéil do ċraoḃsgaoileaḋ do sna boċtaiḃ, do ċuir sé uaiḋ mé ċun luċt an ċroiḋe ḃrúiġte do leiġeas,

19 Ċun fuasgailte ḋ’ḟógairt do’n ṁuintir atá i mbraiġdineas, agus raḋarc do sna dallaiḃ, agus dul as do’n ṁuintir atá i gcruaḋtan, ċun bliana faḃair an Tiġearna a ḋ’ḟógairt, agus lae an tuarasdail.

20 Agus nuair a ḋún sé an leaḃar agus ṫug sé ṫar n-ais é do’n timṫire, do ṡuiḋ sé; agus ḃí súile a raiḃ de ḋaoine sa tsinagóig dlúiṫte air.

21 Agus ṫusnuiġ sé ar a rád leó: Tá an scriptiúir sin tagaiṫe ċun cinn indiu i nḃúr gcluasaiḃ-se.

22 Agus ṫugadar go léir fiaḋnuise ḋó; agus dob’ iongna leó an grásta a ḃí sa ċaint a ḃí ag teaċt as a ḃéal, agus deiridís: Náċ é mac Ióseiṗ é seo?

23 Agus duḃairt sé leó: Gan aṁras déarfiḋ siḃ liom, mar adeir an seanḟocal, A liaiġ, leiġis ṫu féin. Na neiṫe móra a ḋ’airiġeamair a ḋeinis i gCaṗarnaum, dein anso ad’ ḋúṫaiġ féin iad.

24 Agus duḃairt sé leó: Go deiṁin adeirim liḃ, ní glactar aoinne i n’ḟáiḋ ’n-a ḋúṫaiġ féin.

25 Deirim liḃ le fírinne go raiḃ mórán baintreaċ i n-Israél i laeṫiḃ Elias, nuair a ḃí an spéir dúnta ar feaḋ trí bliana agus sé ṁí, agus an gorta mór sa tír go léir:

26 Agus ní h-ag triall ar aoinne acu do cuireaḋ Elias aċ ag triall ar an mnaoi a ḃí ’n-a baintriġ i Sarepta Ṡidónia.

27 Agus ḃí a lán loḃar i n-Israél le linn an ḟáiḋ Elisaéus agus níor glanaḋ aoinne acu aċ Naaman an Síriánaċ.

28 Agus ḃí a raiḃ sa tsinagóig lán d’ḟeirg nuair airiġeadar an ċaint sin.

29 Agus d’eiriġeadar agus ċomáineadar amaċ as an gcaṫair é; agus do rugadar leó é go h-imeall an ċnuic ar a raiḃ an ċaṫair déanta, ċun é ċaiṫeaṁ le fánaiḋ.

30 Aċ do ġluais sé tré n-a lár agus d’imṫiġ sé uaṫa.

31 Agus ċuaiḋ sé síos go Caṗarnaum, caṫair atá i nGaililí, agus ḃí sé ag teagasg na ndaoine ansan gaċ sabbóid.

32 Agus ċuireaḋ a ṫeagasg eagla orṫa, mar do laḃair sé fé mar a ḃeaḋ cóṁaċt aige.

33 Agus ḃí sa tsinagóig duine n-a raiḃ deaṁan neaṁġlan ann, agus do ġlaoiḋ sé do ġuṫ árd,

34 Agus duḃairt: leig dúinn; cad í an ḃaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An ċun sinn a ṁilleaḋ do ṫáinís? Tá ’ḟios agam ce h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé.

35 Agus do smaċtuiġ Íosa é agus duḃairt: Ná laḃair, agus imṫiġ amaċ as. Agus do ċaiṫ an deaṁan an duine ar lár an úrláir, agus d’imṫiġ sé amaċ as gan aon díoḃáil a ḋéanaṁ dó.

36 Agus ṫáinig criṫ-eagla ar na daoine go léir, agus ḃiodar ag caint eatarṫa féin, agus deiridís: Cad é seo mar ḃriaṫar, go smaċtuiġeann sé le cóṁaċt agus le neart na h-annspridí neaṁġlana, agus go n-imṫíġid siad amaċ?

37 Agus do leaṫ a ċlú ins gaċ aon ṗáirt de’n tír.

38 Agus nuair eiriġ Íosa ó’n tsinagóig ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Ṡímóin, agus ḃí éagcruas ana-ṫrom ar ṁáṫair céile Ṡímóin, agus ḃíodar ag cur aċainiġe ċuige ar a son.

39 Agus do ṡeasaiṁ sé os a cionn agus d’órduiġ sé do’n éagcruas imṫeaċt, agus d’imṫiġ an t-éagcruas di. Agus d’eiriġ sí láiṫreaċ agus ḋein sí frioṫálaṁ orṫa.

40 Agus tar éis dul gréine fé, an ṁuintir go raiḃ daoine gan sláinte acu nó go raiḃ aon tsaġas daoine breóite acu ḃíodar ’ġá dtaḃairt ċuige; agus ċuireaḋ sé a láṁ ar gaċ duine acu agus leiġiseaḋ sé iad.

41 Agus nuair a ḃíoḋ na deaṁain ag imṫeaċt amaċ as a lán daoine ḃídís ag liúiriġ, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smaċtuiġeaḋ sé iad agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir d’aiṫniġdís gur ḃ’é Críost e.

42 Agus nuair ṫáinig an lá d’imṫiġ sé amaċ agus ċuaiḋ sé i n-áit uaigneaċ, agus ḃí na sluaiġte ’ġá lorg, agus ṫánadar ċun na h-áite ’n-a raiḃ sé, agus ḃíodar ’ġá ċoimeád le h-eagla go n-imṫeóċaḋ sé uaṫa.

43 Agus duḃairt sé leó: Ní foláir dom ríġeaċt Dé do ċraoḃsgaoileaḋ i gcaṫaraċaiḃ eile, óir is ċuige sin a cuireaḋ amaċ mé.

44 Agus ḃí sé ag seanmóin i sinagógaiḃ Gaililí.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan