Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 3 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL III. Missiún Eóin agus a ṡeanmóiniú. Críost dá ḃaisteaḋ aige.

1 Sa ċúigṁaḋ bliain déag d’ímpireaċt Ṫiberias Caesair, nuair a ḃí Pontius Pílát i n’uaċtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a ṫetrarc ar Ġaililí, agus a ḋriṫáir Pilib ’n-a ṫetrarc ar Ituria agus ar ċríċ Traconítis, agus Lisanias ’n-a ṫetrarc ar Abilína,

2 I n aimsir an dá árdṡagart Annas agus Caiṗas, do ṫárla briaṫar Dé ar Eóin mac Sacariais sa ḃfásaċ.

3 Agus ṫáinig sé ar fuid na gcríoċ go léir ar bruaċ Iórdain ag fógairt baiste ċun aiṫriġe agus ċun maiṫeaṁnaċais peacaí,

4 Mar atá sgríoḃṫa i leaḃar na ḃfocal aduḃairt Isáias fáiḋ: Guṫ duine ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ: Deiniḋ slíġ an Tiġearna d’ollaṁú: Deiniḋ na bóiṫre do ḋíriú ḋó;

5 Líonfar gaċ gleann, agus ísleófar gaċ sliaḃ agus gaċ cnoc, agus beiḋ gaċ cam ’n-a ḋíreaċ agus gaċ garḃ ’n-a slíġ réiḋ,

6 Agus ċífiḋ gaċ feóil an slánú a ḋéanfaiḋ Dia.

7 Agus deireaḋ sé leis an muintir a ṫagaḋ amaċ ċun go mbaistfí iad: A ṡíol na n-aiṫreaċ niṁe, cé ṁúin daoiḃ-se conus dul ó’n ndíḃfeirg atá ag teaċt?

8 Tugaiḋ uaiḃ, d’á ḃríġ sin, toraḋ a ḃeiḋ ċóṁ maiṫ leis an aiṫriġe, agus ná cromaiḋ ar a ráḋ: Tá Ábraham i n’aṫair againn. Deirim liḃ go ḃféadfaḋ Dia slioċt do ṫógaint ċun Ábrahaim ó-s na cloċaiḃ sin.

9 Tá an tuaġ curṫa ar ṗréiṁ na gcrann ċeana féin. Agus gaċ crann ná taḃarfaiḋ toraḋ fóġanta uaiḋ gearrfar é, agus curfar sa teine é.

10 Agus do ċeistiġ na daoine é, agus duḃradar: Cad ’tá le déanaṁ againn má ’seaḋ?

11 Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt leó: An t-é go ḃfuil ḋá ċasóig aige tugaḋ sé do’n t-é ná fuil aige; agus an t-é go ḃfuil bia aige deineaḋ sé mar an gcéadna.

12 Agus ṫáinig puibliocánaiġ ag triall air go mbaistfí iad, agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, cad tá le déanaṁ againn?

13 Agus duḃairt seisean leó: Ná deiniḋ níor mó ’ná mar atá ceapaiṫe ḋaoiḃ le déanaṁ.

14 Agus do ċeistiġ saiġdiúirí é, agus duḃradar: Cad tá le déanaṁ againne? Agus duḃairt sé leó: Ná deiniḋ láṁláidir ar aoinne, agus ná deiniḋ cúlċaint ar aoinne, agus bíḋiḋ sásta le nḃúr dtuarasdal.

15 Agus ḃí na daoine ag breiṫniú agus ag maċtnaṁ ’n-a gcroiḋe féin i dtaoḃ Eóin, go mb’ḟéidir gur ḃ’é Críost é.

16 Agus d’ḟreagair Eóin agus duḃairt leó go léir: Táim-se ag ḃúr mbaisteaḋ le h-uisge; aċ tiocfaiḋ duine is treise ’ná mé, duine náċ fiú mé go ndéanfainn iall a ḃróige do sgaoileaḋ. Baistfiḋ sé sin siḃ leis an Spioraid Naoṁ agus le teine.

17 Tá a ġaoṫrán ’n-a láiṁ aige agus glanfaiḋ sé a úrlár buailte, agus cruinneóċaiḋ sé a ċuid cruiṫneaċtan isteaċ ’n-a sgioból, agus dóġfaiḋ sé an cáṫ le teine náċ féidir a ṁúċaḋ.

18 Agus do ċraoḃsgaoil sé a lán neiṫe eile do sna daoine ’ġá gcóṁairliú.

19 Aċ Héród, an tetrarc, nuair a laḃair sé leis i dtaoḃ Héródias, bean a ḋriṫár, agus i dtaoḃ na ndroċ-ḃeart eile a ḋein Héród,

20 Ċuir sé an méid seo leó go léir, agus ċuir sé Eóin i bpríosún.

21 Do ṫárla, áṁṫaċ, nuair a ḃí na daoine go léir ḋ’á mbaisteaḋ, agus nuair a baisteaḋ Íosa agus ḃí sé ag guiḋe, gur h-osgalaḋ an spéir,

22 Agus gur ṫúirling an Spioraid Naoṁ air i rioċt corparṫa, mar ḃeaḋ colúr, agus ṫáinig guṫ as an spéir: Is tusa mo Ṁac dílis; is ort atá mo ġreann.

23 Agus ḃí Íosa féin ag dul ’n-a ḋeiċṁaḋ bliain fiċid nó mar sin, ’n-a ṁac, dar le daoine, ag Ióseṗ, mac Hélí, mic Maṫat,

24 mic Leḃí, mic Melċí, mic Ianna, mic Ióseṗ,

25 Mic Matatias, mic Amos, mic Nahúm, mic Heislí, mic Nagge,

26 Mic Mahat, mic Matatias, mic Semeí, mic Ióseṗ, mic Iúda.

27 Mic Ioanna, mic Résa, mic Sorobabel, mic Salatiel, mic Nérí,

28 Mic Melċí, mic Addí, mic Ċósam, mic Elmadain, mic Héir,

29 Mic Iósé, mic Elieseir, mic Iórím, mic Maṫat, mic Leḃí,

30 Mic Simeóin, mic Iúda, mic Ióseṗ, mic Iónain, mic Eliacim,

31 Mic Melea, mic Menna, mic Matata, mic Nátán, mic Dáiḃid,

32 Mic Iessé, mic Óbéd, mic Boos, mic Salmóin, mic Naassóin,

33 Mic Aminadaiḃ, mic Áram, mic Esróin, mic Ṗáres, mic Iúda.

34 Mic Iacóib, mic Isaaic, mic Ábrahaim, mic Tárá, mic Naċór,

35 Mic Sarug, mic Ragau, mic Ṗaleg, mic Ebeir, mic Sale,

36 Mic Cainan, mic Arṗacsad, mic Sém, mic Nóe, mic Lameċ,

37 Mic Matúsala, mic Enóċ, mic Iáred, mic Malaleél, mic Caïnán,

38 Mic Enós, mic Sét, mic Adam, mic Dé.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan