Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 24 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XXIV. Aiseiríġe Ċríost, agus conus mar a ṫug sé é féin le feisgint d’á ḋeisgiobulaiḃ.

1 Aċ an ċéad lá de’n tseaċtṁain, go h-ana-ṁoċ ar maidin, ṫánadar go dtí an tuama agus ṫugadar leó an spíosra a ḃí ollaṁ acu.

2 Agus fuaradar an ċloċ iompuiġṫe siar ó’n dtuama.

3 Agus ċuadar isteaċ agus ní ḃfuaradar corp an Tiġearna Íosa.

4 Agus do ṫárla, nuair a ḃí an alltaċt orṫa mar ġeall air sin, go raiḃ, féaċ, beirt ḟear ’n-a seasaṁ ’n-a n-aice agus éadaċ lonnraċ orṫa.

5 Agus ṫáinig eagal orṫa, agus ċromadar a n-agaiḋ ċun an tailiṁ, agus duḃradar-san leó: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag lorg an ḃeó ameasg na marḃ?

6 Ní’l sé anso, aċ tá sé tar éis eiriġṫe; cuiṁniġiḋ conus a laḃair sé liḃ agus é fós i nGaililí,

7 Nuair aduḃairt sé: Ní foláir Mac an Duine do ṫaḃairt i láiṁ na bpeacaċ, agus é ċéasaḋ, agus é ḋ’eiriġe an tríṁaḋ lá.

8 Agus do ċuiṁniġeadar ar an gcaint a duḃairt sé.

9 Agus d’ḟilleadar ó’n dtuama, agus d’innseadar na neiṫe sin go léir don aoinne déag féin agus do’n ċuid eile go léir.

10 Agus isí Máire Ṁagdelén, agus Ióanna agus Máire Iacóib, agus na mná eile a ḃí ’n-a ḃfoċair, a d’innis na neiṫe sin do sna h-Aspolaiḃ.

11 Agus do saṁlúiġeaḋ dóiḃ ná raiḃ sa ċaint sin aċ caint gan ċiall agus níor ṫugadar aon ċreideaṁaint di.

12 Aċ d’eiriġ Peadar agus do riṫ sé ċun an tuama, agus nuair a ċrom sé ní ḟeacaiḋ sé aċ na h-éadaiġe lín ann, agus d’imṫiġ sé agus é ag déanaṁ iongna d’á raiḃ tuitiṫe amaċ.

13 Agus féaċ, ḃí beirt acu-san ag imṫeaċt an lá céadna ag dul go dtí baile a ḃí trí fiċid stad ó Ierúsalem, agus Emmaus ainim an ḃaile.

14 Agus ḃíodar ag caint eatarṫa féin ar na neiṫe sin go léir a ḃí tuitiṫe amaċ.

15 Agus do ṫárla, agus iad ag cóṁráḋ agus ag tagairt eatarṫa féin, go dtáinig Íosa ċúċa agus gur ṡiuḃluiġ sé le n-a gcois;

16 Agus do coimeádaḋ a súile gan é ḋ’aiṫint.

17 Agus duḃairt sé leó: Cad í an ċaint seo ar siúḃal agaiḃ eadraiḃ, ar an slíġ, agus siḃ buarṫa?

18 Agus d’ḟreagair duine acu é dár ḃ’ ainim Cleoṗas, agus duḃairt sé: An tusa an t-aoinne aṁáin iasaċta atá i n-Ierúsalem náċ eól dó na neiṫe a deineaḋ ann ins na laeṫantaiḃ seo?

19 Agus duḃairt sé leó: Cad iad na neiṫe? Agus duḃradar: I dcaoḃ Íosa Nasareit a ḃí i n-a ḟáiḋ, cóṁaċtaċ i ngníoṁ agus i mbriaṫar i láṫair Dé agus daoine,

20 Agus conus mar a ḋein na h-árdṡagairt agus ár n-uaisle é ḃraṫ agus é ḋaoraḋ ċun báis, agus é ċéasaḋ.

21 Aċ ḃí súil againne go raiḃ sé ċun Israéil a d’ḟuasgailt, agus n-a ṫeannta san a’s uile sidé an tríṁaḋ lá ó ṫuit na neiṫe sin amaċ.

22 Agus ḃí mná linn ag an dtuama roiṁ ṡolus an lae, agus ċuireadar sgannraḋ orainn,

23 Agus ní ḃfuaradar an corp, agus ṫánadar agus duḃradar go ḃfeacadar aingil adeir go ḃfuil sé beó.

24 Agus d’imṫiġ daoine uainn go dtí an tuama agus fuaradar neiṫe mar aduḃairt na mná, aċ ní ḃfuaradar é féin.

25 Agus duḃairt sé féin leó: Ó, a ḋaoine dalla dúr-ċroíḋeaċa ċun gaċ níḋ aduḃairt na fáiḋe do ċreideaṁaint.

26 Ná raiḃ ar Ċríost na neiṫe sin d’ḟulang agus teaċt ar an gcuma san isteaċ ’n-a ġlóire?

27 Agus ṫusnuiġ sé le Maois agus do noċt sé ḋóiḃ bríġ na ḃfáiḋ go léir ins gaċ níḋ a ḃí sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ féin.

28 Agus ḃíodar tagaiṫe ċun an ḃaile go raḃadar ag dul ann, agus do leig seisean air go raiḃ sé ag dul níos sia.

29 Agus ḋeineadar taṫant air, agus duḃradar: Fan againne, mar tá sé n-a ṫráṫnóna agus tá an lá caiṫte ċeana féin. Agus ċuaiḋ sé leó isteaċ.

30 Agus do ṫárla, an ḟaid a ḃí sé ag caiṫeaṁ bíḋ ’n-a ḃfoċair, gur ṫóg sé arán, agus gur ḃeannuiġ sé é agus gur ḃris sé é, agus gur ṫug sé ḋóiḃ é.

31 Ansan do h-osgalaḋ a súile agus d’aiṫniġeadar é, agus d’imṫiġ sé as a raḋarc.

32 Agus duḃradar le ċéile: Ná raiḃ ár gcroiḋe ar lasaḋ ionainn nuair a ḃí sé ag caint linn agus ag noċtaḋ bríġe an scriptiúra ḋúinn?

33 Agus d’eiriġeadar láiṫreaċ agus ṫánadar ṫar n-ais go Ierúsalem; agus fuaradar an t-aoinne déag i ḃfoċair a ċéile, agus a raiḃ i n-aonḟeaċt leó,

34 Agus: Tá an Tiġearna eiriġṫe go deiṁin, agus ṫaisbeáin sé é féin do Ṡímón, ar siad.

35 Agus d’innseadar féin cad a ḃí d’éis tuitim amaċ ar an slíġ, agus conus mar a ḋ’aiṫniġeadar é i mbriseaḋ an aráin.

36 Agus an ḟaid a ḃiodar ag caint mar sin, do ṡeasaiṁ Íosa ’n-a measg agus duḃairt sé leó: Síoṫċáin daoiḃ. Is mise atá ann; ná bíoḋ eagal oraiḃ.

37 Aċ ḃí buaireaṁ orṫa, agus sgannraḋ, mar do ṁeasadar gur spioraid a ċonacadar.

38 Agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ an t-eagla ḃeiṫ oraiḃ, agus smuínte ḃeiṫ ag eiriġe i nḃúr gcroiḋe?

39 Féaċaiḋ mo láṁa agus mo ċosa, gur mé féin atá ann; cuiriḋ ḃúr láṁa orm agus feiciḋ; ní’l feóil agus cnáṁa ag spioraid mar a ċíonn siḃ atá agam-sa.

40 Agus nuair a duḃairt sé an méid sin ṫaisbeáin sé ḋóiḃ a láṁa agus a ċosa.

41 Agus nuair ná creidfidís fós, aċ iad ag déanaṁ iongna tré ṁéid a n-áṫais, duḃairt sé: An ḃfuil anso agaiḃ aon níḋ a ḋ’íosfí?

42 Agus ṫugadar ċuige blúire d’iasg rósta agus criaṫar meala.

43 Agus nuair a ḃí iṫte aige os a gcóṁair ṫóg sé an fuiġleaċ agus ṫug sé ḋóiḃ é.

44 Agus duḃairt sé leó: Sidiad na focail a laḃras liḃ nuair a ḃíos fós i nḃúr measg, náċ foláir gaċ níḋ do ċóṁlíonaḋ d’á ḃfuil sgríoḃṫa orm-sa i ndlíġ Ṁaoise agus ins na fáiḋiḃ agus ins na salmaiḃ.

45 Ansan d’osgail sé a n-aigne ḋóiḃ i dtreó go dtuigfidís an scriptiúir.

46 Agus duḃairt leó: Sin mar atá sgríoḃṫa, agus sin mar nár ḃfoláir do Ċríost fulang, agus aiseiriġe ó-s na mairḃ an tríṁaḋ lá,

47 Agus go ḃfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aiṫriġe agus maiṫeaṁnaċas peacaí.

48 Agus is fínniṫe siḃ-se ar na neiṫe sin.

49 Agus táim-se ag cur geallaṁna m’Aṫar ċúġaiḃ; aċ fanaiḋ-se sa ċaṫair go dtí go gcurfar umaiḃ cóṁaċt ó neaṁ.

50 Agus do rug sé leis amaċ iad go Betania, agus ṫóg sé a ḋá láiṁ os a gcionn agus ċuir sé a ḃeannaċt orṫa.

51 Agus le linn a ḃeannaċt do ċur orṫa ḋó, do ḋruid sé uaṫa, agus do tógaḋ suas ins na flaṫais é.

52 Agus ḋeineadar-san Dia d’aḋraḋ agus ṫánadar ṫar n-ais go Ierúsalem agus áṫas mór orṫa.

53 Agus ḃídís coitċianta sa teampul ag molaḋ Dé agus ’ġá aḋraḋ. Amen.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan