Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 23 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XXIII. Tuairisg na Páise ar leanṁaint.

1 Agus d’eiriġeadar go léir agus do rugadar ag triall ar Ṗílát é.

2 Agus ċromadar ar neiṫe do ċur ’n-a leiṫ, agus deiridís: Fuaramair é seo ag cur na ndaoine ar a n-aiṁleas, agus ag cosg cíosa do ṫaḃairt do Ċaesar, agus ’ġá ráḋ gur b’é Críost an rí é.

3 Agus do ċuir Pílát ceist ċuige agus duḃairt sé: An tusa rí na n-Iúdaċ? Agus duḃairt seisean ’ġá ḟreagraḋ: Deirir é.

4 Agus duḃairt Pílát le h-uaċtaráin na sagart agus leis an sluaġ: Ní ḃfaiġim aon ċoir sa duine seo.

5 Aċ do ġéaruiġ orṫa-san agus duḃradar: Tá sé ag buaireaṁ na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ġaililí go dtí an áit seo.

6 Nuair a d’airiġ Pílát Gaililí d’ḟiafraiġ sé ar Ġaililíaċ an duine.

7 Agus nuair a ṫuig sé gur le cóṁaċt Héróid a ḃain sé, ċuir sé ag triall ar Héród é, mar ḃí Héród i n-Ierúsalem na laeṫanta san.

8 Agus nuair a ċonaic Héród Íosa ḃí áṫas ana-ṁór air, óir ḃí sé aḃfad ag súil le h-é d’ḟeisgint, mar ḃí sé tar éis a lán d’aireaċtaint ’n-a ṫaoḃ, agus ḃí súil aige go ḃfeicfeaḋ sé mírḃúilt ṁór éigin aige ’á ḋéanaṁ.

9 Agus ḋein sé a lán cainte ’ġá ċeistiú. Aċ níor ṫug seisean aon ḟreagra air.

10 Agus ṡeasaṁ uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus iad coitċianta ag cur ’n-a leiṫ.

11 Agus ṫug Héród agus a luċt airm tarcuisne ḋó, agus ċuir sé éadaċ bán air, ċun magaiḋ, agus ċuir sé ṫar n-ais ag triall ar Ṗílát é.

12 Agus ṫáinig caradas an lá san idir Ṗílát agus Héród, mar, naṁaid ab eaḋ iad d’á céile roimis sin.

13 Agus do ċruinniġ Pílát uaċtaráin na sagart agus maiṫe an ṗobuil agus na daoine.

14 Agus duḃairt sé leó: Ṫugaḃair ċúġam an duine seo mar go raiḃ sé ag cur na ndaoine ar aiṁleas, agus féaċ, do ċeistiġeas os ḃúr gcóṁair é agus ní ḃfuaras ciontaċ i n-aon níḋ é de sna neiṫiḃ atá agaiḃ ’á ċur ’n-a leiṫ.

15 Agus ní lúġa ’ná mar a fuair Héród; mar do ċuireas ag triall air siḃ, agus féaċ níor deineaḋ aon níḋ leis ba ċóṁionan le bás.

16 Smaċtóċad é agus leigfead ċun siuḃail é.

17 Aċ ḃí air aoinne aṁáin do leigint saor ċúċa mar ġeall ar lá na féile.

18 Aċ do liúiġ an pobul go léir agus duḃradar: Tóg uainn é seo agus sgaoil ċúġainn Barabbas,

19 Fear a ḃí istiġ le marḃú duine agus mar ġeall an ċeannairc a deineaḋ sa ċaṫair.

20 Aċ do laḃair Pílát leó airís a d’iarraiḋ Íosa do leigint saor.

21 Agus is aṁlaiḋ a liúġadar níos aoirde: Dein é ċéasaḋ; dein é ċéasaḋ.

22 Agus duḃairt seisean leó an tríṁaḋ h-uair: Agus cad é an t-olc atá déanta aige? Ní ḃfaiġim aon ċoir ḃáis ann; smaċtóċad é, d’á ḃríġ sin, agus leigfead ċun siuḃail é.

23 Aċ do leanadar-san ag liúiriġ do ġuṫanaiḃ árda go ndéanfaí é ċéasaḋ, agus do ḃuaiḋ a nguṫana.

24 Agus ṫug Pílát mar ḃreiṫ an níḋ a ḃí uaṫa do ḋéanaṁ.

25 Agus do leig sé saor ċúċa an fear a ḋ’iarradar, an fear a ḃí istiġ le marḃú duine agus le ceannairc; agus ṫug sé Íosa ḋóiḃ ċun a dtoile ḋ’imirt air.

26 Agus nuair a ḃíodar ’ġá ḃreiṫ leó do rugadar ar ḋuine ó Ċíréné dár ḃ’ainim Símón, agus é ag teaċt isteaċ ó’n dtuaiṫ, agus ċuireadar an ċros ar a ṁuin ċun í ḋ’iompar i ndiaiḋ Íosa.

27 Agus ḃí mórán daoine ’ġá leanṁaint, agus mná, agus iad ag gol agus ag caoi mar ġeall air.

28 Agus d’iompuiġ Íosa orṫa agus duḃairt sé leó: A ṁná Ierúsaleim, ná ḃíḋiḋ ag gol mar ġeall orm-sa, aċ ḃíḋiḋ ag gol ar ḃúr son féin agus as son ḃúr gclainne.

29 Óir tiocfaid na laeṫanta ’n-a ndéarfar, Is aoiḃinn do sna h-aimridiḃ, agus do sna broinníḃ nár rug clann, agus do sna cíoċaiḃ nár ṫál bainne.

30 An uair sin cromfaid daoine ar a ráḋ leis na sléiḃtiḃ, Tuitiḋ anuas orainn; agus leis na cnocaiḃ, Clúdaiġiḋ sinn.

31 Óir má ḋeinid siad na neiṫe seo sa n-aḋmad ġlas, cad a déanfar sa n-aḋmad ċríon?

32 Agus ḃí ḃeirt eile, beirt ṁéirleaċ, d’á mbreiṫ i n-aonḟeaċt leis ċun iad do ċur ċun ḃáis.

33 Agus nuair a ḃíodar tagaiṫe ċun na h-áite ar a dtugtar Áit an ċloiginn do ċéasadar ansan é, agus an ḃeirt ḃiṫeaṁnaċ, duine, acu ar a láiṁ ḋeis agus an duine eile ar a láiṁ ċlé.

34 Agus duḃairt Íosa: A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ; óir ní fios dóiḃ cad ’tá acu ’á ḋéanaṁ. Agus do rainneadar a ḃaill éadaiġ, ’ġá gcur ar ċrannaiḃ.

35 Agus ḃí na daoine ’n-a seasaṁ ag féaċaint air, agus ḃí na h-uaċtaráin ag magaḋ faoi leó, agus deiridís: D’ḟóir sé ar ḋaoiniḃ eile, fóireaḋ sé air féin, má ’sé an Críost é a toġaḋ ó Ḋia.

36 Agus ḃí na saiġidiúirí ag déanaṁ magaiḋ faoi, ag teaċt agus ag taḃairt fínéigre ḋó,

37 Agus deiridís: Má’s tú rí na n-Iúdaċ saor tú féin.

38 Agus ḃí sgríḃinn sgríoḃṫa os a ċionn i litreaċaiḃ Gréigise agus Laidne agus Eaḃra: RÍ NA N-IÚDAĊ É SEO.

39 Agus ṫug duine de’n ḃeirt ḃiṫeaṁnaċ a ḃí ar croċaḋ masla dó, agus deireaḋ sé: Má’s tú Críost dein tu féin agus sinne do ṡaoraḋ.

40 Aċ do ḟreagair an fear eile é ag milleán air, agus duḃairt sé: An aṁlaiḋ ná fuil eagla Dé ort agus tú fé’n ndaor-ḃreiṫ ċéadna?

41 Sinne áṁṫaċ, le ceart, mar do tugaḋ dúinn an rud a ḃi tuillte againn; aċ níor ḋein an duine seo aon droċ-níḋ.

42 Ansan duḃairt sé le h-Íosa: A Ṫiġearna, nuair a ṫiocfair ad ríġeaċt cuiṁniġ orm-sa.

43 Agus duḃairt Íosa leis: Deirim, leat go fíos go mbeiḋ tú i ḃflaṫas Dé indiu am’ ḟoċair-se.

44 Ansan ḃí sé tímpal na séṁaḋ h-uaire, agus ṫáinig doirċeaċt ar an ndoṁan go léir go dtí an naoṁaḋ h-uair.

45 Agus do doirċiġeaḋ an ġrian; agus do stracaḋ brat an teampail tré n-a lár.

46 Agus duḃairt Íosa, do ġuṫ árd: A Aṫair, cuirim mo spioraid isteaċ ad’ láṁaiḃ. Agus ag rád na ḃfocal san dó, d’éag sé.

47 Agus nuair a ċonaic an taoiseaċ céad cad a ṫárla ṫug sé glóire do Ḋia, agus duḃairt sé: Fíoraon ab eaḋ an duine seo gan aṁras.

48 Agus an tsluaġ go léir daoine a ḃí ann ag féaċaint ar an raḋarc san, agus do ċonaic na neiṫe a ṫuit amaċ, ṫánadar ṫar n-ais agus iad ag bualaḋ a n-uċt.

49 Agus a luċt aiṫne go léir, agus na mná do lean é ó Ġaililí, do ṡeasuiġeadar aḃfad amaċ, ag féaċaint ar na neiṫe sin.

50 Agus féaċ, fear dár ḃ’ainim Ióseṗ, agus de’n ċóṁairle ab eaḋ é, fear fóġanta fíoraonta;

51 Níor ṫoiliġ sé leis an gcóṁairle ’ná le n-a ngníoṁarṫa; ó Arimatéa b’eaḋ é, caṫair i n-Iúdaéa; agus ḃí sé ag súil le ríġeaċt Dé:

52 Ṫáinig sé sin ag triall ag Pílát, agus d’iarr sé corp Íosa air.

53 Agus ṫóg sé anuas é, agus d’ḟill sé i línéadaċ é, Agus ċuir sé i dtuama é a ḃí gearrṫa i gcaraig, agus nár cuireaḋ aoinne ann go dtí san,

54 Agus ḃí lá an ollaṁuiġṫe ann, agus ḃí an tsabbóid ag teaċt.

55 Agus ṫáinig na mná a lean é ó Ġaililí agus ċonacadar an tuama agus conus mar a ḃí an corp curṫa ann.

56 Agus d’ḟilleadar agus d’ollaṁuiġeadar spíosra agus oíle, agus ansan do ġlacadar a suaiṁneas i gcaiṫeaṁ na sabbóide, do réir na h-aiṫne.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan