Lúcas 22 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXII. Feall Iúdáis. An suipéar deirineaċ. An ċéad ċuid de ṫuairisig na Páise. 1 Agus ḃí féile an Aráin gan giost i n-aċmaireaċt, ar a dtugtar an Ċáisg. 2 Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí ag cuiṁneaṁ ar conus a ṫiocfaidís ar Íosa ċur ċun ḃáis; aċ ḃí eagla na ndaoine orṫa. 3 Aċ do ċuaiḋ Sátan isteaċ i n-Iúdás, ar a dtugtí Iscariót, duine de’n dáréag. 4 Agus d’imṫiġ sé agus do laḃair sé le h-uaċtaráin na sagart agus leis na giúistísíḃ, ar conus a ḋéanfaḋ sé é ṫaḃairt suas dóiḃ. 5 Agus ḃí áṫas orṫa, agus ḋeineadar margaḋ leis go dtaḃarfaidís airgead dó. 6 Agus ḋein sé an margaḋ leó, agus ḃí sé ag faire go ḃfaġaḋ sé caoi ar é ṫaḃairt suas dóiḃ nuair ná beaḋ na daoine ann. 7 Agus ṫáinig lá an aráin gan giost, nuair ba ċeart an t-uan cásga do ṁarḃú. 8 Agus ċuir sé uaiḋ Peadar agus Eóin, agus duḃairt sé leó: Téiġiḋ agus ollaṁuiġiḋ an ċáisg dúinn go n-iṫeam é. 9 Agus duḃradar-san: Canad is toil leat go n-ollaṁóċaimís é? 10 Agus duḃairt sé leó: Féaċ, nuair a raġaiḋ siḃ isteaċ sa ċaṫair, buailfiḋ duine umaiḃ agus árṫaċ uisge aige d’á iompar; leanaiḋ é go dtí an tiġ go raġaiḋ sé isteaċ ann; 11 Agus abraiḋ le fear an tiġe sin, Deir an Máiġistir leat: Cá ḃfuil an seómra bíḋ go n-iṫead an ċáisg i ḃfoċair mo ḋeisgiobul? 12 Agus taisbeánfaiḋ sé ḋaoiḃ seómra mór agus é curṫa i dtreó, agus deiniḋ an t-ollaṁú ansan. 13 Agus d’imṫiġeadar agus fuaradar gaċ níḋ mar a duḃairt sé leó agus d’ollaṁuiġeadar an ċáisg. 14 Agus nuair a ṫáinig an t-am do ṡuiḋ sé, agus an dáréag Aspol i n-a ḟoċair; 15 Agus duḃairt sé leó: Ba ṁór é mo ṁian an ċáisg seo ḋ’iṫe ’nḃur ḃfoċair roiṁ ḟulang dom; 16 Óir deirim liḃ ná h-íosfad é feasda go dtí go gcóṁlionfar é i ríġeaċt Dé. 17 Agus ṫóg sé an ċailís agus do ġaiḃ sé buiḋeaċas agus duḃairt: Glacaiḋ agus rainniḋ eadraiḃ; 18 Óir deirim liḃ ná h-ólfad de ṫoraḋ na fíneaṁna go dtagaiḋ riġeaċt Dé. 19 Agus ṫóg sé arán agus ġaiḃ sé buiḋċas agus do ḃris sé é agus ṫug sé ḋóiḃ é agus duḃairt sé: ’Sé mo ċorp é seo, a tugtar ar ḃúr son; deiniḋ an níḋ seo mar ċuiṁneaṁ orm. 20 Agus mar an gcéadna an ċailís, tar éis suipéir, agus duḃairt sé: An ċailís í seo an tiomna nua am’ ċuid fola, a doirtfar ar ḃúr son. 21 Aċ féaċ, tá láṁ an t-é a ḋíolfaiḋ mé ar an mbórd am’ ṫeannta. 22 Is fíos go ḃfuil Mac an Duine ag imṫeaċt, fé mar atá ceapaiṫe, aċ is léanṁar do’n t-é sin tré n-a mbraṫfar é. 23 Agus ċromadar-san ar a ḟiafraiġe eatarṫa féin cé’cu ḋíoḃ a ḃí ċun san do ḋéanaṁ. 24 Agus ḃí tnúṫ eatarṫa, leis, féaċaint cé’cu ḋíoḃ ba ċuiḃe ḃeiṫ i n-uaċtar. 25 Agus duḃairt sé leó: Gaḃaid ríġṫe na ngeinte forláṁas orṫa, agus tugtar daoine foġanta ar na daoine go mbíonn cóṁaċt acu. 26 Ní mar sin daoiḃ-se áṁṫaċ; aċ an t-é is mó oraiḃ bíoḋ sé mar an t-é is óige, agus an fear cinn riain i n’ḟear frioṫálṁa. 27 Óir cé’cu is mó, an t-é atá ’n-a ṡuiḋe nó an t-é atá aġ frioṫalaṁ? Naċ é an t-é atá ’n-a ṡuiḋe? Aċ táim-se i nḃúr measg ar nós an t-é a ḋeineann frioṫalaṁ. 28 Agus is siḃ-se do lean am’ ḟoċair-se am’ ċaṫaíḃ. 29 Agus tugaim-se ḋaoiḃ-se ríġeaċt, fé mar a ṫug m’Aṫair dóṁ-sa; 30 Siḃ a ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól as mo ḃórd, am’ ríġeaċt, agus i nḃúr suiḋe ar ċaṫaoireaċaiḃ ríoga ag taḃairt breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israéil. 31 Agus duḃairt an Tiġearna: A Ṡimóin, a Ṡimóin, féaċ, tá Sátan ag ḃúr dtí ċun siḃ a ċriaṫraḋ mar a déanfaí cruiṫneaċt do ċriaṫraḋ; 32 Aċ do ḋeineas-sa guiḋe ar do ṡon ionus ná caillfeaḋ ar do ċreideaṁ. Agus ar ball, nuair a ċasfair, neartuiġ do ḃráiṫre. 33 Agus duḃairt seisean leis: A Ṫiġearna, táim ollaṁ ar ḋul leat-sa ċun príosúin agus ċun báis. 34 Aċ duḃairt seisean: Deirim leat, a Ṗeadair, ná glaoiḋfiḋ an coileaċ indiu go séanair-se trí h-uaire aon aiṫne ḃeiṫ agat orm. Agus duḃairt sé leó: 35 Nuair a ċuireas uaim siḃ gan sparán gan mála gan bróga, an raiḃ aon níḋ i n-easnaṁ oraiḃ? 36 Agus duḃradar: Ní raiḃ. Agus duḃairt sé leó: Aċ anois, an t-é ’go ḃfuil sparán aige beireaḋ sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díolaḋ sé a ḃrat agus ceannuiġeaḋ sé claiḋeaṁ. 37 Óir deirim liḃ náċ foláir an méid seo fós atá sgríoḃṫa do ċómlíonaḋ ionam-sa: Agus do luaḋaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ: óir, na neiṫe a ḃaineann liom, tá deire leó. 38 Agus duḃradar-san leis: Féaċ, a Ṫiġearna, ḋá ċlaiḋeaṁ anso. Agus duḃairt sé leó: Ní ḃeag san. 39 Agus ċuaiḋ sé amaċ, agus ċuaid sé, mar ba ġnáṫ, go Cnoc na n-Ola-ċrann. Agus do lean a ḋeisgiobuil é. 40 Agus nuair a ṫáinig sé ċun na h-áite duḃairt sé leó: Deiniḋ úrnuiġṫe sar a dtuitfeaḋ siḃ i gcaṫaíḃ. 41 Agus d’imṫiġ sé féin uaṫa tímpal faid urċair cloiċe, agus ṫáinig sé ar a ġlúiniḃ ag guiḋe, 42 Agus duḃairt sé: A Aṫair, má’s toil leat é, beir uaim an ċailís seo: aċ ċeana, ná deintear mo ṫoil-se aċ deintear do ṫoil-se. 43 Agus do taisbeánaḋ dó aingeal ó neaṁ ag cur misniġ air. Agus ḃí sé i n-anaiṫe ḋian agus ag guiḋe go cruaiḋ. 44 Agus ḃí allus air a ḃí ’n-a ḃraonaċaiḃ fola ag tuitim ċun tailiṁ. 45 Agus nuair a ḋ’eiriġ sé ó’n nguiḋe agus ṫáinig sé ċun a ḋeisgiobul fuair sé iad ’n-a gcodla tré ḃrón. 46 Agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ i nḃúr gcodla? Eiriġiḋ agus deiniḋ úrnuiġṫe sar a raġaḋ siḃ i gcaṫaíḃ. 47 An ḟaid a ḃí sé ag caint, féaċ, ṫáinig sluaġ, agus an t-é ar a dtugtí Iúdás, duine de’n dáréag, rómpa amaċ, agus ṫáinig sé ċun Íosa ċun póige ṫaḃairt dó. 48 Agus duḃairt Íosa: A Iúdáis, an le póig a deineann tú Mac an Duine do braṫ? 49 Agus nuair a ċonaic an ṁuintir a ḃí i n’aice cad a ḃí ag teaċt duḃradar: An mbuailfimíd le claiḋeaṁ, a Ṫiġearna? 50 Agus do ḃuail duine acu seirḃíseaċ an árd-ṡagairt agus ḃain sé an ċluas ḋeas de. 51 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Fanaiḋ go fóil; agus ċuir sé a láṁ ar ċluais an duine agus do leiġis sé é. 52 Agus duḃairt Íosa leis an muintir a ṫáinig ċuige, uaċtaráin na sagart agus giúistísí an teampail agus na seanóirí: An ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ a ṫánaḃair amaċ le claiḋṁtiḃ agus le cleaṫaċaiḃ? 53 Ḃíos agaiḃ gaċ aon lá sa teampul agus níor ṡíneaḃair láṁ ċúġam; aċ sidé ḃúr dtráṫ, agus cóṁaċt an dorċadais. 54 Agus do ġaḃadar é, agus do rugadar leó é go tiġ an árd-ṡagairt; agus do lean Peadar iad, aḃfad siar. 55 Agus nuair a lasaḋ teine i lár an halla, agus ḃíodar ’n-a suiḋe ’n-a tímpal, ḃí Peadar ’n-a measg. 56 Agus ċonaic cailín aimsire é ’n-a ṡuiḋe sa tsolus, agus d’ḟéaċ sí go dlúṫ air, agus duḃairt sí: Ḃí sé seo leis i n’ḟoċair siúd. 57 Agus do ṡéan seisean é, agus duḃairt sé: A ḃean, ní’l aon aiṫne agam air. 58 Agus i gcionn tamaill ḃig ċonaic duine eile é, agus duḃairt sé: Is díoḃ rúd tusa leis. Agus duḃairt Peadar: A ḋuine, ní díoḃ. 59 Agus i gcionn tímpal uair a’ ċluig ’n-a ḋiaiḋ san duḃairt duine eile: Go deiṁin ḃí sé seo ’n-a ṫeannta súd, mar is Gaililíaċ é. 60 Agus duḃairt Peadar: A ḋuine, ní h-eól dom cad ’tá agat d’á ráḋ. Agus láiṫreaċ, le linn an ḟocail a ráḋ ḋó, do ġlaoiḋ an coileaċ. 61 Agus d’iompuiġ an Tiġearna agus d’ḟéaċ sé ar Ṗeadar. Agus ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aduḃairt an Tiġearna: Sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ séanfir-se mise trí h-uaire. 62 Agus d’imṫiġ Peadar amaċ agus do ġoil sé go duḃaċ. 63 Agus na fir go raiḃ Íosa gaḃṫa acu, ḃíodar ag déanaṁ magaiḋ faoi agus ’ġá ḃualaḋ. 64 Agus ḋeineadar a aġaiḋ do ċlúdaċ agus é ḃualaḋ, agus deiridís: Targair dúinn, cé h-é an t-é a ḃuail tu? 65 Agus deiridís a lán neiṫe eile leis ag taḃairt masla ḋó. 66 Agus nuair ṫáinig an lá do ṡuiḋ uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobuil agus na Ṡgríḃneóirí i gcóṁairle, agus ṫugadar eisean isteaċ sa cóṁairle, agus duḃradar: Innis dúinn an tusa Críost. 67 Agus duḃairt sé leó: Má ínnsim daoiḃ é ní ċreidfiḋ siḃ mé; 68 Agus má ċeistíġim siḃ ní ḟreagróċaiḋ siḃ mé, ’ná ní leigfiḋ siḃ uaiḃ mé. 69 Aċ ó’n dtráṫ so amaċ beiḋ Mac an Duine ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ cóṁaċta Dé. 70 Ansan duḃradar go léir: D’á ḃríġ sin an tusa Mac Dé? Agus duḃairt sé: Deirṫí-se gur mé. 71 Agus duḃradar-san: Cad is gáḋ ḋúinn a ṫuille fiaḋnuise? Óir d’airiġeamair as a ḃéal féin é. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society