Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 20 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XX. Parabal an luċt saoṫruiġṫe. I dtaoḃ cánaċ a ḋíol le Caesar. Agus i dtaoḃ aiseiriġe na marḃ.

1 Agus do ṫárla, lá de sna láeṫantaiḃ sin, agus é ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craoḃsgaoileaḋ na tsoisgéil, go dtáinig uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na seanóirí,

2 Agus go nduḃradar leis: Innis dúinn cad é an t-úġdarás atá agat ċun na neiṫe seo ḋéanaṁ? agus cé ṫug duit an t-úġdarás san?

3 Agus duḃairt Íosa leó ’ġá ḃfreagraḋ: Fiafróċad-sa, leis, díḃ-se aon ḟocal amáin.

4 Tugaiḋ freagra orm: An baisteaḋ a ḋein Eóin, ar ḃ’ ó neaṁ é nó ó ḋaoine?

5 Agus ḃíodar ag maċtnaṁ ’n-a n-aigne, agus duḃradar leó féin: Má deirimíd gur ḃ’ ó neaṁ é déarfaiḋ sé: Cad ’n-a ṫaoḃ nár ċreideaḃair é, má seaḋ?

6 Agus má deirimíd gur ḃ’ ó daoine é geoḃaid na daoine go léir do ċloċaiḃ ionainn, óir is deiṁin leó gur fáiḋ Eóin.

7 Agus d’ḟreagradar ná raiḃ ḟios acu cár ḃ’ as é.

8 Agus duḃairt Íosa leó: Ní lúġa ’ná mar a neósfad-sa ḋaoiḃ-se cad é an t-úġdarás atá agam ċun na neiṫe seo ḋéanaṁ.

9 Agus ċrom sé ar an soluíd seo do laḃairt leis na daoine: Do ḋein duine fíonġort agus ċuir sé é ċun luċt saoṫruiġṫe, agus ḃí sé féin i ndúṫaiġ iasaċta ar feaḋ aḃfad.

10 Agus nuair ṫáinig an t-am ċuir sé seirḃíseaċ leis ag triall ar an luċt saoṫruiġṫe a d’iarraiḋ toraḋ an ḟíonġuirt. Agus do ġaḃadar air, agus ċuireadar uaṫa folaṁ é.

11 Agus ċuir sé seirḃíseaċ eile ċúċa. Ġaḃadar air sin, leis, agus ṫugadar tarcuisne ḋó, agus ċuireadar uaṫa folaṁ é.

12 Agus ċuir sé ċúċa an tríṁaḋ duine. Do ċréaċtnuiġdar é sin, agus ċaiṫeadar amaċ é.

13 Ansan duḃairt tiġearna an ḟíonġuirt: Cad a ḋéanfad? Cuirfead ċúċa mo ṁac dílis féin; b’ḟéidir nuair a ċífid siad é sin go mbeiḋ uraim acu ḋó.

14 Aċ nuair a ċonaic an luċt saoṫruiġṫe é ḋeineadar maċtnaṁ, agus duḃradar: Sidé an t-oiġre; marḃuiġmís é i dtreó go mbeiḋ an oiġreaċt againn.

15 Agus ċaiṫeadar amaċ as an ḃfíonġort é, agus ṁarḃuiġeadar é. Cad a déanfaiḋ tiġearna an ḟíonġuirt leó san?

16 Tiocfaiḋ sé agus déanfaiḋ sé íde ar an luċt saoṫruiġṫe sin, agus taḃarfaiḋ sé an fíonġort do ḋaoiniḃ eile. Agus nuair airiġeadar-san an focal duḃradar: Nár leigiḋ Dia san!

17 Agus d’ḟéaċ sé orṫa agus duḃairt sé: Má seaḋ cad é seo atá sgríoḃṫa: An ċloċ a ċaiṫ na saoir uaṫa tá sí ’n-a cloiċ ċinn ċúinne.

18 An t-é a ṫuitfiḋ ar an gcloiċ sin, bascfar é; aċ an t-é go dtuitfiḋ sí air, meilfiḋ sí é.

19 Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí a d’iarraiḋ a láṁ do ċur air láiṫreaċ, aċ ḃí eagla na ndaoine orṫa; óir ḃí ḟios acu gur ċúċa féin an tsoluíd a laḃair sé.

20 Agus ḃíodar ag faire, agus ċuireadar ċuige luċt fill do leigfeaḋ orṫa gur ḋaoine macánta iad, ċun buntáiste ḃreiṫ air ’n-a ċaint, i dtreó go ndéanfaidís é ṫaḃairt suas do ċóṁaċt agus d’úġdarás an ġoiḃearnóra.

21 Agus ċuireadar ċeist ċuige agus duḃradar: A Máiġistir, is eól dúinn go laḃrann tú agus go muíneann tú do réir na fírinne, agus ná fuil beann agat ar ṗearsain, aċ an tslíġ ċun Dé do ṁúineaḋ go fíos;

22 An dleaġṫaċ ḋúinn cíos do ḋíol le Caesar, nó gan a ḋíol?

23 Agus mar ċonaic sé an feall a ḃí ionta, duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ a’m braṫ?

24 Taisbeánaiḋ pingin dom. Cé leis an íoṁáiġ agus an sgríḃinn atá uirṫi? D’ḟreagradar agus duḃradar: Le Caesar.

25 Agus duḃairt sé leó: Má seaḋ tugaiḋ do Ċaesar na neiṫe is le Caesar agus tugaiḋ do Ḋia na neiṫe is le Dia.

26 Agus níor ḟéadadar loċt ḟáġail ar a ċaint i láṫair na ndaoine; agus le h-iongna, mar ġeall ar an ḃfreagra, d’éisteadar.

27 Agus ṫáinig cuid de sna Sadducíneaċaiḃ, daoine a ṡéanann aiseiriġe na colna, agus ċuireadar ceisd ċuige,

28 Agus duḃradar: A Ṁáiġistir, do sgríḃ Maois dúinn, Má ġeiḃeann driṫáir ḋuine bás agus bean ṗósta aige, agus gan clann aige, go nglacfaḋ a ḋriṫáir an ḃean agus go dtógfaḋ sé slioċt d’á ḋriṫáir.

29 Ḃí mórṡeisear driṫár ann, agus do ṗós an ċéad duine acu bean, agus fuair sé bás gan slioċt.

30 Do ṫóg an tarna duine acu an ḃean, agus fuair sé sin bás, leis, gan slioċt.

31 Do ṫóg an tríṁaḋ duine í. Agus mar sin do’n ṁórṡeisear go léir, agus níor ḟágadar slioċt, agus fuaradar bás.

32 ’N-a ndiaiḋ go léir fuair an ḃean bás.

33 Sa n-aiseiriġe, áṁṫaċ, cé’cu ḋíoḃ go mbeiḋ sí ’n-a mnaoi aige? óir ḃí sí ’n-a mnaoi, ag an mórṡeisear.

34 Agus duḃairt Íosa leó: Pósaid agus tugtar le pósaḋ clann an tsaoġail seo.

35 Aċ an ṁuintir go ḃfeicfar gur fiú iad an saoġal iúd a ṫaḃairt dóiḃ agus an aiseiriġe ó-s na mairḃ, ní pósfar iad agus ní ġlacfaid siad mná.

36 Óir ní ḟéadfaid siad bás d’ḟáġail a ṫuille; óir beid siad ar aon dul leis na h-aingil agus ’n-a gclainn ag Dia, mar isiad clann na h-aiseiriġe iad.

37 Aċ taisbeánann Maois féin, ag an dtor, go n-eireóċaiḋ na mairḃ, mar a dtugann sé ar an dTiġearna Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iácóib.

38 Ní do ḋaoine atá marḃ is Dia é áṁṫaċ, aċ do ḋaoine atá beó; óir is beó ḋó iad go léir.

39 Agus d’ḟreagair cuid de sna Sgríḃneóiríḃ é agus duḃradar:

40 A Ṁáiġistir, is maiṫ aduḃraís é. Agus as san amaċ níor leóṁaiġ aoinne acu aon ċeist do ċur ċuige.

41 Agus duḃairt sé leó: Conus adeirid siad Críost a ḃeiṫ ’n-a ṁac ag Dáiḃid,

42 Agus go ndeir Dáiḃid féin, i leaḃar na Salm, Duḃairt an Tiġearna le m’ Ṫiġearna: Suiḋ as mo ḋeis,

43 Go gcuiread do naṁaid mar ṫaca fé d’ċosaiḃ.

44 Tugann Dáiḃid a Ṫiġearna air; agus conus atá sé ’n-a ṁac aige?

45 Ansan duḃairt sé le n-a ḋeisgiobulaiḃ agus na daoine go léir ag éisteaċt leis:

46 Seaċnaiḋ na Sgríḃneóirí. Is maiṫ leó siuḃal i róbaíḃ fada, agus daoine ḃeiṫ ag fáiltiú ḋóiḃ ar an margaḋ, agus na suiḋċáin uaċtaraċa ḋ’ḟaġail ins na sinagógaiḃ, agus ua h-ineada uaċtaraċa ag ua féastaíḃ.

47 Sloigid siad tiġṫe na mbaintreaċ, ’ġá leigint orṫa úrnuiġṫe fada do ráḋ. Isiad a ġeoḃaiḋ an daor-ḃreiṫ is troime.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan