Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 2 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL II. Beirtear Críost. Tugtar do’n Tiġearna é. Targaireaċt Simeón. Faġtar Críost, i n-aoír a ḋá ḃlian déag, ameasg na ndoċtúirí.

1 Do ṫárla, áṁṫaċ, ins na laeṫiḃ sin go ndeaġaiḋ reaċt amaċ ó Ċaesar August go ndéanfaí áireaṁ ar an ndoṁan go léir.

2 Do deineaḋ an ċéad áireaṁ so nuair a ḃí Curínus i n’ uaċtarán ar críċ Síria.

3 Agus do ġluais na daoine go léir ċun go ndéanfaí iad d’áireaṁ, gaċ aoinne ’n-a ċaṫair féin.

4 Agus ċuaiḋ Ióseṗ ó Ġaililí, ó ċaṫair Nasareit, suas go Iúdaéa, go caṫair Ḋáiḃid ar a dtugtar Betlehem, toisg go mba de ṫeaġlaċ agus de ṡlioċt Dáiḃid é.

5 Ċun go ndéanfaí é ḋ’áireaṁ i n-aonḟeaċt le Muire, a ḃan-ċéile a ḃí ag iompar clainne.

6 Agus do ṫárla, agus iad ann, go dtáinig a h-aimsir ċun na clainne do ḃreiṫ;

7 Agus do rug sí a mac, a céadġein, agus d’ḟill sí i n-éadaiġiḃ é, agus ċuir sí ’n-a luiġe i mainséar é, mar ní raiḃ aontslíġ ḋóiḃ sa tiġ ósda.

8 Agus do ḃí aoḋairí sa ċeanntar ċéadna agus iad ag faire na dtráṫ sa n-oiḋċe ar a dtréad.

9 Agus féaċ, ṫáinig aingeal ó’n dTiġearna agus ṡeasaiṁ sé ’n-a n-aice, agus do las solus Dé ’n-a dtímpal, agus ṫáinig eagla mór orṫa.

10 Agus duḃairt an t-aingeal leó: Ná bíoḋ eagla oraiḃ, mar féaċ, tugaim sgéala ḋaoiḃ ar lúṫġáir ṁór atá le teaċt ċun na ndaoine go léir;

11 mar go ḃfuil Slánuiġṫeóir beirṫe ḋaoiḃ indiu, ’sé sin Críost an Tiġearna, i gcaṫair Dáiḃid.

12 Agus seo cóṁarṫa ḋaoiḃ: Ġeoḃaiḋ siḃ an leanḃ fillte i n-éadaiġiḃ ’n-a luiġe i mainséar.

13 Agus láiṫreaċ do ḃí i ḃfoċair an aingil mór-ṡluaġ na ḃflaṫas agus iad ag molaḋ Dé, agus deiridís:

14 Glóire do Ḋia ins na flaṫais go h-árd, agus ar talaṁ síoṫcáin do luċt deaġ-ṁéinne.

15 Agus do ṫárla, nuair a d’imṫiġ na h-aingil uaṫa suas ins na flaṫais, gur laḃair na h-aoḋairí le n-a ċéile: Téiġmís go Betlehem agus feicimís an briaṫar so do ṫárla ann, agus a ṫaisbeáin Dia ḋúinn.

16 Agus ṫánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseṗ, agus an leanḃ ’n-a luiġe sa ṁainséar.

17 Agus nuair a ċonacadar do ṫuigeadar ’n-a n-aigne i dtaoḃ an ḃréiṫir a laḃraḋ leó ar an leanḃ san.

18 Agus gaċ ar airiġ iad, ḋeineadar iongna de sna neiṫe a ḋ’innis na h-aoḋairí ḋóiḃ.

19 Agus do ċoimeád Muire na laḃarṫa san go léir, ġá mbreiṫniú ’n-a croiḋe.

20 Agus d’ḟill na h-aoḋairí agus ṫugadar molaḋ agus glóire do Ḋia mar ġeall ar a ḃfeacadar agus ar ar ċloiseadar, fé mar a duḃraḋ leó.

21 Agus nuair a críoċnuiġeaḋ an t-oċt lá agus a deineaḋ an tímpalġearraḋ ar an leanḃ, do tugaḋ mar ainim air ÍOSA, an ainim a ṫug an t-aingeal air sar ar gaḃaḋ é sa broinn.

22 Agus nuair a ḃí laeṫanta a h-íoḋnuiġṫe caiṫte do réir dlíġe Ṁaoise, do rugadar leó an leanḃ go Ierúsalem ċun go gcuirfidís i láṫair an Tiġearna é,

23 Do réir mar atá sgríoḃṫa i ndlíġ an Tiġearna: Gaċ firean ag osgailt broinne is naoṁṫa ċun an Tiġearna é.

24 Agus ċun go dtaḃarfaidís an ofráil mar a h-órduiġṫear i ndlíġ an Tiġearna, cúpla colúr nó ḋá ġearrcaċ colúir.

25 Agus féaċ, ḃí i n-Ierúsalem duine dár ḃ’ainim Simeón, agus ḃí an duine sin fíoraonta, diaḋa, ag súil le sólás Israéil, agus ḃí an Spioraid Naoṁ ann.

26 Agus do tugaḋ foillsiú ḋó ó’n Spioraid Naoṁ ná feicfeaḋ sé bás ċun go ḃfeicfeaḋ sé Críost an Tiġearna.

27 Agus ṫáinig sé, sa spioraid, isteaċ sa teampul. Agus nuair a ṫug a ṁuintir an leanḃ Íosa isteaċ ann, ag cóṁlíonaḋ nóis na dlíġe ḋó;

28 Do ṫóg seisean ċuige i n’uċt é, agus ṫug sé molaḋ do Ḋia agus duḃairt sé:

29 Anois a leigeann tú ċun siuḃail, a Ṫiġearna, do seirḃíseaċ, do réir t’ḟocail i síoṫċáin,

30 Óir ċonaic mo ṡúile do ṡlánú,

31 A ḋ’ollaṁuiġis os cóṁair na bpobal go léir;

32 Solus ċun na ngeinte do ṡoillsiú, agus glóire do d’ṗobul féin Israél.

33 Agus ḃí Ióseṗ agus an ṁáṫair ag déanaṁ iongna de sna neiṫe a ḃí d’á ráḋ ’n-a ṫaoḃ;

34 Agus do ċuir Simeón a ḃeannaċt orṫa, agus duḃairt sé le Muire a ṁáṫair: Féaċ, tá so ceapaiṫe ċun díṫe agus ċun aiseiriġṫe ḋ’á lán i n-Israél, agus ċun ḃeiṫ ’n-a ċóṁarṫa a ġeoḃaiḋ diúltaḋ;

35 Agus raġaid claiḋeaṁ tré t’anam-sa féin, ionus go noċtfaí smuínte as mórán croiḋṫe.

36 Agus ban-ḟáiḋ dob’ eaḋ Anna inġean Ṗanuéil, de ṫreiḃ Aser, agus ḃí sí tar éis mórán laeṫanta ċur di, agus ḃí sí tar éis seaċt mbliana ó n-a h-óige do ċaiṫeaṁ agá fear.

37 Agus ḃí sí sin ’n-a baintriġ go dtí go raiḃ sí ceiṫre bliana agus ċeiṫre fiċid, agus ní ḟaġaḋ sí an teampal, aċ ag déanaṁ trosgaiḋ agus úrnuiġṫe i n-onóir do Ḋia do ló agus d’oiḋċe.

38 Agus ṫáinig sí sin do láṫair an uair ċéadna, agus d’adṁuiġ sí an Tiġearna agus do laḃair sí ’n-a ṫaoḃ le gaċ duine a ḃí ag súil le fuasgailt Israéil.

39 Agus nuair a ḃí gaċ níḋ cóṁliónta acu do réir dlíġe an Tiġearna, d’ḟilleadár go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret.

40 Agus d’fás an mac agus do neartuiġ sé, lán d’eagna, agus ḃí grásta Dé ann.

41 Agus do ṫéiġeaḋ a ṁuintir go Ierúsalem gaċ bliain uim ḟéile na Cásga.

42 Agus nuair a ḃí sé ḋá ḃliain déag do ċuadar suas go Ierúsalem do réir ġnáis na féile,

43 Agus nuair a ḃí na laeṫanta caiṫte agus iad ag filleaḋ d’ḟan an mac, Íosa, i n-Ierúsalem, agus ní raiḃ a ḟios san agá ṁuintir.

44 Ċeapadar go raiḃ sé ameasg na ndaoine, agus ṫánadar siuḃal aon lae ar aġaiḋ, agus ḃíodar ’ġá lorg ameasg a ngaolta agus a luċt aiṫne,

45 Aċ ní ḃfuaradar é, agus d’ḟilleadar go Ierúsalem, ’ġá lorg.

46 Agus do ṫárla, tar éis trí lá go ḃfuaradar é sa teampul ’n-a ṡuiḋe ameasg na n-ollaṁ, ag éisteaċt leó agus ’ġá gceisdiú.

47 Agus ḃí iongna ar a raiḃ ag éisteaċt leis, mar ġeall ar a ġuntaċt agus ar na freagraí a ṫugaḋ sé.

48 Agus ḃí iongna orṫa-san nuair a ċonacadar é. Agus duḃairt a ṁáṫair leis: A ṁic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féaċ, ḃí t’aṫair agus mise go buarṫa ar do lorg.

49 Agus duḃairt sé leó: Cad ċuige go raḃaḃair ar mo lorg? Ná raiḃ ’ḟios agaiḃ náċ foláir mé ḃeiṫ ins na neiṫiḃ a ḃaineann le m’Aṫair?

50 Agus níor ṫuigeadar-san an focal a laḃair sé leó.

51 Agus d’ḟill sé anuas leó agus ṫáinig sé go Nasaret, agus ḃí sé úṁal dóiḃ. Agus do ċoimeád a ṁáṫair na focail sin go léir ’n-a croiḋe féin.

52 Agus do ċuaiḋ Íosa ar aġaiḋ i n-eagna agus i n-aois, agus i ngrásta i láṫair Dé agus daoine.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan