Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 19 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XIX. Críost dá ġlacaḋ ag Sacaeus ’n-a ṫiġ. Parabal na bpúnt. Críost ar muin an asail. É ag gol os cionn Ierúsalem.

1 Agus ċuaiḋ sé isteaċ i n-Ieriċó agus bí sé ag siuḃal tríd an gcaṫair.

2 Agus féaċ, ḃí fear ann agus Sacaeus ab ainim dó, agus ḃí sé i n’uaċtarán ar na puibliocánaiġ, agus duine saiḋḃir ab eaḋ é.

3 Agus ḃí sé a d’iarraiḋ Íosa ḋ’ḟeisgint, eaḋon, Cé’r ḃ’é, agus do ṫeip sé air mar ġeall ar an sluaġ, mar firín íseal ab eaḋ é.

4 Agus do riṫ sé rómpa amaċ, agus ċuaiḋ sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go ḃfeicfeaḋ sé é, mar ḃí sé ċun gaḃáil an tslíġ sin.

5 Agus nuair a ṫáinig Íosa ċun na h-áite d’ḟéaċ sé suas agus ċonaic sé é, agus duḃairt sé leis: A Ṡacaeuis, brostuiġ agus tar anuas, mar is ad’ ṫiġ-se a ċaiṫfead-sa stad indiu.

6 Agus do ḃrostuiġ seisean anuas, agus do ġlac sé é go h-áṫasaċ.

7 Agus nuair a ċonaic na daoine go léir an níḋ sin ḃíodar ag ceisneaṁ, agus deiridís gur ag triall ar ḋuine ṗeacaṁail a ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt.

8 Agus do ṡeasaiṁ Sacaeus agus duḃairt sé leis an dTiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, tá leaṫ mo ċoda agam ’á ṫaḃairt do sna daoine boċta; agus má ḋeineas éagcóir ar aoinne tá leóirġníoṁ agam ’á ḋéanaṁ leis fó ċeaṫair.

9 Agus duḃairt Íosa leis: Tá slánú fáġalta indiu ag an dtiġ seo de ḃríġ gur de ċlainn Ábrahaim é, leis.

10 Óir is ċun a raiḃ caillte do ċuardaċ agus do ṡlánú a ṫáinig Mac an Duine.

11 Agus iadsan ag éisteaċt leis na neiṫiḃ sin do ċuir sé leó agus do laḃair sé soluíd, mar ḃí sé ag teaċt i ngar do Ierúsalem, agus ṁeasadar-san go dtaisbeánfaí ríġeaċt Dé láiṫreaċ.

12 Duḃairt sé, d’á ḃríġ sin: D’imṫiġ duine uasal áiriṫe go dúṫaiġ iasaċta ċun ríġeaċta ġaḃáil dó féin agus teaċt ṫar n-ais.

13 Agus ġlaoiḋ se ċuige deiċniúḃar seirḃíseaċ leis, agus ṫug sé dóiḃ deiċ bpúint, agus duḃairt sé leó, Bíḋiḋ ag déanaṁ ceannaiḋeaċta go dtagad.

14 Aċ ḃí fuaṫ agá ḋaoine ḋó, agus do ċuireadar teaċtaireaċt ’n-a ḋiaiḋ ’ġa ráḋ: Ní h-áil linn é seo ḃeiṫ ’n-a rí orainn.

15 Aċ do ṫárla go ḃfuair sé an ríġeaċt agus go dtáinig sé ṫar n-ais, agus d’órduiġ sé na seirḃísiġ gur ṫug sé an t-airgead dóiḃ do ġlaoḋaċ ċuige go mbeaḋ ’ḟios aige an mór a ḋein gaċ aoinne acu leir an gceannaiḋeaċt.

16 Ṫáinig an ċéad duine agus duḃairt sé, A rí, ḋein do ṗúnt deiċ bpúint.

17 Agus duḃairt sé leis, Is maiṫ é sin, a ṡeirḃísiġ ṁaiṫ; ó ḃís dílis sa ḃeagán beiḋ cóṁaċt agat ar deiċ mbailtiḃ.

18 Agus ṫainig an tarna duine agus duḃairt sé, A rí, ḋein do ṗúnt ċúig ṗúint.

19 Agus duḃairt sé leis sin, Agus tusa, bíse os cionn ċúig mbailte,

20 Agus ṫáinig fear eile agus duḃairt sé, A rí, siné do ṗúnt agat. Ḃí sé fillte i n-éadaċ agam.

21 Óir ḃí eagal agam róṁat, mar is duine cruaiḋ ṫu. Tógann tú an rud nár ċuiris síos, agus baineann tú an fóġṁar nár ċuiris.

22 Águs duḃairt sé leis, Ar do ḃéal féin a ḃeirim breiṫ ort, a ḋroċ-ṡeirḃísiġ. Ḃí ’ḟios agat gur duine cruaiḋ mé, go dtógaim an rud nár ċuireas síos, agus go mbainim an fóġṁar nár ċuireas;

23 Agus cad ’n-a ṫaoḃ nár ċuiris mo ċuid airgid sa ḃanc, i dtreó, nuair a ṫiocfainn go n-éileócainn é féin agus an t-úncamus?

24 Agus duḃairt sé leis an muintir a ḃí láiṫreaċ, Tógaiḋ uaiḋ an púnt agus tugaiḋ é do’n ḟear go ḃfuil na deiċ bpúint aige.

25 Agus duḃradar, A rí, táid deiċ bpúint aige.

26 Deirim-se liḃ-se, áṁṫaċ, an t-é go ḃfuil aige taḃarfar dó, agus beiḋ flúirse aige; agus an t-é na fuil aige, tógfar uaiḋ an rud atá aige.

27 Aċ na h-eascáirde seo nár ḃ’áil leó mise ḃeiṫ am’ rí orṫa, tugtar anso iad agus curtar ċun báis os mo ċóṁair iad.

28 Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige, ċuaiḋ sé ar aġaiḋ ag dul suas go h-Ierúsalem.

29 Agus do ṫárla, nuair a ḃí sé ag teaċt i ngar do Ḃetṗagé i mBetánia, láiṁ leis an sliaḃ ar a dtugtar Oliḃet, gur ċuir sé uaiḋ beirt d’á ḋeisgiobuil,

30 Agus go nduḃairt sé leó: Téiġiḋ isteaċ sa ḃaile atá ar ḃur n-aġaiḋ anonn; agus nuair a raġaiḋ siḃ isteaċ ann ġeoḃaiḋ siḃ ceangailte ann searraċ asail nár ṡuiḋ aon duine riaṁ fós air; sgaoiliḋ é agus tugaiḋ ċúġam é.

31 Agus má ḟiafraiġeann aoinne ḋíḃ, Cad ċuige ḋaoiḃ é sgaoileaḋ? abraiḋ leis mar seo: Mar teasduiġeann sé ó’n dTiġearna.

32 Agus d’imṫiġ na teaċtairí, agus fuaradar, mar a duḃairt sé, an searraċ ’n-a ṡeasaṁ.

33 Agus nuair a ḃíodar ’ġá sgaoileaḋ duḃairt an ṁuintir n-ar leó é: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag sgaoileaḋ an tsiorraiġ?

34 Agus duḃradar-san: Mar teasduiġeann sé ó’n dTiġearna.

35 Agus ṫugadar aġ triall ar Íosa é, agus do leaṫadar a mbrait ar an searraċ agus ċuireadar Íosa ar a ṁuin.

36 Agus ag gluaiseaċt dó ḃíodar ag leaṫaḋ a mbrat amaċ ar an slíġ.

37 Agus nuair a ḃí sé aġ teaċt i ngar d’ḟánaiḋ Oliḃeit, ṫusnuiġ na deisgiobuil go léir ar Ḋia do ṁolaḋ le gáirdeaċas, do ġuṫ árd, mar ġeall ar na mírḃúiltí móra go léir a ċonacadar.

38 Agus deiridís: Molaḋ leis an t-é atá ag teaċt ’n-a rí i n-ainim an Tiġearna; síoṫċáin ar neaṁ agus glóire ins na flaṫais.

39 Agus ḃí cuid de sna Fairisíniġ sa tsluaġ agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, cuir smaċt ar do ḋeisgiobuil.

40 Agus duḃairt sé leó: Deirim liḃ, má éistid siad san, go liúġfaid na cloċa amaċ.

41 Agus nuair a ṫáinig sé i gcóṁgar agus ċonaic sé an ċaṫair do ġoil sé ar a son, agus duḃairt sé:

42 Agus dá mbeaḋ ’ḟios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neiṫe atá ċun síoṫċána ḋuit; táid siad, áṁṫaċ, i ḃfolaċ ó d’ṡúiliḃ.

43 Óir tiocfaid na laeṫanta ionat agus cuirfid do naṁaid claiḋe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteaċ tu agus déanfaid siad cuṁangaraċ ort ó’n uile ṫaoḃ.

44 Agus déanfaid siad ṫu ṫreasgairt ar an dtalaṁ, tu féin agus do ċlann atá ionat, agus ní ḟágfaid siad cloċ ar muin cloiċe ionat, toisg nár aiṫniġis an t-am ’n-a dtáinig Dia ċúġat.

45 Agus ċuaiḋ sé isteaċ sa teampul, agus ċrom sé ar an muintir a ḃí ag díol agus ag ceannaċ ann do ḋíbirt amaċ as.

46 ’Ġa ráḋ leó: Tá sgríoḃṫa: Tiġ cun úrnuiġṫe iseaḋ mo ṫiġ-se: Aċ tá cuinigéar biṫeaṁnaċ déanta agaiḃ-se ḋe.

47 Agus ḃí sé ag teagasg; sa teampul gaċ lá. Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na h-uaisle a d’iarraiḋ é ċur ċun báis,

48 Agus níor ḃ’ féidir leó cuiṁneaṁ ar cad a ḋéanfaidís, mar ḃí na daoine go léir ar tinniol ag éisteaċt leis.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan