Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 18 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XVIII. Ní foláir dúinn ḃeiṫ ag guíḋe ċun Dé i gcóṁnuíġe. Na Fairisíniġ agus na puibliocánaiġ. An ċontaḃairt ata i saiḋḃreas. A raḋarc a ṫaḃairt do’n dall.

1 Agus do laḃair sé soluíd leó ar conus mar is ceart ḃeiṫ coitċianta ag guiḋe ċun Dé, agus gan ḃeiṫ corṫa ḋe.

2 Agus duḃairt sé: Ḃí breiṫeaṁ i gcaṫair áiriṫe, agus ní raiḃ eagla Dé air ná beann ar ḋaoine aige.

3 Agus ḃí baintreaċ sa ċaṫair ċéadna, agus ṫáinig sí ċuige agus duḃairt sí: Dein díoġaltas dom ar mo naṁaid.

4 Agus ní déanfaḋ ar feaḋ aḃfad. Aċ ’n-a ḋiaiḋ san duḃairt sé i n’aigne féin, Bíoḋ ná fuil eagla Dé orm ná beann ar ḋaoine agam,

5 sa n-am gcéadna, ó tá an ḃaintreaċ so a’m buaireaṁ déanfaiḋ mé ceart di, i dtreó ná beiḋ sí ag teaċt ċoíḋċe go mbead ciapaiṫe aici.

6 Agus duḃairt an Tiġearna leó: Cloiseann siḃ cad duḃairt an breiṫeaṁ ainċeart;

7 Agus an aṁlaiḋ a ḋéanfaiḋ Dia ríġneas agus gan ceart do ċur i ḃfeiḋm d’á ḟíoraonaiḃ féin, agus iad ag glaoḋaċ air go ló agus d’oiḋċe?

8 Deirim liḃ go gcuirfiḋ sé ceart i ḃfeiḋm dóiḃ go mear. Aċ sa n-am gcéadna, nuair a ṫiocfaiḋ Mac an Duine an dóiġ leat an ḃfaġaiḋ sé creideaṁ ar talaṁ?

9 Agus duḃairt sé an tsoluíd seo le raint daoine a ḃí mainġíneaċ asta féin, mar ḋ’eaḋ go raḃadar fíoraonta, agus droċ-ṁeas acu ar ḋaoiniḃ eile:

10 Ċuaiḋ beirt suas sa teampul ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ. Fairisíneaċ ab eaḋ duine acu agus puibliocánaċ ab eaḋ an duine eile.

11 Ṡeasaiṁ an Fairisíneaċ agus ḋein sé a ġuiḋe mar seo i n-a aigne féin: A Ḋia, ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat ná fuilim-se mar an ċuid eile de sna daoine, biṫeaṁnaiġ, luċt éagcóra, luċt aḋaltranais, ar nós an ṗuibliocánaiġ seo féin.

12 Deinim-se trosgaḋ ḋá uair sa tseaċtṁain: tugaim deaċṁaḋ as a ḃfuil agam.

13 Agus do ṡeasaiṁ an puibliocánaċ aḃfad amaċ, agus níor ḃ’áil leis a ṡúile aṁáin d’iompáil suas ċun na ḃflaṫas, aċ é ag bualaḋ a uċta agus a’ ráḋ: A Ḋia, déin trócaire orm óir is peacaċ mé.

14 Deirim liḃ, do ċuaiḋ sé sin aḃaile ar staid na ngrást, murab ionan a’s an fear eile. Óir gaċ duine ḋ’árdóċaiḋ é féin, úṁlófar é; agus gaċ duine a ḋ’úṁlóċaiḋ é féin, árdófar é.

15 Agus ḃíodar ag taḃairt na leanḃ féin ag triall air go gcuirfeaḋ sé a láṁ orṫa; agus nuair ċonaic na deisgiobuil an níḋ sin ḃíodar ’ġá gcosg.

16 Agus ġlaoiḋ Íosa ċuige iad, agus duḃairt sé: Leigiḋ do sna leanḃaí teaċt ċúġam agus ná bíḋiḋ ’ġa gcosg; óir is d’á leiṫéidí sin ríġeaċt Dé.

17 Go deiṁin adeirim liḃ: Aoinne ná glacfiḋ ríġeaċt Dé mar a ḋéanfaḋ leanḃ ní raġaiḋ sé isteaċ ann.

18 Agus ċeistiġ duine de sna priúnsaíḃ é, agus duḃairt sé: A Ṁáiġistir ṁaiṫ, cad tá le déanaṁ agam i dtreó go mbeiḋ an ḃeaṫa ṡíoruiḋe agam?

19 Agus duḃairt Íosa leis: Cad ċuige go ndeirir gur maiṫ mé? Ní maiṫ aoinne aċ Dia aṁáin.

20 Táid na h-aiṫeanta agat: Ná dein marḃaḋ; Ná dein drúis; Ná dein guid; Ná taḃair fiaḋnuise ḃréige; Taḃair do t’aṫair agus dod’ṁáṫair onóir.

21 Agus duḃairt seisean: Táid siad san go léir coimeádta agam ó m’ óige.

22 Nuair airiġ Íosa an níḋ sin duḃairt sé: Tá aon rud aṁáin i n-easnaṁ ort fós: Díol amaċ gaċ a ḃfuil agat agus taḃair do sna boċtaiḃ é, agus beiḋ stór agat ar neaṁ; agus tar agus lean mise.

23 Nuair airiġ seisean an méid sin ṫáinig buairt air, mar fear ana-ṡaiḋḃir ab eaḋ é.

24 Agus nuair a ċonaic Íosa an ḃuairt air duḃairt sé: Cad é a ḋeacraċt do luċt saiḋḃris dul isteaċ i ríġeaċt Dé!

25 Is usa do ċamal dul tré ċró snáṫaide ’ná do ḋuine ṡaiḋḃir dul isteaċ i ríġeaċt Dé.

26 Agus duḃairt an ṁuintir a ḃí ag éisteaċt leis: Má ’seaḋ cé ḟéadfaiḋ dul saor?

27 Agus duḃairt sé leó: Neiṫe náċ féidir i láṫair daoine is féidir i láṫair Dé iad.

28 Agus duḃairt Peadar: Féac, d’ḟágamairne gaċ aon rud agus do leanamair tusa.

29 Agus duḃairt sé leó: Deirim liḃ go fíor, ní’l aon duine a ḋ’ḟág tiġ ná muintir ná driṫáraċa ná bean ná clann ar son ríġeaċta Dé,

30 ná faiġiḋ mórán níos mó ar an saoġal so, agus an beaṫa ṡíoruiḋe sa tsaoġal atá le teaċt.

31 Agus do ṫóg Íosa an dáréag, agus duḃairt sé leó: Féaċ, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cóṁlíonfar gaċ níḋ d’á ḃfuil sgríoḃṫa ag na fáiḋiḃ i dtaoḃ Ṁic an Duine.

32 Óir taḃarfar suas do sna geintiḃ é, agus tarcuisneófar é, agus sgiúrsálfar é, agus caiṫfar seilí air;

33 Agus tar éis é sgiúrsáil cuirfid siad ċun báis é, agus eireóċaiḋ sé airís an tríṁaḋ lá.

34 Agus níor ṫuigeadar-san aon níḋ de sna neiṫiḃ sin, agus ḃí an ċaint sin foluiġṫe uaṫa agus níor ṫuigeadar na neiṫe a duḃraḋ.

35 Agus nuair a ḃíodar ag teaċt i gcóṁgar do Ieriċó do ṫarla go raiḃ dall i n-aice au ḃóṫair ag lorg déarca.

36 Agus nuair airiġ sé an tsluaġ ag gaḃáil ṫairis d’ḟiafraiġ sé cad ab é sin.

37 Agus duḃradar leis gur ḃ’é Íosa Nasareit a ḃí ag gaḃáil an treó.

38 Agus do liúiġ sé agus duḃairt sé: A Íosa, A Ṁic Dáiḃid, déin trócaire orm.

39 Agus na daoine a ḃí ag gaḃáil ṫairis ḃíodar ag bagairt air éisteaċt, aċ is aṁlaiḋ do liúiġ sé níba ṁó, A Ṁic Dáiḃid, déin trócaire orm.

40 Agus do stad Íosa agus duḃairt sé é ṫaḃairt ċuige. Agus nuair a ḃí sé ag teaċt ’n-a ċóṁgar ċuir sé an ċeist ċuige agus duḃairt sé: Cad ba ṁaiṫ leat mé ḋéanaṁ duit?

41 Agus dubairt sé: Go ḃfeicfinn, a Ṫiġearna.

42 Agus duḃairt Íosa leis: Féaċ suas; do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫu.

43 Agus fuair sé a raḋarc láiṫreaċ, agus do lean sé eisean ag molaḋ Dé; agus nuair a ċonaic na daoíne go léir an níḋ sin ṫugadar molaḋ do Ḋia.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan