Lúcas 17 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XVII. Teagasg ar conus sgannal do ṡeaċaint: ar éifeaċtaṁlaċt creidiṁ, ⁊rl. An deiċniúḃar loḃar. An moḋ ar a dtiocfaiḋ Críost. 1 Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do ṫeaċt, aċ is léanṁar do’n t-é tré n-a dtagaid siad. 2 B’ ḟearra ḋó gur bró ṁuilinn a curfaí ar a ṁuineál agus é ċaiṫeaṁ sa ḃfaraige ’ná go dtaḃarfaḋ sé sgannal do ḋuine de’n ṁuintir ḃeag so. 3 Tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin. Má ḋeineann do ḋriṫáir beart ad’ ċoinniḃ, cas leis é; agus má ḃíonn caṫú air, maiṫ ḋó é. 4 Agus má ḋeineann sé beart ad’ ċoinniḃ seaċt n-uaire sa lá, agus má iompuiġeann sé ċúġat seaċt n-uaire sa lá agus go ndéarfaiḋ sé, Tá caṫú orm: maiṫ ḋó. 5 Agus duḃairt na h-Aspoil leis an dTiġearna: Méaduiġ creideaṁ dúinn. 6 Agus duḃairt an Tiġearna: Dá mbeaḋ oiread gráinne mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, déarfaḋ siḃ leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do ṗréaṁaċaiḃ ṫú agus curtar sa ḃfaraige ṫu, agus ḋéanfaḋ sé rud oraiḃ. 7 Agus cé h-é an duine agaiḃ-se go ḃfuil seirḃíseaċ aige, ag treaḃaḋ nó ag aeḋreaċt, agus a déarfaiḋ leis nuair a ṫiocfaiḋ sé isteaċ ó’n bpáirc, Imṫiġ láiṫreaċ agus suiḋ ċun bíḋ? 8 Agus ná déarfaiḋ leis, Faiġ rud le n-iṫe ḋom, agus criosuiġ ṫu féin agus dein frioṫálaṁ orm go mbeiḋ iṫte agus ólta agam, agus ’n-a ḋiaiḋ san déanfair-se iṫe agus ól. 9 An aṁlaiḋ a ġeoḃaiḋ sé a ḃuiḋeaċas leis an seirḃíseaċ san toisg gur ḋein sé an rud a ḋ’órduiġ sé ḋó a ḋéanaṁ? 10 Ní h-eaḋ, dar liom. Mar sin daoiḃ-se, nuair a ḃeiḋ gaċ níḋ déanta agaiḃ mar atá órduiġṫe ḋaoiḃ, abraiḋ: Seirḃísiġ gan ṁaiṫ iseaḋ sinn; an rud a ḃí ḟiaċaiḃ orainn a ḋéanaṁ isé a ḋeineamair. 11 Agus do ṫárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go raiḃ sé ag gaḃáil tré lár Ṡamaria agus Ġaililí; 12 Agus ag dul isteaċ dó i mbaile áiriṫe do ḃuail deiċniúḃar loḃar uime, agus do ṡeasuiġeadar aḃfad amaċ uaiḋ, 13 Agus d’árduiġeadar a nglór agus duḃradar: A Íosa, a Ṁáiġistir, déin trócaire orainne. 14 Agus nuair a ċonaic sé iad duḃairt sé leó: Imṫiġiḋ agus taisbeánaiḋ siḃ féin do sna sagairt. Agus do ṫárla, ar an slíġ ḋóiḃ, gur glanaḋ iad. 15 Aċ ḃí duine acu agus nuair a ċonaic sé go raiḃ sé glan, d’ḟill sé ṫar n-ais agus é ag molaḋ Dé go h-árd, 16 Agus ċaiṫ sé é féin ar a ḃéal a’s ar a aġaiḋ ag cosaiḃ Íosa ag gaḃail a ḃuiḋeaċais leis, agus Samaritánaċ dob’ eaḋ é. 17 Agus d’ḟreagair Íosa é agus duḃairt: Nár glanaḋ deiċniúḃar? Agus an naonḃúr eile, cá ḃfuil siad? 18 Nár fuaraḋ aoinne ċun teaċt agus glóire ṫaḃairt do Ḋia aċ an duine iasaċta so? 19 Agus duḃairt sé leis: Eiriġ agus imṫiġ leat, óir do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. 20 Agus d’ḟiafraiġ na Fairisíniġ de: Caṫain a ṫiocfaiḋ ríġeaċt Dé? Agus duḃairt sé ’ġá ḃfreagraḋ: Ní ṫiocfaiḋ ríġeaċt Dé i rioċt go ḃféadfar ḃeiṫ ag faire air. 21 Na ní déarfar, Féaċ anso é, ná Féaċ ansúd é. Óir, féaċ, tá ríġeaċt Dé i nḃúr measg. 22 Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Tiocfaiḋ na laeṫanta ’n-a mbeiḋ dúil agaiḃ aon lá aṁáin de laeṫiḃ Ṁic an Duine a ḋ’ḟeisgint, agus ní ḟeicfiḋ siḃ é. 23 Agus déarfaid siad liḃ, Féac anso é, agus, Féaċ ansúd é. Ná téiġiḋ ann, agus ná leanaiḋ iad. 24 Óir, mar an splannc a lasann fé’n spéir, ar na neiṫe atá fé’n spéir, iseaḋ ḃeiḋ Mac an Duine ’n-a lá féin. 25 Ní foláir dó an dtúis, áṁṫaċ, mórán d’ḟulang, agus an tslioċt só ’ġá ṡéanaḋ. 26 Agus mar a ṫárla i laeṫiḃ Nóe iseaḋ ḃeiḋ i laeṫiḃ Ṁic an Duine. 27 Ḃíodar ag iṫe agus ag ól, ag pósaḋ ban agus ag taḃairt ban le pósaḋ, go dtí an lá ’n-ar ċuaiḋ Nóe isteaċ sa n-áirc; agus ṫáinig an díle agus do ḃáiḋ sí iad go léir. 28 Díreaċ mar a ṫárla i laeṫiḃ loit: Ḃíodar ag iṫe agus ag ól, ag ceannaċ agus ag díol, ag cur síl agus ag déanaṁ tiġṫe; 29 Agus an lá a ḋ’imṫiġ Lot amaċ a’ Sodomaiḃ do ṫuit an ciṫ teine agus an ċloċġorm ó neaṁ orṫa, agus do loisgeaḋ iad go léir. 30 Mar sin isead ḃeiḋ, an lá a taisbeánfar Mac an Duine. 31 An lá san, an t-é ḃeiḋ ar ḃuaic an tiġe, agus a ċuid sa tiġ, ná téiġeaḋ sé isteaċ a d’iarraiḋ a ċoda; agus an t-é a ḃeiḋ sa ṗáirc, ar an gcuma gcéadna, ná téiġeaḋ sé ṫar n-ais. 32 Cuiṁniġiḋ ar ṁnaoi Loit. 33 Pé duine ḃeiḋ a d’iarraiḋ a anama ṡáḃáil, caillfiḋ sé é; agus an t-é a ċaillfiḋ a anam sáḃálfaiḋ sé é. 34 Deirim liḃ, beiḋ, an oiḋċe sin, beirt i n-aon leabaiḋ: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Beiḋ beirt ḃan ag meilt i n-aonḟeaċt: tógfar bean acu agus fágfar an ḃean eile; 35 Beirt ḟear sa ṗáirc: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. 36 Duḃradar leis ’ġá ḟreagraḋ: Canad, a Ṫiġearna? 37 Agus duḃairt sé leó: An áit ’n-a mbeiḋ an corp, is ann a cruinneofar na fiolair. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society