Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 16 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XVI. Parabal an stíḃaird ṁí-ṁacánta, agus parabal an ḟir ṡaiḋḃir agus Lasaruis.

1 Ansan duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Ḃí duine saiḋḃir ann agus ḃí stíḃard aige, agus do h-innseaḋ do, ’n-a ṫaoḃ, go raiḃ sé ag sgaipeaḋ a ċoda.

2 Agus do ġlaoiḋ sé ċuige é, agus duḃairt sé leis, Cad é seo a ċloisim ad’ ṫaoḃ-sa? Taḃair cúntas ad’ stíḃardaiḋeaċt, mar ní ḟéadfair ḃeiṫ ad’ stíḃard feasda.

3 Ansan duḃairt an stíḃard i n’aigne féin. Cad a ḋéanfad, ó tá mo ṁáiġistir ag baint na stíḃardaiḋeaċta ḋíom? Ní’lim ábalta ar róṁar a ḋéanaṁ; is nár liom déirc do lorg.

4 Tá ḟios agam cad a ḋéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíḃardaiḋeaċt mé, go nglacfaid siad ’n-a dtiġṫiḃ mé.

5 Agus do ġlaoiḋ sé ċuige, ’n-a nduine a’s ’n-a nduine, an ṁuintir go raiḃ fiaċa agá ṁáiġistir orṫa, agus duḃairt sé leis an gcéad duine: An mór atá agam’ ṁáiġistir ort?

6 Agus duḃairt seisean: Céad bairille oíle. Agus duḃairt sé leis: Tóg do ḃille láiṫreaċ agus suiḋ ansan, agus sgríḃ caogad bairille.

7 Ansan duḃairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus duḃairt seisean: Céad ceaṫraṁaḋ cruiṫneaċtan. Duḃairt sé leis: Glac do ḃille agus sgríḃ ċeiṫre fiċid ceaṫraṁaḋ.

8 Agus do ṁol an máiġistir an rógaire stíḃaird, mar gur ḋein sé beart ġasta; óir tá clann an tsaoġail seo níos gasta ’ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin.

9 Agus deirim-se liḃ-se: Deiniḋ daoine muintearṫa ḋaoiḃ féin leis an saiḋḃreas claon so, i dtreó, nuair a ḃeiḋ siḃ claoiḋte, go nglacfaidís siḃ isteaċ ins na tiġṫiḃ síoruiḋe.

10 An t-é a ḃíonn dílis sa rud is lúġa, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a ḃíonn mí-ṁacánta i rud beag, bíonn sé mí-ṁacánta, i rud mór, leis.

11 D’á ḃríġ sin, murar ḋílis siḃ-se sa tsaiḋḃreas ḃréagaċ, cé ċuirfiḋ ar ḃúr láiṁ an saiḋḃreas fírinneaċ?

12 Agus murar dílis siḃ i gcuid duine eile, cé ṫaḃarfaiḋ daoiḃ ḃúr gcuid féin?

13 Ní féidir d’aon tseirḃíseaċ rud a ḋéanaṁ ar ḋá ṁáiġistir; óir beiḋ fuaṫ aige do ḋuine acu, agus gráḋ do’n duine eile; nó claoiḋfiḋ sé le duine acu, agus cuirfiḋ sé neaṁṡuim sa duine eile. Ní féidir daoiḃ Dia d’ḟrioṫalaṁ agus mammon.

14 Agus ḃí na Fairisíniġ ag éisteaċt leis na neiṫe sin go léir, agus daoine sanntaċa b’eaḋ iad, agus ḃíodar ag déanaṁ magaiḋ faoi.

15 Agus duḃairt sé leó: Is siḃ-se a ḋeineann siḃ féin fíoraonta i súiliḃ daoine, aċ is eól do Ḋia ḃúr gcroiḋṫe; agus an rud atá árd i súiliḃ daoine, tá gráin ag Dia air.

16 An dlíġ agus na fáiḋe go dtí Eóin; as san amaċ tá ríġeaċt Dé d’á ċraoḃsgaoileaḋ, agus gaċ aoinne ag cur ’n-a ċoinniḃ go dian.

17 Aċ is usa neaṁ agus talaṁ do ḋul ar neaṁníḋ ’ná aon ṗúnc aṁáin de’n dlíġ do ḋul ar neaṁníḋ.

18 Gaċ aoinne a ċuireann uaiḋ a ḃean agus do ṗósann bean eile, deineann sé aḋaltranas; agus an t-é a ṗósann an ḃean a cuireaḋ ó n-a fear, deineann sé aḋaltranas.

19 Ḃí duine saiḋḃir ann agus é i n-éadaċ ċorcra agus i lín-éadaċ ṁín agus é ag caiṫeaṁ bíḋ ḃuacaiġ gaċ lá.

20 Agus ḃí lasmuiġ d’á ḋorus sínte, boċtán dár ḃ’ainim Lasarus, agus é lán d’oṫrasaiḃ;

21 Agus ba ṁian leis an t-ocras a ḃaint de féin leis an mbrúscar bíḋ a ḃí ag tuitim de ḃórd an ḟir ṡaiḋḃir, agus ní taḃarfaí ḋó é; agus ṫagaḋ na gaḋair agus do liġdís a ċréaċta.

22 Agus ṫárla go ḃfuair an duine boċt bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-uċt Ábrahaim. Agus fuair an fear saiḋḃir bás, agus do cuireaḋ i n-ifreann é.

23 Agus nuair a ḃí sé ag fulang na bpian d’ḟéaċ sé suas agus ċonaic sé, aḃfad uaiḋ, Lasarus agus é i n-uċt Ábrahaim;

24 Agus do liúiġ sé amaċ agus duḃairt sé: A aṫair Ábrahaim, glac truaġ ḋom agus cuir ċúġam Lasarus go gcuiriḋ sé bara a ṁéire i n-uisge agus go ḃfuaraiḋ sé mo ṫeanga, óir táim a’m losgaḋ sa lasair seo.

25 Agus duḃairt Ábraham leis: Cuiṁnig, a ṁic, conus mar a fuarais-se neiṫe fóġanta i gcaiṫeaṁ do ḃeaṫa agus go ḃfuair Lasarus droċ-neiṫe; aċ anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin.

26 Agus d’á éaġmuis sin a’s uile, tá doiṁneas mór suiḋte daingean idir siḃ-se agus sinne, i dtreó an t-é gur ṁian leis dul as so ag triall oraiḃ-se náċ féidir dó é, ná teaċt as sán ag triall orainne.

27 Agus duḃairt sé: Iarraim ort, d’á ḃríġ sin, a aṫair, é ċur go tiġ m’aṫar: Mar tá cúigear driṫár agam:

28 go dtaḃarfaḋ sé foláraṁ dóiḃ, i dtreó ná tiocfaidís anso ins na piantaiḃ seo.

29 Agus duḃairt Ábraham leis: Tá Maois acu, agus na fáiḋe; éistidís leó san.

30 Agus duḃairt seisean: Ní h-eaḋ, a aṫair Ábrahaim, aċ má ṫéiġeann duine de sna mairḃ ag triall orṫa déanfaid siad aiṫriġe.

31 Agus duḃairt sé leis: Mura n-éistid siad le Maois agus leis na fáiḋe, ní ċreidfidis duine de sna mairḃ féin, dá dtéiġeaḋ sé ag triall orṫa.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan