Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 15 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XV. Parabal na caoraċ a cailleaḋ, agus parabal an ṁic a ḃí róċaiṫteaċ.

1 Agus ḃí na puibliocánaiġ agus na peacaiġ ag teaċt ċuige ag éisteaċt leis.

2 Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag ceisneaṁ, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaiġ agus iṫeann sé bia ’n-a ḃfoċair.

3 Agus do laḃair seisean leó an tsoluíd seo:

4 Cé’cu agaiḃ-se go mbeaḋ céad caora aige, agus go raġaḋ caora acu amú uaiḋ, ná fágfaḋ na naoi gcinn déag agus ċeiṫre fiċid sa ḃfásaċ agus ná raġaḋ ar lorg an ċinn a cailleaḋ go dtí go ḃfaġaḋ sé í?

5 Agus nuair a ġeiḃeann sé í tógann sé ar a ġuailliḃ í, agus áṫas air,

6 Agus nuair a ṫagann sé aḃaile glaoḋann sé ċuige a ċáirde agus a ċóṁarsain agus deir sé leó: Deiniḋ gáirdeaċas liom, mar do fuaras mo ċaora do cailleaḋ.

7 Deirim liḃ gurab ṡin mar a ḃeiḋ gáirdeaċas ar neaṁ mar ġeall ar aon ṗeacaċ aṁáin a ḋéanfaiḋ aiṫriġe seaċas naoi ḋuine ḋéag agus ċeiṫre fiċid de ḋaoiniḃ córa ná fuil gáḋ le h-aiṫriġe acu.

8 Nó cé h-í an ḃean go mbeaḋ deiċ ndraċma aici agus go gcaillfeaḋ sí draċma ḋíoḃ, ná déanfaḋ coinneal do lasaḋ agus an tiġ do sguabaḋ, agus an draċma do lorg go géar go dtí go ḃfaġaḋ sí é?

9 Agus nuair a ġeiḃeann sí é, glaoḋann sí ċúiċi a cáirde agus a cóṁarsain agus deir sí leó: Deiniḋ gáirdeaċas liom, mar do fuaras an draċma a ċailleas.

10 Deirim-se liḃ-se gur b’ ṡin mar a ḃeiḋ gáirdeaċas i láṫair aingeal Dé mar ġeall ar aon ṗeacaċ amáin a ḋéanfaiḋ aiṫriġe.

11 Agus duḃairt sé: Ḃí fear ann agus ḃí beirt ṁac aige;

12 Agus dubairt an mac ab óige acu le n’aṫair, A aṫair, taḃair dóṁ-sa an méid atá ag dul dom de d’ċuid, agus do rainn sé an ċuid eatarṫa.

13 Agus tar éis beagán laeṫanta do ḃailiġ an mac ab óige ċuige a ċuid go léir, agus d’imṫiġ sé go dúṫaiġ iasaċta aḃfad ó ḃaile, agus do sgaip sé a ċuid le baois agus le rabairne.

14 Agus nuair a ḃí gaċ aon rud caiṫte aige ṫáinig gorta ana-ḋian sa tír sin, agus ṫusnuiġ sé ar ḃeiṫ i n-uireasba.

15 Agus d’imṫiġ sé agus do réiḋtiġ sé le duine de ṁuintir na tíre sin. Agus do ċuir seisean é amaċ ċun a ċod’ tailiṁ ag coṫú ṁuc.

16 Agus ba ṁaiṫ leis a ḃolg a líonaḋ de sna féiṫleógaiḃ a ḋ’iṫeaḋ na muca, agus ní ṫaḃarfaḋ aoinne ḋó iad.

17 Agus do ṁaċtnaiṁ sé i n’aigne agus duḃairt sé: Cad a ḃfuil de luċt tuarasdail a ṫuilleaṁ i dtiġ m’aṫar agus a ndóiṫin aráin acu, agus mise anso ag fáġail ḃáis do’n ġorta!

18 Eireóċad agus raġad ag triall ar m’aṫair agus déarfad leis, A Aṫair, tá peacaḋ déanta agam i n-aġaiḋ neiṁe agus ad’ láṫair-se;

19 Ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. Leig dom ḃeiṫ mar ḋuine ded’ luċt tuarasdail a ṫuilleaṁ.

20 Agus d’eiriġ sé agus ṫáinig sé fé ḋéin a aṫar. Agus an ḟaid a ḃí sé fós aḃfad uaiḋ, do ċonaic an t-aṫair é, agus ṫáinig ana-ṫruaġ aige ḋó, agus do riṫ sé ċuige agus ċaiṫ sé é féin ar a ḃráġaid agus do ṗóg sé é.

21 Agus duḃairt an mac leis: A aṫair, tá peacaḋ déanta agam i n-aġaiḋ neiṁe agus ad’ láṫair-se; ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé.

22 Agus duḃairt an t-aṫair le n-a ṡeirḃíseaċaiḃ, Brostuiġiḋ agus tugaiḋ amaċ an ċulaiṫ éadaiġ is fearr agus cuiriḋ uime í, agus cuiriḋ fáinne ar a láiṁ, agus bróga ar a ċosaiḃ,

23 Agus tugaiḋ liḃ an gaṁain raṁar agus marḃuiġiḋ é, agus iṫimís agus bímís sóġaċ;

24 Óir ḃí an mac so liom marḃ, agus tá sé beó airís; do cailleaḋ é, agus do fuaraḋ é. Agus ċromadar ar ḃeiṫ go sóġaċ.

25 Aċ ḃí an mac ba ṡine aige amuiġ sa ṗáirc, agus ḃí sé ag teaċt ċun an tiġe, agus d’airiġ sé an ceól agus an rinnce,

26 Agus ġlaoiḋ sé ar ḋuine de sna seirḃísiġ, agus d’ḟiafraiġ sé ḋe cad é seo a ḃí ar siuḃal.

27 Agus duḃairt seisean, Ṫáinig do ḋriṫáir, agus do ṁairḃ t’aṫair an gaṁain raṁar toisg é ṫeaċt slán ċuige.

28 Agus ṫáinig fearg air, agus ní raġaḋ sé isteaċ. Ansan ṫáinig an t-aṫair amaċ agus ċrom sé ar ṫaṫant air.

29 Agus duḃairt seisean le n’aṫair ’ġá ḟreagraḋ: Féaċ, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor ḋiúltuiġeas riaṁ do rud a déanaṁ ort, agus níor ṫugais riaṁ dom oiread agus mionán ċun súḃaċais a ḋeanaṁ le m’ċáirdiḃ;

30 Aċ an mac so ḋuit, ċóṁ luaṫ agus ṫáinig sé, tar éis a ċoda do ċaiṫeaṁ le striapaċaiḃ, ṁarḃuiġis an gaṁain raṁar dó.

31 Duḃairt seisean leis áṁṫaċ: A ṁic, taoi-se am’ ḟoċair i gcóṁnuiġe, agus is leat a ḃfuil agam;

32 Aċ ba ċóir súḃaċas agus gáirdeaċas a ḋéanaṁ, óir ḃí do ḋriṫáir anso marḃ, agus tá sé beó airís; ḃí sé caillte, agus do fuaraḋ é.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan