Lúcas 14 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XIV. An duine go raiḃ an líonaḋ ann dá leiġeas ag Críost. Parabal an tsuipéir. An riaċtanas atá le gaċ níḋ do ṫréigean ċun go leanfí Críost. 1 Agus do ṫárla go ndeaġaiḋ Íosa isteaċ i dtiġ uaċtaráin do sna Fairisíniġ sa tsabbóid ċun bíḋ a ċaiṫeaṁ, agus go raḃadar san ag faire air. 2 Agus féaċ ḃí ’n-a láṫair duine go raiḃ líonaḋ ann. 3 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leis an luċt dlíġe agus leis na Fairisíniġ: An ceart leiġeas a ḋéanaṁ sa tsabbóid? 4 Agus níor laḃradar. Aċ ṫóg sé an duine agus do leiġis sé é, agus ċuir sé ċun siúḃail é. 5 Agus duḃairt sé ’ġá ḃfreagairt sin: Cé’cu agaiḃ-se, n-a dtuitfeaḋ asal leis nó bó leis i bpoll, ná taraiceóċaḋ amaċ é lá na sabbóide? 6 Agus níor ḟéadadar freagra ṫaḃairt air sin. 7 Duḃairt sé ansan soluíd leis an muintir a fuair cuireaḋ nuair a ċonaic sé iad ag dul suas ins na suiḋċánaiḃ uaċtaraċa. 8 Nuair a ġeoḃair cuireaḋ ċun bainise ná suiḋ sa tsuiḋċán uaċtaraċ, le h-eagla go mbeaḋ duine is onóráiġe ’ná ṫu tar éis cuireaḋ ḋ’ḟáġail uaiḋ, 9 Agus nuair a ṫiocfaḋ sé sin go ndéarfaḋ an t-é a ṫug cuireaḋ ḋuit-se agus dó-san leat, Taḃair an áit sin dó so; agus ansan go gcaiṫfá dul agus fanṁaint sa n-áit is ísle agus náire ort. 10 Aċ nuair a ġeoḃair an cuireaḋ suiḋ sa n-áit is ísle, i dtreó, nuair a ṫiocfaiḋ an t-é a ṫug cuireaḋ ḋuit, go ndéarfaiḋ sé leat: A ċara, eiriġ níos sia suas. Ansan beiḋ onóir ag dul duit ó’n gcuideaċtain. 11 Óir gaċ aoinne a ḋ’árdóċaiḋ é féin, ísleófar é; agus an t-é a ḋ’ísleóċaiḋ é féin, árdófar é. 12 Agus duḃairt sé leis an t-é a ṫug an cuireaḋ ḋó féin: Nuair a ḋéanfair dínnéar nó suipéar ná glaoiḋ ar do ċáirdiḃ, ná ar do ḃráiṫre, ná ar do ġaolta, ná ar do ċóṁarsanaiḃ saiḋḃre, le h-eagla dtaḃarfaidís sin cuireaḋ ṫar a ċeann duit-se, agus go dtaḃarfaí do ċuid ṫar n-air duit. 13 Aċ nuair a ḋéanfair féasda glaoiḋ ċúġat na daoine boċta, na daoine gortuiġṫe, na bacaiġ, na daill, 14 Agus beiḋ áṫas ort, mar ní ḃeiḋ ar a gcumas cúiteaṁ a ḋéanaṁ leat; agus déanfar an cúiteaṁ leat i n-aiseiriġe na ḃfíoraon. 15 Nuair a ḋ’airiġ duine d’á raiḃ láiṫreaċ an focal san duḃairt sé: Is aoiḃinn do’n t-é a ḋ’íosfaiḋ arán i ríġeaċt De. 16 Agus duḃairt seisean leis: Do ḋein fear féasda mór, agus ṫug sé cuireaḋ d’á lán daoine. 17 Agus ċuir sé a ṡeirḃíseaċ amaċ, nuair a ṫáinig am an ḟéasda, ċun a ráḋ leis an muintir a fuair cuireaḋ gur ṁiṫid dóiḃ teaċt mar go raiḃ gaċ níḋ ollaṁ. 18 Agus ċromadar go léir i n-aonḟeaċt ar leaṫsgéal do ġaḃáil. Duḃairt an ċéad duine, Tá tiġ ceannuiġṫe agam, agus ní mór ḋom dul amaċ ’ġá ḟeisgint: iarraim ort mo leaṫsgéal a ġaḃáil. 19 Agus duḃairt duine eile, Ċeannuiġeas ċúig seisreaċa daṁ, agus táim ag dul ’ġá dtriail: iarraim ort mo leaṫsgéal, a ġaḃáil. 20 Agus duḃairt duine eile, Ṗósas bean, agus d’á ḃríġ sin ní féidir dom teaċt. 21 Agus d’ḟill an seirḃíseaċ agus d’innis sé na neiṫe sin d’á ṁaiġistir. Ansan ṫáinig fearg ar ḟear an tiġe, agus duḃairt sé le n-a ṡeirḃíseaċ, Imṫiġ amaċ d’uraċar i sráidiḃ agus i bpóirsíḃ na caṫaraċ, agus taḃair leat anso isteaċ na daoine boċta agus na daoine gortuiġṫe agus na daill agus na bacaiġ. 22 Agus duḃairt an seirḃíseaċ, A ṫiġearna, do deineaḋ mar a ḋ’órduiġis, agus tá slíġ fós. 23 Agus duḃairt an tiġearna leis an seirḃíseaċ, Imṫiġ amaċ fan na mbóiṫre agus fan na sgart, agus comáin isteaċ iad, i dtreó go líonfar mo ṫiġ. 24 Deirim liḃ áṁṫaċ, an ṁuintir úd a fuair cuireaḋ, ní ḃlaisfiḋ aon ḟear acu mo ḃia. 25 Agus ḃí mórán daoine ag gluaiseaċt i n-aonḟeaċt leis, agus d’iompuiġ sé agus duḃairt sé leó: 26 Má ṫagann duine ċúġam-sa agus gan fuaṫ aige d’á aṫair agus d’á ṁáṫair, agus d’á ṁnaoi agus d’á ċlainn, agus d’á ḋriṫáraċa agus d’á ḋriféaraċa, agus fós d’á anam féin, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam. 27 Agus an t-é ná deineann a ċros féin d’iompar agus teaċt am’ ḋiaiḋ, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam. 28 Óir cé’cu agaiḃ-se gur ṁaiṫ leis túr do ċur suas ná suiḋfeaḋ síos ar dtúis ċun an ċosdais, nár ḃfoláir a ḋéanaṁ, do ṁeas, féaċaint an mbeaḋ dóiṫin na h-oibre aige? 29 Le h-eagla, tar éis an ḃuinn do ċur agus gan ar a ċumas críoċnú, go dtusnóċaḋ gaċ a ḃfeicfeaḋ é ar ṁagaḋ fé, 30 Agus go ndéarfaidís: Ḋein an duine seo tusnú ar ċur suas, agus ní’l ar a ċumas críoċnú. 31 Nó cé h-é an rí a ḃeaḋ ag dul ċun cogaiḋ a ḋeanaṁ le rí eile, ná suíḋfeaḋ síos ar dtúis ag déanaṁ maċtnaiṁ, féaċaint ar ḃ’ ḟéidir dó, le deiċ míle, seasaṁ i n-aġaiḋ an t-é atá ag teaċt ’n-a ċoinniḃ agus fiċe míle aige? 32 Agus mura féidir, an ḟaid a ḃeiḋ an fear eile aḃfad uaiḋ, cuirfiḋ sé teaċtaireaċt ċuige ag fiafraiġe i dtaoḃ síoṫċána. 33 Ar an gcuma gcéadna, gaċ duine agaiḃ-se ná tugann druim láṁa le n-a ḃfuil aige, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam-sa. 34 Is maiṫ an rud salann, aċ má ċailleann an salann a ḃlas, cad leis go ndéanfar deiġ-ḃlasta é? 35 Ní’l tairḃe ann do’n talaṁ ná ċun aoiliġ; caiṫtear amaċ é. An t-é go ḃfuil cluasa air ċun éisteaċta cloiseaḋ sé. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society