Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 13 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XIII. An riaċtanas atá le h-aiṫríġe ḋéanaṁ. An crann fíge a ḃí seasg. Leiġeas na mná a ḃí leice, ⁊rl.

1 Agus ḃí daoine láiṫreaċ an uair ċéadna san a ḋ’innis dó i dtaoḃ na nGaililíaċ n-ar ṁeasg Pílát a gcuid fola ar a n-íḋbirtiḃ.

2 Agus duḃairt sé leó ’ġá ḃfreagraḋ: An dóiġ liḃ gur ṗeacaċa na Gaililíaċa san ṫar Ġaililíaċaiḃ eile, treas go dtáinig an íde sin orṫa?

3 Deirim liḃ nár ḃ’ eaḋ; aċ mura ndeiniḋ siḃ-se aiṫriġe tiocfaiḋ íde de’n tsaġas ċéadna oraiḃ go léir.

4 Dalta na n-oċt ḃfeara déag úd n-ar ṫuit an túr orṫa i Silóe, agus gur ṁairḃ sé iad, an dóiġ liḃ go raḃadar ciontaċ ṫar a raiḃ de ḋaoiniḃ i n-Ierúsalem?

5 Deirim liḃ ná raḃadar; aċ mura ndeiniḋ siḃ-se aiṫriġe go dtiocfaiḋ íde de’n tsaġas ċéadna oraiḃ go léir.

6 Agus do laḃair sé leó an tsoluíd seo: Ḃí crann fíge curṫa ag duine ’n-a ḟíonġort, agus ṫáinig sé ag lorg toraḋ ar an gcrann, agus ní ḃfuair.

7 Agus duḃairt sé leis an saoṫruiġṫeóir: Féaċ, táim le trí bliana ag teaċt anso ag lorg toraḋ ar an gcrann fíge seo agus ní ḃfaġaim é; gearr é: cad ċuige go mbeaḋ an talaṁ aige?

8 Agus duḃairt seisean ’ġá ḟreagraḋ: A Ṫiġearna, sgaoil leis an ḃliain seo go ndeinead róṁar ’n-a ṫímpal agus go gcuiread leasú leis,

9 Ansan má ṫugann sé toraḋ uaiḋ; aċ mura dtugaiḋ, gearrṫar é feasda.

10 Agus ḃíoḋ sé ag teagasg ’n-a sinagóig ins na sabbóidiḃ.

11 Agus féaċ, bean i n-a raiḃ spioraid lagaċair ar feaḋ oċt mbliana déag, agus ḃí sí cromṫa, agus ní ḟéadfaḋ sí féaċaint suas i n-aon ċor;

12 Agus nuair a ċonaic Íosa í do ġlaoiḋ sé ċuige uirṫi, agus duḃairt sé léi: A ḃean, táir sgarṫa led’ġearán.

13 Agus ċuir sé a ḋá láiṁ uirṫi, agus do díriġeaḋ suas í láiṫreaċ, agus ṫug sí glóire do Ḋia.

14 Agus d’ḟreagair uaċtarán na sinagóige, agus fearg air toisg Íosa do ḋéanaṁ an leiġis lá na sabbóide, agus duḃairt sé leis na daoine: Tá sé lá ann ’n-ar ċeart obair a ḋeanaṁ; tagaiḋ aon lá ḋíoḃ san, agus leiġistear siḃ; agus ná tagaiḋ lá na sabbóide.

15 Agus d’ḟreagair an Tiġearna é agus duḃairt sé: A ċealgairí, ná sgaoileann gaċ aoinne agaiḃ-se a ḃó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé ċun uisge iad, lá na sabbóide?

16 Aċ an inġean so Ábrahaim á ḃí fé ċeangal ag Sátan ar feaḋ oċt mblian ndéag, níor ċeart í ḟuasgailt ó’n gceangal, san lá na sabbóide?

17 Agus nuair a duḃairt sé an ċaint sin do las a naṁaid go léir le náire, agus do ġaiḃ gáirdeaċas an pobul mar ġeall ar na neiṫe go léir a ḋeineaḋ sé ċóṁ glórṁar.

18 Agus duḃairt sé: Cad leis gur cosṁail ríġeaċt Dé, agus cad leis go saṁlóċad é?

19 Is cosṁail é le gráinne mustáird n-ar ḋein duine é ṫógaint agus é ċur ’n-a ġáirdín, agus d’ḟás sé, ’gus ḋein crann mór de, agus do neaduiġ éanlaiṫe an aéir ’n-a ġéagaiḃ.

20 Agus duḃairt sé airís: Cad leis go saṁlóċad ríġeaċt Dé?

21 Is cosṁail é leis an ngiost a ṫóg bean, agus d’ḟoluiġ sí i dtrí tóṁasaiḃ mine go dtí gur ġlac an ṁin go léir an giost.

22 Agus do ġluais sé tré sna caṫaraċaiḃ agus tré sna bailtiḃ ag teagasg, agus é ag dul fé ḋein Ierúsalem.

23 Agus duḃairt duine leis: A Ṫiġearna, an aṁlaiḋ ná saorṫar aċ beagán? Agus duḃairt seisean leó:

24 Deiniḋ díċeall ar ḋul isteaċ an dorus cuṁang; óir deirim liḃ go mbeiḋ a lán a d’iarraiḋ dul isteaċ, agus ní ḟéadfaid siad é.

25 Agus nuair a ḃeiḋ fear an tiġe imṫiġṫe isteaċ agus an dorus dúnta aige, tusnóċaiḋ siḃ-se ar ṡeasaṁ amuiġ agus ar an ndorus do ḃualaḋ, agus ar a ráḋ: A Ṫiġearna, osgail dúinn! agus déarfaiḋ sé a’ ḃúr ḃfreagraḋ: Ní ḟeadar cad as daoiḃ-se.

26 Ansan tusnóċaiḋ siḃ ar a ráḋ: D’iṫeamair agus d’ólamair os do ċóṁair, agus ḋeinis teagasg i n-ár sráidiḃ.

27 Agus dearfaiḋ sé liḃ: Ní ḟeadar cad as daoiḃ-se; imṫiġiḋ go léir uaim, a luċt an uilc a ḋéanaṁ.

28 Ansan a ḃeiḋ an gol agus an díosgán fiacal, nuair a ċífiḋ siḃ Ábraham agus Isaac agus Iácób agus na fáiḋe go léir istiġ i ríġeaċt Dé, agus siḃ féin díbearṫa amaċ.

29 Agus tiocfaid siad ó’n ndoṁan toir agus ó’n ndoṁan tiar, ó’n gceann tuaiḋ agus ó’n gceann teas, agus suiḋfid siad síos i ríġeaċt Dé.

30 Agus féaċ, tá daoine ar deire a ḃeiḋ ar tusaċ, agus tá daoine ar tusaċ a ḃeiḋ ar deire.

31 An lá céadna san ṫáinig cuid de sna Fairisíniġ ċuige agus duḃradar leis: Imṫiġ agus fág an áit seo, óir tá Héród ar tí do ṁarḃṫa.

32 Agus duḃairt sé leó: Imṫiġiḋ agus abraiḋ leis an mada ruaḋ san: Féaċ, táim ag cur deaṁan amaċ agus ag déanaṁ leiġeas indiu agus amáireaċ, agus beiḋ deire liom an tríṁaḋ lá.

33 Aċ ċeana, ní foláir dom ḃeiṫ ag siúḃal indiu agus amáireaċ agus amanarṫar, óir ní dual fáiḋ d’ḟáġail ḃáis lasmuiġ d’Ierúsalem.

34 A Ierúsalem, a Ierúsalem, a ṁarḃuiġeann na fáiḋe, agus a ġaḃann do ċloċaiḃ ar na daoine a curtar ċúġat, cad é a ṁinice dob’ áil liom do ċlann a ċruinniú, mar a ċruinniġeann an t-éan a h-ál fé n-a sgiaṫánaiḃ, agus níos ḃ’áil leat!

35 Féaċ, fágfar agaiḃ ḃúr dtiġ go folaṁ, agus deirim liḃ ná feicfiḋ siḃ mise go dtagaiḋ an tráṫ ’n-a ndéarfaiḋ siḃ, Molaḋ leis an t-é atá ag teaċt i n-ainim an Tiġearna.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan