Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XII. Foláraṁ ag Críost á ṫaḃairt dúinn gan cealgaireaċt do déanaṁ; gan eagla ḃeiṫ orainn roimis an saoġal; agus ḃeiṫ i gcóṁnuiġe ag faire orainn féin.

1 Agus nuair a ḃí sluaiġte móra ’n-a ṫímpal, i dtreó go raḃadar ag satailt ar a ċéile, do ṫusnuiġ sé ar a ráḋ le n-a ḋeisgiobuil; Seaċnaiḋ siḃ féin ar ġiost na ḃFairisíneaċ, an níḋ is cealgaireaċt.

2 Óir ní’l aon rud fé ċlúid ná noċtfar, ná i ḃfolaċ ná tiocfaiḋ ċun eóluis.

3 Óir na neiṫe a duḃraḃair sa doirċeaċt déarfar sa tsolus iad; agus an rud a dúḃraḃair i gcogar, i seómra, craoḃsgaoilfar é ó ḃaraíḃ na dtiġṫe.

4 Deirim áṁṫaċ, liḃ-se, a ċáirde: Ná bíoḋ eagla agaiḃ roimis an muintir a ṁarḃuiġeann an corp, agus ansan ná fuil a ṫuille acu le déanaṁ.

5 Aċ taisbeánfad daoiḃ cé roimis n-a mbeiḋ eagla agaiḃ: Ḃíoḋ eagla agaiḃ roimis an t-é, tar éis duine ṁarḃú, go ḃfuil ar a ċumas é ċur go h-ifreann. Ḃíoḋ, adeirim liḃ, eagla agaiḃ roimis sin.

6 Na díoltar ċúig gealḃúin ar ḋá ḟeóirlinn? agus ní’l aon ġealḃún acu ann a gan ḟios do Ḋia. Ní h-eaḋ, aċ tá ruibí ḃúr ngruaige go léir cóṁriġṫe.

7 Ná bíoḋ eagla oraiḃ, d’á ḃriġ sin. Is mó le rád siḃ-se ’ná a lán gealḃún.

8 Agus deirim liḃ: An uile ḋuine d’adṁóċaiḋ mise os cóṁair daoine, adṁóċaiḋ Mac an Duine eisean os cóṁair aingeal Dé.

9 Agus an t-é a ṡéanfaiḋ mise os cóṁair daoine, séanfar eisean os cóṁair aingeal De.

10 Agus aoinne a déarfaiḋ focal i n-aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfar do é; aċ an t-é a déanfaiḋ diaṁasla i n-aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní maiṫfar dó é.

11 Agus nuair a ḃéarfaid siad isteaċ siḃ ins na sinagógaiḃ, agus i láṫair giúistísí agus daoine cóṁaċ taċa, ná bíoḋ ceist oraiḃ i dtaoḃ cad a ḟreagróċaiḋ siḃ, ná conus, ná cad déarfaiḋ siḃ.

12 Óir múinfiḋ an Spioraid Naoṁ daoiḃ, i láṫair na h-uaire sin, cad is ceart daoiḃ a ráḋ.

13 Agus duḃairt duine de’n tsluaġ leis: A Ṁaiġistir, abair lem’ḋriṫáir an oiġreaċt do raint liom.

14 Agus duḃairt seisean leis: A ḋuine, cé ċeap mise am’ breiṫeaṁ ná am’ rainneadóir os ḃúr gcionn?

15 Agus duḃairt sé leó-san: Féaċ, seaċnaiḋ gaċ saint; óir ní sa ḃflúirse atá ag aoinne, de sna neiṫe is leis, atá a ḃeaṫa.

16 Ansan do laḃair sé soluíd leó, agus duḃairt sé: Ṫug a ċuid tailiṁ ana-ṫoraḋ d’ḟear ṡaiḋḃir áiriṫe.

17 Agus do ṁaċtnaiṁ sé i n’ aigne agus duḃairt sé: Cad a ḋéanfad? óir ní’l áit agam n-a gcruinneóċad mo ċuid torṫaí.

18 Agus duḃairt sé: Déanfad so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgiobóil a ḃeiḋ níos mó ’ná iad, agus cruinneóċad mo ṫorṫaí go léir agus mo ṁaoin ionta;

19 Agus déarfaiḋ mé le m’anam, A anam, tá mórán coda agat i gcóir mórán blian; glac do ṡuaiṁneas; dein iṫe agus ól agus súgaċas.

20 Aċ duḃairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anoċt féin, agus cé aige go mbeiḋ a ḃfuil cruinniġṫe agat?

21 Sin mar atá ag an t-é a ḋeineann stór dó féin agus ná bíonn saiḋḃir ċun Dé.

22 Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Deirim liḃ, d’á ḃríġ sin, ná bíoḋ ceist oraiḃ i dtaoḃ ḃúr n-anama, cad a ḋ’íosfaiḋ siḃ, ná i dtaoḃ an ċuirp, cad a ċlúdóċaiḋ siḃ.

23 Is mó le ráḋ an t-anam ’ná an bia, agus is mó le ráḋ an corp ’ná an t-éadaċ.

24 Féaċaiḋ na fiaċa duḃa; ní ċuirid siad síol agus ní ḃainid siad fóġṁar; ní bíonn cúil stórais acu ná sgioból; agus coṫuiġeann Dia iad. Naċ mó go mór le ráḋ siḃ-se ’ná iad san?

25 Cé’cu agaiḃ-se d’ḟéadfaḋ, le neart maċtnaiṁ air, aon ḃanlá aṁáin do ċur le n’aoirde féin?

26 Agus mura féidir daoiḃ an rud is suaraiġe ḋéanaṁ, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag ceisneaṁ i dtaoḃ aon níḋ eile.

27 Féaċaiḋ ar na lilíḃ, conus mar a ḋ’ḟásaid siad; ní ḋeinid siad saoṫar ná sníoṁ; agus deirim-se liḃ-se ná raiḃ Salomón ’n-a ġradam éidiġṫe mar ceann acu san.

28 Agus má éidiġeann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caiṫfar sa teine amáireaċ, náċ mó ’ná san [éideóċaiḋ sé] siḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ṡuaraiġ?

29 Ná bíḋiḋ-se ag lorg na neiṫe a ḋ’íosfaiḋ siḃ ná a ḋ’ólfaiḋ siḃ, agus ná bíoḋ eiriġe anáirde oraiḃ.

30 Óir siniad go léir na neiṫe a ḃíonn ag geinte an doṁain d’á lorg. Aċ is eól d’ḃúr n-Aṫair go ḃfuil gáḋ agaiḃ leis na neiṫiḃ sin.

31 Loirgiḋ ar dtúis, áṁṫaċ, ríġeaċt Dé agus a ḟíoraontaċt, agus ġeoḃaiḋ siḃ mar ṫuille na neiṫe sin go léir.

32 Ná bíoḋ eagal oraiḃ, a ṫréad ḃeag, óir isé toil ḃúr n-Aṫar an ríġeaċt a ṫaḃairt daoiḃ.

33 Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ agus tugaiḋ déirc uaiḃ; deiniḋ daoiḃ féin sparáin ná críonfaiḋ, stór ins na flaṫais ná caillfiḋ oraiḃ; ná guidfiḋ biṫeaṁnaċ uaiḃ; ná millfiḋ leóṁan oraiḃ.

34 Óir an áit ’n-a ḃfuil ḃúr stór is ann a ḃeiḋ ḃúr gcroiḋe.

35 Bíoḋ ḃúr gcriosa fáisgiṫe agaiḃ, agus lóċrana ar lasaḋ i nḃúr láṁaiḃ.

36 Agus siḃ mar ḃeaḋ daoine a ḃeaḋ ag feiṫeaṁ le n-a dTiġearna go ḃfillfeaḋ sé ó’n mbainis; ionus, nuair a ṫiocfaiḋ sé agus ḃuailfiḋ sé, go n-osgalóċaid siad láiṫreaċ dó.

37 Is aoḃinn do sna seirḃísiġ sin a ġeoḃaiḋ a dTiġearna ag déanaṁ na faire nuair a ṫiocfaiḋ sé; go deiṁin adeirim liḃ, cuirfiḋ sé a ċrios uime agus cuirfiḋ sé ’n-a suiḋe iad, agus déanfaiḋ sé frioṫálaṁ orṫa sa tímpal.

38 Agus má ṫagann sé sa tarna faire, agus sa tríṁaḋ faire má ṫagann sé, agus go ḃfaġaiḋ sé mar sin iad, is aoiḃinn do sna seirḃísiġ sin.

39 Aċ bíoḋ fios an méid seo agaiḃ, dá mbeaḋ ḟios ag fear tiġe caṫoin a ṫiocfaḋ an biṫeaṁnaċ, ḋéanfaḋ sé faire agus ní leigfeaḋ sé a ṫiġ do ḃriseaḋ.

40 Agus bíḋiḋ-se ollaṁ, óir ni’l ḟios agaiḃ caṫain a ṫiocfaiḋ Mac an Duine.

41 Agus duḃairt Peadar leis: A Ṫiġearna, an linne atá an ċaint sin agat ’á ráḋ, nó leis na daoine go léir?

42 Agus duḃairt an Tiġearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíoḃard dílis ciallṁar á ċuir an Tiġearna os cionn a ṫeaġlaiġ ċun a dtóṁais cruiṫneaċtan a ṫaḃairt dóiḃ i dtráṫ?

43 Is aoiḃinn do’n tseirḃíseaċ san n-a dtiocfaiḋ a Ṫiġearna air ag déanaṁ na h-oibre sin nuair a ṫiocfaiḋ sé.

44 Deirim liḃ go fíor go gcuirfiḋ sé os cionn a ċoda go léir é.

45 Aċ má deir an seirḃíseaċ san, ’n-a ċroiḋe féin, Tá mo Ṫiġearna aḃfad gan teaċt; agus má ċromann sé ar na buaċaillí agus na cailíní do ḃualaḋ, agus ar iṫe agus ar ól agus ar ṁeisgeóireaċt:

46 Tiocfaiḋ Tiġearna an tseirḃísiġ sin an lá ná beiḋ coinne aige leis, agus an uair náċ eól dó, agus deiġilfiḋ sé é agus ceapfaiḋ sé a ċuid dó ameasg luċt díṫċreidiṁ.

47 Agus an seirḃíseaċ san go raiḃ fios toile a Ṫiġearna aige, agus nár ḋein ollaṁú, ná beart do réir a ṫoile, geoḃfar air go mór.

48 Aċ an t-é ná raiḃ ḟios aige, agus do ḋein neiṫe a ṫuill bualaḋ, geoḃfar air beagán. Óir an t-é gur tugaḋ mórán dó, éileófar mórán air; agus an t-é gur ṫugadar cuid ṁór dó le coimeád iarrfaid siad breis air.

49 Ċun teine ċur ar an dtalaṁ so iseaḋ ṫánag, agus cad ’tá uaim aċ go lasfaḋ sí?

50 Agus tá agam baisteaḋ le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim i gcúṁangraċt go dtí go gcóṁlionfar é!

51 An dóiġ liḃ gur ċun síoṫċána ċur ar an dtalaṁ so do ṫánag-sa? Ní h-eaḋ, adeirim liḃ, aċ ċun deiġilte.

52 Óir beiḋ, feasda, cúigear sa n-aon tiġ deiġilte, triúr i n-aġaiḋ beirte, agus beirt i n-aġaiḋ trír.

53 Deiġilfar an t-aṫair i n-aġaiḋ an ṁic agus an mac i n-aġaiḋ a aṫar; an ṁáṫair i n-aġaiḋ na h-inġíne agus an inġean i n-aġaiḋ na máṫar; an ṁáṫair céile i n-aġaiḋ mná an ṁic agus bean an ṁic i n-aġaiḋ máṫar a céile.

54 Agus duḃairt sé leis an sluaġ: Nuair a ċíonn siḃ sgamal ag eiriġe lastiar, abrann siḃ láiṫreaċ: Tá ciṫ ag teaċt; agus bíonn aṁlaiḋ;

55 Agus (nuair a ċíonn siḃ) an ġaoṫ andeas abrann siḃ: Beiḋ broṫal ann; agus bíonn.

56 A ċealgairí, féadann siḃ an spéir agus an talaṁ do ḃreiṫniú: agus conus ná breiṫniġeann siḃ an aimsir atá ann?

57 Agus cad ’n-a ṫaoḃ na breiṫniġeann siḃ uaiḃ féin an níḋ is ceart?

58 Agus nuair a ḃeiḋ tú ag dul, i n-aonḟeaċt led’naṁaid, i láṫair an ṗriúnsa, dein do ḋíċeal ċun sgaraṁaint leis, le h-eagla go mbéarfaḋ sé i láṫair an ḃreiṫiṁ tu, agus go dtaḃarfaḋ an breiṫeaṁ suas tu do’n ḟeiḋmeadóir, agus go gcuirfeaḋ an feiḋmeadóir sa ċarcair tu.

59 Deirim leat ná tiocfair amaċ as san go ndíolair an ċianóg ḋeirineaċ.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan