Lúcas 10 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL X. Teagasg ag Críost á ṫaḃairt do’n dáréag as trí fiċid deisgiobul. Iad dá gcur amaċ ċun oibre. An Samaritánaċ fóġanta. 1 Tar éis na neiṫ sin do ċeap an Ṫíġearna ḋáréag agus trí fiċid eile, agus ċuir sé roimis amaċ iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, ċun gaċ baile agus áit n-a raiḃ sé féin le teaċt ann. 2 Agus duḃairt sé leó: Fóġṁar mór agus meiṫiol suaraċ. Iarraiḋ, d’a ḃríġ sin, ar an t-é gur leis an fóġṁar luċt oibre do ċur ċun an ḟóġṁair. 3 Imṫiġiḋ: Féaċ, táim ’ḃúr gcur i nḃúr n-uanaiḃ ameasg maċtírí. 4 Ná bíoḋ agaiḃ mála ná sparán ná bróga, agus ná deiniḋ beannaċaḋ d’aoinne ar an slíġ. 5 Aon tiġ n-a raġaiḋ siḃ isteaċ ann abraiḋ ar dtúis, Síoṫċáin ar an dtiġ seo. 6 Agus má’s mac síoṫċána a ḃeiḋ ann fanfaiḋ ḃúr síoṫċáin air; murab eaḋ fillfiḋ ḃúr síoṫċáin oraiḃ féin. 7 Agus fanaiḋ sa tiġ ċéadna, ag iṫe agus ag ól na neiṫe atá acu, óir is fiú an fear oibre a ṫuarasdal ḟaġáil. Ná bíḋiḋ ag imṫeaċt ó ṫiġ go tiġ. 8 Agus pé caṫair n-a raġaiḋ siḃ isteaċ inti agus go nglacfar siḃ, iṫiḋ na neiṫe a curfar os ḃúr gcóṁair; 9 Agus leiġisiḋ na daoine breóite sa ċaṫair sin, agus abraiḋ leó, Tá ríġeaċt Dé buailte liḃ. 10 Aċ pé caṫair n-a raġaiḋ siḃ isteaċ inti agus ná glacfar siḃ, téiġiḋ amaċ ar ṡráidiḃ na caṫaraċ san agus abraiḋ: 11 Fiú ceó ḃúr gcaṫaraċ atá ar ár gcosaiḃ glanaimíd dínn é i nḃúr gcoinniḃ. Aċ bioḋ fios an méid seo agaiḃ, go ḃfuil ríġeaċt Dé i n-aċmaireaċt. 12 Deirim liḃ gur saoire a raġaiḋ muintir Ṡodom as an lá san ’ná mar a raġaiḋ muintir na caṫaraċ san. 13 Mairg duit-se, a Ċorosáin, mairg, duit-se, a Ḃetsáida, óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na mírḃúiltí a deineaḋ ionaiḃ-se, is fadó ḃeaḋ aiṫriġe déanta acu ’n-a suiḋe i n-éadaċ garḃ agus i luaiṫriġ. 14 Agus is saoire a raġaid Tuíre agus Sídón as lá an ḃreiṫeaṁntais ’ná mar a raġaiḋ siḃ-se as. 15 Agus tusa, a Ċaṗarnaum, a tógaḋ suas go neaṁ, curfar síos tu go h-ifreann. 16 An t-é a ḋ’éisteann liḃ-se, is liom-sa a ḋ’éisteann sé; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋaoiḃ-se, is dóṁ-sa a ṫugann sé tarcuisne; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋóṁ-sa is do’n t-é a ċuir uaiḋ mé a ṫugann sé tarcuisne. 17 Agus ṫáinig an dáréag a’s trí fiċid ṫar n-ais agus gáirdeaċas orṫa, agus duḃradar: A Ṫiġearna, táid na deaṁain féin fé n-ár smaċt tré t’ainim-se. 18 Agus duḃairt sé leó: Ḃíos ag féaċaint ar Sátan nuair a ṫuit sé ó neaṁ mar a ṫuitfeaḋ splannc. 19 Féaċ, tá taḃarṫa agam daoiḃ cumas ar ṡatailt ar aiṫreaċaiḃ niṁe agus ar scorpiónaiḃ, agus ar gaċ cóṁaċt de ċóṁaċtaiḃ an naṁad, gan doċar daoiḃ. 20 Sa n-am gcéadna ná bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ toisg spioraidí ḃeiṫ fé nḃúr smaċt, aċ bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ toisg ḃúr n-ainimneaċa ḃeiṫ sgríoḃṫa ins na flaṫais. 21 Le linn na h-uaire céadna san do ṫáinig gáirdeaċas an Spioraid Naoiṁ air, agus duḃairt sé: Adṁuiġim duit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, mar gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus eóluis, agus gur ḟoillsiġis iad do sna leanḃaíḃ. Ḋeinis san, a Aṫair, óir b’é sin do ṫoil. 22 Do ṫug m’Aṫair dóṁ-sa gaċ uile níḋ, agus ní h-eól d’aoinne cé h-é an Mac aċ do’n Aṫair, ná cé h-é an t-Aṫair aċ do’n Mac agus do’n t-é d’ár toil leis an Mac é ḋ’ḟoillsiú. 23 Agus d’iompuiġ sé ċun a ḋeisgiobul, agus duḃairt sé: Is aoiḃinn do sna súiliḃ a ċíonn na neiṫe a ċíonn siḃ-se. 24 Óir deirim liḃ gur ṁian le mórán fáiḋe agus riġṫe na neiṫe ḋ’ḟeisgint a ċíonn siḃ-se, agus ní ḟeacadar iad; agus na neiṫe do ċlos a ċloiseann siḃ-se, agus níor ċloiseadar iad. 25 Agus féaċ, d’eiriġ fear dliġe ċun triail a ḃaint as, agus duḃairt: A Ṁáiġistir, cad tá le déanaṁ agam ċun na beaṫa sióruiḋe do ṡealḃú? 26 Agus duḃairt seisean leis: Cad ’tá sgríoḃṫa sa dlíġ? Conus a léiġeann tú? 27 Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt: Gráḋfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia ó d’ċroiḋe go h-iomlán, agus ó t’anam go h-iomlán, agus ó d’neart go h-iomlán, agus ó t’aigne go h-iomlán; agus do ċóṁarsa mar ṫú féin. 28 Agus duḃairt seisean leis: Ṫugais freagra cruinn. Dein an méid sin agus mairfir. 29 Aċ duḃairt sé le h-Íosa, a d’iaraiḋ é féin do ċeartú: Agus cé h-é mo ċóṁarsa? 30 Agus duḃairt Íosa ’ġá ḟreagraḋ: Ḃí duine ag dul síos ó Ierúsalem go Ieriċó, agus do seólaḋ ameasg biṫeaṁnaċ é, agus do robáladar é, agus do ġaḃadar air, agus d’imṫiġeadar agus d’ḟágadar ’n-a ndiaiḋ é leaṫṁarḃ. 31 Agus do ṫárla go raiḃ sagart ag gaḃáil síos an bóṫar céadna, agus ċonaic sé an duine, agus ḃuail sé ṫairis. 32 Mar an gcéadna do ṫárla go raiḃ Leḃíteaċ i n-aice na h-áite, agus ċonaic sé an duine, agus ḃuail sé ṫairis. 33 Aċ ḃí Samaritánaċ ag gaḃáil an bóṫar agus ṫáinig sé i n-aice an duine, agus ċonaic sé é, agus ṫáinig truaġ aige ḋó; 34 Agus ċuaiḋ sé anonn ċuige agus do ċeangail sé suas a ċneaḋaċa tar éis oíle agus fíona do ċur ionta, agus ċuir sé ar muin a ḃeiṫíġ féin é, agus ṫug sé leis é go dtí an tiġ ósda, agus ṫug sé aire ḋó. 35 Agus amáireaċ a ḃí ċúġainn ṫóg sé amaċ ḋá ṗinginn agus ṫug sé do ’n ḟear ósda iad, agus duḃairt sé: Taḃair aire ḋó san, agus pé méid a ḃeiḋ tú caillte leis, nuair a ṫiocfad-sa airís taḃarfad duit é. 36 Cé ’cu de’n triúr san is dóiġ leat-sa ba ċóṁarsa do’n duine a seólaḋ ameasg na mbiṫeaṁnaċ? 37 Agus duḃairt seisean: An t-é a ḋein an ċarṫanaċt air. Agus duḃairt Íosa leis: Imṫiġ-se agus dein mar an gcéadna. 38 Do ṫarla, agus iad ar an slíġ, go ndeaġaiḋ sé isteaċ i sráid, agus gur ġlac bean dár ḃ’ ainim Marta isteaċ ’n-a tiġ féin é. 39 Agus ḃí ag an mnaoi sin drifiúr dár ḃ’ainim Máire, agus do ṡuiḋ sí ag cosaiḃ an Tiġearna ag éisteaċt le n-a ḃriaṫar. 40 Agus bí Marta ana-ḃruideaṁail ag déanaṁ mórán gnóṫa, agus do ṡeasaiṁ sí agus duḃairt: A Ṫiġearna, an aṁlaiḋ náċ cás leat conus mar atá an gnó go léir fágṫa orm-sa agam’ ḋrifiúr? Abair léi anois congnaṁ a ṫaḃairt dom. 41 Agus d’ḟreagair an Tiġearna agus duḃairt sé léi: A Ṁarta, a Ṁarta, tá mórán neiṫe a’d ċur ṫré ċéile agus ag cur buarṫa ort, 42 Agus gan aċ aon níḋ aṁáin ríaċtanaċ. Do ṫoġ Máire an níḋ is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society