Lúcas 1 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL I. Coimbeart Eóin Baiste, agus coimbeart Ċríost. Cuairt na Maiġdine Muire, agus a cantic. Teaċt Eóin Baiste ar an saoġal, agus cantic Sacariais. 1 Ó ṫárla go ḃfuil iarraċt déanta agá lán daoine ar ċúntas a ṫaḃairt, i ndiaiḋ ċéile, ar na neiṫiḃ seo atá tagaiṫe ċun cinn i n-ár measg, 2 Fé mar a tugaḋ dúinn iad, ó sna daoine a ċonaic iad le n-a súiliḃ agus do ḋein frioṫálaṁ ar an gcaint, 3 Ċeapas féin go ḃféaċfainn isteaċ go cruinn ionta go léir ó ṫusaċ agus go ndéanfainn iad do sgrí síos i ndiaiḋ ċéile ḋuit-se a Ṫéoṗiluis uasail, 4 I dtreó go mbeaḋ agat fios fírinne na ḃfocal a múineaḋ duit. 5 Do ḃí, i n-aimsir Héróid rí Iúdaéa, sagart áiriṫe dar ḃ’ainim Sacarias, d’uanuiġeaċt Abia, agus de ṡlioċt Aaron ab eaḋ a ḃean, agus Elisabet ab ainim di. 6 Agus ḃí an ḃeirt fíoraonta i láṫair Dé ag siuḃal i n-aiṫeantaiḃ agus i ndlistineasaiḃ an Tiġearna, go h-iomlán, gan ċáim. 7 Agus ní raiḃ clann acu, mar ḃí Elisabet aimrid agus ḃíodar araon ana-aosta. 8 Do ṫárla, áṁṫaċ, agus a ḋualgas sagairt aige ’á ḋéanaṁ, do réir a uanuiġeaċta, os cóṁair Dé, 9 Gur ḃ’air a ṫuit an crann, do réir nóis na sagart, agus go ndeaġaiḋ sé isteaċ i dteampul an Tiġearna ċun na túise do ḋóġaḋ. 10 Agus ḃí an pobul mór go léir amuiġ ag guiḋe le linn uaire na túise. 11 Agus do taisbeánaḋ do aingeal an Tiġearna ’n-a ṡeasaṁ ar ḋeis altóraċ na túise. 12 Agus ṫáinig buaireaṁ agus eagla ar Ṡacarias nuair a ċonaic sé é. 13 Agus duḃairt an t-aingeal leis: Ná bíoḋ eagal ort, a Ṡacariais, óir tá éistiṫe le t’ ġuiḋe, agus béarfaiḋ do ḃean, Elisabet, mac duit, agus taḃarfair Eóin mar ainim air; 14 Agus beiḋ áṫas agus gáirdeaċas ort, agus beiḋ áṫas ar a lán de ḃárr é ṫeaċt ar an saoġal. 15 Óir beiḋ sé mór i láṫair Dé, agus ní ólfaiḋ sé fíon ná deoċ ṁeisgeaṁail, agus beiḋ sé lán de’n Spioraid Naoṁ ó ḃroinn a ṁáṫar féin. 16 Agus iompóċaiḋ sé a lán de ċlainn Israéil ar a dTiġearna Dia. 17 Agus gluaiseóċaiḋ sé roimis amaċ i spioraid agus i gcóṁaċt Eliais, ċun croiḋṫe na n-aṫar d’iompáil ar an gclainn, agus ċun luċt díṫċreidiṁ d’iompáil ċun eagna na ḃfíoraon, agus pobul fíoraon d’ollaṁú do’n Tiġearna. 18 Agus duḃairt Sacarias leis an aingeal: Conus a ḃeiḋ a ḟios san agam? Óir táim-se am’ ṡeanduine agus tá mo ḃean ró-aosta. 19 Agus d’ḟreagair an t-aingeal é, agus duḃairt: Is mise Gabriél atá am’ ṡeasaṁ i láṫair Dé, agus do cuireaḋ mé ċun laḃarṫa leat-sa agus na neiṫe seo do ċraoḃsgaoileaḋ ḋuit. 20 Agus féaċ, beiḋ tú gan caint, agus ní ḟéadfair laḃairt go dtí an lá ’n-a gcóṁlíonfar na neiṫe seo, toisg nár ċreidis mo ċaint-se do ṫiocfaiḋ ċun cinn ’n-a h-aimsir féin. 21 Agus ḃí na daoine ag feiṫeaṁ le Sacarias, agus ḃí iongna orṫa é ḃeiṫ ag déanaṁ riġnis sa teampul. 22 Agus nuair a ṫáinig sé amaċ ní féadfaḋ sé laḃairt leó, agus ḃí ’ḟios acu go ḃfeacaiḋ sé raḋarc sa teampul. Agus ḃí se ag déanaṁ cóṁarṫaí ḋóiḃ, agus do lean an ḃailḃe air. 23 Agus do ṫárla, tar éis aimsire a ḋualgais sagairt do ċur dé, gur imṫiġ sé ċun a ṫiġe féin. 24 Agus tar éis na laeṫanta san do ġaiḃ a ḃean, Elisabet, gein, agus d’ḟolaiġ sí í féin ar feaḋ ċúig ṁí, agus duḃairt sí: 25 Seo mar a ḋein an Tiġearna liom é ins na laeṫiḃ ’n-ar ḟéaċ sé orm agus ’n-ar ṫóg sé ḋíom an aiṫis a ḃí orm ameasg na ndaoine. 26 Agus sa séṁaḋ mí do cuireaḋ an t-aingeal Gabriél ó Ḋia go caṫair i nGaililí dar ḃ’ainim Nasaret, 27 ag triall ar ṁaiġdin a ḃí luaiḋte le fear dar ḃ’ainim Ióseṗ, agus Muire ab ainim do’n ṁaiġdin. 28 Agus ṫáinig an t-aingeal isteaċ ag triall uirṫi, agus duḃairt sé: Go mbeannuiġṫear duit atá lán de ġrástaiḃ; tá an Tiġearna ad’ ḟoċair; is beannuiġṫe ṫu idir ṁnáiḃ. 29 Agus nuair airiġ sí é do ċuir an ċaint buaireaṁ uirṫi, agus ṁaċtnuiġ sí cad é an saġas an beannú san. 30 Agus duḃairt an t-aingeal léi: Ná glac eagla, a Ṁuire, óir tá grásta fáġalta agat i láṫair Dé. 31 Féaċ, geoḃair gein ad’ ḃroinn, agus béarfair mac, agus taḃarfair Íosa mar ainim air. 32 Beiḋ an mac san mór, agus taḃarfar Mac Dé Aoird air, agus taḃarfaiḋ an Tiġearna Dia ḋó an ċaṫaoir rí a ḃí agá aṫair, ag Dáiḃid; agus beiḋ sé ’n-a rí i dteaġlaċ Iácóib go deó. 33 Agus ní beiḋ deire le n-a ríġeaċt. 34 Agus duḃairt Muire leis an aingeal: Conus a ḃeiḋ san aṁlaiḋ agus gan aiṫne fir agam-sa? 35 Agus d’ḟreagair an t-aingeal agus duḃairt sé léi; Túirliceóċaiḋ an Spioraid Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cóṁaċt Dé Aoird ṫú, agus d’á ḃríġ sin taḃarfar ar an ngein naoṁṫa a ṫiocfaiḋ uait Mac Dé. 36 Agus féaċ, siní Elisabet, do ṡiúr, tá leanḃ mic ar iompar aici agus í aosda, agus sidé an séṁaḋ mí aici sin go dtugtar aimrid uirṫi. 37 Óir ní ḃeiḋ ráḋ ar biṫ náċ féidir do Ḋia. 38 Ansan duḃairt Muire; Féaċ, mise cailín an Tiġearna, deintear liom do réir t’ḟocail. Agus d’imṫiġ an t-aingeal uaiṫi. 39 Agus d’eiriġ Muire ins na laeṫiḃ sin, agus d’imṫiġ gan ríġneas fé ḋéin na gcnoc, go caṫair Iúdaċ. 40 Agus ṫáinig sí isteaċ i dtiġ Ṡacariais, agus ḃeannuiġ sí d’Elisabet. 41 Agus do ṫárla, nuair a d’airiġ Elisabet beannaċaḋ Muire gur léim an leanḃ a ḃí ’n-a broinn. Agus do líonaḋ Elisabet de’n Spioraid Naoṁ. 42 Agus do laḃair sí do ġuṫ árd, agus duḃairt: Is beannuiġṫe ṫu idir ṁnáiḃ, agus is beannuiġṫe toraḋ do ḃroinne. 43 Agus cad a ṫug so ḋóm-sa, máṫair mo Ṫiġearna do ṫeaċt ag triall orm? 44 Mar, féaċ, ċóṁ luaṫ agus ċuaiḋ guṫ do ḃeannaċta am’ ċluasaiḃ do léim an leanḃ le h-áṫas am’ broinn. 45 Agus is aoiḃinn duit-se gur ċreidis, óir cóṁlíonfar duit na neiṫe a geallaḋ duit ó’n dTiġearna. 46 Agus duḃairt Muire: Mór-ṁolaḋ ó m’anam-sa do’n Tiġearna, 47 Agus do ġlac mo spioraid gáirdeaċas i nDia mo Ṡlánuiġṫeóir; 48 Óir d’ḟéaċ sé ar ísleaċt a ċailín; Mar féaċ, as so amaċ, déarfaid na sleaċta go léir gurab aoiḃinn dom. 49 Óir do ḋein an t-é atá cóṁaċtaċ neiṫe móra ḋom, agus is naoṁṫa a ainim. 50 Agus tá a ṫrócaire ó ṡlioċt go slioċt ar an muintir ar a ḃfuil a eagla. 51 D’oibriġ sé cóṁaċt le n-a láiṁ; do sgaip sé luċt an uaḃair ’n-a gcroiḋe agus ’n-a n-aigne. 52 Do leag sé luċt cóṁaċt ó n-a gcaṫaoireaċaiḃ ríoga, agus d’árduiġ sé luċt na h-úṁluiġeaċta. 53 Do líon sé le neiṫiḃ fóġanta luċt an ocrais, agus ċuir sé ċun siuḃail folaṁ luċt an tsaiḋḃris. 54 Do ġlac sé Israél, a ṡeirḃíseaċ, ag cuíṁneaṁ dó ar a ṫrócaire; 55 Fé mar a laḃair sé le n-ár n-aiṫreaċaiḃ le h-Ábraham agus le n-a ṡlioċt go deó. 56 Agus d’ḟan Muire ’n-a foċair-sin tímpal trí ṁí, agus ansan ṫáinig sí ċun a tiġe féin. 57 Agus ṫáinig aimsir Elisabet ċun a clainne ċur di, agus do rug sí mac. 58 Agus d’airiġ a cóṁarsain agus a gaolta go raiḃ an Tiġearna tar éis a ṁór-ṫrócaire ḋéanaṁ uirṫi, agus ḋeineadar gáirdeaċas léi. 59 Agus nuair a ṫáinig an t-oċtṁaḋ lá, do tánaṫas ċun tímpal-ġearraḋ do ḋéanaṁ ar an leanḃ, agus ḃíṫeas ċun Sacarias a ṫaḃairt mar ainim air, ainim a aṫar. 60 Agus d’ḟreagair a ṁáṫair agus duḃairt sí: Ní h-eaḋ, aċ Eóin a taḃarfar air. 61 Agus duḃradar léi; Ar ndó, ni’l aoinne ar do ġaoltaiḃ-se go ḃfuil an ainim sin air. 62 Agus do ḃagradar ar a aṫair cad é an ainim ba ṁaiṫ leis a taḃarfaí ar an leanḃ. 63 Agus d’iarr sé gléas ċun sgríoḃṫa agus do sgríḃ sé: Eóin is ainim dó. Agus ḃí iongna orṫa go léir. 64 Agus do h-osglaḋ láiṫreaċ a ḃéal agus a ṫeanga ḋó-san, agus do laḃair sé agus do ṁol sé Dia. 65 Agus ṫáinig eagla air na cóṁarsain go léir, agus do h-innseaḋ na neiṫe sin uile ar fuid sléiḃte Iúdaéa ar fad. 66 Agus gaċ aoinne a d’airiġ iad ċoimeád sé cuiṁne orṫa, agus deiridís le n-a ċéile: Cad a ḃeiḋ againn ar ball ’n-a leiṫéid seo de leanḃ, dar leat? Óir ḃí láṁ an Tiġearna leis. 67 Agus do líonaḋ Sacarias, a aṫair, leis an Spioraid Naoṁ, agus do ṫargair sé mar seo: 68 Molaḋ leis an dTiġearna, Dia Israéil, óir d’ḟéaċ sé ċun a ḋaoine agus ḋein sé a slánú; 69 Agus do ċuir sé suas aḋarc ċun slánuiġṫe ḋúinn i dteaġlaċ Dáiḃid a seirḃíseaċ. 70 Fé mar a laḃair sé tré ḃéal na ḃfáiḋ naoṁṫa atá ann aige ó ṫusaċ. 71 Saoraḋ ḋúinn ó n-ár naṁaid, agus ó láiṁ gaċ n-aon a ṫug fuaṫ ḋúinn, 72 Ag déanaṁ trócaire an ar n-aiṫreaċaiḃ, agus ag coimeád cuiṁne as a ṫiomna ḃeannuiġṫe féin. 73 An dearḃú a ḋearḃuiġ sé d’ár n-aṫair Ábraham a ṫaḃarfaḋ sé ḋúinn, 74 Go ndéanfaimís, gan eagla, seirḃís dó, agus sinn saor ó laṁaiḃ ár naṁad, 75 I naoṁṫaċt agus i ḃfíoraontaċt ’n-a láṫair, gaċ lá ḋ’ár saoġal. 76 Agus tusa, a leinḃ, taḃarfar ort fáiḋ an Árd-Ḋia, óir gluaiseóċair roimis an dTiġearna amaċ ag ollaṁú na sliġe ḋó, 77 Ag taḃairt eóluis slánuiġṫe d’á ṗobul, ionus go maiṫfí a bpeacaí ḋóiḃ; 78 Tré inníḃ trócaire ár nDia, n-ar ṫáinig ’ġár ḃféaċaint an lóċaint a’ doiṁneas na ḃflaṫas. 79 Ċun soluis a ṫaḃairt do’n ṁuintir atá ’n-a suiḋe i ndorċadas agus fé sgáil an ḃáis; ċun ár gcosa do ṡeólaḋ i slíġ na síoṫċána. 80 Agus d’fás an leanḃ agus do neartuiġ sé i spioraid agus ḃí sé ins na h-áiteanaiḃ uaigneaċa go dtáinig an lá ’n-a raiḃ air é féin a ṫaisbeáint i láṫair Israéil. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society