Gníoṁarṫa 9 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL IX. Iompáil ṗóil ċun an ċreidiṁ, agus a ḋíoġras. Énéas d’á leiġeas ag Peadar, ⁊ Taibíta dá tógaint aige ón mbás. 1 Agus ṫáinig Saul, agus é ag síorṡéide ḃagarṫa ḃáis i n-aġaiḋ deisgiobul an Tiġearna, ag triall ar ṗrúnsa na sagart, 2 Agus d’iarr sé air leitreaċa ṫaḃairt dó go Damascus, ċun na sinagóg, i dtreó dá ḃfaġaḋ sé aon daoine, fir ’ná mná, de ’n tslíġ sin, go dtaḃarfaḋ sé leis iad gaḃṫa go Ierúsalem. 3 Agus ag cur na slíġe ḋé ḋó do ṫárla go dtáinig sé i gcóṁgar do Ḋamascus, agus go h-obann do las solus ó neaṁ ’n-a ṫímpul. 4 Agus ṫuit sé ċun tailiṁ agus d’airiġ sé an guṫ ġá ráḋ leis: A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige go ḃfuilir am ġéarleanṁaint? 5 Agus duḃairt seisean: Cia h-é ṫu, a Ṫiġearna? agus eisean: Mise Íosa ’na ḃfuilirse am ġéarleanṁaint, is cruaiḋ ort ḃeiṫ a’ speaċuíol i n-aġaiḋ an ṗriocaire. 6 Agus duḃairt seisean agus é ag criṫ le h-uaṫḃás: A Ṫiġearna, cad is toil leat a ḋéanfainn? 7 Agus duḃairt an Tiġearna leis: Eiriġ agus imṫiġ isteaċ sa ċaṫair agus neósfar sa n-áit sin duit cad tá agat le déanaṁ. Agus na fir a ḃí le n-a ċois ḃíodar ’n-a seasaṁ agus uaṫḃás orṫa, agus iad ag éisteaċt leis an nguṫ agus ná feacadar aoinne. 8 Agus d’éiriġ Saul de’n talaṁ agus d’osgail sé a ṡúile aċ ní ḟeacaiḋ sé aon níḋ. Agus do rugadar ar láṁ air agus do ṡeoladar isteaċ i nDamascus é. 9 Agus ḃí sé ansan trí lá gan radarc, agus níor ċaiṫ sé bia ’ná deoċ. 10 Agus ḃí i nDamascus duine de ḋeisgiobulaiḃ an Tiġearna agus Ananías ab ainim dó, agus duḃairt an Tiġearna leis, i n-aising: A Ananíais! Agus duḃairt seisean: Táim anso, A Ṫiġearna! 11 Agus duḃairt an Tiġearna leis: Eiriġ agus imṫiġ go dtí an tsráid ar a dtugtar an Díreaċ, agus loirg, i dtiġ Iúdáis, fear ó Ṫarsus gur b’ainim dó Saul; mar, féaċ, tá sé ag guiḋe Dé. 12 (Agus ċonnaic sé ar fear d’an ḃ’ainim Ananías agus é ag teaċt isteaċ ag triall air agus ag cur a láiṁe air ċun raḋairc a ṫaḃairt dó.) 13 Aċ d’ḟreagair Ananías: A Ṫiġearna, d’airiġeas i dtaoḃ an ḟir sin, ó n-a lán, méid na n-olc atá déanta aige do d’naoiṁ i n-Ierúsalem: 14 Agus tá úġdarás anso aige ó uaċtaránaiḃ na sagart ċun na ndaoine a ġlaoḋann ar t’ainimse do ġaḃáil. 15 Duḃairt an Ṫiġearna leis: Imṫiġ ort, óir is árṫaċ toġṫa an fear san agamsa ċun m’ainime ḃreiṫ i láṫair geinte agus ríġṫe agus clainne Israéil. 16 Mar taisbeánfadsa dó cad iad na néiṫe móra atá le fulang aige ar son m’ainime. 17 Agus d’imṫiġ Ananías agus ċuaiḋ sé isteaċ sa tiġ agus ċuir sé a láṁ air agus duḃairt sé: A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa a ṫaisbeáin é féin duit ar an slíġ agus tu ag teaċt, do ċuir sé mise ċuġat ionus go ḃfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naoṁ ṫu. 18 Agus láiṫreaċ do ṫuit mar ḃeaḋ gáinní d’á ṡúiliḃ agus fuair sé a raḋarc agus d’éiriġ sé agus do baisteaḋ é. 19 Agus ċaiṫ sé bia agus ṫáinig neart dó. Agus d’ḟan sé raint laeṫanta i ḃfoċair na ndeisgiobul a ḃí i nDamascus. 20 Agus láiṫreaċ, ins na sinagógaiḃ, ḃí sé ag seanmóin i dtaoḃ Íosa, gur b’ é Mac Dé é. 21 Agus ḃí uaṫḃás ar a raiḃ ag éisteaċt leis, agus deiridís: Náċ é seo an fear a ḃí ag déanaṁ íde i n-Ierúsalem ar an muinntir a ġlaoḋaḋ ar an ainim sin, agus náċ é gnó a ṫug anso é ná ċun iad do ḃreiṫ leis gaḃṫa ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart? 22 Aċ ḃí Saul ag neartú go mór agus é ag cur na n-Iúdaċ ar mearaíḋe, a raiḃ i nDamascus díoḃ, toisg é ḃeiṫ ġá ḋeiṁniú gur ḃ’ é sin an Críost. 23 Agus nuair a ḃí a lán laeṫanta caiṫte ḋein na Iúdaíġ a ḃeartú, do ṫoil a ċéile, go marḃóċaidís é. 24 Aċ do fuair Saul eólus ar iad a ḃeiṫ ar a ṫí. Agus ḃí luċt cimeádta acu ar na geataíḃ do ló agus d’oiḋċe, ċun go marḃóċaidís é. 25 Aċ do ṫóg na deisgiobuil é sa n-oiḋċe agus ċuireadar síos de ḋruim an ḟalla é i gciseán. 26 Agus ṫáinig sé go Ierúsalem agus ṁeas sé dul leis na deisgiobuil, aċ ḃí eagla acu go léir roimis agus ní ċreidfidís gur ḋeisgiobul é. 27 Aċ do ṫóg Barnabas é agus do rug sé ag triall ar na h-Aspoil é agus d’inis sé ḋóiḃ conus mar a ċonnaic sé an Tiġearna ar an slíġ agus gur laḃair sé leis, agus conus mar a ḋein sé oḃair ċalma i n-ainim Íosa, i nDamascus. 28 Agus ḃí sé ’n-a ḃfoċair, ag gaḃáil amaċ agus ag gaḃáil isteaċ i n-Ierúsalem agus obair ċalma aige ’á ḋéanaṁ i n-ainim an Tiġearna. 29 Do laḃraḋ sé mar an gcéadna leis na geintiḃ agus ḃíoḋ sé ag díospóireaċt leis na Gréagaiġ; agus ḃíodar san a d’iarraiḋ é ċur ċun báis. 30 Fuair na bráiṫre an níḋ sin amaċ agus do rugadar go Caesaréa é agus ċuireadar as san go Tarsus é. 31 Agus ḃí síoṫċáin ag an eaglais ar fuid Iúdaéa go léir agus as fuid Ġalillí agus Ṡamaría, agus ḃí sí ag dul ar aġaid ag gluaiseaċt i n-eagla an Tiġearna, agus í dá líonaḋ le sólás an Spioraid Naoiṁ. 32 Agus do ṫárla, nuair a ḃí Peadar ag taḃairt a ċuard sa tímpal orṫa, go dṫáinig sé ċun na naoṁ a ḃí ’n-a gcoṁnuíġe i Lidda. 33 Agus fuair sé sa n-áit sin duine d’ár ḃ’ainim Énéas, a ḃí gan lúṫ a ġéag agus a ḃí ar a leaḃaiḋ ar feaḋ oċt mblian. 34 Agus duḃairt Peadar leir: A Énéis, tá an Tiġearna Íosa Críost ag taḃairt sláinte ḋuit. Éiriġ agus córuiġ do leabaiḋ! Agus d’éiriġ sé láiṫreaċ. 35 Agus ċonnaic muinntir Lidda go léir é agus muinntir Ṡaróna, agus d’iompuiġdar ċun an Tiġearna. 36 Agus ḃí i n-Ioppé bandeisgiobul agus Taibíta ab ainim di, nú, ar ṁíniú, Dorcas. Agus ḃí a lán deaġ-ġnióṁarṫa agus a lán déarca aici sin ’á déanaṁ. 37 Agus do ṫárla ins na laeṫiḃ sin gur buaileaḋ breóite í agus go ḃfuair sí bás. Agus do níġdar í agus ċuireadar sa tseómra uaċtaraċ í. 38 Aċ, ó ḃí Lidda cóṁgasaċ do Ioppé agus gur airiġ na deisgiobuil Peadar a ḃeiṫ sa n-áiṫ sin, ċuireadar beirt ḟear ċuige ’ġá ráḋ leis: Ná déin ríġneas gan teaċt ag triall orainn. 39 Agus d’eiriġ Peadar agus ṫáinig sé leó. Agus nuair a ṫáinig sé ann do rugadar suas é go dtí an seómra mór, agus ḃí na baintrneaċa ’n-a seasaṁ ’n-a ṫímpal agus iad ag sile deór agus iad ag taisbeáint na gcótaí agus na mball éadaiġ dó a ḋeineaḋ Dorcas dóiḃ. 40 Annsan do ċuir Peadar na daoine go léir amaċ as an seómra agus do leig sé é féin ar a ġlúiniḃ agus ḋein sé úrnuiġṫe, agus d’iompuiġ sé ċun an ċuirp agus duḃairt sé: A Ṫaibíta, éiriġ! Agus d’osgail sisi a súile agus ċonnaic sí Peadar agus d’éiriġ sí aniar. 41 Agus ṫug sé a láṁ di agus ċuir sé ’n-a seasaṁ í. Asus do ġlaoiḋ sé isteaċ na naoiṁ agus na baintreaċa agus ṫug sé suas dóiḃ í ’n-a beaṫaiḋ. 42 Ansan do h-innseaḋ é ar fuaid Ioppé go léir agus do ċreid a lán daoine sa Tiġearna. 43 Agus do ṫuit amaċ gur ḟan sé mórán laeṫanta i n-Ioppé, i dtiġ fir gur ḃ’ ainim dó Símón, fear leaṫair do leasú. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society