Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL VIII. Na Samaritánaiġ dá n-iompód ag Pilib ċun an ċreidiṁ agus an coillteánaċ da ḃaisteaḋ aige.

1 Ansan do deinead, ins na laeṫiḃ sin íde ana-ḋian ar an eaglais a ḃí i nIerúsalem agus do sgaipeaḋ na daoine go léir tré ċríoċaiḃ Iúdaéa agus Ṡamaría, aċ aṁáin na h-Aspoil.

2 Agus ṫug daoine diaḋa aire do Stioṗán agus ċaoineadar é go mór.

3 Aċ ḃí léirsgrios ag Saul ’á ḋéanaṁ ar an eaglais, é ag dul isteaċ ins na tiġṫiḃ agus fir agus mná aige ’á ṫarrac amaċ agus é ’ġá gcur i mbraiġdineas.

4 Aċ an ṁuinntir a sgaipeaḋ do ġluaiseadar rómpa ag craoḃsgaoile bréiṫre Dé.

5 Agus ċuaiḋ Pilib síos go caṫair Samaría agus ḃí sé ag craoḃsgaoile Críost dóiḃ sin.

6 Agus ṫug na daoine aire do ċainnt Ṗiliḃ agus d’éisteadar leis do ṫoil a ċéile, mar ċonnacadar na mírḃúiltí a ḃí aige ’á ḋéanaṁ.

7 Mar ḃí a lán acu ’na raiḃ spioraidí truailliġṫe ionta agus go n-imṫíġdís asta ag éiġeaṁ go h-árd.

8 Agus a lán a ḃí míllte agus a ḃí bacaċ do leiġiseaḋ iad.

9 D’á ḃríġ sin ḃí áṫas mór sa ċaṫair sin. Aċ ḃí fear áiriṫe d’ar ḃ’ ainim Símón agus ḃí sé ’n-a ḋraoi sa ċaṫair roiṁe sin agus é ag meallaḋ muinntire Ṡamaría, ’ġá ráḋ gur ḋuine mór éigin é,

10 Agus ṫugaḋ na daoine go léir, beag agus mór, cluas dó, agus deiridís: Cóṁaċt Dé é seo, an ċóṁaċt ar a dtugtar mór-ċóṁaċt.

11 Agus d’éistidís leis, mar ḃíodar meallta le n-a ċuid draoiḋeaċta aige ar feaḋ aḃfad.

12 Aċ nuair a ċreideadar Pilib agus é ag craoḃsgaoile i dtaoḃ ríġeaċta Dé, do baisteaḋ iad, idir ḟearaiḃ agus mná, i n-ainim Íosa Críost.

13 Ansan do ċreid Símón féin agus do baisteaḋ é, agus d’ḟan sé i ḃfoċair Ṗilib. Agus nuair a ċíoḋ sé na mírḃúiltí d’á ndéanaṁ, agus na cóṁaċta ṫar na beartaiḃ, ḃíoḋ iongna agus alltaċt air.

14 Ansan d’airiġ na h-Aspoil a ḃí i n-Ierúsalem go raiḃ Samaria tar éis bréiṫir Dé do ġlacaḋ agus ċuireadar Peadar agus Eóin ag triall orṫa.

15 Agus nuair a ṫánadar ḋeineadar guiḋe ar a son, go nglacfaidís an Spioraid Naoṁ.

16 Óir ní raiḃ tagaiṫe aige fós i n-aoinne acu; ní raḃdar aċ baistiṫe i n-ainim an Tiġearna Íosa.

17 Ansan do ċuireadar a láṁa orṫa agus do ġlacadar an Spioraid Naoṁ.

18 Nuair a ċonnaic Símón, áṁ, an Spioraid d’á ṫaḃairt tré ḋul fé láiṁ na n-Aspol do ṫarraig sé airgead dóiḃ, Agus duḃairt sé:

19 tugaiḋ dóṁsa an cóṁaċt san, i dtreo, an t-é go gcuirfead mo láṁ air go nglacfaiḋ sé an Spioraid Naoṁ. Duḃairt Peadar leis, áṁ:

20 Íde ar do ċuid airgid agus ort féin, óir do ṁeasais gur féidir taḃarṫas Dé ḋ’ḟáġail ar airgead.

21 Ní’l páirt ná baint agatsa leis an ngnó so, mar ní díreaċ do ċroiḋe i láṫair Dé.

22 Déin aiṫríġe, d’á ḃríġ sin, sa n-olc so atá déanta agat, agus iarr ar Dia, féaċaint an maiṫfí ḋuit an smuíneaṁ so a ṫáinig ad ċroiḋe.

23 Óir ċím go ḃfuilir i ndomblas seirḃṫin agus fé ċuiḃreaċ an uilc.

24 Agus d’ḟreagair Símón agus duḃairt: Cuiriḋ-se ḃúr nguiḋe ċun an Tiġearna ar mo ṡon ionus ná tiocfaḋ orm aon níḋ de sna neiṫiḃ sin atá ráiḋte agaiḃ.

25 Agus ṫánadar-san tar n-ais go Ierúsalem, tar éis ḃriaṫar an Tiġearna do ḋearḃaḋ agus do laḃairt, agus ḋeineadar craoḃsgaoile tré n-a lán de ċríoċaiḃ na Samaritánaċ.

26 Ansan do laḃair aingeal an Tiġearna le Pilib agus duḃairt sé: Eiriġ agus imṫiġ ó ḋeas ċun na h-áite ‘na ḃfuil an ḃóṫar ó Ierúsalem go Gása; is fásaċ an áit.

27 D’eiriġ sé agus d’imṫiġ sé. Agus féaċ, ḃí fear ó Éṫiópia, coillteánaċ cóṁaċtaċ le ḃanríġin Éṫiópia, le Candacé, fear a ḃí os cionn a saiḋḃris go léir aici, agus ḃí sé tar éis teaċt go Ierúsalem ċun Dia d’aḋraḋ’;

28 Agus ḃí sé ag dul ṫar n-ais agus é ’n-a ṡuide ’n-a ċarḃad, agus lsáias fáiḋ aige d’á léiġe.

29 Agus duḃairt an Spioraid le Piliḃ: Imṫiġ anonn agus cuir ṫu féin i n-aice an ċarbaid sin.

30 Ṫáinig Pilib i n’aice agus d’airiġ sé é ag léiġe Isáias fáiḋ, agus duḃaint sé: An dóiġ leat a’ dtuigeann tú an níḋ atá agat d’á léiġe?

31 Duḃairt seisean: Agus conus is féidir dom é ṫuisgint mura dtaisbeánaid duine éigin dom é? Agus d’iarr sé an Ṗilib dul suas agus suide i n’aice.

32 Agus sidé an áit de’n sgriptiúir a ḃí aige dá léiġe: Do seólad ċun a ṁarḃṫa é mar a seólfí caora; agus, an nós an uain a ḃeaḋ gan guṫ i láṫair a ḃearbóra, níor osgail sé a ḃéal.

33 I n-úṁluiġeaċt do tógaḋ uaiḋ a ḃreiṫeaṁantas. Cé neósfaiḋ a ġeinealaċ? Óir ṫógfar a ḃeaṫa de’n dtalaṁ.

34 Agus d’ḟreagair an coillteánaċ agus duḃairt sé le Piliḃ: Aṫċuinġim ort cia air go laḃrann an fáiḋ an ċainnt sin? an air féin nú an ar ḋuine eile?

35 Ansan d’osgail Piliḃ a ḃéal agus ṫusnuiġ sé leis an sgriptiúir sin agus do ċraoḃsgaoil sé Íosa ḋó.

36 Agus, ag cur na slíġe ḋíoḃ dóiḃ ṫánadar mar a raiḃ uisge, agus duḃairt an coillteánaċ: Féaċ an t-uisge, cad ’tá am ċosg air go mbaistfí mé?

37 Aċ duḃairt Piliḃ: Má ċreideann tú ód’ ċroiḋe go h-iomlán ní misde é. Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Creidim gur b’é Mac Dé Íosa Críost.

38 Agus d’órduiġ sé an carbad do stop agus ṫúirlingeadar araon sa n-uisge, Pilib agus an coillteánaċ, agus do ḃaist sé é.

39 Agus nuair a ṫánadar aníos as an uisge d’ḟuadaiġ Spioraid an Tiġearna Pilib agus ní ḟeacaiḋ an coillteánaċ a ṫuille é. Aċ d’imṫiġ sé a ḃóṫar féin agus áṫas air.

40 Agus do fuaraḋ Pilib i n-Asótos agus ġluais sé tríd an dtír ag craoḃsgaoile an tSoisgéil ins na caṫaraċaiḃ go léir ċun go dtáinig se go Caésaréa

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan