Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 27 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XXVII. Curtar Pól ar bórd luinge ċun dul sa Róiṁ. A ṫaisteal agus a longḃrise.

1 Ansan, do socaruiġeaḋ ar ḋul ar uisge go dtí an Eadáil agus ar Ṗól agus na príosúnaiġ eile ṫaḃairt ar láim do ṫaoiseaċ céad dár ḃ’ainim Iúlius, de ḃuíḋin Augustuis,

2 Agus ċuamair ar bórd luinge Adrumétíge, ċun go seólfaimís fan ċiuṁais tráġa na h-Ásia, agus ṫógamair ár seólta. Agus d’ḟán i n-ár ḃfoċair Aristarcus an Macedonaċ, ó Tessaloníca.

3 Ṫánamair an lá ’n-a ḋiaiḋ san go Sídón. Agus ḃí Iúlius ceannsa le Pól agus do leog sé ḋó dul ċun a ċáirde agus aire ṫaḃairt dó féin.

4 Ansan d’ḟágamair an áit sin agus ṡeólamair ar sgáṫ Ċúpruis mar ḃí an ġaoṫ i n-ár gcoinniḃ.

5 Agus ṡeólamair tré ḟaraige Ċilicia agus Ṗamṗilia, agus ṫánamair go dtí Lustra, atá i Lucia,

6 Do fuair an taoiseaċ céad, sa n-áit sin, long Alecsandríneaċ a ḃí ag dul san-Eadáil agus ċuir sé uirṫi sinn.

7 Ansan ḃíomair ag gluaiseaċt go ríġin ar feaċ mórán laeṫanta teaċt aċ ar aġaiḃ Ċniduis, mar ḃí an ġaoṫ ’ġár gcosg, agus ṡeólamair i gcóṁgar do Ċréta, láṁ lé Salmóné.

8 Do ṡeolamair ṫar an áit sin, agus ba ḋeacair é, agus ṫánamair go dtí áit ar a dtugtí Deaġċuanta, i n-aice le caṫair Talassa.

9 Ansan ḃi mórán aimsire caiṫte agus ḃí taisdeal faraige contaḃarṫaċ mar ḃí aimsir an trosgaiḋ imiġṫe, agus ḃí Pól ag taḃairt cóṁairle a leasa ḋóiḃ,

10 ’Ġá ráḋ leó: A ḟeara, ċím go ḃfuil tráċt na faraige ag tusnú ar ḃeiṫ ana-ḋíoḃálaċ agus ana-ċontaḃartaċ, ní h-amáin do’n luing agus do’n méid ualaiġ atá inti aċ d’ár n-anam féin ċóṁ maiṫ.

11 Aċ ba ṁó an tsuim a ċuir an taoiseaċ céad i ngiolla na luinge agus i máiġistir na luinge ’ná i gcainnt Ṗóil.

12 Agus toisg gan an cuan san a ḃeiṫ oireaṁnaċ go maiṫ ċun an ġeiṁriḋ a ċaiṫeaṁ ann do ċóṁairliġ an ċuid ba ṁó ḋíoḃ imṫeaċt as agus féaċaint an ḃféadfaidís dul agus an geiṁreaḋ ċaiṫeaṁ i ḃFoenícé, cuan de ċuantaiḃ Ċréta atá ag féaċaint siar ó ḋeas agus siar ó ṫuaiḋ.

13 Do ṡéid an ġaoṫ andeas dóiḃ agus ṁeasadar go raiḃ gaċ níḋ ar a dtoil acu agus ġluaiseadar ó Assan agus fan ċiuṁais tráġa Ċréta.

14 Aċ go luaṫ ’n-a ḋiaiḋ san d’eiriġ n-a coinniḃ go stoirmeaṁail an ġaoṫ ar a dtugtar Euroacuiló.

15 Do sguabaḋ ċun siúḃail an long mar níor ḟéad sí cur i gcoinniḃ na gaoiṫe, agus do sgaoileaḋ leis an ngaoiṫ sinn.

16 Do comáineaḋ isteaċ sinn fé sġáṫ oileáin dár ḃ’ainim Cauda, agus is ar éigin ḟéadamair an bád do ṫógaint ċúġainn;

17 Do ṫógadar é agus ḋeineadar úsáid de ċaḃarṫaiḃ agus ċuireadar fúnsaí fé’n luing; agus le h-eagla go dtuitfidís isteaċ sa ḃeóġainiṁ do leagadar na seólta, agus ḃíodar ag imṫeaċt ar an gcuma san.

18 An lá ’n-a ḋiaiḋ san ḋeineadar caiṫeaṁ amaċ, óir ḃíomair ġár suaṫaḋ go róṁór leis an stoirm.

19 Agus an tríṁaḋ lá do ċaiṫeadar amaċ le n-a láṁaiḃ féin gléas na luinge.

20 Ansan ḃíomair mórán laeṫanta gan grian na réiltín a ḋ’ḟeisgint, agus stoirm nár ḃeag ag bagairt orainn, i dtreó go raiḃ gaċ súil le n-ár dteaċt slán imiġṫe.

21 Agus ansan, tar éis iad a ḃeiṫ aḃfad gan bia ċaiṫeaṁ, do ṡeasaiṁ Pól eatarṫa agus duḃairt sé: A ḟeara, Is mairg nár glacaḋ mo ċóṁairle-se agus gan imṫeaċt ó Ċréta, agus dul ó’n ndíoḃáil seo agus ó’n gcailleaṁaint seo.

22 Agus anois iarraim oraiḃ misneaċ a ḃeiṫ agaiḃ. Ní caillfar aon duine agaiḃ, aċ an long aṁáin.

23 Óir do ṡeasaiṁ taoiḃ liom anoċt aingeal Dé, n-ar leis mise agus dá ndeinim seirḃís, Agus duḃairt sé:

24 Ná bíoḋ eagal ort, a Ṗóil. Ní foláir duit seasaṁ i láṫair Ċaesair; agus féaċ, gaċ a ḃfuil de ḋaoine ar aon luing leat táid siad bronnta ag Dia ortsa.

25 D’á ḃríg sin glacaiḋ mis-neaċ, a ḟeara; óir creidim-se ó Ḋia, fé mar a duḃraḋ liom, gur mar sin a ḃeiḋ.

26 Aċ ní foláir dúinn dul isteaċ ar oileán áiriṫe.

27 Aċ nuair a ṫáinig an ceaṫrṁaḋ oiḋċe déag orainn agus sinn ag imṫeaċt san Adria tímpal an ṁeaḋon oiḋċe, ṁeas na máirnéalaiġ go ḃfeacadar tír éigin.

28 Do leogadar síos an luaḋ agus fuaradar fiċe feáḋ ar doiṁneas, agus nuair a ḋruideadar tamall beag ó’n áit sin fuaradar ċúig ḟeáḋ ḋéag.

29 Ḃí eagal orṫa go raiġmís i n-áit ġarḃ agus ċuireadar amaċ ċeiṫre h-ancairí ó’n stiúir, agus b’é b’ḟada leó go mbeaḋ sé ’n-a lá.

30 Ansan do ṁeas na máirnéalaiġ teiṫe as an luing. Do leogadar síos an bád, mar ḋ’eaḋ gur ṫeastuiġ uaṫa ancairí ċur amaċ ó ṫusaċ na luinge.

31 Aċ duḃairt Pól leis an dtaoiseaċ céad agus leis na fir armṫa: Mura ḃfanaid siad san sa luing ní féidir daoiḃ-se dul slán.

32 Ansan do ġearr na saiġdiúirí téada an ḃáid agus do leogadar dó tuitim sa n-uisge.

33 Agus nuair a ṫusnuiġ an solus ar ṫeaċt d’iarr Pól orṫa go léir bia ċaiṫeam, agus duḃairt sé: Sidé an ceaṫrṁaḋ lá déag agaiḃ ag feiṫeaṁ agus siḃ i nḃúr dtrosgaḋ, gan aon níḋ a ṫógaint.

34 D’á ḃríġ sin larraim oraiḃ anois bia do ċaiṫeaṁ ar son ḃúr sláinte, óir ní caillfar oiread agus ruibe gruaige de ċeann aon duine agaiḃ.

35 Nuair a ḃi an méid sin ráiḋte aige do ṫóg se arán agus ġaiḃ se ḃuiḋċas le Dia os a gcóṁair go léir, agus ḃris sé an t-arán agus ċrom sé ar iṫe.

36 Ansan ṫáinig suaiṁneas aigne orṫa go léir agus ṫógadar an ḃia.

37 Dá ċéad duine agus sé ḋuine ḋéag a’s trí fiċid againn iseaḋ a ḃí sa luing ar fad.

38 Nuair a ḃí a ndóṫin bíḋ iṫte acu ċaiṫeadar an ċruiṫneaċt amaċ sa ḃfaraige ċun na luinge d’éadtromú.

39 Ansan, nuair a ḃí sé ’n-a lá, níos aiṫniġdar an tír, aċ ṫugadar fé ndeara ḃléin ’na raiḃ tráiġ inti agus ċeapadar, d’á mb’ ḟéidir é, go sáḋfaidís an long isteaċ inti.

40 Ansan do ṫógadar na h-ancairí agus do sguradar na stiúireana agus d’árduiġdar an seól mór ċun na gaoiṫe agus do ġluaiseadar leis an ḃfaraige, aċ do stiúruiġdar í fé ḋéin na tráġa.

41 Do ṫuiteamair isteaċ i n-áit a ḃí idir ḋá ḟaraige agus do buaileaḋ an lonġ uim ṫalaṁ i dtreó go raiḃ a tusaċ daingean agus gur ḃris neart na faraige a deire.

42 Ansan do ṁeas na saiġdiúirí na príosúnaiġ a ċur ċun báis le h-eagla go snáṁfaḋ cuid acu agus go n-imṫeóċaidís.

43 Aċ ní leogfaḋ an taoiseaċ céad dóiḃ é, mar ṫeastuiġ uaiḋ Pól do ḃreiṫ saor, agus d’órduiġ sé do’n ṁuinntir go raiḃ snáṁ acu iad féin do ċaiṫeaṁ amaċ ar dtúis agus iad féin a ṡáḃáil agus dul i dtír.

44 Agus do rugaḋ an ċuid eile amaċ, cuid acu ar ċláraċaiḃ agus cuid acu ar neiṫiḃ a ḃain leis an luing. Agus mar sin do ṫárla go ndeaġaiḋ ġaċ duine acu beó amaċ ar an dtalaṁ tirim.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan