Gníoṁarṫa 25 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXV. Caesar ḋá ġairm ag Pól. Is áil le h-Agrippa, an Rí, eirteaċt leis. 1 Trí lá tar éis teaċt d’ Ḟéstus sa ċeanntar ċuaiḋ sé suas ó Ċaesaréa go Ierúsalem. 2 Agus ṫáinig uaċtaráin na sagart agus uaisle na nIúdaċ ag triall air i gcoinniḃ Ṗóil agus ḃíodar a d’iarraiḋ aċainíġe air, 3 A d’iarraiḋ go mbead sé fáḃraṁail dóiḃ ’n-a ċoinniḃ, go n-órdóċaḋ sé é ṫaḃairt go Ierúsalem, agus ḃí ceilg déanta acu ċun go marḃóċaidís é ar an slige. 4 Aċ duḃairt Féstus go gciméadfí Pól i gCaesaréa agus go mbeaḋ sé féin ag dul ann go luaṫ. 5 Agus, ar seisean, na daoine ar ḃúr measg-sa atá ábalta air, téidís síos i n-aonḟeaċt liom agus má tá coir déanta ag an nduine cuiridís ’n-a leiṫ í. 6 Níor ḟan sé ’n-a measg aċ oċt lá nú deiċ lá ’n-a ḋiaiḋ san, agus ċuaiḋ sé síos go Caesaréa agus an lá n-a ḋiaiḋ san do ṡuiḋ sé sa tribúnal agus d’órduiġ sé Pól a ṫaḃairt ’n-a láṫair. 7 Do ṫugaḋ, agus do ṡeasaiṁ ’n-a ṫimpal na daoine ṫáinig anuas o Ierúsalem, agus ċuireadar a lán neiṫe troma’n-a leiṫ, aċ níor ḟéadadar iad a ḋeiṁniú, 8 Mar ḋein Pól iad do ḟreagairt: Ní’l coir déanta agam i n-aġaid dliġe na nIúdaċ, ná i n-aġaiḋ an teampuill, ná i n-aġaiḋ Ċaesair. 9 Ba ṁian le Féstus, áṁ, comaoine ċur ar na Iúdaíġ agus duḃairt sé, ag freagairt Ṗóil: an maiṫ leat dul suas go Ierúsalem agus go dtaḃarfí breiṫ ort ansan am láṫair-se, i dtaoḃ na neiṫ seo? Annsan duḃairt Pól: Táim am ṡeasam ag tribiúnal Ċaesair. 10 Is ann is ceart breiṫ do ḃreiṫ orm. Ni’l coir déanta i n-aġaiḋ na nIúdaċ agam, mar is eól duit-se go dianṁaiṫ. 11 Má tá coir déanta agam, ná aon níḋ do ṫuillfeaḋ ḃás, ní’l aon ċur i gcoinniḃ an ḃáis agam; aċ mura ḃfuil aon níḋ aṁlaiḋ, de sna neiṫiḃ seo atá acu á ċur am leiṫ. ní’l ar ċumas aon duine me ṫaḃairt suas dóiḃ. Gairmim Caesar. 12 Ansan do laḃair Féstus leis an gcóṁairle, agus d’ḟreagair sé: Do ġairmis Caesar; go Caesar a raġair. 13 Agus nuair a ḃí rainnt laeṫanta curṫa ḋíoḃ acu ċuaiḋ Agrippa, an rí, agus Bernícé, síos go Caesaréa, ag fáiltiú roiṁ Ḟéstus. 14 Ḋeineadar riġneas ann ar feaḋ mórán laeṫanta agus d’innis Féstus do’n rí i dtaoḃ Ṗóil: Fear, ar seisean, a ḋ’ḟág Féilics anso ’n-a ṗriosúnaċ, 15 Agus nuair a ḃíos i nIerúsalem ṫáinig uaċtaráin agus seanóirí na nIúdaċ ċúġam ġá iarraiḋ orm é ḋaoraḋ ċun báis. 16 Duḃart leó náċ é béas na Róṁánaċ aon duine ḋaoraḋ ċun báis gan luċt a ċionntuiġṫe ṫaḃairt os a ċóṁair agus caoi ṫaḃart dó ar é féin do ċosaint agus ar é féin do ġlanaḋ ar na coirṫe. 17 Aċ do ṫánadar anso láiṫreaċ, agus amáireaċ a ḃí ċúġainn do ṡuídeas sa tribiúnal agus d’órduiġeas an fear a ṫaḃairt am láṫair. 18 Ansan d’eiriġ na cionntuiġṫeóirí aċ níor ċuireadar aon rud ’n-a leiṫ n-ar ḟéadas aon droċ-níḋ ḋ’feisgint ann. 19 Aċ ḃí ceisteana éigin acu ’n-a ċoinniḃ a ḃain le pé deismireaċt creidiṁ atá acu féin, agus i dtaoḃ Íosa éigin a fuair bás agus go raiḃ Pól ’ġá ráḋ é ḃeiṫ ḃeó. 20 Níor ṁaiṫ liom féin aon ḃaint a ḃeiṫ agam le níḋ de’n tsórd san agus d’ḟiafraiġeas de ar ṁaiṫ leis dul go Ierúsalem ċun go dtaḃarfí breiṫ air ins na neiṫiḃ sin. 21 Aċ do ḋein Pól gairm, go gcimeádfí é ċun go n-aireó-ċaḋ Augustus a ċúis, agus d’orduíġeas é ċimeáḋ go gcuirfead ag triall ar Ċaesar é. 22 Ansan duḃairt Agrippa le Féstus: Ba ṁaiṫ liom féin, leis, an fear san do ċloisint. Cloisfir amáireaċ é, ar seisean. 23 Amáireaċ a ḃí ċúġainn ṫáinig Agrippa agus Bernicé agus leaṫaḋ mór fuṫa, agus ċuadar isteaċ sa halla éisteaċta, iad féin agus na tribiúin agus maiṫe móra na caṫaraċ, agus d’órduiġ Féstus Pól a ṫaḃairt ’n-a laṫair. 24 Ansan duḃairt Festus: Á rí Agrippa agus a ḟeara uile atá againn anso, ċíonn siḃ an duine sin. Nuair a ḃíos i nIerúsalem ṫainig an pobul Iúdaċ go léir ċúġam ’ġá iarraid orm agus ’ġá ráḋ i nguṫanaiḃ árda nár ċeart é ḃeiṫ beó a ṫuille. 25 Aċ níor ḟéadar féin a d’ḟeisgint go raiḃ aon rud déanta aige do ṫuillfeaḋ bás. Aċ do ġairm sé féin Augustus agus tá socair agam ar é do ċur ċuige. 26 Ní’l aon níd cruinn agam, áṁ, le sgrí ’n-a ṫaoḃ ag triall ar mo ṫiġearna. Uime sin do ṫugas anso ċúġaiḃ-se é, agus ċúgat-sa go mór mór, a rí Agrippa, go gceisteóċaḋ siḃ é agus go mbeaḋ rud agam a sgrífinn. 27 Óir measaim gur obair ṁíréasúnta cime ċur uaim agus gan a ḋ’innsint cad ’tá ’n-a ċoinniḃ. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society