Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 24 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XXIV. Pól ’ġá ċosaint féin i láṫair Féilics, an Goḃernóir. An creideaṁ dá ṁúineaḋ aige ḋó.

1 Ansan, i gcionn ċúig lá, ṫáinig uaċtarán na sagart, Ananías, anuas agur cuid de sna seanóiríḃ, agur cainnteóir dár ḃ’ainim Tertullus, agus ċuadar i láṫair an ġoḃernóra i gcoinniḃ Ṗóil.

2-3 Do glaoḋaḋ Pól agur ċrom Tertullus ar é ḋaoraḋ: Adṁuiġmíd i gcóṁnuíġe agus ins gaċ ball, Agus le buiḋċas mór, a Ḟéilics oirḋeirc, méid na síoṫċána atá againn de d’ḃarr-sa agus liaċt na neiṫ atá d’á seólaḋ ar leas tréd’ ṁórċiall.

4 Aċ, ionus ná cuirfinn a ṫuille ríġnis ort, iarraim ort éisteaċt, de d’ceannsaċt, le beagán focal uainn.

5 Fuaramair an fear so, i n’ann-sgian, ag déanaṁ toismisg ameasg na n-Iúdac go léir ar fuid an doṁain agus ’n-a ċeann ar an aicme annrianta san, na Nasarénaċ.

6 Do ṁeas sé an teampall do ṡárú agus do rugamair air agus ċeapamair breiṫ a ṫaḃairt air do réir án ndliġe.

7 Aċ ṫáinig Lusias, an tribiún, agus neart slóġ aige agus ḃain sé as ár láṁaiḃ é.

8 Agus d’órduiġ sé an ṁuinntir a ḃí ag cur ’n-a leiṫ do ṫeaċt ad’ láṫair-se, agus féadfair féin a ḋ’ḟáġail uaiḋ, ad ḃreiṫeaṁ, eólus ar na neiṫiḃ seo go léir atá againne á ċur n-a leiṫ.

9 Ansan d’aontuiġ na Iúdaíġ mar an gcéadna agus duḃradar go raiḃ san aṁlaiḋ.

10 Ansan d’ḟreagair Pól, (óir do ḃagair an Goḃernóir ċuige laḃairt): Ó ’s eól dom go ḃfuilir-se ad ḃreiṫeaṁ ar an náisiún so le fada ’ḃliantaiḃ is móide sin is fonn liom sásaṁ a ṫaḃairt am ṫaoḃ féin.

11 Is féidir duit a ḋ’ḟáġail amaċ ná fuil aċ ḋá lá ḋéag ó ċuas go Ierúsalem ċun aḋarṫa ḋéanaṁ,

12 Agus ní ḃfuaradar me ag aiġneas le h-aoinne sa teampull, ’ná ag cruinniú na ndaoine, ins na sinagógaiḃ, Ná ar fuid na caṫaraċ;

13 agus ni’l ar a gcumas a ṫaisbeáint duit-se gur fíor na neiṫe atá acu ’a ċur am leiṫ.

14 Adṁuíġim an méid seo ḋuit, áṁṫaċ, i dtaoḃ ná slíġe seo ar a dtugaid siad eiriceaċt, sin mar a ḋeinimse seirbís do’n Aṫair agus do m’Ḋia, óir creidim gaċ uile níd atá sgríoḃṫa sa dliġe agus in sna fáiḋiḃ,

15 Go ḃfuil mo ṁainiġin agam as Dia, fé mar atá acu so féin, go dtiocfaiḋ aiseiriġe na ndeaġ-daoine agus na ndroċ-ḋaoine.

16 Táim féin ag déanaṁ mo ḋíċill air seo, mo ċoínsias a ċimeád glan i gcóṁnuiġe ċun Dé agus ċun daoine.

17 Do ṫánag tar éis mórán blian ċun déarca ḋéanaṁ ar mo ḋaoine féin agus ċun ofrá-laċ a ḋéanaṁ agus ċun móid a ċóṁlíonaḋ.

18 Sa n-obair sin iseaḋ do fuaradar me am ġlanaḋ sa teampull, agus ní le sluaġ ná le collóid,

19 Aċ rainnt Iúdaċ ó Ásia, — agus ḃí sé ceart iad san a ṫaḃairt anso ad láṫair agus leogaint dóiḃ neiṫe ċur am leiṫ má ḃí aon rud am ċoinniḃ acu.

20 Nú abraidís seo féin é, má fuaradar aon ċionntaċt ionam nuair a ḃíos am ṡeasaṁ i láṫair na cóṁairle,

21 Aċ an t-aon ḟocal aṁáin úd a laḃras amaċ agus me am ṡeasaṁ eatarṫa: Is i dtaoḃ aiseiriġe na marḃ atá breiṫ agaiḃse ’á ṫaḃairt ormsa indiu.

22 Ansan do ċuir Féilics ar cáirde iad, óir do ṫuig sé go cnuinn i dtaoḃ na sliġe sin agus duḃairt sé: Nuair a ṫiocfaiḋ Lusias, an tribiún, anuas éistfead liḃ.

23 Agus d’órduiġ sé do’n taoiseaċ céad eisean do ċimeád agus suaiṁneas a ṫaḃairt dó agus gan aoinne d’á muinntir a ċosg ar ḟriṫálaṁ a déanaṁ air.

24 Ansan, tar éis suim laeṫanta, ṫáinig Féilics agus a ḃean, Drúsilla, — Iúdaċ aḃ eaḋ í, — agus ġlaoiḋ sé ċuige Pól agus d’éist sé le tuairisg uaiḋ ar an gcreideaṁ atá i n-Íosa Críost.

25 Agus ḃí sé ag léiriú ḋó ar ċeart agus ar ġeanmnaiḋeaċt, agus ar an mḃreiṫeaṁantas atá le teaċt, agus ṫáinig criṫeagla ar Ḟéilics agus duḃairt sé: Imṫiġ anois, aċ nuair a ḃeid caoi agam cuirfead fios ort.

26 Sa n-am gcéadna ḃí sé ag braṫ air ġo dtaḃarfaḋ Pól rainnt airgid dó, agus uime sin ċuir sé fios go minic air agus ḋein sé cainnt leis.

27 Aċ d’imṫig ḋá ḃlain, agus ṫáinig Portius Féstus i n-inead Ḟéilics. Agus mar ṡásaṁ ar na Iúdaíġ d’ḟág Féilics Pól sa ṗríosún.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan