Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 23 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XXIII. Pól i láṫair na cóṁairle. Deinid na Iúdaíġ ceilg ċun é ṁarḃú. Curtar go Caesaréa é.

1 D’ḟéaċ Pól ar an gcóṁairle agus duḃairt sé: A ḟeara, a ḃráiṫre, tá mo ġnó déanta agamsa i ngaċ deaġ-ċoínsias, i dtaoḃ Dé, go dtí an lá so indiu againn.

2 Ansan duḃairt an t-árdṡagart, Ananias, leis na daoine a ḃí i n’aice é ḃualaḋ sa ḃéal.

3 Duḃairt Pól leis, áṁṫaċ: Buailfiḋ Dia ṫusa, a ḟala aolta. Tusa ad ṡuiḋe ċun ḃreiṫe ṫaḃairt ormsa do réir na dliġe, agus, i n-aġaiḋ na dliġe, a n-órduíġeann tú mé ḃualaḋ?

4 Agus duḃairt na daoine a ḃí n-a seasaṁ i n’aice: An ag easgainí ar árdṡagart Dé ataoi?

5 Agus duḃairt Pól: Ní raiḃ ’ḟios agam, a ḃráiṫre, gur ḃ’é an t-árdṡagart é. Óir tá sgríoḃṫa: Ná taḃair dnoċ-ċainnt d’uaċtarán do ḋaoine.

6 Aċ ḃí ’ḟios ag Pól gur de sna Saddúcíniġ cuid acu agus gur de sna Fairisíniġ an ċuid eile, agus duḃairt sé go h-árd: A ḃráiṫre, Fairisíneaċ iseaḋ mise, mac Fairisíniġ. Is mar ġeall ar ṡúil le h-aiseiriġe na marḃ atáim ar mo ṫriail.

7 Nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige d’éiriġ toirmeasg idir na Fairisíniġ agus na Saddúcíniġ agus deinead ḋá ċuid de’n ḃuiḋin.

8 Óir deir na Sadducíniġ ná fuil aiseitriġe ann, ná aingeal, ná spioraid. Agus adaṁuíġid na Fairisíniġ gaċ níḋ acu.

9 Ansan d’éiriġ collóid ṁór. Do ṗreab cuid de sna Fairisíniġ ’n-a seasaṁ agus ḃiodar ag aiġneas agus deiridís: Ní ḃfaiġmíd aon olc sa duine seo. Má laḃair spioraid leis, nú aingeal, cad é sin d’aoinne eile sin.

10 Ansan nuair a ḃí an sgéal ’n-a ḃruiḋin ċaorṫainn eatarṫa ḃi eagal ar an dtrbiún go stracfaidís as a ċéile Pól, agus d’órduiġ sé do sna saiġdiúirí dul síos agus é ṫógaint uaṫa agur é ṫaḃairt isteaċ sa longṗort.

11 An oiḋċe ’n-a ḋiaiḋ san do ṡeasaiṁ an Tiġearna láiṁ leis agus duḃairt se: Bí seasaṁaċ! Fé mar atá fiaḋnuise déanta agat ormsa i n-Ierúsalem caiṫfir fiaḋnuise déanaṁ orm sa Róiṁ.

12 Aċ nuair a ṫáinig an lá ṫáinig rainnt de sna Iúdaíġ i ḃfoċair a ċéile agus ḋearḃuiġdar ná h-íosfaidís bia agus ná h-ólfaidís deoċ go dtí go mbeaḋ Pól marḃ acu.

13 Ḃí breis agus daċad duine acu ann a ċuir an dearḃú san orṫa féin.

14 Ansan ṫánadar ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart agus ar na seanóiríḃ agus duḃradar: Tá ceangal fé easgaine curṫa againne orainn féin gan aon níḋ do ḃlaise go marḃuiġmíd Pól.

15 Anois, d’á ḃríġ sin, cuiriḋ-se agus an ċóṁairle sgéala ag triall ar an dtribiún agus abraiḋ leis é ċur ċúġaiḃ, fé mar a ḃeaḋ eólus éigin níos cruinne uaiḃ ’n-a ṫaoḃ. Táimídne ollaṁ agus sar a sroisiḋ sé siḃse beiḋ sé marḃ againn.

16 Ḃí mac deirḃṡéar do Ṗól ag éisteaċt leis an uisgefé-ṫaláṁ. Ṫáinig sé agus ċuaid sé isteaċ sa longṗort agus d’innis sé do Pól an sgéal.

17 Ġlaoiḋ Pól ċuiġe duine de sna taoiseaċaiḃ céad agus duḃairt sé leis: Beir an buaċaill seo ag triall ar an dtribiún; tá níḋ aige le h-innsint dó.

18 Ṫóg seisean leir é ag triall ar an dtrbiún agus duḃairt sé: Duḃairt an príosúnaċ, Pól, liom an buaċaill seo ṫaḃairt ċúġat mar go ḃfuil rud aige le ráḋ leat.

19 Do rug an tribiún ar láiṁ air, agur d’imṫiġ sé i leiṫ. taoiḃ leis agus ċuir sé an ċeist ċuige: Cad é seo atá agat le h-innsint dom?

20 Agus duḃairt seisean: Tá socair ag na Iúdaíġ ar a iarraiḋ ort Pól do ċur ag triall orṫa amáireaċ, ċun na cóṁairle, mar ḋ’eaḋ go dteastuiġeann uaṫa é ċeistiú níos géire ar níḋ éigin.

21 Aċ ná creidse iad. Tá breis agus daċad fear acu ag faire i gceilg air agus tá ceangal fé easgaine curṫa acu orṫa féin gan bia ḋ’iṫe ná deoċ a ḋ’ól go marḃuíġid siad é, agus táid siad ollaṁ anois ag feiṫeaṁ leis an ngeallṁaint uait.

22 Do ċuir an tribiún uaiḋ an buaċaill agus duḃairt sé leis gan a ḋ’innsint d’aoinne gur ṫug sé an méid sin eóluis dó féin.

23 Ansan do ġlaoiḋ sé ċuige beirt taoiseaċ céad agus duḃairt sé leó: Ollṁuiġiḋ dá ċéad saiġdiúir, agus deiċniuḃar a’s trí fiċid marcaċ, agus ḋá ċéad luċt sleaġ, ó’n dtríṁad h-uair de’n oiḋċe, ċun dul go Caesaréa;

24 Agus ollṁuiġiḋ eaċra iompair ar a gcuirfid siad Pól ċun é ḃreiṫ slán aġ triall ar Ḟéilics an goḃernóir.

25 (Mar ḃí eagal air go dtógfaḋ na Iúdaíġ an éigin é agus go marḃóċaidís é, agus ansan go ndéanfí tromaiḋeaċt air féin, go ndéarfí go raiḃ airgead le fáġail aige as.)

26 Agus do sgríḃ sé litir agus duḃairt sé inti: “Claudius Lusias ċun an ġoḃernóra ró-uasail, Féilics, sláinte.

27 Do rug na Iúdaíġ ar an ḃfear so agus ḃíodar ar tí é ċur ċun ḃáis. Do fuaras féin amaċ gur ḃ’ḟear Róṁanaċ é agus ṫánag orṫa le buiḋin airm agus ṫógas uaṫa é.

28 Ansan ṫeastuiġ uaim ’ḟios a ḃeiṫ agam cad a ḃí acu ’á ċur ’n-a leiṫ agus ċuireas i láṫair a gcóṁairle féin é.

29 Fuaras gur neiṫe éiġin a ḃain le n-a ndliġe féin a ḃí acu ’á ċur n-a leiṫ, agus ná raiḃ aon ċoir déanta aige do ṫuillfeaḋ ḃás ná braiġdineas.

30 Ansan do h-innseaḋ dom go raiḃ ceilg déanta acu dó aġus ċuireas ag triall ortsa é, agus duḃart leó-san pé níḋ a ḃí acu le cur ’n-a leiṫ, é ċur n-a leiṫ ad láṫair-se. Slán leat.”

31 Ansan do ṫóg na saiġdiúirí leó Pól, fé mar a h-órduíġeaḋ dóiḃ, sa n-oiḋċe, go h-Antipatris,

32 Agus amáireaċ a ḃí ċúġainn do leogadar do’n ṁarc-ṡluaġ dul leis agus ṫánadar féin ṫar n-ais go dtí an longṗort.

33 Ċuadar-san go Caesaréa agus ṫugadar an litir do’n Ġoḃernóir agus ċuireadar Pól ’n-a láṫair.

34 Do léiġ sé an litir, ansan d’ḟiafraiġ sé cad é an ceanntar n-ar ḃ’ as é, agus nuair a fuair sé gur ḃ’ ó Ċilicia é:

35 Éistfead leat. ar seisean, nuair a ṫiocfaiḋ an ṁuinncir atá ag cur ad leiṫ. Agus d’órduiġ sé é ċur fé ċimeád i gcúirt Héróid.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan