Gníoṁarṫa 21 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXI. Cuaird Ṗóil go Ierúsalem. É ḋá ġaḃáil aige sna Iúdaíġ sa teampull. 1 Agus nuair á ṫárla go raiḃ sgarṫa againn leó agus sinn ag gluaiseaċt fé ṡeól, ṫánamair ceann ar aġaiḋ go Cóos, agus an lá ’n-a ḋiaiḋ san go Rodos, agus as san go Patara. 2 Ansan do fuaramair long a ḃí ag dul treasna go Ṗoenicé, agus ċuamair ar bórd agus ġluaiseamair. 3 Ṫánamair i raḋarc Ċuprois agus d’ḟágamair ar ár láiṁ ċlé é agus ṡeólamair go Síria agus ṫánamair go Túros; óir is ann a ḃí ar an luing a h-ualaċ do ċur aisti. 4 Fuaramair deisgiobuil sa n-áit sin agus d’ḟanamair ann seaċt lá, agus ḃíodar, tríd an spioraid, ġá ráḋ le Pól gan dul suas go Ierúsalem. 5 Aċ nuair a ḃí na laeṫanta caiṫte do ġluaiseamair agus ḃíomair ag imṫeaċt, agus ṫánadar go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ġár dtionnlacan, go geataí na caṫaraċ; agus do leogamair sinn féin ar ár nglúiniḃ ar an dtráiġ agus do ġuíḋmair. 6 Ansan d’ḟágamair slán ag á ċeile agus ċuamair-ne ar an luing agus ċuadar-san aḃaile. 7 Ḋeineamair-ne ár gcuaird ar uisge ó Ṫúros síos go Ptolemáis agus ḃeannuiġmair do sna bráiṫriḃ a ḃí ann agus d’ḟanamair lá ’n-a ḃfoċair. 8 Ġluaiseamair an lá ’n-a ḋiaiḋ agus ṫánamair go Caesaréa. Ċuamair, ansan, go tiġ Ṗiliḃ, an soisgéalaiḋe, duine de’n ṁórṡeisear, agus d’ḟanamair aige. 9 Ḃí aige sin ceaṫrar inġean, ceaṫrar maiġdean, agus ḋeinidís targaireaċt. 10 Do stadamair ann rainnt laeṫanta agus ṫáinig ċúġainn ó Iúdaéa fáiḋ n-ar ḃ’ainim dó Agabus. 11 Nuair a ṫáinig sé sin ċúġainn do ṫóg sé crios Ṗóil agus ċeangail sé a láṁa féin agus a ċosa agus duḃairt sé: Seo mar adeir an Spioraid Naoṁ, an fear gur leis an crios so, sin mar a ċeangalóċaid na Iúdaíġ é i n-Ierúsalem, agus taḃarfaid siad i láṁaiḃ na nGeinte é. 12 Nuair airiġmair-ne an méid sin ḃíomair féin agus muinntir na h-áite sin ag taṫant air gan dul suas go Ierúsalem. 13 Ansan duḃairt Pól ’ár ḃfreagrad: Cad tá agaiḃ á ḋéanaṁ, ag gol agus ag cur buarṫa ar mo ċroide? Táimse ollaṁ, ní h-aṁáin ċun ceangail d’ḟulag aċ fós ċun báis d’ḟulag, ar son ainime an Tiġearna Íosa. 14 Ansan, nuair a ṫeip orainn é ḃogaḋ d’éisteamair agus duḃramair: Toil an Tiġearna go ndeintear! 15 Agus tar éis na laeṫanta san d’ollṁuiġmair sinn féin agus ḃíomair ag dul suas go Ierúsalem. 16 Agus ṫáinig i n-aonḟeaċt linn cuid de sna deisgiobuil ó Ċaesaréa, agus Cupriánaċ ’n-a dteannta, duine dár ḃ’ainim Mnasón, seana-ḋeisgiobul, n-a raḃmair ċun ḃeiṫ ar lóisdín aige. 17 Ṫánamair go Ierúsalem agus do ġlac na bráiṫre sinn go fáilteaċ. 18 Amáireaċ a ḃí ċúġainn ċuamair féin agus Pól go tiġ Ṡéamuis agus ḃí na sínsir go léir cruinniġṫe ann. 19 Ḃeannuiġ sé dóiḃ agus d’innis sé dóiḃ, tríd síos, gaċ a raiḃ déanta ag Dia, tré n-a ḟriṫálaṁ féin, ameasg na nGeinte. 20 Agus nuair airiġdar é ṫugadar glóire do Ḋia, agus duḃradar leis: Ċíonn tú, a ḃráṫair, cad iad na mílte de sna Iúdaíġ atá tar éis creideaṁaint, agus tá báiḋ acu go léir do’n dliġe. 21 D’airiġdar áṁṫaċ, go ḃfuilirse ġá ċur ’n-a luiġe ar na Iúdaíġ atá ameasg na nGeinte naċ misde ḋóiḃ imṫeaċt ó Ṁaois, agus ná fuil ḟiaċaiḃ orṫa tímpallġearraḋ do ḋéanaṁ ar a gclainn, ná réir na dlíġe do leanṁaint. 22 Cad ’tá le déanaṁ mar sin? Gan aṁras caiṫfid na daoine cruinniú mar aireóċaid siad gur ṫánaís. 23 Dein an níd seo a deirimíd leat dá ḃríġ sin: Tá ceaṫrar fear againn go ḃfuil móid orṫa. 24 Tóg leat iad san agus glantar ṫu i n-aonḟeaċt leó. Ansan díol-se asta i dtreó, go mḃeárrfar a gcinn. Ansan ċífiḋ gaċ aoinne gur b’éiṫeaċ ar airíġdar ad ṫaoḃ, go ḃfuilir féin ag siúḃal ad ċosnaṁaiḋe do’n dlíġ. 25 Aċ i dtaoḃ na nGeinteaċ a ċreid, do sgríoḃmair-ne ġá órdú ḋóiḃ cimeád ó’n rud a h-íḋbireaċ d’íoḋolaiḃ, agus ó ḟuil, agus ó níḋ a taċtaḋ, agus ó ḋrúis. 26 Ansan do ṫóg Pól leis na fir lár n-a ṁáireaċ agus do glanaḋ é i n-aonḟeaċt leó agus ċuaiḋ sé isteaċ sa teampull, tar éis laeṫanta a nglanta d’ḟógairt, ċun go ndéanfí ofráil ar son gaċ duine acu. 27 Aċ ḃí Iúdaíġ ó’n Ásia ann agus nuair a ḃí na seáċt laeṫanta ḋá gcríoċnú ċonnacadar sa teampull é agus do ġríosadar an pobul go léir agus ċuireadar a láṁa. air agus do liúġdar: 28 Congnaṁ! a ḟeara Israéil. Sidé an duine atá ag múine na ndaoine ins gaċ aon ḃall i gcomniḃ an ṗobuil seo agus i gcoinniḃ na dliġe agus i gcoinniḃ na h-áite seo. Ṫug sé daoine geinteaċa isteaċ sa teampull agus do ṡáruiġ sé an áit ḃeannuiġṫe seo. 29 Óir ḃíodar tar éis Troṗimuis ó Eṗesus a ḋ’ḟeiscint sa ċaṫair ’n-a ṫeannta agus ċeapadar go raiḃ Pól tar éis é ṫaḃairt isteaċ sa teampull. 30 Agus ḃí an ċaṫair go léir ar buile, agus do ċruinniġ na daoine. Do rugadar ar Ṗól agus ṫarraigeadar amaċ as an dteampull é agus do dúnaḋ na dóirse láiṫreaċ. 31 Agus ḃí fonn orṫa é ṁarḃaḋ, aċ do h-innseaḋ do ṫriḃiún an airm Ierúsalem go léir a ḃéiṫ tré n-a ċeile. 32 Ṫóg sé sin leis saiġdiúirí agus taoiseaċa céad agus do riṫ sé ċúċa síos. Nuair a ċonnacadar an tribiún agus na saiġdiúirí do stadadar de ḃeiṫ ag bualaḋ Ṗóil. 33 Ansan do ṫáinig an tribiún agus ṫóg sé é agus d’órduiġ sé é ceangal le ḋá ṡlaḃra agus d’ḟiafraiġ sé cia’r ḃ’é agus cad a ḃí déanta aige. 34 Aċ ḃí án tsluaġ ag liúiriġ, duine ġá ráḋ so agus duine ġá ráḋ súd. Agus nuair nár ḃ’ḟéidir dó deiṁin a ḋ’ḟáġail mar ġeall ar an gcur tré ċéile, d’órduiġ sé é ṫaḃairt ċun an longṗuirt. 35 Agus nuair a ṫáinig sé go dtí an staiġre do ṫárla go raiḃ na saiġdiúirí ġá lompar mar ġeall an ḋéine na ndaoine; 36 Óir ḃí an tsluaġ ’n-a ndiaiḋ agus iad ag liúiriġ: Tóg uainn é. 37 Agus le linn e ḃreiṫ isteaċ sa longṗort duḃairt Pól leis an dtribiún: An misde ḋom ḃeagán cainnte ḋéanaṁ leat? Agus duḃairt seisean: An dtuigeann tú Gréigis? 38 Náċ tusa an t-Éigipteaċ úd a ḋein an ċíréib ins na laeṫanta roimis seó agus do rug leat isteaċ sa ḃfásaċ ċeiṫre ṁíle de ropairíḃ. 39 Agus duḃairt Pól leis: Iúdaċ iseaḋ mé go deiṁin, ó Ṫarsus i gCilicia. Is cóṁnuiġṫeaċ mé do ċaṫair naċ suaraċ. Iarraim ort leogaint dom laḃairt leis an bpobul. 40 Ṫug sé cead dó. Ansan do ṡeasaiṁ Pól ar an staiġre agus ḃagair sé a láṁ ar an sluaġ agus do deineaḋ ana-ċiúnas agus do laḃair sé leó sa teangain Eaḃra, agus duḃairt sé: |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society