Gníoṁarṫa 20 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XX. Cuaird Ṗóil tré Ṁacedonia agus tríd an nGréig. Duine aige á ṫógaint ó’n mbás i dTsóás. A ċainnt le cléir Eṗesuis. 1 Ansan, nuair a ḃí an toirmeasg imiġṫe do ġlaoiḋ Pól ċuige na deisgiobuil agus do ċóṁairliġ sé iad, agus d’ḟág sé slán acu agus do ġluais sé ċun dul go Macedonia. 2 Agus nuair a ḃí na triúċa san siúḃalta aige agus mórán cainnte déanta aige leis na daoine ṫáinig sé sa Ġréig. 3 Ḃí sé trí ṁí sa n-áit sin. Ansan ċeap sé dul go Síria ar luing aċ ḃí na Iúdaíġ i gceilg ag faire air agus ṡocaruiġ sé ar ṫeaċt tré Ṁacedonia. 4 Agus ċuaiḋ i n-aonḟeaċt leis Sópatér Mac Ṗirruis, ó Ḃeréa; agus Aristarċus agus Secundus Tessalónais; agus Gaius ó Ḋerḃé, agus Tímoteus; agus Tuċicus agus Troṗimus, beirt Ásiánaċ. 5 Ċuadar san róṁainn agus d’ḟanadar linn i dTróas. 6 Agus do ċuamair-ne ar luing ó Ṗilippí, tar éis laeṫanta an aráin gan giost, agus ḃíomair ċúig lá ag teaċt go Tróás agus d’ḟanamair ann seaċt lá. 7 Ansan, an ċéad lá de’n tseaċtṁain do ṫánamair i ḃfoċair a ċéile ċun arán do ḃrise, agus ḃí Pól ag taḃairt teagaisg dóiḃ, mar ḃí sé le h-imṫeaċt ar maidin amáireaċ a ḃí ċúġainn, agus do lean sé ar an dteagasg go meaḋon oiḋċe. 8 Aċ ḃí lóċrainn ár ndóṫin againn sa tseómra mór ’na raḃmair cruinniġṫe. 9 Agus ḃí ḃuaċaill dár ḃ’ ainim Eútuċur ’n-a ṡuiḋe ar an ḃfinneóig, agus ṫuit sé ’n-a ċodla go sáṁ an ḟaid a ḃí Pól ag cainnt. Le truime a ċodlata do ṫuit sé síos ó’n dtríṁaḋ loċta agus do tógaḋ suas marḃ é. 10 Aċ do ċuaiḋ Pól síos ċuige agus do luiġ sé anuas air agus ċuir sé a láṁa ’n-a ṫímpull agus duḃairt sé: Ná bíoḋ ceist oraiḃ. Tá a anam ann. 11 Ansan ċuaiḋ sé suas agus ḃris sé arán agus do ḃlais. agus dein sé cainnt ar feaḋ aḃfad, go dtáinig an solus, agus ansan d’imṫiġ sé. 12 Agus do rugadar leó an buaċaill, agus é ḃeó, agus níor ḃeag é a n-áṫas. 13 Ansan do ċuamair-ne ar an luing agus ṡeólamair go h-Assos, i dtreó go mbéarfaimís Pól linn ó’n áit sin, óir sin mar a ḃí socair aige, agus go raġaḋ sé féin ann ar tír. 14 Agus ṫáinig sé ċúġainn i n-Assos agus ṫógamair ċúġainn é agus ṫanamair go Mitiléné. 15 Agus ṡeólamair ó’n áit sin agus ṫánámair, amáireaċ a ḃí ċúġainn, ar aġaiḋ Ċíos amaċ agus an lá ’n-a ḋiaiḋ san do ṡroiseamair Sámos, agus an lá ’n-á ḋiaid san airís do ṫánamair go Milétus; 16 Óir do ḃí Pól ceapaiṫe ar ṡeólaḋ ṫar Eṗesus i dtreó ná curfí aon ríġneas air sa n-Ásia, mar ḃí diṫineas air ċun, dá mb’ ḟéidir dó é, lá na Cíngcíse ṫaḃairt i n-Ierúsalem. 17 Aċ do ċuir sé teaċtaireaċt ó Ṁilétus go h-Eṗesus ’ġá ráḋ le sinnsearaiḃ na h-eagailse teaċt ċuige. 18 Ṫánadar, agus nuair á ḃíodar ’n-a láṫair duḃairt sé leó: Is eól daoiḃse conus mar atá an aimsir go léir taḃarṫa agam i nḃúr ḃfoċair ó’n gcéad lá a ṫánag isteaċ sa n-Ásia, 19 Agus me ag déanaṁ seirḃíse Dé le fíosúṁluiġeaċt, ag sile deór, agus ag fulag na dtrioblóidí a ṫáinig orm tré ċeilgiḃ na n-Iúdaċ; 20 Conus mar nár ċimeádas siar aon níḋ de sna neiṫiḃ a ḃí tairḃṫeaċ daoiḃ, gan iad a ṫeagasg daoiḃ go puibilíḋe agus i nḃúr dtiġṫiḃ, 21 agus me ag deiṁniú aiṫriġe ċun Dé, agus creidiṁ i n-ár dTiġearna Íosa Críost, do Iúdaíġ agus do Ġeintiḃ. 22 Agus féaċ táim ag dul go Ierúsalem fé ċeangal na spioraide, agus ní fios dom cad ’tá le h-imṫeaċt orm ann, 23 Aċ go ḃfuil an Spioraid Naoṁ ag laḃairt liom coitċianta, ins na caṫraċaiḃ go léir, ’ġá ráḋ liom gur slaḃraí agus pionóisí atá am ċóir i n-Ierúsalem. 24 Aċ ní h-eagal liom aon níḋ ḋíoḃ san ná ní ṁeasaim gur mó is fiú mo ḃeaṫa ’ná me féin, aċ go gcoṁlíonfad mo ṫurus, agus seirḃís an ḃréiṫir, a fuaras ó’n dtiġearna Íosa, fiaḋnuise ḋéanaṁ ar ṡoisgéal ġrásta Dé. 25 Agus féaċ anois, is eól dóṁsa ná feicfiḋ siḃ mo ġnúis a ṫuille, siḃse go léir n-a ḃfuil siúḃalṫa i nḃúr measg agam ag craoḃsgaoile riġeaċta Dé. 26 D’á ḃríġ sin cuirim a ḟiaḋnuise oraiḃre, sa lá so atá indiu againn, go ḃfuilim glan ar ċuid fola gaċ duine, 27 Mar níor staonas ó ċoṁairle Dé do ċur i n-iúil daoiḃ go h-iomlán. 28 Tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spioraid Naoṁ siḃ i n-ḃúr n-easbogaiḃ ag riaġlaḋ eaglaise Dé a ċeannuiġ sé le n-a ċuid fola féin. 29 Tá ’ḟios agamsa go dtiocfaiḋ isteaċ i n-ḃúr measg, nuair a ḃeadsa imiġṫe, faolċoin ċraosaċa, agus ná staonfaid siad ó’n dtréad. 30 Agus eireóċaid, oraiḃ féin, fir a laḃarfaid neiṫe tuaṫalaca, ċun deisgiobul a ṫarrac n’a ndiaiḋ. 31 D’á ḃríġ sin déinid faire, agus cimeadaiḋ i nḃúr gcuiṁne conus mar nár stadas ar feaḋ trí mblian, do ló ná d’oiḋċe, aċ ag cóṁairliú an uile ḋuine agaiḃ agus deóra le m’ṡúiliḃ. 32 Agus anois tugaim suas do Ḋia siḃ agus do ḃriaṫar a ġrásta, ó’s ar a ċumas atá an obair do ċríoċnú agus an oiġreaċt a ṫaḃairt daoiḃ ameasg na naoṁ go léir. 33 Níor ṡanntuiġeas airgead ná ór ná éadaċ aon duine, 34 Mar is eól daoíḃ féin, gurab iad an dá láiṁ seo ṡoláṫair gaċ a raiḃ riaċtanaċ dom féin agus do sna daoine atá am ḟoċair. 35 Tá gaċ aon níḋ taisbeánta agam daoiḃ, gur ag obair ar an gcuma san is ceart dúinn fóiriṫint ar na daoine laga, agus cuiṁneaṁ ar ḃriaṫar an Tiġearna Íosa mar go nduḃairt sé féin: Is mó an t-aoiḃneas go mór rud a ḃronnaḋ ná rud a ġlacaḋ. 36 Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋce aige do leog sé é féin ar a ġlúiniḃ agus ḋein sé guiḋe ċun Dé ’n-a dteannta go léir. 37 Ansan ḃíodar go léir ag gol go fuíġeaċ agus ag cur a láṁ tímpal ar ṁuinéal Ṗóil agus ’ġá ṗógaḋ, 38 Ag déanaṁ buarṫa go mór mar ġeall ar an ḃfocal aduḃairt sé, ná feicfidís a ġnúis a ṫuille. Agus ḋeineadar é ṫionnlacan síos ċun na luinge. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society