Gníoṁarṫa 2 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL II. An Spioraid Naoṁ dá ġlacaḋ ag na deisgiobulaiḃ. An tseanmóin a ṫug Peadar uaiḋ do’n ṗobul. Cráiḃṫeaċt na ndaoine do ġlác an creideaṁ ar dtúis. 1 Agus nuair ai críoċnuiġeaḋ laeṫanta na Cíngcíse ḃíodar go léir i n-aonḟeaċt i n-aon áit aṁáin, 2 Agus ṫáinig go h-oḃann fuaim ó neaṁ mar ḃeaḋ fuaim gaoiṫe móire ag teaċt agus do líon sé an fad an tiġ ’na raḃdar ’n-a suiḋe. 3 Agus do taisbeánaḋ dóiḃ mar ḃeaḋ teangṫaċa teine agus iad deiġilte, agus do ṡuiḋ sé ar gaċ duine acu, 4 agus do líonaḋ iad go léir de’n Spioraid Naoṁ agus ċromadar ar laḃairt i dteangṫaċaiḃ iolarḋa, fé mar a ṫug an Spioraid Naoṁ dóiḃ laḃairt. 5 Agus ḃí ’n-a gcóṁnuiḋe i n-Ierúsalem Iúdaíg, daome diaḋa as gaċ náisiún fé’n spéir. 6 Agus nuair a leaṫ an sgéal san do ċruinniġ na daoine agus ḃí mearaṫal aigne orṫa, mar d’airiġ gaċ duine acu a ṫeanga féin acu-san dá laḃairt. 7 Agus ḃí uaṫḃás orṫa go léir agus iad ag déanaṁ iongna, agus deiridís: Féaċ, náċ Gaililiaiġ iad san go léir atá ag cainnt? 8 Agus conus a ṫárla gur airiġ gaċ duine againne a ṫeanga ḋúċais féin ionar tógaḋ é? 9 Pártaiġ agus Médaiġ agus Elamítiġ, agus luċt cóṁnuiġṫe Ṁesopotámia, Iúdaéa agus Ċapadócia, Ṗontuis agus Ásia, 10 Ṗrigia agus Pamṗilia, na h-Éigipte agus na gcríoċ san Libia atá tímpall an Ċiréné, agus daoine iasaċta ó’n Róiṁ, 11 Iúdaíġ leis agus proseilítiġ, Créiteaċa agus Arabaiġ; d’airiġeamáir iad ag laḃairt i n-ár dteangṫaċaiḃ féin ar oibreaċaiḃ iongantaċa Dé. 12 Agus ḃí uaṫḃás orṫa go léir agus iad ag déanaṁ iongna agus deiridís le n-a ċéile: Cad é seo mar obair? 13 Agus ḃí tuille acu ag déanaṁ magaiḋ agus deiridís: Lán d’ḟíon nua atáid siad san. 14 Ansan d’eiriġ Peadar ’n-a ṡeasaṁ, agus an t-aoinne déag taoíḃ leis, agus d’árduiġ sé a ġlór agus do laḃair sé leó: A ḟeara Iúdaċa agus siḃse go léir, a luċt coṁnuiġṫe Ierúsalem, bíoḋ ’ḟios agaiḃ an méid seo, agus glacaiḃ i nḃúr gcluasaiḃ mo ċainnt! 15 Mar ní h-ar meisge atáid siad so, mar is dóiġ liḃse, óir ní’l tagaiṫe aċ an tríṁaḋ tráṫ de’n lá. 16 Aċ sidé an níḋ a duḃraḋ ó ḃéal an ḟáiḋ Ióél: 17 “Agus tiocfaiḋ ins na laeṫiḃ déanaċa, adeir an Tiġearna, doirtfead as mo Spioraid ar gaċ feóil, agus déanfaid ḃúr gclann ṁac agus ḃúr gclann inġean targaireaċt, agus ċíḋfid ḃúr ḃfir óga aislingí, agus déanfar taiḃriṫe d’ḃúr seanóiríḃ. 18 Agus doirtfead amaċ as mo Spioraid, ins na laeṫiḃ sin, ar mo ḃuaċailíḃ agus ar mo ċailíníḃ, agus déanfaid siad targaireaċt; 19 Agus taisbeánfad neiṫe iongantaċa sa spéir ṫuas agus ar an dtalaṁ ṫíos, fuil agus teine agus gal deataiġ. 20 Iompófar an ġrian ’n-a doirċeaċt agus an ġealaċ ’n-a fuil, roiṁ ṫeaċt do lá an Tiġearna, an lá mór, soḟeicse. 21 Agus iseaḋ ḃeiḋ, an uile ḋuine do ġlaoḋfaiḋ ar ainim an Tiġearna saorfar é.” 22 A ḟeara Israéil, éistiḋ leis na ḃréiṫriḃ seo. Íosa Nasareit, duine a ṡoillsiġ Dia i nḃúr measg-sa leis na cóṁaċtaiḃ, agus leis na h-iongnaíḃ agus leis na soluídíḃ a ḋein Dia tríd i nḃúr lár, mar is eól daoiḃ féin, 23 Do tugaḋ an duine sin a’ cóṁairle ċinnte agus a’ roiṁeólus Dé, agus do ḋeineaḃairse é ċéasaḋ ċun ḃáis le lámaiḃ na gcuirpṫeaċ. 24 Aċ do ṫóg Dia é tar éis dubrón ifrinn do ċur ar neaṁníḋ, de ḃríġ nár ḃ’féidir go gcimeádfí eisean fé n-a ċumas 25 Óir deir Dáiḃid ’n-a ṫaoḃ: “Do ċínn roim sé an Ṫiġearna am ḟiaḋnaise do ġnáṫ, óir tá sé ar mo ḋeis, ionus ná corrófí mé. 26 Uime seo do ġlac mo ċroiḋe áṫas agus ḋein mo ṫeanga gáirdeaċus, agus ’n-a ṫeannta san ġeoḃaiḋ mo ċuid feóla suaiṁneas i ndóċas. 27 De ḃríġ ná fágfair m’anam i n-ifreann agus ná léigfir do t’Aon Naomṫa truailiú a ḋ’ḟeisgint. 28 Ṫugais eólus dom ar ḃóiṫriḃ na ḃeaṫa agus lionfair me lán d’áṫas le d’ġnúis.” 29 A ḟeara, a ḃráiṫre, ní misde laḃairt go dána liḃ i dtaoḃ an ṗátriáirc Dáiḃid, go ḃfuil sé marḃ, curṫa, agus go ḃfuil a uaiġ i n-ár measg go dcí an lá atá indiu ann. 30 Fáid ab eaḋ é agus ḃí ’ḟios aige gur ḋearḃuiġ Dia ḋó go suiḋfeaḋ aon de ṡíol a árann ’n-a ċaṫaoir, 31 agus do ċonnaic sé roim sé aiséiriġe Críost agus do laḃair sé air, nár fágad i n-ifreann é agus ná feacaiḋ a ċuid feóla truailiú. 32 Do ṫóg Dia suas airís an t-Íosa so, agus is fínniṫe sinne go léir air sin. 33 Do tógaḋ suas é, d’á ḃríġ sin, ar deasláiṁ Dé agus do réir mar a fuair sé ó’n Aṫair an ġeallaṁaint i dtaoḃ an Spioraid Naoiṁ, do ḋoirt sé amaċ é seo, agus ċíonn siḃse é agus airíġeann siḃ é. 34 Óir níor ċuaiḋ Ḋáiḃid suas ar neaṁ; aċ deir sé féin: “Duḃairt an Tiġearna le m’Ṫiġearna: 35 Suid ar mo ḋeis, Go gcuiread do naṁaid mar ṫaca fé d’ċosaiḃ.” 36 Bíoḋ a ḟios dá ḃríġ sin, go dearḃṫa ag gaċ teaġlaċ i n-Israél, Íosa so a ḋeineaḃairse a tárnáil ar ċrois, gur ḋein Dia Tiġearna ḋe agus Críost. 37 Nuair airiġeadar an méid sin ṫáinig aiṫreaċas orṫa agus duḃradar le Peadar agus leis na h-aspoil eile: A ḟeara, a ḃráiṫre, cad tá le déanaṁ againn? 38 Agus duḃairt Peadar leó: Déiniḋ, ar seisean, aiṫríġe, agus glacaḋ gaċ duine agaiḃ baiste i n-ainim Íosa Críost, ionus go maiṫfí ḃúr bpeacaí ḋaoiḃ, agus ansan glacfaiḋ siḃ taḃarṫas an Spioraid Naoiṁ. 39 Óir is daoiḃse agus d’ḃúr slioċt an ġeallaṁaint, agus do sna daoine go léir atá i gcéin, pé air go nglaoḋfaiḋ ár d-Tiġearna Dia. 40 agus le mórán eile focal ḃí sé ag deiṁniú’ ḋóiḃ agus ag taṫant orṫa, agus deiread sé: Cimeádaiḋ siḃ féin saor ó’n slioċt aiṁleasta so. 41 Ansan, an ṁuinntir a ġlac a ċóṁráḋ do baisteaḋ iad, agus do glacaḋ an lá san tímpall trí ṁíle duine. 42 Agus ḃíodar seasaṁaċ do ṫeagasg na n-Aspol, agus i gcumann an aráin do ḃrise, agus ins na h-úrnuiġṫe. 43 Agus do cuireaḋ eagla ar an uile ḋuine; agus do deinead mórán eile mírḃúiltí agus soluídí tré sna h-Aspoil i n-Ierúsalem, agus ḃí eagla mór ar na daoine go léir. 44 Agus gaċ ar ċreid díodar i ḃfoċair a ċéile agus gaċ níḋ coitċian acu. 45 Do ḋíolaidís amaċ a sealḃas agus a maoin agus do rainnidís é ar an mbuiḋin go léir fé mar a ḃíoḋ gáḋ ag aoinne leis. 46 Agus d’ḟanaidís do ṫoil a ċéile sa teampul gaċ la, agus ag brise aráin ó ṫiġ go ṫiġ, do ċaiṫidís a gcuid bíḋ i n-áṫas agus i n-aoine croiḋe, 47 Agus iad ag molaḋ Dé agus báiḋ ag na daoine go léir leó. Agus ḃí an Tiġearna, i n-aġaiḋ an lae, ag méadú na ḃuiḋne a ḃí le sáḃáil. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society