Gníoṁarṫa 19 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XIX. An eaglais dá ċur ar bun ag Pól i n-Eṗesus. Clampar sa ngaiḃní ngeal. 1 Agus do ṫárla, le linn Apollo ḃeiṫ i gCoirint go dtáinig Pól go h-Eṗesus, nuair a ḃí na h-áiteana uaċtaraċa siúḃalṫa aige, agus go ḃfuair sé rainnt deisgiobul; Agus duḃairt se leó: 2 Ar ġlacḃúir an Spioraid Naoṁ ó ċreidḃúir? Agus duḃradar-san leis: Ní h-ead aċ níor ċloiseamair an Spioraid Naoṁ a ḃeiṫ ann i n-aon ċor. 3 Agus duḃairt seisean: Má ’seaḋ cad ann ’nar baisteaḋ siḃ? Agus duḃradar: I mbaiste Eóin. 4 Agus duḃairt Pól: Do ḃaist Eóin na daoine le baiste aiṫriġe agus duḃairt sé leó nár ḃ’foláir dóiḃ creideaṁaint sa’ t-é a ḃí le teaċt ’n-a ḋiaiḋ féin, ’sé sin i n-Íosa. 5 Nuair a ḋ’airíġdar an méid sin do baisteaḋ iad i n-ainim an Tiġearna Íosa. 6 Ansan do ċuir Pól a láṁa orṫa agus do ṫúirling an Spioraid Naoṁ orṫa agus do laḃradar i dteangṫaċaiḃ agus ḋeineadar targaireaċt. 7 Agus tímpal dáréag acu a ḃí ann ar fad. 8 Agus ḃíoḋ sé ag dul isteaċ sa tsinagóig agus ag laḃairt ann go dána, ar feaḋ trí ṁí, ag díospóireaċt agus ag cur i ḃfeiḋm i dtaoḃ ríġeaċta Dé. 9 Aċ ḃí daoine dúra ann ná creidfeaḋ, aċ ḃíoḋ ag tarcuisniú sliġe an Tiġearna os cóṁair na ndaoine. D’imṫiġ sé uaṫa agus do ḋeiġil sé na deisgiobuil uaṫa, agus ḃíod sé ag argóint gaċ lá i sgoil fir dár ḃ’ainim Turannos. 10 Do lean san mar sin ar feaḋ dá ḃlian, i dtreó gur airiġ gaċ a raiḃ i n-Ásia, idir Iúdaċ agus Geinteaċ, briaṫar an Tiġearna. 11 Agus do ḋein Dia mírḃúiltí éagsaṁlaċa tré láiṁ Póil. 12 i dtreó go mbeirtí ċun na ndaoine mbreóite, ó n-a ċolainn, ciarsúirí agus aprúin, agus go n-imṫíġeaḋ an ḃreóiteaċt díoḃ, agus go n-imṫíġeaḋ na deaṁain asta 13 Do ṫárla go raiḃ cuid de sna Iúdaíġ ag imṫeaċt ó áit go h-áit agus go raḃdar a d’iarraid deaṁan a ċur amaċ, agus ḋ’agraidís ainim an Tiġearna Íosa agus deiridís: Fógraim oraiḃ Íosa atá ag Pól d’a ċraoḃsgaoile. 14 Agus ḃí Iúdaíġ áiriṫe, mórṡeisear mac a ḃí ag Sceḃa duine d’uaċtaránaiḃ na sagart, ’ġá déanaṁ san. 15 Aċ d’ḟreagair an annsprid iad agus dúḃairt sé: Tá aiṫne agam ar Íosa agus tá eólus agam ar Ṗól, aċ cia h-iad siḃse? 16 Agus an fear n-a raiḃ an annsprid ṁalluiġṫe ann do léim sé ċúċa agus fuair sé an lám uaċtair ar an mbeirt acu agus ġaiḃ sé orṫa i dtreó gur riṫeadar as an dtiġ sin tárnoċt, agus iad geárrṫa. 17 Do h-innseaḋ an méid sin d’a raiḃ d’Iúdaċaiḃ agus de Ġeintiḃ i n-Eṗesus agus ṫáinig sgannra orṫa go léir, agus do móraḋ ainim an Tiġearna Íosa. 18 Agus ḃíoḋ a lán de’n ṁuinntir a ċreid ag teaċt ag déanaṁ faoisdine agus ag innsint a ngníoṁarṫa. 19 Agus a lán de’n ṁuinntir a ḃíoḋ ag déanaṁ deismireaċta ṫugadar na leaḃair leó agus do ḋóġdar iad os cóṁair na puibilíḋeaċta. Agus do measaḋ fiaċa na leaḃar, agus do fuaraḋ gur ḃ’fiú caogad míle píosa airgid iad. 20 Sin mar a ḃí briaṫar Dé ag fás go láidir agus ag dul i ndaingineaċt. 21 Nuair a ḃí na neiṫe sin críoċnuiġṫe do ḃeartuiġ Pól, sa spioraid, gaḃáil tré Ṁacedonia agus tré Acaia agus dul go Ierúsalem, agus duḃairt sé: Tar éis me ḃeiṫ sa n-áit sin ní foláir dom an Róiṁ a ḋ’ḟeisgint. 22 Ansan ċuir sé beirt d’á luċt friṫálṁa, Timoteus agus Erastus, go Macedonia agus d’ḟan sé féin ar feaḋ tamaill san Ásia. 23 agus d’eiriġ an uair sin aċrann nár ṡuaraċ i dtaoḃ sliġe an Tiġearna. 24 Ḃí fear n-ar ḃ’ ainim dó Démétrius, agus gaḃa geal ab eaḋ é, agus ḃíoḋ sé ag déanaṁ teampall airgid do Ḋiána agus ḃíoḋ fáġaltas nár ṡuaraċ ag ceárduiġṫiḃ d’á ḃárr. 25 Ċruinniġ sé i láṫair a ċéile iad féin agus an luċt oibre a ḃain leó agus duḃairt sé: A ḟeara, is eól daoiḃ gur as an gcéird seo a ṫagann ár gcuid ċúġainne. 26 Aċ ċíonn siḃ agus airíġeann siḃ conus mar atá mórán daoine iompuiġṫe ag Pól so, le n-a ċóṁráḋ, ní h-aṁáin i n-Eṗesus aċ ar fuid na h-Ásia go léir náċ mór, ’ġá ċur ’n-a luiġe orṫa — Ní déiṫe i n-aon ċor na déiṫe a deintear le láṁaiḃ. 27 Is baoġal go dtaḃarfaiḋ san droċ-ainim d’ár sliġe ḃeaṫa, agus ná fágfaiḋ sé aon ṁeas an ṫeampull ṁór Ḋiána, agus ní h-aṁáin sin aċ go dtusnóċaiḋ a mórḋaċt ar ḋul ar neaṁníḋ, bíoḋ go n-aḋrann an Ásia go léir agus an doṁan go léir í. 28 Nuair airíġdar an ċainnt sin do lasadar le feirg agus do liúġdar: Is mór í Diána na n-Eṗesiánaċ! 29 Do cuireaḋ an ċaṫair go léir tré n-a ċéile. Do riṫeadar i n-aonḟeaċt ċun an téátair agus greim acu ar Ġaius agus ar Aristarċus, Macedonaiġ, comrádaiṫe do Pól. 30 Ċeap Pól dul isteaċ ameasg na ndaoine. 31 Ní leogfaḋ na deisgiobuil dó é. Agus ḃí cuid d’uaċtaránaiḃ na h-Ásia ann, cáirde ḋó, agus ċuireadar teaċtaireaċt ċuige ’ġá iarraiḋ air gan dul isteaċ sa téátar. 32 Do liúiġ duine an rud so agus duine eile an rud úd. Is aṁlaiḋ a ḃí measgán mearaiḋe ar an bpobul agus ní ḟeidir an ċuid ba ṁó ḋíoḃ cad a ṫug ann i n-aon ċor iad. 33 Do ṫaraigeadar Alecsander amaċ as an mbrúṫ. Do ṡaiġ na Iúdaíġ amaċ é. Do ḃagair Alecsander a láṁ orṫa a’ d’iarraid ciúnais ċun go míneóċaḋ sé an sgéal do sna daoine. 34 Ac nuair a ċonnacadar gur ḃ’ Iúdaċ é ċuireadar go léir aon liú aṁáin suas: is mór í Diána na n-Eṗesiánaċ! agus do leanadar de’n liúġ ar feaḋ suas le ḋá uair a’ ċluig. 35 Ansan do ċuir cléireaċ na caṫaraċ ċun suaiṁnis an pobal agus duḃairt sé: A ḟeara Eṗesiánaċa, cá ḃfuil an duine beó ná fuil ḟios aige go n-aḋrann muinntir na ċaṫaraċ so Eṗesus Diána ṁór, inġean lúpiteir? 36 D’á ḃríġ sin óir náċ féidir an méid sin do ṡéanaḋ is ceart daoiḃ fanṁaint socair agus gan aon ḃeart obann a ḋéanaṁ. 37 Ṫugḃúir anso na fir seo agus gan masla taḃarṫa acu d’ḃúr dteámpull ’ná d’ḃur mbandia. 38 Aċ má tá ag Démétrius, agus ag na ceárduiġṫiḃ atá le n-a ċois, cúis i gcoinniḃ aoinne, táid na cúirteana ann agus na próċonsuil: Cuiridís neiṫe i leiṫ a ċéile. 39 Má tá aon níḋ eile agaiḃ d’á lorg, socaruiġtear é i gcóṁṫionól a ḃeiḋ do réir dliġe. 40 Agus is baoġal go gcurfár i n-ár leiṫ toirmeasg an lae indiu agus gan aoinne cionntaċ (gur féidir cúntas a ṫaḃairt air) leis an gcruinniú so. Nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige do ċuir sé an pobal ċun siúḃail. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society