Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 18 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XVIII. Eaglais Coirint dá cur ar bun ag Pól, agus é ag seanmóiniú i n-Ephesus, ⁊rl. Apollo do ḋul go h-Ephesus.

1 Tar éis an méid sin d’fág sé caṫair Aténé agus ṫáinig sé go dtí Coirint.

2 Agus fuair sé sa n-áit sin Iúdaċ n-ar ḃ’ainim dó Acuila, fear a rugaḋ i bPontus agus a ḃí tar éis teaċt go déanaċ ó’n Eadáil, agus Priscilla, á ḃean (do ḋeasgaiḃ a ḃeiṫ órduiġṫe ag Claudius do sna Iúdaíġ go léir imṫeaċt ó’n Róiṁ), agus ċuaiḋ sé ag triall orṫa.

3 Agus toisg é ḃeiṫ ar aon ċeárd leó d’ḟan sé ’n-a ḃfoċair ag obair ar an gcéird (agus ag déanaṁ pailiún ab eaḋ an a ċeard).

4 Agus ḃíoḋ sé sa tsinagóig ag pléiḋ, gaċ lá sabbóide, ag tráċt ar ainim an Tiġearna Íosa, agus ḃí sé ag taḃairt na nIúdaċ agus na nGréagaċ leis.

5 Ansan nuair a ṫáinig Sílas agus Tímoteus ċuige ó Ṁacedonia do ġéaruiġ Pól sa teagasg, gá ċur ’n-a luiġe ar na Iúdaíġ gur b’é Íosa is Críost ann.

6 Aċ ḃí na Iúdaíġ ’ġa ḃréagnú go masluiġṫeaċ. Ansan do ċroṫ sé a ċuid éadaiġ agus duḃairt sé: Bíod ḃúr gcuid fola ar ḃúr gceann féin. Táimse glan.

7 Taḃarfad aġaiḋ ar na geintiḃ feasda. Ansan d’ḟág sé an áit sin agus ṫáinig sé go tiġ duine dár ḃ’ainim Títus lústus, duine a ḃí úṁal do Ḋia, agus go raiḃ a ṫiġ ceangailte de’n tsinagóig.

8 Agus do ċreid Crispus, uaċtarán na sinagóige, sa Tiġearna, agus a ṫeaġlaċ go léir, agus do ċreid mórán de sna Coirintiġ a ḃí ag éisteaċt leis agus do baisteaḋ iad.

9 Ansan duḃairt an Tiġearna le Pól, i n-aisling, san oiḋċe: Ná bíoḋ eagal ort, aċ laḃair agus ná h-eist,

10 óir táimse leat, agus ní leóṁfaiḋ aoinne doċar a ḋéanaṁ duit; mar tá mórán daoine sa ċaṫair seo agamsa

11 Agus d’ḟan sé ansan bliain agus sé ṁí ag teagasg bréiṫir Dé ’n-a measg.

12 Aċ nuair a ḃí Gallió ’n-a ṗróċonsul i n-Acaía d’eiriġ na Iúdaíġ, do ṫoil a ċéile i n-aġaiḋ Ṗóil agus ṫugadar os cóṁair an t-suiḋeḃraṫa é, Agus duḃradar:

13 Tá an fear so ag cur na ndaoine suas ċun Dia d’aḋraḋ go h-aindleaġṫaċ.

14 Aċ nuair a ḃí Pól ag tusnú ar a ḃéal a ḃogaḋ ċun laḃarṫa duḃairt Gallió leis na Iúdaíġ: A ḟeara Iúdaċa, dá mba éagcóir é, nú coir ċionntaċ ana-olc, ba ċeart dom cur suas liḃ.

15 Aċ má’s cúrsaí focal é, agus ainimneaċa, agus ḃúr ndliġe-se, féaċaiḋ féin ċuige: ní h-áil liomsa ḃeiṫ am breiṫeaṁ ar na neiṫiḃ sin.

16 Agus do ċomáin sé ó’n suiḋeḃraṫa iad.

17 Agus do rugadar go léir an Ṡóstenés uaċtarán na sinagóige agus ḃíodar ag gaḃáil air os cóṁair an tsuiḋeḃraṫa agus níor ċuir Gallió aon tsuim i n-aon níḋ de sna neiṫiḃ sin.

18 D’ḟan Pól mórán laeṫanta sa n-áit. Ansan d’ḟág sé slán ag na bráiṫriḃ agus ċuaid sé ar luing go Síria (agus Priscilla agus Acuila i n-aonḟeaċt leis) tar éis a ċínn a ḃearraḋ i gCencrea, mar ḃí móid aige.

19 Agus ṫáinig sé go dtí Eṗesus agus d’ḟág sé iad-san ann. Agus ċuaiḋ sé féin isteaċ sa tsinagóig ag díospóireaċt leis na Iúdaíġ.

20 Agus d’iarradar air fanṁaint níos sia aċ níor ṫoiliġ sé ċuige, Aċ d’ḟág sé slán acu agus duḃairt sé:

21 Tiocfad ċúġaiḃ airís má’s toil le Dia é. Ansan d’imṫíġ sé ó Eṗesus

22 Agus ċuaid sé síos go Caesaréa. Ansan ċuaiḋ sé suas agus ḃeannuiġ sé do’n eaglais, agus ċuaiḋ sé síos go h-Antioċ.

23 Ċaiṫ sé suim aimsire ansan, agus ġluais sé tré ḋúṫaíḃ Ġalatia agur Ṗrigia, i ndiaiḋ ċéile, ag cur misniġ ar na deisgiobuil go léir.

24 Ṫáinig, áṁ, go h-Eṗesus Iúdaċ n-ar ḃ’ainim dó Apollo, Alecsandríneaċ, fear deaġlaḃarṫa, láidir ins na Scriptiúraiḃ.

25 Ḃí sé oilte ar sliġe an Tiġearna agus do laḃair sé le díogras aigne agus do ṫeagaisg sé go dúṫraċtaċ na neiṫe a ḃaineann le h-Íosa, agus gan ar eólus aige aċ baiste Eóin.

26 Do ċrom an fear san ar laḃairt go dána sa tsinagóig. Agur nuair a ḋ’airiġ Priscilla agus Acuila é ṫugadar leó é agus ṁúineadar dó níos cruinne sliġe an Tiġearna.

27 Ansan ba ṁian leis dul go h-Acaia agus do sgríḃ na bráiṫre ag triall ar na deisgiobuil ’ġá iarraiḃ orṫa é ġlacad. Agus nuair a ṫáinig sé ṫug sé congnaṁ mór do’n ṁuinntir a ḃí tar éis creideaṁaint.

28 Óir do ċuir sé ’n-a luige go cuṫaiġ ar na Iúdaíġ, go puibilíḋe, gur b’é Íosa is Críost ann.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan