Gníoṁarṫa 17 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XVII. Seanmóiniú Ṗóil do sna Tessalónaiġ agus do sna Bereánaiġ. a ċainnt leis na h-aténaċaiḃ. 1 Ansan do ṡiúḃluíġdar Amṗipolis agus Apollónia, agus ṫánadar go Tesaloníca, áit ’na raiḃ sinagóg leis na Iúdaíġ. 2 Ċuaid Pól isteaċ ċúċa, mar ba ġnáṫ leis, agus i gcaiṫeaṁ trí sabbóidi ḃí sé ag léiriú ḋóiḃ as an Scriptiúir, 3 ’Ġá osgailt dóiḃ agus ’ġa ċur ’n-a luiġe orṫa conus nár ḃfoláir do’n Ċríost fulag agus eiriġe ós na mairḃ; agus gur ḃ’é seo an t-Íosa Criost, atá agamsa d’á ḟógairt daoiḃse. 4 Agus do ċreid cuid acu agus ġaḃdar le Pól agus le Sílas, agus de sna geintiḃ a ḃi diaḋa, sluaġ ana-mór, agus rainnt nár ṡuaraċ de ṁnáiḃ a ḃí uasal. 5 Ansan ṫáinig éad ar na Iúdaíġ agus do ḃailíġdar as an sluaġ rainnt droċ-daoine agus ḋeineadar aċrann agus ċuireadar an ċaṫair i gcollóid. Ansan ṫánadar tímpal ar ṫiġ Iásoin agus ḃíodar a d’iarraiḋ go gcurfi amaċ ċun an ṗoḃuil iad-san. 6 Agus nuair ná fuaradar iad do rugadar Iáson agus cuid de sna ḃráiṫre i láṫair uaċtaráin na caṫaraċ, ráḋ go h-árd: ṫáinig anso, leis, an aicme seo atá ag cur na caṫaraċ tré ċéile, 7 Agus ġlac Iáson iad: agus táid siad go léir ag gaḃail i gcoinniḃ dliġe Ċaesair, ’ġá raḋ go ḃfuil rí eile ann, Íosa. 8 Agus do ġríosadar na daoine agus na h-uaċtaráin, a ḃí ag éisteaċt leis na neiṫiḃ sin. 9 Agus nuair a ḃaineadar sásaṁ de Iáson agus de’n gcuid eile do leogadar ċun siúḃail iad. 10 Agus gan ṁoill do ċuir na bráiṫre ċun siúḃail, san oiḋċe, Pól agus Sílas, go Beréa. Agus nuair a ṫánadar ann do ċuadar isteaċ i sinagóig na n-Iúdaċ. 11 Agus ḃíodar so níos uaisle ’ná muinntir Ṫesaloníca, agus do ġlacadar an briaṫar le lán-díogras, agus ḃídís coitċianta ag cuardaċ na Scriptiúiri féaċaint an mbíoḋ san aṁlaid. 12 Agus do ċreid a lán acu, agus de sna mnáiḃ geinteaċa a ḃí uasal, agus cuid nár ḃeag de sna feáraiḃ. 13 Ansan d’áiriġ na Iúdáiġ i dTesaloníca go raiḃ Pól ag teagasg bréiṫir Dé i’mBeréa agus ṫánadar ann ag déanaṁ toirmisg ag ċur tré ċéile ar na daoine. 14 Ansan, go tapaiḋ, ċuir na bráiṫre Pól ċun na farraige; aċ d’ḟan Sílas agus Tímoteus sá n-áit. 15 Agus an ṁuinntir a ċuaid le Pól do rugadar go dtí Aténé é, agus ṫug sé órdú ḋóiḃ le táḃairt do Sílas agus do Ṫimoteus ’ġá rád leó teaċt ag triall air láiṫreaċ, agus ġluaiseadar. 16 An ḟaid a ḃí Pól i n-Aténé ag feiṫeaṁ leó d’eiriġ dásáċt aigne istiġ ann nuair a ċonnaic sé an ċaṫair táḃárta suas ar fad d’aḋraḋ ná n-íoḋol. 17 Ḃíoḋ sé, dá ḃríġ sin, ag díospóireáċt sa tsinagóig leis na Iúdaíġ agus leis na daoine a ḃí diaḋa, agus i n-áit an ṁárgaiḋ gaċ aon lá, leis na daoine a ḃíoḋ ann. 18 Agus ḃíoḋ cuid d’ollaṁnaiḃ na n-Epicúraċ águs na Stóiceáċ ag cur air, agus deireáḋ cuid acu: Cad ’tá ó’n ḃfear so n-á ḃfuil an ċainnt go léir aige? Ansan deireaḋ tuille acu: Déiṫe nua atá aige ’á ċráoḃsgaoile, is dóċa; mar ḃí sé ag cainnt leó i dtáoḃ Íosá agus i dtáoḃ na h-aiseiríġe. 19 Ansan do rugadar air agus ṫósadar leó é go dtí an t-Areopagus, agus duḃradar: An misde ḋúinne eolus a ḋ’ḟáġail ar an dteagasg nua so atá agatsa ’á ṫáḃairt uait? 20 Tá neiṫe nua agat ’á ċur i n-ár gcluasaiḃ. Ba ṁáiṫ linn a ḟios a ḃeiṫ againn cad é an sagas neiṫe iad. 21 (Ba ġnáṫ, áṁṫaċ, leis na h-Aténiġ go léir agus le pé daoine iásaċta a ḃíoḋ ann gan suim a ċur i n-aon rud eile aċ ḃeiṫ ag innsint agus ag cloisint nuaċt.) 22 Do ṡeasaiṁ Pól i lár an areopaguis agus duḃairt sé: A ḟeara Aténaċa, ċim siḃse, ins gaċ sliġe, ana-úṁal do ḋéiṫiḃ. 23 Óir, ag gaḃail na sliġe agus ag féaċaint dom an ḃúr n-íoṁáġṫiḃ, do fuaras altóir agus ḃí sgríoḃṫa uirṫi “Do’n Dia ná h-aiṫniġtear.” An níḋ sin a ḋ’onórann siḃ gan aiṫne agaiḃ air, táimse ’ġá ṫeagasg daoiḃ. 24 Dia, a ḋein an doṁan agus gaċ a ḃfuil ann, ó ’sé Tiġearna neiṁe agus talṁan é, ní ċóṁnuiġeann sé i dteampallaiḃ a deineaḋ le láṁaiḃ; 25 Ná ní deintear dó, le láṁaiḃ daoine, seirḃís go ḃfuil gáḋ aige leis, óir isé féin a ṫugann do gaċ duine anam agus anál agus gaċ uile níḋ. 26 Agus do ċuir sé, ó aon duine aṁáin, an ċine ḋaona go léir ’n-a gcóṁnuiḋe ar uaċtar na talṁan, agus do ċeap sé gaċ tréimse aimsire ḋóiḃ ċun cóṁnuiġṫe ann, agus gaċ teóra, 27 Ċun iad a ḃeiṫ ag lorg Dé, féaċaint an ḃféadfaidís teangaḃáil leis ná teaċt suas leis, ḃíoḋ ná fuil sé aḃfad ó gaċ duine againn. 28 Óir is ann féin á ṁairimíd agus a ċorruiġmíd agus atáimíd, fé mar adeir daoine d’ḃur ḃfilíḃ féin; “Óir is d’á ġeineaṁaint sinn.” 29 D’á ḃríġ sin, ó’s de ġeineamaint Dé sinn, ní cóir dúinn a ṁeas go mbeaḋ Dia cosṁail le h-ór ’ná le h-airgead ná le cloiċ, snoíġe ealaḋan agus ceapaḋ aigne duine. 30 Agus anois tá Dia ag leogaint aimsire an ainḃfiosa san ṫairis agus ’ġá ḟógairṫ do sna daoine, go ndéanfaidís go léir aiṫriġe ins gaċ aon ḃall, 31 Mar go ḃfuil lá ceapaiṫe aige ċun ḃreiṫeaṁantais a ṫaḃairt ar an ndoṁan do réir ċirt, tríd an ḃfear atá ceapaiṫe aige, ag taḃairt creidiṁ do gaċ aon duine, mar gur ṫóg sé ó sna mairḃ é. 32 Aċ nuair airíġdar an aiseiriġe ó sna mairḃ ċrom cuid acu ar ṁagaḋ ḋéanaṁ, agus duḃairt cuid acu: Éistfimíd leat uair éigin eile i dtaoḃ an sgéil sin. 33 Ansan d’imṫiġ Pól uaṫa amaċ. 34 Aċ do lean fir áiriṫe é agus ċreideadar, ar a raiḃ Díonusios an t-Areopagaċ, agus bean n-ar ḃ’ainim di Damaris, agus tuille leo. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society