Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 15 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XV. Aiġneas i dtaoḃ tímpallġearraḋ. Cinneaḋ cóṁairle Ierúsaleim agus a leitir.

1 Agus ṫáinig daoine áiriṫe anuas ó Iúdaéa agus ḃíodar ag teagasg na mbráiṫre: Mura ndéanfar tímpallġearraḋ oraiḃ (ar siad) do réir dlíġe Ṁaoise ní féidir ḃúr slánú.

2 Cuir Pól agus Barnabas ’na gcoinniḃ agus ní go lag é. Ansan do ṡocaruiġeadar ar Pól agus Barnabas, agus raint daoine ó’n dtaoḃ eile, do ḋul go dtí na h-Aspuil agus na sagairt a ḃí i n-Ierúsalem, i dtaoḃ an sgéil.

3 Ansan do ċuir an eaglais ċun siuḃail iad san agus ṫánadar tré Ṗoenicé agus tré Ṡamaría agus iad ’gá innsint conus mar a ḃí na geinte ag iompáil, agus ċuireadar áṫas mór ar na bráiṫriḃ go léir.

4 Agus nuair a ṫánadar go Ierúsalem ḃí fáilte rómpa ag au eaglais agus ag na h-Aspuil agus ag na seanóiríḃ, agus iad ’gá innsint cad iad na neiṫe móra a ḃí déanta ag Dia tríoṫa.

5 Aċ d’eiriġ cuid d’aicme na ḃFairisíneaċ, a ḃí tar éis an ċreidiṁ a ġlacaḋ, agus duḃradar: Ní fuláir tímpallġearraḋ do ḋéanaṁ orṫa agus a ċur ḟiaċaiḃ orṫa dlíġ Ṁaoise cimeád.

6 Ansan do ṫáinig na h-Aspuil agus na seanóirí i gceann a ċéile ċun an sgéil sin a ḃreiṫniú.

7 Do deineaḋ mórán aiġnis. Ansan d’eiriġ Peadar agus duḃairt sé leo: A ḟeara, a ḃráiṫre, is eól daoiḃ conus mar a ḋein Dia toġaḋ eadrainn fadó gur as mo ḃéal-sa do ċloisfeaḋ na geinte briaṫar an tSoisgéil agus do ġlacfaidís an creideaṁ.

8 Agus Dia a ċíonn an croiḋe, ṫug sé fiaḋnaise ’na ḃfáḃar, mar do ṫug sé an Spioraid naoṁ dóiḃ fé mar a ṫug se ḋúinne é.

9 Agus niór ḋein sé aon deifríġeaċt idir sinne agus iadsan, mar do ġlan sé a gcroiḋe leis an gcreideaṁ.

10 Cad ċuige ḋaoiḃ, d’á ḃríġ sin, ḃeiṫ ag taṫant ar Ḋia go gcuirfeaḋ sé ar ṁuinéalaiḃ na ndeisgiobul cuing nár ḟéad ár n-aiṫreaċa ná sinne a ḋ’iompar?

11 Aċ creidimíd go saorfar sinne, agus iadsan mar an gcéadna, tré ġrásta ár dTiġearna Íosa Críost.

12 Ansan d’ḟan na daoine go léir ciúin agus ḃíodar ag éisteaċt le Pól agus le Barnabas ’ġá innsint cad iad na mírḃúiltí uaṫḃasaċa a ḃí déanta ag Dia tríoṫa féin imeasg na ngeinte.

13 Agus nuair éisteadar dḟreagair Séamus agus duḃairt sé: a ḟeara, a ḃráiṫre, éistiḋ liom.

14 Tá innste ag Símón conus mar a d’ḟéaċ Dia ar dtúis ar na geintiḃ ċun go dtógfaḋ sé asta pobul d’á ainim féin.

15 Agus tá cainnt na ḃfáiḋ ag teaċt isteaċ leis sin, do réir mar atá sgríoḃṫa:

16 Tar éis na neiṫ sin fillfead agus cuirfead suas airís an tabernacul so Ḋáiḃid atá ar lár, agus deiseóċad a ḃfuil briste ḋe, agus cuirfead ’n-a ṡeasaṁ airís é,

17 I dtreó go loirgeóċaid an ċuid eile de sna daoine an Tiġearna, agus na geinte go léir, ’na ḃfuil m’ainim dá ġlaoḋaċ os a gcionn, adeir an Tiġearna agus na neiṫe sin aige ’á déanaṁ.

18 Tá fios a oibre féin ag an dTiġearna ó ṫusaċ an tsaoġail.

19 Dá ḃríġ sin isé mo ḃreiteaṁantas-sa, gan buaireaṁ a ċur ar na daoine atá iompuiġṫe ċun Dé as na geintiḃ,

20 Ac sgríoḃaḋ ċúċa, iad féin a ṡeaċaint ar ṫruailliú íoṁ-áġṫaċ, agus ar ḋrúis, agus ar ḟeóil ṫaċtaiṫe, agus ar ḟuil.

21 Óir tá ag Maois, ó’n seanaimsir, i ngaċ caṫair, daoine ċun é ḋ’ḟógairt ins na sinagógaiḃ, mar a léigtear é gaċ sabbóid.

22 Ansan do ṡocaruiġ na h-Aspuil agus na seanóiri agus an eaglais go léir ais go gcurfí go h-Antioċ, i n-aonḟeaċt le Pól agus le Barnabas, Iúdás ar a dtugcí Barnabas, agus Sílas, fir ṫosaiġ imeasg na mbráiṫre,

23 Agus go gcurfi an sgríḃinn seo ar a láṁaiḃ: “Ó sna h-Aspuil, agus ó sna seanóirí, na bráiṫre, ċun na mbráṫar ngeinteaċ atá i n-Antioċ agus i Siria agus i gCilicia, ag beannúġaḋ ḋóiḃ.

24 Toisg gur airíġeamair go ndeaġaiḋ daoine amaċ uainne agus gur ċuireadar buaireaṁ oraiḃse, ag suaṫaḋ ḃur n-aigne le neiṫiḃ nár órduiġeamairne,

25 Do ṫánamair i ḃfoċair a ċéile agus do socaruíġeamair ar ḟearaiḃ do ṫoġa agus do ċur ċúġaiḃ i n-aonḟeaċt le n-ár gcáirdiḃ ionṁuine Barnabas agus Pól,

26 Fir a ṫug a n-anam ar son ainime ár dTiġearna Íosa Críost.

27 Tá curṫa uainn againn, d’á ḃríġ sin, Iúdás agus Sílas agus neosfaid siad san daoiḃ ó ḃéal, na neiṫe céadna.

28 Is toil leis an Spioraid Naoṁ agus linne gan a ṫuille ualaiġ do ċur oraiḃse aċ an méid seo atá riaċtanaċ .i.,

29 Ná h-íosfaiḋ siḃ neiṫe do h-íḋbreaḋ d’íoṁáġṫiḃ, ná fuil, na feóil a taċtaḋ, agus go staonfaiḋ siḃ ó ḋrúis. Má ḋéineann siḃ an méid sin beiḋ an sgéal go maiṫ agaiḃ. Slán liḃ.”

30 Ansan do cuireaḋ iad-san ċun siuḃail agus ċuadar síos go h-Antioċ, agus ċruinníġeadar an pobul agus ṫugadar uaṫa an sgríḃinn,

31 Agus nuair a léiġeaḋ é ḃí áṫas orṫa mar ġeall ar an sólás.

32 Aċ fáiḋí ab eaḋ Iúdás agus Sílas féin agus deineadar mórán cainnte leis na bráiṫriḃ agus ṫugadar mórán sólás dóiḃ agus mórán misniġ.

33 Ansan d’ḟanadar ann rainnt aimsire agus ’n-a ḋiaiḋ san do ċuir na bráiṫre ċun siuḃail iad go síoṫaċ ag triall ar an muinntir á ċuir uaṫa iad.

34 Aċ do ṡocaruiġ Sílas ar ḟanṁaint ann agus ċuaiḋ Iúdás i n’aonar ṫar n-air go Ierúsalem.

35 agus d’ḟan Pól agus Barnabas i n-Antioċ, ag teagasg agus ag craoḃsgaoile bréiṫir an Tiġearna, mar aon le mórán eile daoine.

36 Ansan, tar éis rainnt laeṫanta duḃairt Pól le Barnabas: Iompuiġmís agus tugaimís cuaird ar na bráiṫriḃ, tré sna caṫraċaiḃ go léir ionar ċraoḃsgaoileamair briaṫar an Tiġearna, féaċaint conas atá an sgéal acu.

37 Aċ ba ṁian le Barnabas Eóin, ar a dtugtí Marcus, do ḃreiṫ leis.

38 Duḃairt Pól, áṁṫaċ, nár ċeart dóiḃ an duine sin a ġlacaḋ, (mar gur imṫiġ sé uaṫa i bPamṗilia agus nár ċuaid sé sa n-obair leó).

39 Agus ḃí easaontaċt ann i dtreó gur sgaradar le n-a ċéile, agus ċuaiḋ Barnabas ar luing go Cuprus agus do rug sé Marcus leis.

40 Agus do rug Pól Sílas leis agus ġluais sé ċun siúḃail, agus ċuir na braiṫre fé ċomairċe ġrásta Dé é.

41 Agus ṡiúḃluiġ sé Siria agus Cilicia, ag ċur misniġ ar na h-eagailsíḃ, agus ’ġá ráḋ leó aiṫeanta na h-Aspol agus na seanóirí do ċimeád.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan