Gníoṁarṫa 13 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XIII. Saul agus Barnabas d’á gcur amaċ ag an Spioraid Naoṁ. Seanmóiniú acu ’a ḋéanaṁ i gCuprus agus i n-Antioċ Ṗisidia. 1 Aċ ḃí sa n-eaglais, a ḃí i n-Antioċ fáiḋí agus teagasgóirí, ar a raiḃ Barnabas agus Símón, ar a dtugtí Símón Duḃ, agus Lúcius an Curénaċ agus Manaċen, cóṁḋalta Héróid an tetrarc, agus Saul. 2 Agus ḃíodar ag déanaṁ gnóṫa an Tiġearna agus ag déanaṁ trosgaiḋ agus duḃairt an Spioraid Naoṁ leó: Deiġliġiḋ ċuġam Saul agus Barnabas ċun na h-oibre d’á ḃfuilid glacaiṫe agam. 3 Ansan do ḋeineadar trosgaḋ agus úrnuiġṫe agus ċuireadar a láṁa orṫa-san agus ċuireadar ċun súḃail iad. 4 Agus fé ṡeólaḋ an Spioraid Naoiṁ ċuadar-san go Seleúcia, agus as san, ar faraige, go Cuprus 5 Agus nuair a ṫánadar go Salamis ḃíodar ag craoḃsgoile bréiṫir Dé i sinagógaiḃ na n-Iúdaċ. Agus ḃí Eóin acu sa tseirḃís, leis. 6 Agus nuair a ḃí an t-oileán go léir siúḃalta acu ċóṁ fada le Paṗos, fuaradar draoi áiriṫe, fáiḋ fallsa, Iúdaċ gur ḃ’ainim dó Bar-Iésus. 7 Agus ḃí sé i ḃfoċair an ṗróċonsuil, Sergius Paulus, fear ciallṁar. Ċuir sé sin fios ar Ḃarnabas agus ar Ṡaul mar ba ṁian leis briaṫar Dé do ċloisint. 8 Aċ ḃí Elimas, an draoi, (óir is mar sin a míniġṫear a ainim) ag cur ’n-a gcoinniḃ, a d’iarraiḋ an próċonsuil d’iompáil ó’n gcreideaṁ. 9 Aċ ḃí Saul, (tá Pól mar ainm air leis), lán de’n Spioraid Naoṁ, agus d’ḟéaċ sé air 10 Agus duḃairt sé: Ó a ḟir atá lán de gaċ feall agus de gaċ éiṫeaċ, a ṁic an diaḃail a naṁaid gaċ cirt, ná stadfair de ṡliġṫiḃ díreaċa an Tiġearna do ċur bun os cionn? 11 Aċ féaċ siné láṁ an Tiġearna anois ort, agus beiḋ tú ad ḋall, agus ní ḟeicfir an ġrian, go ceann tamaill. Agus le n-a linn sin do ṫuit sgamall air agus doirċeaċt, agus ḃí sé ag cuardaċ ’n-a ṫímpall féaċaint an ḃfaġad sé duine ṫaḃarfaḋ a láṁ dó. 12 Ansan nuair a ċonnaic an próċonsul an níd sin do ḋein sé iongna de ṫeagasg an Tiġearna agus do ċrieid sé. 13 Agus ċuaiḋ Pól agus a ṁuinntir, ar luing, ó Ṗaṗos go Pergé i bPamṗilia. Aċ d’imṫiġ Eóin uaṫa agus d’ḟill sé go Ierúsalem. 14 Aċ do ċuaiḋ an ċuid eile ar aġaiḋ tré Ṗergé agus ṫánadar go h-Antioċ i bPisidia agus ċuadar isteaċ sa tsinagóig lá na sabbóide agus ṡuiḋeadar ann. 15 Agus nuair a ḃí léiġead na dlíġe agus na ḃfáiḋ déanta ċuir uaċtaráin na sinagóige teaċtaireaċt ċúċa ’ġá ráḋ: A ḟeara, a ḃráiṫre, má tá agaiḃ aon ċainnt ṫeagaisg do’n ṗobul abraiḋ í. 16 Ansan d’eiriġ Pól agus ḃagair sé ciúnas le n-a láiṁ agus duḃairt sé: A ḟeara de ṡlioċt Israéil, agus siḃse go ḃfuil eagla Dé oraiḃ éistiḋ liom! 17 Do ṫoiġ Dia an tsleaċta so Israéil ár n-aiṫreaċa agus d’árduiġ sé an pobul nuair a ḃíodar ’n-a gcóṁnuiġe i dtalaṁ na h-Éigipte agus ṫug se amaċ as an áit sin iad le láim ċóṁaċtaċ. 18 Agus ċuir sé suas le n-a mbéasaiḃ ar feaḋ daċad blian sa ḃfásaċ. 19 Agus d’ídiġ sé seaċt gcineaċa i dtalaṁ Ċanaan agus do rainn sé orṫa-san a gcuid tailiṁ á ċur ar ċrannaiḃ. 20 Agus ’n-a ḋiaiḋ san, tímpall ċeiṫre ċéad agus caogad blian, ṫug sé breiṫeaṁain dóiḃ, go dtí Samuél fáiḋ. 21 Ansan d’iarradar rí agus ṫug Dia ḋóiḃ Saul mac Ċis, fear de ṫreiḃ Ḃeniamin, ar feaḋ daċad blian. 22 Ansan do ċuir sé an fear san i leiṫ taoiḃ agus ṫóg sé suas ċúċa Dáiḃid ’n-a rí, agus ṫug sé teistiméireaċt air nuair a duḃairt sé: Tá Dáiḃid mac Iesse fáġalta agam, fear do réir mo ċroiḋe féin, fear a ċóṁlíonfaiḋ gaċ níḋ is toil liom. 23 A’ síol an ḟir sin, do réir na geallaṁna, tá Slánuiġṫeóir taḃarṫa ag Dia d’Israél, ’sé sin Íosa. 24 Agus roime n-a ṫeaċt san do ċraoḃsgaoil Eóin ḃaiste ċun aiṫríġe do ṗobul Israéil go léir. 25 Agus nuair a ḃi Eóin ag cóṁlíonaḋ a ċuarda duḃairt sé: Ni mise an t-é is dóiġ liḃ is mé, aċ féaċ tá ag teaċt am ḋiaiḋ an t-é naċ fiú mé bróga a ċos do sgaoile. 26 A ḟeara, a ḃráiṫre, a ṡlioċt sleaċta Ábrahaim, agus an méid agaiḃ ar a ḃfuil eagla Dé, is ag triall oraiḃse do cuireaḋ briaṫar an tslánuiġṫe seo! 27 Óir níor aiṫın muinntir Ierúsalem é, agus níor aiṫin uaisle Ierúsalem é, ná guṫana na ḃfáiḋ, bíoḋ go léiġtear iad gaċ sabbóid, agus ṫugadar breiṫ air agus ċóṁlíonadar guṫana na ḃfáiḋ. 28 Agus bíoḋ ná fuaradar aon ċoir ann d’iarradar ar Ṗílát go leogfí ḋóiḃ é ċur ċun báis. 29 Agus nuair a ḃí gaċ níḋ d’á raiḃ sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ cóṁlíonta acu ṫógadar anuas de’n aḋmad é agus ċuireadar i leaċt é. 30 Aċ do ṫóg Dia ós na mairḃ é an treas lá, 31 agus ḃí sé d’á ḟeiscint ar feaḋ mórán laeṫanta ag an muinntir a ṫáinig le n-a ċois ó Ġaililí go Ierúsalem, agus atá go dtí anois ’n-a ḃfínniṫe dó i láṫair daoine. 32 Agus táimíd ’á ċur i n-iúil daoiḃse cad í an ġeallaṁaint a tugaḋ d’ár n-aiṫreaċaiḃ, 33 Agus conus mar atá an ġeallaṁaint sin cóṁlíonta ag Dia d’ár slioċt, mar gur aiṫḃeóḋaiġ sé Íosa, do réir mar atá sgríoḃṫa sa tarna sailm: Is tusa mo ṁac, do ġeineas-sa ṫu an lá so. 34 Aċ i dtaoḃ a ṫógáilt ós na mairḃ gan casaḋ aige airís ar ċlaoċlóḃ, duḃairt sé mar seo: Taḃarfad daoiḃ na neiṫe naoṁṫa dílse is le Dáiḃid. 35 Agus is uime sin a deir sé i n-áit eile mar an gcéadna: “Ní ċeadóċair do t’ Aon Naoṁṫa claoċlóḋ a ḋ’ḟeiscint.” 36 Óir, nuair a ḃí a ġnó déanta ag Dáiḃid, do réir ṫoile Dé, ’n-a ġeinealaċ féin, do ċodail sé agus do cuireaḋ i dteannta a aiṫreaċa é, agus ċonnaic sé claoċlóḋ. 37 Aċ an t-é a ṫóg Dia ós na mairḃ ní ḟeacaiḋ sé claoċlóḋ. 38 Bíod a ḟios agaiḃ, dá ḃríġ sin, a ḟeara a ḃráiṫre, gur tríd sin a fógartar daoiḃre maiṫeaṁnaċas peacaí, agus (fuasgailt) ós na neiṫe ná féadfaḋ fíoraontaċt a ṫaḃairt daoiḃ i ndliġe Ṁaoise. 39 Sa duine seo ġeiḃeann gaċ aoinne, a ċreideann, fíoraontaċt. 40 Seaċnaiḋ, d’á ḃríġ sin, san a’ dtiocfaḋ oraiḃ an rud adeirtear ins na fáiḋiḃ: 41 Féaċaiḋ, a luċt an neaṁṡuime, agus deiniḋ iongna, agus éagaiḋ, óir tá obair agamsa d’á oibiriú i nḃúr laeṫiḃse, obair ná creidfiḋ siḃse, má ínnseann aoinne ḋaoiḃ é. 42 Agus nuair a ḃíodar ag imṫeaċt amaċ d’iarradar orṫa an ċainnt sin do laḃairt leó sa tsabbóid a ḃí ċuġainn. 43 Agus nuair a dísgaoileaḋ an tsinagóg, do lean a lán de sna Iúdaíġ, agus de sna daoine iasaċta ḃí diaḋa, Pól agus Barnabas, agus do ċaḃruiġeadar-san leó agus ċóṁairliġeadar dóiḃ leanṁaint i ngnásta Dé. 44 An tsabbóid a ḃí ċuġainn ṫáinig an ċaṫair go léir, náċ mór, ċun éisteaċt le briaṫar Dé. 45 Ansan nuair a ċonnaic na Iúdaíġ na sluaiġte do líonadar d’ḟormad agus ḃiodar ag bréagnú na cainnte a deireaḋ Pól, go diaṁasluiġṫeaċ. 46 Ansan duḃairt Pól agus Barnabas, go dána: is liḃse nár ḃfoláir dúinn briaṫar Dé do laḃairt an dtúis; aċ ó ḋiúltuiġeann siḃ dó, agus nác fiú siḃ, do réir ḃúr mbreiṫe féin, beaṫa ṡioruiḋe ḋ’ḟáġail, táimídne, féac, ag iompáil ċun na ngeinte. 47 Óir seo mar a d’órduiġ an Tiġearna ḋúinn: Ċuireas tu mar solus do sna geintiḃ, ionus go mbeiṫeá ad áḋḃar slánuiġṫe go dtí imeall an doṁain. 48 Nuair airiġ na geinte an níḋ sin ḃí áṫas orṫa agus ḃíodar ag taḃairt glóire do ḃriaṫar Dé, agus do ċreid an méid acu a ḃí roiṁ-órḋuiġṫe ċun na ḃeaṫa síoruiḋe. 49 Agus do leaṫad briaṫar an Tiġearna tríd an ndúṫaiġ go léir. 50 Aċ do ṡéid na Iúdaíġ fé sna mnáiḃ diaḋa onóraċa agus fé uaisiḃ na caṫaraċ agus ṁúsgladar géareanṁaint ar Ṗól agus ar Ḃarnabas agus ċomáineadar as an dtír iad. 51 Agus ḋeineadar-san ceó a gcos do ċroṫaḋ ’n-a gcoinniḃ agus ṫánadar go h-Icónium. 52 Agus do líonad na deisgiobuil le sólás agus leis an Spioraid Naoṁ. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society