Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 11 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XI. Peadar ġá ṫaisbeáint go raiḃ an ceart aige ’á ḋéanaṁ nuair a ḃí sé ag glacaḋ na ngeinte isteaċ sa n-Eaglais. Iompóḋ a lán i n-Antioċ.

1 Agus d’airiġ na h-Aspoil agus na bráiṫre a ḃí i n-Iúdaéa gur ġlac na geinte, leis, briaṫar Dé.

2 Ansan nuair a ċuaiḋ Peadar suas go Ierúsalem ḃí luċt an tímpallġearrṫa ag aiġneas leis,

3 Agus deiridís: Cad ċuige ḋuit dul ameasg daoine gan tímpallġearraḋ orṫa agus bia ċaiṫeaṁ ’n-a ḃfoċair?

4 Agus ṫusnuiġ Peadar agus d’innis sé an sgéal dóiḃ tríd síos, mar seo

5 Ḃíos i gcaṫair Ioppé ag déanaṁ urnuiġṫe agus ṫáinig táṁnéal orm agus ċonnac aisling, árṫaċ mar ḃeaḋ bairlín ṁór d’á leigint anuas as na flaṫais le n-a ċeiṫre cúinníḃ, agus ṫáinig an ḃairlín am’ aice.

6 Agus d’ḟéaċas isteaċ inti ’ġá ḃreiṫniú agus ċonnac ainiṁiġṫe ċeiṫre gcos an doṁain agus beiṫiḋiġ agus piastaí agus éanlaiṫe an aéir.

7 Ansan d’airíġeas guṫ ’ġá ráḋ liom: Eiriġ, a Ṗeadair, mairḃ agus iṫ!

8 Agus duḃart: Ní ḋéanfad, a Ṫiġearna, óir níor ċuaiḋ bia coitċian ná ḃia neaṁġlan am béalsa riaṁ fós.

9 Agus d’ḟreagair an guṫ as na flaṫais an tarna h-uair: An níḋ a ġlan Dia, ná taḃairse coitċian air!

10 Do deineaḋ an méid sin trí h-uaire as a ċéile agus ansan do tógaḋ na neiṫe go léir suas ins na flaṫais airís.

11 Agus le n-a linn sin siúd ag an dtiġ ’na raḃas triúr fear a cuireaḋ ag triall orm a’ Caesaréa.

12 Agus duḃairt an Spioraid Naoṁ liom dul leó gan ċeist orm. Agus ċuaid an seisear bráṫar so le m’ċois, agus ċuamair isteaċ i dtiġ an ḟir.

13 Ansan d’innis seisean dúinn conus mar a ċonnaic sé, ’n-a ṫiġ féin, aingeal ’n-a ṡeasaṁ, agus go nduḃairt an t-aingeal leis: Cuir fios go Ioppé ar Ṡímón ar a dtugtar Peadar,

14 Agus laḃarfaiḋ sé leat cainnt a ṡaorfaiḋ ṫu féin agus do ṫeaġlaċ go léir.

15 Ansan nuair a ṫurnuiġeas ar ċainnt do ṫúirling an Spioraid Naoṁ orṫa fé mar a ṫúirling sé orainne i dtusaċ.

16 Agus ċuiṁniġeas ar ḟocal an Tiġearna, mar aduḃairt sé: Ḋein Eóin baiste le h-uisge aċ baistfar siḃse leis an Spioraid Naoṁ.

17 Dá ḃríġ sin, ma ṫug Dia ḋóiḃsin an grásta céadna a ṫug-sé ḋúinne nuair a ċreideamair sa Tiġearna Íosa Críost; cia’r ḃ’é mise go ḃféadfainn cosg a ċur le Dia?

18 Nuair airiġdar an méid sin d’éisteadar, agus ṫugadar glóire do Ḋia agus duḃradar: Seaḋ aċ tá aiṫríġe ċun na beaṫa taḃarṫa ag Dia do sna geintiḃ féin

19 Agus na daoine úd a sgaipeaḋ mar ġeall ar an dtrioblóid i dtaoḃ Stioṗain do siuḃladar ċóṁ fada le Ṗoenicé agus le Cuprus agus le h-Antioċ, gan an focal do laḃairt le h-aoinne aċ le Iúdaíġ aṁáin.

20 Aċ ḃí cuid acu agus Cupriánaiġ ab eaḋ iad agus Curénéaċa, agus nuair a ċuadar isteaċ i n-Antioċ ḃídís ag cainnt leis na Gréagaiġ féin ag taḃairt eóluis ar an dTiġearna Íosa dóiḃ.

21 Agus ḃí láṁ Dé leó agus do h-iompuiġeaḋ cuid ṁór daoine ċun creidiṁ an Tiġearna.

22 Ansan do ṫáinig tuairisg na neiṫe sin ċun a gcluas do luċt na h-eagailse a ḃí i n-Ierúsalem agus ċuireadar Barnabas go h-Antioċ.

23 Ṫainig sé agus ċonnaic sé an grásta ó Ḋia agus ḃí áṫas mór air agus ṫug sé cóṁairle do sna daoine go léir ḃeiṫ seasaṁaċ ’n-a gcroiḋe agus leanṁaint do’n Tiġearna.

24 Óir fear fóġanta b’eaḋ é a ḃí lán de’n Spioraid Naoṁ, agus de ċreideaṁ. Agus do tugaḋ cuid ṁór daoine ċun an Tiġearna.

25 Ansan do ċuaiḋ Barnabas go Tarsus ag lorg Saul agus nuair a fuair sé é ṫuġ sé leis go h-Antioċ é.

26 Agus ṫugadar bliain iomlán i gcóṁluadar na h-eagailse ann, agus ḋeineadar poḃal mór do ṫeagasg, i dtreó gur i n-Antioċ a tugaḋ ar dtúis Críostaiḋṫe ar na deisgiobuil.

27 Agus ins na laeṫiḃ sin do ṫáinig fáiḋí ó Ierúsalem go h-Antioċ.

28 Agus d’eiriġ duine acu san d’ár ḃ’ ainim Agabus agus ṫug sé le tuisgint, ó’n spioraid, go raiḃ gorta mór le teaċt ar an saoġal go léir, agus do ṫáinig san fé Claudius.

29 Agus do ḃeartuiġ na deisgiobuil, gaċ aoinne do réir a ġustail, caḃair a ċur ag triall ar na bráiṫre a ḃí ’n-a gcóṁnuiġe i nIúdaéa.

30 Agus ḋeineadar san. Ċuireádar an ċaḃair ċun na seanóirí le Barnabas agus le Saul.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan