Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 1 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL I. Deasgaḃáil Ċríost. Maitias dá ṫoġaḋ i n-inead Iúdáis.

1 Do ḋeineas an ċéad ċainnt, a Ṫeoṗiluis, ar na neiṫiḃ go léir a ṫusnuiġ Íosa ar ḋéanaṁ agus ar ṫeaġasg,

2 Go dtí an lá nar deasgaḃálaḋ é tar éis a aiṫeanta ṫaḃairt do sna h-Aspolaiḃ a ṫoiġ sé, tríd an Spioraid Naoṁ.

3 Agus tar éis é féin a ṫaisbeáint beó ḋóiḃ i ndiaiḋ a ṗáise, le mórán deasḃuiṫe, i gcaiṫeaṁ daċad lá, ’ġá ṫaḃairt féin le feisgint dóiḃ agus ag laḃairt leó ar ríġeaċt Dé.

4 Agus d’iṫ sé bia ’n-a dteannta agus d’órduiġ sé ḋóiḃ gan imṫeaċt a’ Ierúsalem aċ fanṁainṫ le geallṁaint an Aṫar, an ġeallṁaint, (ar seisean) a ċloiseaḃair ó m’ béal-sa:

5 Gur ḋein Eóin baiste le h-uisge aċ go ndéanfar siḃse do ḃaiste leis an Spioraid Naoṁ laistiġ de ḃeagán laeṫanta.

6 Agus an méid a ḃí i ḃfoċair a ċéile ḋíoḃ do ċuireadar ceist ċuige agus duḃradar: A Ṫiġearna, an sa n-aimsir seo a ṫaḃarfair an ríġeaċt ṫar n-ais d’Israél?

7 Aċ duḃairt sé leó: Ní h-agaiḃse atá fios d’ḟáġail ar na h-aimsiriḃ ’ná ar na tráṫanaiḃ a ċimeád an t-Aṫair fé n-a ċóṁaċt féin.

8 Aċ glacfaiḋ siḃ neart an Spioraid Naoiṁ ag túirliocan ionaiḃ, agus beiḋ siḃ i nḃúr luċt fiadnaise ḋóṁsa i n-Ierúsalem agus i n-Iudéa go léir agus i Samaría, agus go h-imeall an doṁain ar fad.

9 Agus nuair a ḃí an ċainnt sin ráiḋte aige do tógaḋ suas é os cómair a súl agus do ġlac sgamall as a raḋarc é.

10 Agus an ḟaid a ḃíodar ag féaċaint air agus é ag imṫeaċt suas an neaṁ, féaċ, ḃí beirt ḟear ’n-a seasaṁ ’n-a n-aice agus éadaċ geal orṫa, Agur duḃradar:

11 A ḟeara Ġaililiaċa, cad ad áil liḃ i nḃúr seasaṁ ag féaċaint suas ċun neiṁe? Íosa so atá tógta suas ar neaṁ uaiḃ, tiocfaiḋ sé ar an gcuma gcéadna, fé mar a ċonacaḃair ag dul suas ar neaṁ é.

12 Ansan do ṫánadar ṫar n-ais go Ierúsalem ó’n gcnuc ar a dtugtar Oliḃet, cnoc atá i ngiorraċt siuḃal lae sabbóide do Ierúsalem.

13 Agus nuair a ṫánadar isteaċ ċuadar suas go dtí an seómra uaċtáraċ mar a raiḃ Peadar agus Eóin ag fanṁaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alṗéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis.

14 Ḃíodar san go léir ag leanṁaint do ṫoil a ċéile i n-úrnuiġṫe mar aon leir na mnáiḃ agus le Muire Máṫair Íosa agus le n-a ḃráiṫriḃ.

15 Ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar ameasg na mbráiṫre agus duḃairt sé (agus ḃí tímpall le céad agus fiċe duine cruinniġṫe ann):

16 A ḟeara, a ḃráiṫre, ní foláir cóṁlíonaḋ an Scriptiúra do ṫargair an Spioraid Naoṁ tré ḃéal Dáiḃid i dtaoḃ Iúdáis, an fear a ṫreóruiġ an ṁuinntir a ġaiḃ Íosa,

17 an fear a h áiriṁeaḋ orainne agus go raiḃ páirt aige sa t-seirḃís seo.

18 Do fuair an fear san talaṁ le tuarasdal a ḋroċ-ġníṁ, agus do croċaḋ é agus do sgoilt air ’n-a lár agus do ṫuit na h-inní go léir amaċ as.

19 Agus ṫáinig fios an níḋ sin d’á ḃfuil de ḋaoine i n-Ierúsalem, i dtreó gur tugaḋ ar an bpáirc sin, ’n-a dteangain sin, “Haceldama,” ’sé sin; páirc na fola.

20 Agus tá sgríoḃṫa i leaḃar na Salm: “Deintear fásaċ d’á n-áit cóṁnuiġṫe, agus ná bíoḋ duine a ḋéanfaiḋ cómnuiġe ann,” agus, “Tugtar a ċaṫaoír easboig do ḋuine eile.”

21 Ní foláir d’á ḃríġ sin, as na fearaiḃ seo atá i gcóṁluadar linne i gcaiteaṁ na h-aimsire go léir ’na raiḃ an Tiġearna Íosa isteaċ agus amaċ i n-ár measg,

22 Ag tusnú ó’n mbaiste a ḋein Eóin go dtí an lá do tógaḋ suas uainn é, duine acu san do ḃeiṫ i n’fínné ar a aiseiriġe i n-aonḟeaċt linne.

23 Ansan do ṡocaruiġdar ar ḃeirt, ar Ióseṗ ar a dtugtí Barsabas agus go mba ṡloinne ḋó Iústus. agus ar Ṁaitias.

24 Agus ḋeineadar úrnuiġṫe agus duḃriadar: Déinse, a Ṫiġearna, ó’s agat atá fios croiḋe gaċ duine, a ṫaisbeáint cia’cu de’n ḃeirt seo is roga leat,

25 Ċun go nglacfaḋ sé an t-inead seirḃíse agus aspolaċta so do ċaill Iúdás, ionus go raġaḋ sé i n’ áit féin.

26 Ansan do ċuireadar ar ċrannaiḃ dóiḃ é, agus do ṫuit an crann ar Ṁaitias agus do h-áiriṁeaḋ é i dteannta an aoinnedéag Aspol.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan