Eoin 9 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL IX. Raḋarc ag Críost ’á ṫaḃairt do’n duine do rugaḋ ’n-a ḋall. 1 Agus ag gaḃáil na slíġe ḋó do ċonaic Íosa duine a ḃí ’n-a ḋall, agus gur dall a rugaḋ é. 2 Agus d’ḟiafraiġ a ḋeisgiobuil de: a Rabbí, cé’cu a ḋein peaca, é seo nó a aṫair ’s a ṁáṫair, treás gur rugaḋ ’n-a ḋall é? 3 D’ḟreagair Íosa: Níor ṗeacaiġ sé seo ná a aṫair ná a ṁáṫair; aċ ċun go dtaisbeánfaí oibreaċa Dé ann. 4 Tá orm-sa oibreaċa an t-é a ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ an ḟaid atá an lá ann; tá an oiḋċe ag teaċt nuair náċ féidir d’aoinne obair a ḋéanaṁ. 5 An ḟaid atáim ar an saoġal is mé solus an tsaoġail. 6 Nuair aduḃairt sé an ċaint sin do ċuir sé seile ar an dtalaṁ, agus ḋéin sé laṫaċ leis an seile, agus ċimil sé an laṫaċ de ṡúiliḃ an daill, 7 Agus duḃairt sé leis: Imṫiġ agus niġ i loċán Silóé, (a míníġṫear: Teaċtaire). D’imṫiġ sé agus do niġ, agus ṫáinig sé ṫar n-ais agus raḋarc aige. 8 Ansan duḃairt a ċóṁarsain agus na daoine a ċonaic roimis sin é agus é a d’iarraiḋ déarca: Náċ é seo an fear a ḃíoḋ ’n-a ṡuiḋe ag lorg déarca? Agus duḃairt daoine: Isé é. 9 Duḃairt daoine eile, áṁṫaċ: Ní h-é é, aċ is cosṁail leis é. Aċ duḃairt an duine féin: Is mé é. 10 Agus duḃradar leis: Conus a h-osglaḋ do súile ḋuit? 11 D’ḟreagair sé: An fear san an a dtugtar Íosa, ḋein sé laṫaċ agus ċimil sé de m’ ṡúiliḃ é, agus duḃairt sé liom, Imṫiġ go loċán Silóé agus niġ. 12 Agus d’imṫiġeas, agus do níġeas, agus ċím. Agus duḃradar leis: Cá ḃfuil an fear san? Duḃairt seisean: Ní ḟeadar. 13 Ṫugadar ċun na ḃFairisíneaċ an fear a ḃí roiṁe sin ’n-a ḋall. 14 Agus sa tsabbóid ab eaḋ é nuair a ḋein Íosa an laṫaċ agus d’osgail sé súile an duine. 15 Agus airís d’ḟiafraiġ na Fairisíniġ dé conus a fuair sé a raḋarc. Agus duḃairt seisean leó: Ċuir sé laṫaċ ar mo ṡúiliḃ, agus do níġeas iad, agus ċím. 16 Agus duḃairt cuid de sna Fairisíniġ; Ní h-ó Ḋia an fear so ná coimeádann an tsabbóid. Agus duḃairt tuille acu: Conus is féidir do ḋuine ṗeacaṁail na mírḃúiltí seo déanaṁ? Agus ḃí siosma eatarṫa. 17 Agus duḃradar airís leis an ndall: Cad deirir-se leis an t-é sin a ḋ’osgail do ṡúile? Duḃairt seisean: Fáiḋ iseaḋ é. 18 Agus níor ċreid na Iúdaiġ go raiḃ sé ’n-a ḋall agus go ḃfuair sé a raḋarc, go dtí gur ġlaoḋadar ar aṫair agus ar ṁáṫair an t-é sin go raiḃ a raḋarc fáġalta aige. 19 Agus ċeistiġeadar iad, agus duḃradar: An é seo ḃúr mac adeir siḃ a rugaḋ ’n-a ḋall? Conus a ṫárla go ḃfuil raḋarc anois aige? 20 D’ḟreagair aṫair agus máṫair an ḟir iad, agus duḃradar: Tá ḟios againn gur mac dúinn é seo, agus gur dall a rugaḋ é; 21 Aċ ċonus do ṫárla raḋarc a ḃeiṫ anois aige ní h-eól dúinn, ná ní h-eól dúinn cé ḋ’osgail a ṡúile; fiafraiġiḋ de féin é; tá aos aige; laḃraḋ sé féin air féin. 22 Duḃairt an t-aṫair agus an ṁáṫair na neiṫe sin mar ḃí eagla na n-Iúdaċ orṫa, óir ḃí socair ag na Iúdaiġ an uair sin, aoinne a déarfaḋ gur ḃ’ é Críost é, é ċur amaċ as an sinagóig. 23 Mar ġeall air sin iseaḋ aduḃairt an t-aṫair agus an máṫair, Tá aos aige, deiniḋ é féin do ċeistiú. 24 Ansan do ġlaoḋadar airís ar an nduine a ḃí ’n-a ḋall, agus duḃradar leis: Taḃair glóire do Ḋia. Is eól dúinne gur peacaċ an duine sin. 25 Duḃairt seisean leó: Má’s peacaċ é ní ḟeadar-sa san. Tá ḟios agam aon níḋ aṁáin, go raḃas am’ ḋall agus go ḃfuil raḋarc anois agam. 26 Agus duḃradar-san leis: Cad a ḋein sé leat? Conus a ḋ’osgail sé do ṡuíle ḋuit? 27 D’ḟreagair sé iad: D’innseas ċeana ḋaoiḃ é agus d’aireaḃair mé. Cad ab áil liḃ ’ġá aireaċtaint airís? An aṁlaiḋ ba ṁaiṫ liḃ-se, leis, ḃeiṫ i nḃúr ndeisgiobuil aige? 28 Ansan do ṫugadar droċ-ċaint dó agus duḃradar: Bí-se ad’ deisgiobul aige; is do Ṁaois is deisgiobuil sinne. 29 Is eól dúinne gur laḃair Dia le Maois, aċ an fear so, ní h-eól dúinn cá dtáinig sé. 30 D’ḟreagair an fear agus duḃairt sé leó: Go deiṁin is iongantaċ an sgéal é sin, gan a ḟios a ḃeiṫ agaiḃ-se cá dtáinig sé, agus d’osgail sé mo ṡúile ḋóṁ-sa: 31 Tá ḟios againn, áṁṫac, ná h-éisteann Dia le luċt peacaí ḋéanaṁ; aċ má ṫugann duine onóir do Ḋia agus má ḋeineann sé toil Dé, éisteann Dia leis an nduine sin. 32 Níor h-airiġeaḋ riaṁ ó ṫusaċ an doṁain gur osgail aoinne a ṡúile do ḋuine a rugaḋ ’n-a ḋall. 33 Mura mbeaḋ gur ó Ḋia an duine seo ní ḟéadfaḋ sé aon níḋ a ḋéanaṁ. 34 D’ḟreagradar agus duḃradar leis: I bpeacaíḃ a geineaḋ tu ar fad, agus an ndeineann tú sinne do ṫeagasg? Agus do ċomáineadar amaċ é. 35 D’airiġ Íosa gur ċaiṫeadar amaċ é; agus nuair a fuair sé é duḃairt sé leis: An gcreideann tusa i Mac Dé? 36 D’ḟreagair seisean agus duḃairt: Cé h-é sin, a Ṫiġearna, go gcreidead ann? 37 Agus duḃairt Íosa leis: Ċonaicís é, agus an t-é atá ag caint leat isé é. 38 Ansan duḃairt seisean: Creidim, a Ṫiġearna. Agus do ṡléaċt sé ḋó, ’ġá aḋraḋ. 39 Agus duḃairt Íosa: Ag taḃairt breiṫeaṁantais a ṫánag-sa ar an saoġal so; i dtreó go ḃfeicfeaḋ an ṁuintir ná feiceann, agus go ndallfaí an ṁuintir a ċíonn. 40 Agus d’airiġ cuid de sna Fairisíniġ a ḃí i n’ḟoċair é, agus duḃradar leis: An aṁlaiḋ atáimíd-ne dall, leis? 41 Duḃairt Íosa leó: Dá mbeaḋ siḃ dall ní ḃeaḋ peaca oraiḃ. Aċ anois abrann siḃ, Tá raḋarc againn: Leanann ḃúr bpeaca oraiḃ. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society