Eoin 8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL VIII. An ḃean a fuaraḋ ag déanaṁ aḋaltranais. Críost á ḋeiṁniú gur ceart a ṫeagasg. 1 Ansan do ċuaiḋ Íosa amaċ go cnoc Oliḃet. 2 Agus ṫáinig sé isteaċ sa teampul airís go moċ ar maidin, agus ṫáinig na daoine go léir ag triall air agus do ṡuiḋ sé agus ḃí sé ’ġá dteagasg. 3 Agus ṫug na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ leó bean gur rugaḋ uirṫi i n-aḋaltranas, agus ċuireadar ’n-a seasaṁ i láṫair í, 4 Agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, do rugaḋ ar an mnaoi seo anois agus í ag déanaṁ aḋaltranais. 5 Agus tá órduiġṫe ag Maois dúinn sa dlíġ a leiṫéid seo do ċur ċun báis le gaḃáil do ċloċaiḃ inti. Cad deirir-se? 6 Aċ ’ġá ṫriail iseaḋ a duḃradar an ċaint sin le h-ionaċus go ḃféadfaidís rud éigin a ċur ’n-a leiṫ. Agus do ċrom Íosa síos agus ḃí sé ag sgrí le n-a ṁéir ar an dtalaṁ. 7 Agus do leanadar ag cur na ceiste ċuige. Ansan d’eiriġ sé suas agus duḃairt sé leó: An duine agaiḃ atá gan ṗeaca caiṫeaḋ sé an ċéad ċloċ léi. 8 Agus do ċrom sé síos airís agus ḃí sé ag sgrí ar an dtalaṁ. 9 Nuair a ḋ’airiġeadar an focal d’imṫiġeadar ’n-a nduine ’s ’n-a nduine, na seanóirí ar dtúis; agus do fágaḋ Íosa i n’ aonar agus an ḃean ’n-a seasaṁ i láṫair. 10 Ansan d’eiriġ Íosa suas, agus duḃairt sé leis an mnaoi: A ḃean, cá ḃfuil na daoine a ḃí ag cur ad’ leiṫ? An aṁlaiḋ nár ḋaor aoinne ṫu? 11 Agus duḃairt sí: Níor ḋaor, a Ṫiġearna. Agus duḃairt Íosa: Ní ḋaorfad-sa ṫu aċ ċóṁ beag. Imṫiġ, agus as so amaċ ná dein an peaca airís. 12 Agus ansan do laḃair Íosa airís agus duḃairt sé: Mise solus an doṁain; an t-é a leanfaiḋ mé ní ṡiuḃlóċaiḋ sé sa doirċeaċt, aċ beiḋ aige solus na beaṫa. 13 Agus duḃairt na Fairisíniġ leis: Taoí-se ag déanaṁ fiaḋnaise ort féin; Ní’l t’ḟiaḋnaise fírinneaċ. 14 D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Bíoḋ go ḃfuilim-se ag déanaṁ fiaḋnaise orm féin tá m’ḟiaḋnaise fírinneaċ, óir is eól dom cá dtánag agus cá ḃfuilim ag dul; aċ ní h-eól daoiḃ-se cá dtánag ná cá ḃfuilim ag dul. 15 Tugann siḃ-se breiṫ do réir na feóla; ní ṫugaim-se breiṫ ar aoinne. 16 Agus má ḃeiriṁ-se breiṫ, tá mo ḃreiṫ fíor, óir ní h-am’ aonar atáim, aċ mé féin agus an t-é a ċuir uaiḋ mé, an t-Aṫair. 17 Agus tá sgríoḃṫa i nḃúr ndlíġ-se go ḃfuil fiaḋnaise ó ḃeirt fíor. 18 Is mise a ṫugann fiaḋnaise orm féin, agus tá an t-Aṫair, a ċuir uaiḋ mé, ag taḃairt fiaḋnaise orm. 19 Agus duḃradar leis: Cá ḃfuil t’Aṫair? Agus d’ḟreagair Íosa: Ní’l aiṫne agaiḃ orm-sa agus ní lúġa ’ná mar atá aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair; dá mbeaḋ aiṫne agaiḃ orm-sa ḃ’ḟéidir go mbeaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair, leis. 20 Do laḃair Íosa na focail sin i n-áit ċoimeádṫa an ċiste, agus é ag teagasg sa teampul; agus níor rug aoinne air, mar ní raiḃ a ṫráṫ tagaiṫe fós. 21 Agus duḃairt Íosa leó: Táim-se ag imṫeaċt, agus beiḋ siḃ-se a’m lorg, agus ġeoḃaiḋ siḃ bás i nḃúr bpeaca; an áit ’n-a ḃfuilim-se ag dul ní ḟéadfaiḋ siḃ-se teaċt ann. 22 Agus duḃairt na Iúdaiġ: An aṁlaiḋ a ṁarḃóċaiḋ sé é féin, go nduḃairt sé, An áit ’n-a ḃfuilim-se ag dul ní ḟéadfaiḋ siḃ-se teaċt ann? 23 Agus duḃairt sé leó: Ó’n áit ṫíos siḃ-se, ó’n áit ṫuas mise; de’n tsaoġal so siḃ-se, ní de’n tsaoġal so mise. 24 Uime sin aduḃart liḃ, ġeoḃaiḋ siḃ bás i nḃúr bpeacaíḃ; óir mura gcreidiḋ siḃ gur mise é ġeoḃaiḋ siḃ bás i nḃúr bpeaca. 25 Agus duḃradar leis: Cé h-é ṫu? Duḃairt Íosa leó: An Tusaċ, atá anois féin ag caint liḃ-se. 26 Tá a lán agam le ráḋ agus le breiṫniú i nḃúr dtaoḃ; aċ tá an t-é a ċuir uaiḋ mé fíor; agus na neiṫe a ḋ’airiġeas-sa uaiḋ siniad na neiṫe a laḃraim sa tsaoġal. 27 Agus níor ṫuigeadar go raiḃ sé ’ġá ráḋ gur ḃ’é Dia a Aṫair. 28 Agus duḃairt Íosa leó: Nuair a ḋ’árdóċaiḋ siḃ suas Mac an Duine, ansan iseaḋ ḃeiḋ ḟios agaiḃ gur mé é, agus ná deinim níḋ ar biṫ uaim féin, aċ gur fé mar a ṫeagaisg m’Aṫair dom a laḃraim na neiṫe seo. 29 Agus an t-é a ċuir uaiḋ mé tá sé am’ ḟoċair agus níor ḟág sé am’ aonar mé, óir deinim i gcóṁnuiġe na neiṫe a ṫaiṫneann leis. 30 Nuair a laḃair sé na neiṫe sin do ċreid a lán daoine ann. 31 Agus duḃairt Íosa leis na Iúdaiġ a ċreid ann: Má ḟanann siḃ ar mo ḃriaṫar is fíorḋeisgiobuil agam siḃ feasda; 32 Agus cuirfiḋ siḃ eólus ar an ḃfírinne, agus saorfaiḋ an ḟírinne siḃ. 33 D’ḟreagradar é: Is de ṡíol Ábrahaim sinn, agus ní raḃamair riaṁ i n-ár ndaoraiḃ ag aoinne; conus a deirir-se, Saorfar siḃ? 34 D’ḟreagair Íosa iad: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, gaċ aoinne a ḋeineann an peaca tá sé ’n-a ḋaor ag an bpeaca. 35 Ní ḟanann an daor sa teaġlaċ do ṡíor, áṁṫaċ; aċ fanann an mac sa teaġlaċ do ṡíor. 36 D’á ḃríġ sin, má ṡaorann an mac siḃ beiḋ siḃ saor dáiríriḃ. 37 Tá ḟios agam gur de ṡíol Ábrahaim siḃ. Aċ ní foláir liḃ mise ċur ċun báis, mar ní ḃfaġann mo ḃriaṫar slíġ ionaiḃ. 38 Laḃraim-se an níḋ a ċonac i ḃfoċair m’Aṫar; agus deineann siḃ-se neiṫe a ċonacaḃair i ḃfoċair ḃúr n-aṫar féin. 39 D’ḟreagradar agus duḃradar leis: Isé Ábraham ár n-aṫair-ne. Duḃairt Íosa leó: Má’s clann d’Ábraham siḃ deiniḋ oibreaċa Ábrahaim. 40 Aċ anois ní foláir siḃ mise ṁarbú, duine a laḃrann liḃ an ḟírinne a ḋ’airiġeas ó Ḋia; níor ḋein Ábraham san. 41 Deineann siḃ-se obair ḃúr n-aṫar féin. Agus duḃradar leis: Ní h-a’ drúis a geineaḋ sinne; tá aon aṫair aṁáin againn, Dia. 42 Ansan duḃairt Íosa leó: Dá mb’ é Dia ḃúr n-aṫair ḃeaḋ gráḋ agaiḃ dóṁ-sa; óir do ġluaiseas-sa ó Ḋia agus do ṫánag uaiḋ; óir ní h-uaim féin a ṫánag, aċ do ċuir seisean uaiḋ mé. 43 Cad ’n-a ṫaoḃ ná h-aiṫniġeann siḃ mo ċaint? Mar ní ḟéadann siḃ m’ urlaḃra d’aireaċtaint. 44 Is ó’n ndiaḃal, ḃúr n-aṫair, siḃ-se, agus isiad na neiṫe a ṫaiṫneann le nḃúr n-aṫair a ḋeineann siḃ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ é sin ó ṫusaċ, agus níor ṡeasaiṁ sé sa ḃfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a laḃrann sé an t-éiṫeaċ laḃrann sé an níḋ is leis féin, óir tugann sé an t-éiṫeaċ agus isé aṫair an éiṫiġ é. 45 Aċ nuair a ḋ’innsim-se an ḟírinne ní ċreideann siḃ mé. 46 Cé’cu agaiḃ a ċuirfiḋ peaca am’leiṫ? Má innsim an ḟírinne ḋaoiḃ cad ’n-a ṫaoḃ ná creideann siḃ mé? 47 An t-é is ó Ḋia éisteann sé le bréiṫriḃ Dé. Isé cúir ná h-éisteann siḃ-se leó mar ní h-ó Ḋia siḃ. 48 Agus d’ḟreagair na Iúdaiġ é agus duḃradar: Naċ maiṫ adeirimíd-ne é gur Samaritánaċ tusa agus go ḃfuil deaṁan ionat? 49 D’ḟreagair Íosa: Ní’l deaṁan ionam-sa, aċ tugaim onóir do m’Aṫair, agus tá easonóir taḃarṫa agaiḃ-se ḋóṁ-sa. 50 Aċ nílim-se ag lorg mo ġlóire féin; tá aon a loirgeann agus a ṫugann breiṫ. 51 Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, má ċoimeádann aon duine mo ḃriaṫar ní ḟeicfiḋ sé bás go deó. 52 Ansan duḃairt na Iúdaiġ: Tá ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionat. Tá Ábraham marḃ, agus na fáiḋe, agus deirir-se, Má ċoimeádann duine mo ḃriaṫar-sa ní ḃlaisfiḋ sé bás go deó. 53 An aṁlaiḋ is mó de ḋuine ṫusa ’ná ár n-aṫair Ábraham, atá tar éis ḃáis? Agus táid na fáiḋe tar éis ḃais. Cé h-é ṫusa, dar leat? 54 D’ḟreagair Íosa: Má ṫugaim-se glóire ḋom féin is neaṁníḋ mo ġlóire. Isé m’Aṫair a ṫugann glóire ḋom, an t-é a deir siḃ-se gur b’é ḃúr nDia é; 55 Agus ní’l aiṫne agaiḃ air; aċ tá aiṫne agam-sa air. Agus má deirim ná fuil aiṫne agam air beiḋ mé mar siḃ-se, ag rád an éiṫiġ. Aċ tá aiṫne agam air, agus táim ag cóṁlíonaḋ a ḃriaṫair. 56 Ba ṁór ag ḃúr n-aṫair Ábraham go ḃfeicfeaḋ sé mo lá-sa. Do ċonaic, agus ḃí áṫas air. 57 Ansan duḃairt na Iúdaiġ: Ní’l caogad blian d’aoís fós agat, agus ċonaicís Ábraham? 58 Agus duḃairt Íosa leó: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, táim-se ann ó roiṁ Ábraham a ḃeiṫ ann. 59 Ansan do ṫógadar na cloċa ċun iad do ċaiṫeaṁ leis; aċ do ċeil Íosa a ċló orṫa agus d’imṫiġ sé amaċ as an dteampul. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society