Eoin 7 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL VII. Téiġeann Críost suas ċun féile na dtabarnacul: tugann sé teagasg uaiḋ sa teampul. 1 I n-a ḋiaiḋ san do ṡiuḃluiġeaḋ Íosa sa Ġaililí, óir níor ḃ’áil leis siuḃal i nIúḋaéa toisg na Iúdaiġ a ḃeiṫ a d’iarraiḋ é ċur ċun báis. 2 Agus ḃí féile na n-Iúdaċ, féile na dtabarnacul, i n-aċmaireaċt. 3 Agus duḃairt a ḃráiṫre féin leis: Fág an áit seo agus eiriġ isteaċ i n-Iúdaéa i dtreó go ḃfeicfid do ḋeisgiobuil féin na gníoṁarṫa a ḋeineann tú. 4 Óir ní ḋeineann aoinne aon níḋ a gan ḟios agus é a d’iarraiḋ é féin a ḃeiṫ puibiliḋe; má deineann tú na neiṫe seo taisbeáin tu féin do’n doṁan. 5 Mar níor ċreid a ḃráiṫre féin ann. 6 Agus duḃairt Íosa leó: Níor ṫáinig mo ṫráṫ-sa fós; aċ tá ḃúr dtráṫ-sa ollaṁ i gcóṁnuiġe. 7 Ní féidir do’n tsaoġal fuaṫ a ṫaḃairt daoiḃ-se; tá fuaṫ aige ḋóṁ-sa, áṁ, mar tá fiaḋnaise agam ’á ḋéanaṁ ’n-a ṫaoḃ go ḃfuil a ġníoṁarṫa go h-olc. 8 Téiġiḋ-se suas ċun na féile seo, aċ ní’lim-se ag dul suas ċun na féile seo, mar ní’l m’aimsir tagaiṫe fós. 9 Nuair aduḃairt sé an méid sin d’ḟan sé féin i nGaililí. 10 Aċ nuair a ḃí a ḃráiṫre imṫiġṫe suas, ansan do ċuaiḋ sé féin suas ċun na féile, aċ níor ḃ’ós árd é, aċ aṁáin fé ċeilt ar ṡlíġ. 11 Agus ḃí na Iúdaiġ ’ġá lorg, lá na féile, agus deiridís: Cá ḃfuil sé siúd? 12 Agus ḃí gluaireán mór ameasg na ndaoine mar ġeall air. Cuid acu ’ġá ráḋ, Duine fóġanta iseaḋ é. Tuille acu ’ġá ráḋ, Ní h-eaḋ, aċ ag meallaḋ an ṗobuil iseaḋ atá sé. 13 Níor laḃair aoinne amaċ ’n-a ṫaoḃ áṁ, toisg eagla na n-Iúdaċ a ḃeiṫ orṫa. 14 Aċ tímpal meaḋon lae na féile ċuaiḋ Íosa suas isteaċ sa teampul agus ḃí sé ag teagasg. 15 Agus ḃí na Iúdaiġ ag déanaṁ iongna ḋe, agus deiridís: Cá ḃfuair sé seo an léiġeann a ḃeiṫ aige, agus nár ḟoġluim sé é? 16 D’ḟreagair Íosa iad agus duḃairt sé: An teagasg so a ṫugaim-se, ní liom é, aċ leis an t-é a ċuir uaiḋ mé. 17 Má’s mian le duine a ṫoil sin do ḋéanaṁ aiṫneócaiḋ sé i dtaoḃ an teagaisg, an ó Ḋia é, nó an uaim féin atáim ag caint. 18 An t-é a laḃrann uaiḋ féin, a ġlóire féin a loirgeann sé; aċ an t-é a loirgeann glóire an t-é a ċuir uaiḋ é, tá sé sin fírinneaċ agus ní’l éagcóir ann. 19 Nár ṫug Maois an dlíġ ḋaoiḃ-se, agus ní ċóṁlíonann aoinne agaiḃ an dlíġ? 20 Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ a d’iarraiḋ mé ċur ċun báis? D’ḟreagair an tsluaġ agus duḃradar: Deaṁan atá ionat; cia ’tá a d’iarraiḋ ṫú ċur ċun báis? 21 D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Ḋeineas aon obair aṁáin, agus tá iongna oraiḃ go léir. 22 Uime sin ṫug Maois an tímpal-ġearraḋ daoiḃ (ní gur ó Ṁaois é, aċ ó sna h-aiṫreaċaiḃ), agus deineann siḃ tímpal-ġearraḋ ar ḋuine sa tsabbóid. 23 Má ḋeineann siḃ tímpal-ġearraḋ sa tsabbóid i dtreó ná curfí dlíġ Ṁaoise ar neaṁníḋ, an ḃfuil fearg agaiḃ ċúġam-sa mar ġeall air gur ḋeineas an duine ar fad do leiġeas sa tsabbóid? 24 Ná tugaiḋ breiṫ do réir mar a ċítear, aċ tugaiḋ breiṫ ċeart. 25 Agus duḃairt cuid de ṁuintir Ierúsaleim: Nác é seo an t-é go ḃfuilid siad a d’iarraiḋ é ċur ċun báis? 26 Agus féaċ tá sé ag caint go puibiliḋe, agus ní deirid siad aon níḋ leis. An ḃfuil a ḟios go fíor ag na h-uaċtaráin gur b’é seo Críost? 27 Aċ tá aiṫne againn air seo, cá dtáinig sé; aċ Críost, nuair a ṫiocfaiḋ sé, ní h-eól d’aoinne cá h-áit gurab as é. 28 Ansan do laḃair Íosa do ġuṫ árd, agus é ag teagasg sa teampul, agus duḃairt sé: Tá aiṫne agaiḃ orm-sa agus is eol daoiḃ cár ab as mé; agus ní uaim féin a ṫánag; aċ tá an t-é a ċuir uaiḋ mé fíor, agus ni’l aiṫne agaiḃ-se air. 29 Tá aiṫne agam-sa air, mar is uaiḋ mé, agus isé féin a ċuir uaiḋ mé. 30 Ansan ḃíodar a d’iarraiḋ beirṫe air, aċ níor ċuir aoinne láṁ ann mar ní raiḃ a ṫráṫ tagaiṫe fós. 31 Do ċreid a lán de’n tsluaġ ann, áṁ, agus deiridís: Nuair a ṫiocfaiḋ Críost an ndéanfaiḋ sé níos mó mírḃúiltí ’ná mar a ḋeineann an duine seo? 32 D’airiġ na Fairisíniġ an tsluaġ ag cur ’s ag cúiteaṁ n-a ṫaoḃ ar an gcuma san, agus ċuir na h-uaċtaráin agus na Fairisíniġ oificeaċa ċun beirṫe air. 33 Agus duḃairt Íosa leó: Táim agaiḃ fós tamall beag aimsire; agus táim ag imṫeaċt ag triall ar an t-é a ċuir uaiḋ mé. 34 Beiḋ siḃ a’m lorg, agus ní ḃfaġaiḋ siḃ mé; agus an áit ’n-a ḃfuilim-se, ní féidir daoiḃ-se teaċt ann. 35 Agus duḃairt na Iúdaiġ eatarṫa féin: Cá ḃfuil sé seo ag dul agus ná faiġmíd é? An ag triall ar an muintir atá sgaipiṫe ameasg na ngeinte atá sé ag dul, ċun na ngeinte ṫeagasg? 36 Cad í an ċaint seo aduḃairt sé: Loirgeóċaiḋ siḃ mé agus ní ḃfaġaiḋ siḃ mé, agus an áit ’n-a ḃfuilim-se ní féidir daoiḃ-se teaċt ann? 37 Agus an lá deirineaċ, an lá mór d’aimsir na féile, bí Íosa ’n-a ṡeasaṁ agus é ag laḃairt go h-árd, agus deireaḋ sé: Má tá tart ar aoinne, tagaḋ sé ċuġam-sa agus ólaḋ sé. 38 An t-é a ċreideann ionam-sa, mar aduḃairt an Sgríḃinn: Ruiṫfiḋ as a ḃroinn sruṫana uisge beó. 39 Agus do laḃair sé an ċaint sin ar an Spioraid a ḃí le glacaḋ ag an muintir a ċreidfeaḋ ann; óir ḃí an Spioraid gan taḃairt fós, mar ḃí Íosa gan dul isteaċ ’n-a ġlóire fós. 40 Duḃairt daoine de’n tsluaġ, áṁ, nuair a ḋ’airiġeadar an ċaint sin uaiḋ: Isé seo an Fáiḋ gan aṁras. 41 Duḃairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus duḃairt raint acu: An ó Ġaililí atá Críost ag teaċt? 42 Ná deir an Sgríḃinn gur de ṡíol Dáiḃid, agus ó ḃaile Ḃetleheim, mar a raiḃ Dáiḃid, atá Críost ag teaċt? 43 Agus d’eiriġ aiġneas sa tsluaġ mar ġeall air. 44 Agus ba ṁian le cuid acu breiṫ air; aċ níor ċuir aoinne láṁ air. 45 Ansan ṫáinig na h-oificeaċa ag triall ar na h-árdṡagairt agus ar na Fairisíniġ agus duḃradar-san leó: Cad ’n-a ṫaoḃ nár ṫugaḃair liḃ é? 46 Agus duḃairt na h-oificeaċa leó: Níor laḃair aon duine riaṁ mar a laḃrann an duine seo. 47 Agus d’ḟreagair na Fairisíniġ: Ní h-éidir go ḃfuiltí-se meallta, leis? 48 An dóiġ go gcreideann aoinne de sna h-uaċtaránaiḃ nó de sna Fairisíniġ ann? 49 Aċ an tsluaġ so ná fuil eólus ar an ndlíġ acu, tá mallaċt orṫa. 50 Duḃairt Nicodémus leó, an fear úd a ṫáinig ċuige sa n-oiḋċe, mar duine acu ab eaḋ é: 51 An dtugann ár ndlíġ-ne breiṫ ar ḋuine gan a ḋ’aireaċtaint ar dtúis uaiḋ féin, agus a ḋ’aiṫint cad a ḋeineann sé? 52 D’ḟreagradar agus duḃradar leis: An aṁlaiḋ is Gaililiaċ tusa leis? Cuardaiġ an Sríḃinn, agus ċífir ná h-eiriġeann fáiḋ a’ Gaililí. 53 Ansan ċuaiḋ gaċ aoinne acu aḃaile ċun a ṫiġe féin. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society