Eoin 6 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL VI. Bia á ṫaḃairt ag Críost do ċúig ṁíle duine a’ ċúig bulógaiḃ. É ag siúḃal ar an ḃfaraige. É ag laḃairt ar arán na beaṫa. 1 Tar éis na neiṫe sin d’imṫiġ Íosa treasna mara Ġaililí, ’sé sin Tiberias, 2 Agus do lean sluaġ ṁór daoine é, mar do ċonacadar na mírḃúiltí a ḃí aige ’á ḋéanaṁ ar easlánaiḃ. 3 Agus d’imṫiġ Íosa an cnoc suas agus do ṡuiḋ sé i ḃfoċair a ḋeisgiobul. 4 Agus ḃí an Ċáisg, lá féile na n-Iúdaċ, ana-aċmair. 5 Nuair a ḋ’árduiġ Íosa a ṡúile, agus nuair a ċonaic sé go raiḃ camṫa mór daoine tagaiṫe ċuige, duḃairt sé le Pilib: Cá gceannóċaimíd arán i dtreó go n-íosfid siad so rud? 6 ’Ġa ḃraṫ, áṁṫaċ, iseaḋ aduḃairt sé an ċaint sin, óir ḃí ḟios aige féin cad a ḃí beartuiġṫe aige a ḋéanaṁ. 7 D’ḟreagair Pilib é: Ní ḃeaḋ i luaċ ḋá ċéad pingin de ḃulógaiḃ oiread agus ṫaḃarfaḋ blúire beag do’n duine acu. 8 Duḃairt duine ḋá ḋeisgiobuil leis, Aindrias, drioṫáir Ṡímóin Peadar: 9 Tá buaċaill anso agus tá ċúig bulóga eórnan aige agus ḋá iasg; aċ cad é an ḟaid le dul an méid sin ar oiread daoine? 10 Ansan duḃairt Íosa: Cuiriḋ na daoine ’n-a suiḋe. Ḃí mórán féir sa n-áit. Ṡuiḋ na daoine síos, tímpal ċúig ṁíle duine. 11 Ansan do ṫóg Íosa an t-arán agus ġaiḃ sé buiḋeaċas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad ’n-a suiḋe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go raḃadar go léir sásta. 12 Nuair a ḃíodar lán-tsásta duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Bailíġiḋ an mion-arán atá fágṫa, sar a raġaḋ sé amú. 13 Do ḃailíġeadar, agus do líonadar ḋá ċiseán déag de’n ṁion-arán a ḃí as na ċúig bulógaiḃ eórnan i ndiaiḋ na ndaoine do ċaiṫ an bia. 14 Ansan, nuair a ċonaic na daoine sin gur ḋein Íosa an ṁírḃúilt, duḃradar: Gan aṁras isé an fear so an fáiḋ atá le teaċt sa doṁan. 15 Nuair a ḃí ḟios ag Íosa, áṁṫaċ, go raḃadar ċun teaċt agus breiṫ air agus rí a ḋéanaṁ de, d’imṫiġ sé uaṫa airís fé’n gcnoc i n’ aonar. 16 Agus nuair a ḃí sé ’n-a ṫráṫnóna do ċuaiḋ a ḋeisgiobuil síos ċun na faraige. 17 Agus ċuadar ar bórd na luinge, agus ċuadar treasna na faraige go Caṗarnaum; agus ḃí an doirċeaċt ann feasda, agus ní raiḃ Íosa tagaiṫe ċúċa. 18 Agus d’eiriġ gaoṫ ṁór, agus ḃí an ḟaraige ag eiriġe árd. 19 Agus nuair a ḃí ċúig stada fiċid nó deiċ stada fiċid d’iomraṁ déanta acu do ċonacadar Íosa agus é ag siuḃal ar an ḃfaraige, i n-aice na luinge, agus ṫáinig sgannraḋ orṫa. 20 Agus duḃairt sé leó: Mise atá ann; ná bíoḋ eagal oraiḃ. 21 Ansan dob’ áil leó é ṫeaċt ċúċa isteaċ sa luing, agus láiṫreaċ, ḃí an long ag an dtír go raḃadar ag dul ann. 22 Amáireaċ a ḃí ċúgainn do ċonaic an tsluaġ daoine a ḃí ’n-a seasaṁ ar an dtaoḃ eile de’n ḟaraige ná raiḃ aon long eile ann aċ an t-aon long aṁáin agus ná deaġaiḋ Íosa i n aonḟeaċt le n-a ḋeisgiobuil sa luing sin, agus nár imṫiġ inti aċ a ḋeisgiobuil aṁáin; 23 Ṫáinig, áṁṫaċ, loingeas eile ó Ṫiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-iṫeaḋ an t-arán, nuair a ġaiḃ an Tiġearna buiḋeaċas; 24 Agus nuair a ċonaic an tsluaġ ná raiḃ Íosa ná a ḋeisgiobuil sa n-áit, ċuadar ar bórd na long agus ṫánadar go Caṗarnaum ag lorg Íosa. 25 Agus nuair a fuaradar é lastall de’n ḟaraige duḃradar leis: A Ṁáiġistir, conus a ṫáinís ċun na h-áite seo? 26 D’ḟreagair Íosa iad agus duḃairt sé: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, táṫaoí a’m lorg-sa, agus ní mar ġeall ar na mírḃúiltíḃ a ċonacaḃair é, aċ mar ġeall ar na bulógaiḃ a ḋ’iṫeaḃair agus do ṡásaiṁ siḃ. 27 Ná saoṫruiġiḋ an bia a ṫéiġeann ar neaṁníḋ, aċ saoṫruiġiḋ an bia marṫanaċ a ṫugann beaṫa ṡíoruiḋe, an bia a ṫaḃarfaiḋ Mac an Duine ḋaoiḃ. Óir is air sin a ċuir Dia, an t-Aṫair, séala. 28 Ansan duḃradar leis: Cad tá le déanaṁ againn ionus go ndéanfaimís obair Dé? 29 D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Sidí obair Dé, go gcreidfeaḋ siḃ san t-é a ċuir Dia uaiḋ. 30 Agus duḃradar leis: Má ’seaḋ cad é an cóṁarṫa atá agat-sa ḋ’á ḋéanaṁ, ionus go ḃfeicfimís é agus go gcreidfimís ionat? Cad ’tá agat ḋ’á oibriú? 31 D’iṫ ár n-aiṫreaċa manna sa ḃfásaċ, mar atá sgríoḃṫa: Ṫug sé arán ó neaṁ dóiḃ le n-iṫe. 32 Ansan duḃairt Íosa leó: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, ní h-é Maois a ṫug arán ó neaṁ daoiḃ, aċ isé m’ Aṫair-se a ṫugann ḋaoiḃ an t-arán fírinneaċ ó neaṁ. 33 Óir isé arán Dé an t-arán a ṫagann anuas ó neaṁ agus a ṫugann beaṫa do’n doṁan. 34 Agus duḃradar leis: A Ṫiġearna, taḃair dúinn an t-arán san i gcóṁnuiġe. 35 Ansan duḃairt Íosa leó: Mise arán na beaṫa; an t-é a ṫiocfaiḋ ċúġam-sa ní ḃeiḋ ocras air; agus an t-é a ċreidfiḋ ionam-sa ní ḃeiḋ tart air ċoiḋċe. 36 Aċ duḃart liḃ go ḃfeac-aḃair mé agus ná creideann siḃ. 37 Gaċ níḋ d’á ḃfuil taḃarṫa ḋóṁ-sa ag m’ Aṫair tiocfaiḋ sé ċúġam, agus an t-é a ṫiocfaiḋ ċúġam ní ċaiṫfead amaċ é. 38 Óir ní ċun mo ṫoile féin a ḋéanaṁ a ṫánag anuas ó neaṁ, aċ ċun go ndéanfainn toil an t-é a ċuir uaiḋ mé. 39 Agus sidé toil an Aṫar a ċuir uaiḋ mise, ná leigfinn aon níḋ ḋ’ár ṫug sé ḋom a ċailleaṁaint, aċ go ndéanfainn é ṫógáil suas an lá déanaċ. 40 Agus sidé toil m’ Aṫar, a ċuir uaiḋ me, gaċ duine a ċionn an Mac agus a ċreideann ann, an ḃeaṫa ṡíoruiḋe ḃeiṫ aige agus déanfad-sa é ṫógáil suas an lá déanaċ. 41 Agus ḃí na Iúdaiġ ag gluaireán ’n-a ċoinniḃ toisg go nduḃairt sé: Is mise an t-arán beó a ṫáinig anuas ó neaṁ, 42 Agus duḃradar: Náċ é seo Íosa mac Ióseṗ go ḃfuil aiṫne againn ar a aṫair agus ar a ṁáṫair? Conus, d’á ḃríġ sin, is féidir dó so a ráḋ, Do ṫánag anuas ó neaṁ? 43 Ansan d’ḟreagair Íosa iad agus duḃairt sé leó: Ná bíḋiḋ ag gluaireán eadraiḃ féin: 44 Ní ḟéadfaiḋ aoinne teaċt ċúġam-sa gan an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé ’ġá ṫarang ċúġam, agus déanfad-sa é ṫógáil suas an lá déanaċ. 45 Tá sgríoḃṫa ins na fáiḋiḃ: Agus beid siad go léir d’á dteagasg ag Dia. Gaċ duine a ċlois ó’n Aṫair agus d’ ḟoġluim, tagann sé ċúġam-sa. 46 Ní h-é go ḃfeacaiḋ aoinne an t-Aṫair aċ an t-é atá ó Ḋia, do ċonaic sé sin an t-Aṫair. 47 Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, An t-é a creideann ionam-sa tá an ḃeaṫa ṡíoruiḋe aige. 48 Is mise arán na beaṫa. 49 D’iṫ ḃúr n-aiṫreaċa an manna sa ḃfásaċ, agus fuaradar bás. 50 Sidé an t-arán a táinig anuas ó neaṁ, i dtreó má iṫeann aoinne é ná faġaiḋ sé bás. 51 Is mise an t-arán beó a ṫáinig anuas ó neaṁ. 52 Má iṫeann aon duine an t-arán so, mairfiḋ sé ar feaḋ na síoruiḋeaċta; agus an t-arán a ṫaḃarfad-sa uaim isé mo ċuid feóla féin é ċun beaṫa an doṁain. 53 Ansan ḃí na Iúdaiġ ag aiġneas eatarṫa féin, agus deiridís: Conus is féidir dó so a ċuid feóla féin a ṫaḃairt le n-iṫe ḋúinn? 54 Agus duḃairt Íosa leó: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, mura n-iṫiḋ siḃ feóil Ṁic an Duine agus mura n-ólaiḋ siḃ a ċuid fola ní ḃeiḋ beaṫa agaiḃ ionaiḃ. 55 An t-é a d’iṫeann mo ċuid feóla-sa agus a ḋ’ólann mo ċuid fola, tá beaṫa ṡíoruiḋe aige, agus déanfad-sa é ṫógáil suas an lá déanaċ. 56 Óir is bia go fíor mo ċuid feóla, agus is deoċ go fíor mo ċuid fola. 57 An t-é a ḋ’iṫeann mo ċuid feóla agus a ḋ’ólann mo ċuid fola, cóṁnuiġeann sé ionam-sa agus cóṁnuiġim-se ann. 58 Fé mar a ċuir an t-Aṫair atá beó mise uaiḋ agus go ḃfuilim-se beó ó’n Aṫair, mar an gcéadna an t-é a ḋ’iṫeann mise, beiḋ sé beó de m’bárr-sa. 59 Sidé an t-arán a ṫáinig anuas ó neaṁ. Ní h-ionan agus mar a ḋ’iṫ ḃur n-aiṫreaċa manna, agus go ḃfuilid siad marḃ. An t-é a ḋ’iṫeann an t-arán so mairfiḋ sé ar feaḋ na síoruiḋeaċta. 60 Duḃairt sé an ċaint sin i gCaṗarnaum agus é ag teagasg sa tsinagóig. 61 Agus a lán d’á ḋeisgiobuil, nuair airiġeadar an ċaint, duḃradar: Is cruaiḋ an ċaint í sin, agus cé ḟéadfaḋ éisteaċt léi? 62 Agus do ṫuig Íosa ann féin go raiḃ a ḋeisgiobuil ag gluaireán mar ġeall ar an níḋ sin, agus duḃairt sé leó: An dtugann an méid sin sgannal daoiḃ? 63 Aċ má ḟeiceann siḃ Mac an Duine ag dul suas mar a raiḃ sé an dtúis? 64 Isé an spioraid a ḋeineann beóḋaḋ. Ní ḋeineann an ḟeóil tairḃṫe ar biṫ. Na focail atá ráiḋte agam liḃ, spioraid agus beaṫa iseaḋ iad. 65 Aċ tá cuid agaiḃ-se ná creideann. Óir ḃí ḟios ag Íosa ó ṫusaċ cé’r ḃ’iad nár ċreid, agus cé ḋéanfaḋ é ḋíol. 66 Agus duḃairt sé: Uime sin iseaḋ aduḃart liḃ na féadfaḋ aoinne teaċt ċúġam mura mbeaḋ taḃarṫa ag m’Aṫair dó teaċt. 67 Ansan do ṫarraing a lán d’á ḋeisgiobuil siar, agus níor ṡiuḃladar leis a ṫuille. 68 Duḃairt Íosa d’á ḃríġ sin leis an dáréag: An maiṫ liḃ-se, leis, imṫeaċt? 69 Agus d’ḟreagair Símón Peadar é: A Ṫiġearna, cé ċuige go raġaimíd? Is agat-sa atáid bréiṫre na beaṫa síoruiḋe. 70 Agus creidimíd-ne agus tá ḟios againn gur tu Críost Mac Dé. 71 D’ḟreagair Íosa iad: Nár ḋeinear-sa an dáréag agaiḃ do ṫoġaḋ? 72 Agus tá duine agaiḃ ’n-a ḋiaḃal. Agus is ar Iúdás, mac Ṡímóin, Iscariót, a ḃí sé ag caint. Óir isé sin a ḃí ċun é ḋíol, agus gur ḋuine de’n dáréag é. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society