Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 5 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL V. Críost ag leiġeas, lá na Sabbóide, an duine a ḃí gan sláinte ar feaḋ tríoċad a h-oċt de ḃlianaiḃ. An ċaint a ḋein sé an uair sin.

1 Tar éis na neiṫe sin do ṫárla lá féile ag na Iúdaiġ, agus ċuaiḋ Íosa suas go Ierúsalem.

2 Tá ag Ierúsalem loċ ar a dtugtar Probatica, agus Betsaida a tugtar air sa teangain Eaḃra, agus ċúig cinn de sgáṫanaiḃ i n’aice.

3 Agus ḃíoḋ ionta san cruinniú mór de ḋaoiniḃ laga, de ḋallaiḃ, de ḃacaċaiḃ, de ḋaoine crapaiṫe, agus iad ag feiṫeaṁ le coruiġe an uisge.

4 Óir do ṫagaḋ aingeal an Tiġearna anuas ar uairiḃ áiriṫe, sa loċ, agus do cor-uiġtí an t-uisge. Agus an t-é ba ṫúisge ḃíoḋ istiġ sa loċ tar éis ċoruiġe an uisge, do leiġistí é ó pé gearán a ḃíoḋ air.

5 Aċ ḃí aon duine aṁáin ann agus ḃí oċt mbliana déag ar ḟiċid caiṫte aige ann agus a ġearán air.

6 Nuair a ċonaic Íosa an duine sin ’n-a luiġe, agus a ḟios aige go raiḃ an aimsir ḟada caiṫte aige ann, duḃairt sé leis: Ar ṁaiṫ leat go slánó-faí ṫu?

7 Agus duḃairt an duine breóite: A Ṫiġearna, ní’l duine agam ċun mé ċur sa loċ nuair a coruiġtear an t-uisge, agus an ḟaid a ḃím ag teaċt bíonn duine eile istiġ róṁam.

8 Duḃairt Íosa leis: Eiriġ, agus tóg suas do leabaiḋ agus siuḃluiġ.

9 Agus do leiġiseaḋ an duine sin láiṫreaċ, agus ṫóg sé a leabaiḋ agus do ṡiuḃluiġ sé. Agus ḃí an tsabbóid ann an lá san.

10 Agus duḃairt na Iúdaiġ leis an nduine a leiġiseaḋ: Tá an tsabbóid ann; ní ceaduiġṫe ḋuit ḃeiṫ ag iompar do leabṫa.

11 D’ḟreagair sé iad: An t-é do leiġis mé duḃairt sé liom: Tóg suas do leabaiḋ agus siuḃluiġ.

12 Agus d’ḟiafraiġeadar de: Cé h-é an duine sin aduḃairt leat: Tóg suasdo leabaiḋ agus siuḃluiġ?

13 Aċ ní raiḃ ḟios ag an t-é do leiġiseaḋ cé ’r b’é. Óir do ċuaiḋ Íosa i leiṫ taoiḃ ó sna daoine a ḃí cruinniġṫe sa n-áit.

14 Do fuair Íosa ’n-a ḋiaiḋ san é sa teampul agus duḃairt sé leis: Féaċ, táir leiġiste; ná dein peacaḋ feasda sar a mbain-feaḋ rud éigin níosa ṁeasa ḋuit.

15 D’imṫiġ an duine agus d’innis sé do sna Iúdaiġ gur ḃ’é Íosa do leiġis é.

16 D’á ḃríġ sin ḃí na Iúdaiġ ag cur ar Íosa mar ġeall ar na neiṫe sin a ḋéanaṁ sa tsabbóid.

17 Agus d’ḟreagair Íosa iad: Oibriġeann m’Aṫair go dtí anois, agus oibriġim-se.

18 Mar ġeall air sin ba ró-ṁian leis na Iúdaiġ é ċur ċun báis, toisg nár ḃ’é aṁáin go raiḃ sé ag briseaḋ na sabbóide, aċ ’n-a ṫeannta san go raiḃ sé ’ġá ráḋ gur ḃ’é Dia a aṫair, ’ġá cur féin ar aon dul le Dia.

19 Aċ d’ḟreagair Íosa agus duḃairt se leó: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, ní féidir do’n Ṁac aon níḋ a ḋéanaṁ aċ an níḋ a ċíonn sé ag an Aṫair ’á ḋéanaṁ; óir pé neiṫe a ḋeineann seisean deineann an Mac, leis, iad ar an gcuma gcéadna.

20 Óir is ionṁuin leis an Aṫair an Mac, agus noċtann se ḋó gaċ níḋ d’á ndeineann sé féin; agus noċtfaiḋ sé ḋó oibreaċa is mó ’ná iad so, i dtreó go mbeiḋ iongna oraiḃ-se.

21 Óir, fé mar a ṫógann an t-Aṫair na mairḃ agus ḋeineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an ṁuintir is toil leis.

22 Óir ní ḃeireann an t-Aṫair breiṫ ar aoinne, aċ tá gaċ breiṫ taḃarṫa aige do’n Ṁac.

23 I dtreó go dtaḃarfaḋ gaċ aoinne onóir do’n Ṁac, fé mar a ṫugaid siad onóir do’n Aṫair; an t-é ná tugann onóir do’n Ṁac ní ṫugann sé onóir do’n Aṫair a ċuir uaiḋ an Mac.

24 Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, an t-é a ḋ’éisteann le m’briaṫar-sa agus a creideann an t-é a ċuir uaiḋ mé tá beaṫa ṡíoruiḋe aige, agus ní ṫagann sé isteaċ sa ḃreiṫ, aċ téiġeann sé ó bás go beaṫa.

25 Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ go dtig an uair, agus is anois é, i n-a n-aireóċaid na mairḃ guṫ Ṁic Dé, agus an ṁuintir a ḋ’aireóċaiḋ beid siad beó.

26 Óir, fé mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin, ar an gcuma gcéadna do ṫug sé do’n Ṁac beaṫa ḃeiṫ aige ann féin.

27 Agus ṫug sé cóṁaċt dó ċun breiṫe do ḋéanaṁ, mar isé Mac an Duine é.

28 Ná déiniḋ iongna ḋe seo, mar tá an uair ag teaċt ’n-a n-aireóċaid a ḃfuil ins na h-uaġnaiḃ guṫ Ṁic Dé.

29 Agus tiocfaid luċt deaġ-ġníoṁ amaċ go h-aiseiriġe na beaṫa agus luċt droċ-ġníoṁ go h-aiseiriġe na breiṫe.

30 Ní ḟéadaim-se aon níḋ do ḋéanaṁ uaim féin. Mar a ċloisim iseaḋ ṫugaim breiṫ; agus bíonn mo ḃreiṫ ceart, óir ní h-í mo ṫoil féin is áil liom, aċ toil an t-é a ċuir uaiḋ mé.

31 Má ṫugaim-se fiaḋnaise am ṫaoḃ féin ní’l m’ḟiaḋnaise fíor.

32 Tá neaċ eile a ṫugann fiaḋnaise am’ ṫaoḃ, agus is eól dom gur fiór an ḟiaḋnaise a ṫugann sé am’ ṫaoḃ.

33 Ċuireaḃair-se ag triall ar Eóin, agus ṫug sé fiaḋnaise ar an ḃfirinne.

34 Aċ ní ġlacaim-se fiaḋnaise ó ḋuine; aċ deirim na neiṫe seo i dtreó go saorfaí siḃ-se.

35 Lóċran ar lasaḋ agus ag taiṫneaṁ ab eaḋ é siúd, agus níor ṁisde liḃ-se ar feaḋ tamaill áṫas a ḋ’ḟáġail ’n-a ṡolus.

36 Aċ tá agam-sa fiaḋnaise is mó ’ná Eóin, óir, na h-oibreaċa gur ṫug m’Aṫair dom iad le déanaṁ, na h-oibreaċa san féin a ḋeinim, tugaid siad fiaḋnaise am’ ṫaoḃ gur b’é an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé.

37 Agus an t-Aṫair féin a ċuir mé uaiḋ do ṫug sé fiaḋnaise am’ ṫaoḃ. Agus níor ċloiseaḃair-se riaṁ a ġuṫ, ná ní ḟeacaḃair a ḋealḃ.

38 Agus ní’l a ḃriaṫar agaiḃ ag fanṁaint ionaiḃ, óir an t-é a ċuir seisean uaiḋ ní ṫugann siḃ-se creideaṁaint dó.

39 Cuardaiġtear na scriptiúirí, óir is dóiġ liḃ gur ionta atá beaṫa ṡíoruiḋe le faġáil; agus isiad san a ṫugann fiaḋnaise am’ ṫaoḃ-sa.

40 Agus ní h-áil liḃ teaċt ċúġam i dtreó go mbeaḋ an ḃeaṫa agaiḃ.

41 Ní ġaḃaim glóire ó ḋaoine.

42 Aċ tá aiṫne agam oraiḃ-se, ná fuil gráḋ Dé agaiḃ istiġ ionaiḃ.

43 Do ṫánag-sa i n-ainim m’Aṫar, agus ní ġlacann siḃ mé: má ṫagann duine eile i n-a ainim féin glacfaiḋ siḃ é.

44 Conus ab ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ-se agus gur ó n-a ċéile a ġlacann siḃ glóire, agus gan aon lorg agaiḃ ar an nglóire a ṫagann ó Ḋia aṁáin?

45 Ná measaiḋ go ḃfuilim-se ċun siḃ a ġearán leis an Aṫair; tá duine a ḋeineann gearán oraiḃ, eaḋon, Maois, an t-é go ḃfuil ḃúr mainiġín as.

46 Óir dá gcreideaḋ siḃ Maois b’ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ mise; óir is orm-sa do sgríḃ sé sin.

47 Aċ mura gcreideann siḃ a sgríḃinn sin, conus a ċreidfiḋ siḃ mo ḃréiṫre-se?

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan