Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 3 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL III. Caint Ċríost le Nicodémus. Fiaḋnaise Eóin.

1 Agus ḃí duine de sna Fairisíneaċaiḃ dár ḃ’ainim Nicodémus, agus priúnsa de sna Iúdaiġ ab eaḋ é.

2 Ṫáinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oiḋċe, agus duḃairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Ḋia a ṫáinís ad’ oide, mar ní ḟéadfaḋ aon duine na mírḃúiltí a ḋeineann tusa do ḋéanaṁ gan Dia ḃeiṫ leis.

3 Duḃairt Íosa leis ’ġá ḟreagraḋ: Go deiṁin deiṁin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó ríġeaċt Dé a d’ḟeisgint.

4 Duḃairt Nicodémus leis: Conus ab féidir go mbéarfaí duine agus é ’n-a ṡeanduine? An aṁlaiḋ ḟéadfaḋ sé dul isteaċ airís i mbroinn a ṁáṫar agus teaċt ar an saoġal an tarna h-uair?

5 Duḃairt Íosa ’ġá ḟreagraḋ: Go deiṁin adeirim leat, mura n-aiṫġeintear duine ó uisge agus ó’n Spioraid Naoṁ, ní féidir é ḋul isteaċ i ríġeaċt Dé.

6 An níḋ a geintear ó’n ḃfeóil is feóil é, agus an níḋ a geintear ó’n Spioraid is spioraid é.

7 Ná dein iongna ḋe go nduḃart leat: Ní foláir siḃ a ḃreiṫ an tarna h-uair. Gluaiseann an Spioraid pé treó is áil leis.

8 Cloiseann tú a ġuṫ, aċ ní h-eól duit cá dtagann sé na cá ngaḃann sé. Sin mar atá ag gaċ duine a geintear o’n Spioraid.

9 D’ḟreagair Nicodémus agus duḃairt sé: Conus is féidir na neiṫe sin a ḃeiṫ aṁlaiḋ?

10 Duḃairt Íosa leis ’ġá ḟreagraḋ: Is oide i n-Israél tusa, agus ní h-eól duit na neiṫe sin?

11 Go deiṁin deiṁin adeirim leat, an níḋ atá ar eólus againn gur b’é adeirimíd, agus an níḋ a ċonacamair gur b’air a ḋeinimíd fiaḋnaise, agus ní ġlacann siḃ an ḃfiaḋnaise.

12 Má innseas neiṫe saoġalta ḋaoiḃ agus ná creideann siḃ mé, conus a ċreidfiḋ siḃ mé má innsim neiṫe neáṁṫa ḋaoiḃ?

13 Agus níor ċuaiḋ aoinne suas ar neaṁ aċ an t-é a ṫáinig anuas ó neaṁ, Mac an Duine atá an neaṁ.

14 Agus fé mar a ḋein Maois an t-aṫair niṁe do ċur anáirde sa ḃfásaċ, sin mar a ċaiṫfar Mac an Duine do ċur anáirde;

15 I dtreó, gaċ duine a ċreidfiḋ ann, ná caillfí é, aċ go mbeaḋ beaṫa ṡíoruiḋe aige.

16 Óir do ġráḋuiġ Dia an doṁan ċóṁ mór san gur ṫug sé a Aon Ṁac féin uaiḋ, i dtreó, gaċ duine a ċreidfeaḋ ann, na caillfí é, aċ go mbeaḋ beaṫa ṡíoruiḋe aige.

17 Mar ní ċun go dtaḃarfaḋ sé breiṫ ar an saoġal a ċuir Dia a Ṁac uaiḋ ar an saoġal, aċ ċun go ndéanfaí an saoġal do ṡaoraḋ tríd.

18 An t-é a ċreideann ann, ní tugtar breiṫ air; aċ an t-é ná creideann, tá breiṫ taḃarṫa air ċeana féin, toisg nár ċreid sé i n-ainim Ṁic Dé, an t-Aon Ġein.

19 Agus sidí an breiṫ, go dtáinig an solus ar an saoġal agus gur ġlac na daoine an doirċeaċt mar roġa roimis an solus, toisg a ngníoṁarṫa ḃeiṫ go h-olc.

20 Óir, gaċ aoinne a ḃíonn ag déanaṁ an uilc bíonn fuaṫ aige do’n tsolus, agus ní ṫagann sé ċun an tsoluis le h-eagla go gcáinfí a ġnioṁarṫa.

21 Aċ an t-é a ḋeineann gníoṁ na fírinne tagann sé ċun an tsoluis, i dtreó go dtaisbeánfaí a ġnioṁarṫa, óir is i nDia a deineaḋ iad.

22 Ansan do ṫainig Íosa agus a ḋeisgiobuil isteaċ i dtalaṁ Iúdaéa agus bí sé ’n-a ċóṁnuiġe ann mar aon leó agus ag déanaṁ baiste.

23 Agus ḃí Eóin ag baisteaḋ na ndaoine i n-Aennon i n-aice Ṡalim, mar ḃí coṫrom uisge ann, agus ṫagaḋ na daoine ann agus do baistí iad.

24 Óir ḃí Eóin fós gan cur isteaċ sa ṗríosún.

25 Agus d’eiriġ aiġneas idir ḋeisgiobuil le h-Eóin agus na Iúdaiġ i dtaoḃ níġeaċáin.

26 Agus ṫánadar ag triall ar Eóin agus duḃradar leis: A Rabbí, an t-é úd a ḃí ad’ ḟoċair-se lastall de’n Iórdan agus gur ḋeinis fiaḋnaise ḋó, féaċ, tá sé sin ag déanaṁ baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall air.

27 D’ḟreagair Eóin agus duḃairt sé: Ní féidir do ḋuine aon níḋ do ġlacaḋ mura dtugtar dó é ó neaṁ.

28 Is fínniṫe ḋóm-sa siḃ-se féin go nduḃart: Ní mise an Críost, aċ is aṁlaiḋ a cuireaḋ roimis amaċ mé.

29 An t-é go ḃfuil an ḃainċéile aige siné an céile; aċ cara an ċéile, atá ’n-a ṡeasaṁ ag éisteaċt leis, glacann sé áṫas mór ó ġuṫ an ċéile. An t-áṫas so d’a ḃríġ sin atá orm-sa, tá sé iomlán.

30 Méadú is dual dó-san, luiġeadú is dual dóṁ-sa.

31 An t-é a ṫáinig anuas, tá sé os cionn ċáċ. An t-é atá ó’n dtalaṁ, is ó’n dtalaṁ atá sé, agus is neiṫe talṁanta a laḃrann sé; an t-é a ṫáinig ó neaṁ, tá sé os cionn gaċ aoinne.

32 Agus an níḋ a ċonaic sé agus d’airiġ sé, déineann sé fiaḋnaise air; agus ní ġlacann aoinne a ḟiaḋnaise.

33 An t-é a ġlac a ḟiaḋnaise tá urúḋas déanta aige ar Ḋia ḃeiṫ fíor.

34 Óir an t-é a ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé bréiṫre Dé; mar ní do réir tóṁais a ṫugann Dia an Spioraid uaiḋ.

35 Tá gráḋ ag an Aṫair do’n Ṁac agus tá gaċ níḋ taḃarṫa ’n-a láiṁ dó aige.

36 An t-é a ċreideann sa Ṁac tá an ḃeaṫa ṡíoruiḋe aige; an t-é, áṁṫaċ, a ḋiúltuiġeann do ċreideaṁaint sa Ṁac ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċ tá fearg Dé socair air.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan