Eoin 20 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XX. Aiséiriġe Ċríost agus é ’ġá ṫaisbeáint féin d’á ḋeisgiobulaiḃ. 1 Agus an ċéad lá de’n tseaċtṁain ṫainig Máire Ṁaġdalén ar maidin, agus an doirċeaċt fós ann, ċun na h-uaġa, agus ċonaic sí an leac tógṫa ó’n uaiġ. 2 Ansan do riṫ sí agus ṫáiniġ sí ag triall ar Ṡímón Peadar agus ar an ndeisgiobul eile úd ab ionṁuin le h-Íosa, agus duḃairt sí leó: Do ṫógadar an Tiġearna as an dtuama, agus ní fios dúinn cár ċuireadar é. 3 Agus d’imṫiġ Peadar agus an deisgiobul eile amaċ, agus ṫanadar ċun an tuama. 4 Agus ḃí an ḃeirt ag ruiṫ i n-aonḟeaċt, agus do riṫ an deisgiobul eile níba luaṫa ’ná Peadar, agus isé ba ṫúisge ṫáinig ċun an tuama. 5 Agus nuair do ċrom sé do ċonaic sé an línéadaċ leagaiṫe ann; aċ níor ċuaiḋ sé isteaċ. 6 Ansan do ṫáinig Símón Peadar ’n-a ḋiaiḋ, agus ċuaiḋ sé isteaċ sa tuama, agus ċonaic sé an línéadaċ leagaiṫe ann, 7 Agus an ciarsúir a ḃí ar a ċeann, agus ní h-i dteannta na n-éadaiġe lín a ḃí sé sin, aċ i n-áit fé leiṫ agus é fíllte i n-aon áit aṁáin. 8 Ansan do ċuaiḋ isteaċ an deisgiobul eile, a ṫáinig ar dtúis ċun an tuama; agus do ċonaic sé agus do ċreid sé. 9 Óir níor ḃ’ḟios fós dóiḃ an scriptiúir, nár ḃ’ḟoláir é ḋ’eiriġe ó sna mairḃ. 10 Ansan d’imṫiġ na deisgiobuil aḃaile airís. 11 Aċ d’ḟan Máire ’n-a seasaṁ i n-aice an tuama agus í ag gol. Sa ġol di, áṁṫac, do ċrom sí, agus d’ḟéaċ sí isteaċ sa tuama; 12 Agus ċonaic sí an dá aingeal, i n-éadaċ ġeal, agus iad ’n-a suiḋe, aingeal acu ag ceann agus an t-aingeal eile ag cosaiḃ na h-áite ’n-ar cuireaḋ corp Íosa. 13 Duḃradar léi: A ḃean, cad fé ndeara ḋuit ḃeiṫ ag gol? Duḃairt sí leó: Mar do ṫógadar mo Ṫiġearna, agus ní ḟeadar cár ċuireadar é. 14 Nuair a ḃí na focail sin ráiḋte aici d’iompuiġ sí siar, agus ċonaic sí Íosa ’n-a ṡeasaṁ, agus ní raiḃ ḟios aici gur ḃ’ é Íosa é. 15 Duḃairt Íosa léi: A ḃean, cad sé ndeara ḋuit ḃeiṫ ag gol? Cé atá uait? Ċeap sisi gur ġárdnóir é, agus duḃairt sí leis: A ḋuine ṁacánta, má’s tusa a ṫóg é, innis dam cár ċuiris é, agus béarfad liom é. 16 Duḃairt Íosa léi: a Ṁáire. D’iompuiġ sisi agus duḃairt sí leis: Rabbóní; (’sé sin le ráḋ, A Ṁáiġistir). 17 Duḃairt Íosa léi: Ná teangṁuiġ liom, óir níor ċuas suas ċun m’ Aṫar fós; aċ imṫiġ ag triall ar mo ḃráiṫre agus abair leó, Táim ag dul suas ċun m’ Aṫar agus ċun ḃúr n-Aṫar, ag triall ar mo Ḋia agus ar ḃúr nDia. 18 Ṫáinig Máire Ṁaġdalén agus d’innis sí do sna deisgiobuil: Do ċonac an Ṫiġearna agus duḃairt sé na neiṫe seo liom. 19 Agus um ṫráṫnóna an lae ċéadna, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus na dóirse dúnta, mar a raiḃ na deisgiobuil cruinniġṫe le h-eagla na nIúdaċ, ṫáinig Íosa agus do ṡeasaiṁ sé i lár baill, agus duḃairt sé leó: Síoṫċáin daoiḃ. 20 Agus nuair aduḃairt sé an focal san do ṫaisbeáin sé ḋóiḃ a láṁa agus a ṫaoḃ. Agus ḃí áṫas mór ar na deisgiobulaiḃ toisg go ḃfeacadar an Tiġearna. 21 Ansan duḃairt sé airís leó: Síoṫċáin daoiḃ. Fé mar a ṡeól an t-Aṫair mise seólaim-se siḃ-se. 22 Tar éis an méid sin a ráḋ, do ċuir sé anál fúṫa; agus duḃairt sé leó: Glacaiḋ an Spioraid Naoṁ. 23 Na daoine go maiṫfiḋ siḃ a bpeacaí ḋóiḃ, táid siad maiṫte ḋóiḃ; agus na daoine go gcoimeádfaiḋ siḃ a bpeacaí gan maiṫeaṁ dóiḃ, táid siad gan maiṫeaṁ dóiḃ. 24 Aċ Tomás, duine de’n dáréag, go dtugtí Didimus air, ní raiḃ sé ’n-a ḃfoċair nuair a ṫáinig Íosa. 25 Agus d’á ḃríġ, sin, duḃairt na deisgiobuil eile leis: Ċonacamair an Tiġearna. Aċ duḃairt seisean leó: Mura ḃfeicead i n-a ḋearnaċaiḃ rian na dtaraingí, agus mura gcuiread mo ṁéar isteaċ i n-inead na dtaraingí, agus mura gcuiread mo láṁ isteaċ ’n-a ṫaoḃ, ní ċreidfead é. 26 Agus tar éis oċt lá ḃí na deisgiobuil istiġ airís, agus Tomás ’n-a ḃfoċair. Ṫáinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus ṡeasaiṁ sé i lár baill, agus duḃairt sé: Síoṫċáin daoiḃ. 27 Ansan deir sé le Tomás: Cuir do ṁéar anso isteaċ agus féaċ mo ḋearnaċa, agus sin anso do láṁ, agus cuir isteaċ am’ ṫaoḃ í; agus ná ḃí díċreideaṁaċ, aċ ḃí creideaṁaċ. 28 D’ḟreagair Tomás agus duḃairt sé leis: Is tú mo Ṫiġearna agus mo Ḋia. 29 Duḃairt Íosa leis: Do ċreidis, a Ṫomáis, mar do ċonaicís mé. Is aoiḃinn do’n ṁuintir na feacaiḋ, agus do ċreid. 30 Do ḋein Íosa, i láṫair a ḋeisgiobul, mórán eile mírḃúiltí ná fuil sgríoḃṫa sa leaḃar so. 31 Aċ do sgríoḃaḋ an méid seo ionus go gcreidfeaḋ siḃ gur ḃ’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ġá ċreideaṁaint, go mbeaḋ an ḃeaṫa agaiḃ i n-a ainim. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society