Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 2 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL II. Uisge á aṫarú i n’ḟíon ag Críost. Na díoltóirí á dtiomáint aige amaċ as an dteampul.

1 Agus an tríṁaḋ lá ḃí pósaḋ d’á ḋéanaṁ i gCána, sa Ġaililí, agus ḃí máṫair Íosa ann.

2 Agus ḃí cuireaḋ fáġalta ag Íosa, leis, agus agá ḋeisgiobuil, ċun na baineise.

3 Agus do ċuaiḋ d’á gcuid fíona agus duḃairt máṫair Íosa leis: Ní’l aon ḟíon acu.

4 Agus duḃairt Íosa léi: Cad é sin dóṁ-sa agus duit-se sin, á ḃean? Níor ṫáinig m’aimsir-se fós.

5 Agus duḃairt an ṁáṫair leis na seirḃísiġ: Pé rud a déarfaiḋ sé liḃ a ḋéanaṁ, deiniḋ é.

6 Agus ḃí sa n-áit sé daḃaċa cloiċe, a cuireaḋ ann ċun láṁ do niġe, do réir nóis na n-Iúdaċ; agus do raġaḋ dó nó trí ṁeadraiḃ ins gaċ daḃaċ díoḃ.

7 Duḃairt Íosa leó: Líonaiḋ na daḃaċa d’uisge. Agus do líonadar iad go bara.

8 Agus duḃairt Íosa leó: Tarraingiḋ anois é agus beiriḋ ag triall ar an ḃfear tiġis é. Agus do rugadar.

9 Agus nuair a ḃlais an fear tiġis an t-uisge agus é i n’ḟíon, agus gan a ḟios aige cá dtáinig sé (aċ a ḟios ag an luċt frioṫálṁa do ṫarraing an t-uisge), do ġlaoiḋ sé ar an ḃfear nua-ṗósta,

10 Agus duḃairt sé leis: Cuireann gaċ aoinne an fíon fóġanta an bórd ar dtúis, agus ansan, nuair a ḃíonn cuid ṁaiṫ ólta ag daoine, an fíon ná bíonn ċóṁ maiṫ. Áċ do ċoimeádais-se an fíon fóġanta go dtí so.

11 Ḋein Íosa an tusnú san ar a ṁírḃúiltíḃ i gCána na Gaililí, agus do ṫaisbeáin sé a ċóṁaċt, agus do ċreid a ḋeisgiobuil ann.

12 Ansan do ċuaiḋ sé síos go Caṗarnaum, é féin agus a ṁáṫair agus a ḃráiṫre agus a deisgiobuil, agus d’ḟanadar ann beagán laeṫanta.

13 Agus ḃí cáisg na n-Iúdaċ i n-aċmaireaċt, agus ċuaiḋ Íosa suas go Ierúsalem.

14 Agus fuair sé sa teampul daoine agus ba acu ’á ḋíol, agus caoire, agus colúir, agus luċt airgid do ṡóinseáil ’n-a suiḋe ann.

15 Agus ḋein sé mar ḃeaḋ sgiúirse de ṫéadaiḃ caola, agus ċomáin sé iad go léir amaċ as an dteampul, agus na caoire agus na ba, agus do sgaip sé an t-airgead ar an luċt sóinseála, agus do leag sé na búird orṫa.

16 Agus duḃairt sé leis an muintir a ḃí ag díol na gcolúr: Tógaiḋ na neiṫe sin as so, agus ná bíḋiḋ ag déanaṁ tiġe margaiḋ de tiġ m’Aṫar.

17 Ansan do ċuiṁniġ a deisgiobuil ar an níḋ atá sgríoḃṫa: Tá díogras do ṫíġe a’m iṫe.

18 Agus d’ḟreagair na Iúdaiġ agus duḃradar: Cad é an cóṁarṫa a ṫaisbeánann tú ḋúinn, fá a ndeineann tú na neiṫe seo?

19 D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Leagaiḋ ar lár an teampal so, agus cuirfead suas é i n-aon trí lá aṁáin.

20 Agus duḃairt na Iúdaiġ: Sé bliana agus daċad a ḃíṫeas ag cur an teampail seo suas, agus cuirfir-se suas é i n-aon trí lá aṁáin?

21 Aċ is ar ṫeampul a ċuirp féin a duḃairt seisean an ċaint.

22 Agus nuair a d’eiriġ sé ós na mairḃ do ċuiṁniġ a ḋeisgiobuil ar conus mar a duḃairt sé an ċaint sin, agus ċreideadar an scriptiúir agus an ċaint aduḃairt Íosa.

23 Agus nuair a ḃí sé i n-Ierúsalem sa ċáisg, lá na féile, do ċreid a lán daoine i n-a ainim nuair a ċonacadar na mírḃúiltí a ḃí aige ’á ḋéanaṁ.

24 Aċ níor ṫug Íosa é féin ar iontaoíḃ dóiḃ, toisg eólus a ḃeiṫ aige ar an uile ḋuine,

25 Agus toisg gan aon ġáḋ ḃeiṫ aige le teistiméireaċt ó aoinne ar aon duine; óir dob’ eól dó féin cad a ḃí sa duine.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan