Eoin 19 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XIX. Tuairisg ar Ṗáis Ċríost ar leanṁaint. 1 Agus ansan do ṫóg Pílát Íosa, agus do sgiúrsáil sé é. 2 Agus d’ḟíġeadar na saiġdiúirí coróinn ḋeilgneaċ, agus ċuireadar ar a ċeann í, agus ċuireadar éadaċ corcra uime. 3 Agus ṫagaidís ċuige agus deiridís: Go mbeannuiġṫear duit, a rí na n-Iúdaċ; agus do ḃuailidís dóirne air. 4 Ansan do ċuaiḋ Pílát amaċ airís, agus duḃairt sé leó: Féaċ, táim ’ġá ṫaḃairt ċúġaiḃ amaċ, go dtuigfeaḋ siḃ ná faġaim aon ċoir ann. 5 Agus ṫáiniġ Íosa amaċ agus an ċoróinn ḋeilgneaċ air agus an brat corcra uime. Agus duḃairt seisean leó: Féaċ an duine! 6 Agus nuair a ċonaic na h-árd-ṡagairt agus a n-oificeaċa é do liúġadar agus duḃradar: Céas é, céas é. Duḃairt Pílát leó: Tógaiḋ féin é, agus céasaiḋ é; óir ní ḃfaġaim-se aon ċoir ann. 7 D’ḟreagair na Iúdaiġ: Tá dlíġ againne, agus do réir na dliġe sin is ceart dó bás d’ḟáġail, de ḃríġ gur ḋein sé Mac Dé ḋe féin. 8 Nuair airiġ Pílát an focal san ṫáinig tuille eagla air. 9 Agus ċuaiḋ sé isteaċ sa ċúirt airís agus duḃairt sé le h-Íosa: Cad as duit-se? Aċ níor ṫug Íosa freagra air. 10 Duḃairt Pílát leis, d’á ḃríġ sin: An aṁlaiḋ ná laḃarfair liom? Ná fuil ḟios agat go ḃfuil ar mo ċumas-sa ṫú ċéasaḋ, agus go ḃfuil ar mo ċumas ṫú leigint saor? 11 D’ḟreagair Íosa: Ní ḃeaḋ aon níḋ ar do ċumas am’ aġaiḋ mura mbeaḋ gur tugaḋ duit é ó’n áit ṫuas. Uime sin an t-é a ṫug suas duit mé, is mó an peaca atá air. 12 Agus as san amaċ ḃí Pílát a d’iarraiḋ é leigint saor. Aċ do liúiġ na Iúdaiġ, agus duḃradar: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Caesar tu; Óir, gaċ aoinne a ḋeineann rí ḋe féin laḃrann sé i n-aġaiḋ Ċaesair. 13 Nuair a ḋ’airiġ Pílát na focail sin do ṫug sé Íosa leis amaċ, agus do ṡuiḋ sé sa ċaṫaoir ḃreiṫeaṁntais, sa n-áit ar a dtugtar litostrótos; sa teangain Eaḃra, áṁṫac, Gabbata. 14 Agus b’é lá ollaṁuiġṫe na Cásga é, tímpal an séṁaḋ h-uair, agus duḃairt sé leis na Iúdaiġ: Féaċ ḃúr rí: 15 Aċ do liúġadar: Tóg uainn é, tóg uainn é; céas é! Duḃairt Pílát leó: An ndéanfad ḃúr rí do ċéasaḋ? D’ḟreagair na h-árd-ṡagairt: Ní’l aon rí againn aċ Caesar. 16 Ansan do ṫug sé suas dóiḃ é le céasaḋ. Agus ṫógadar Íosa, agus do rugadar leó amaċ é. 17 Agus ag iompar a ċroise ċuaiḋ sé amaċ ċun na h-áite ar a dtugtar Áit an ċloiginn, agus Golgota sa teangain Eaḃra, 18 Mar ar ċéasadar é, agus beirt eile ’n-a ṫeannta, duine ar gaċ taoḃ, agus Íosa i lár baill. 19 Agus do sgríḃ Pílát teidiol, agus ċuir sé ar an gcrois é. Agus ḃ’ e seo an sgríḃinn: ÍOSA NASARÉNAĊ RÍ NA N-IÚDAĊ. 20 Agus do léiġ mórán de sna Iúdaiġ an teidiol san, mar ḃí an áit ’n-ar céasaḋ Íosa aċmair do’n ċaṫair. Agus ḃí sé sgríoḃṫa i n-Eaḃrais, agus i nGréigis, agus i Laidin. 21 Duḃairt árd-ṡagairt na n-Iúdaċ, áṁ, le Pílát: Ná sgríḃ: Rí na n-Iúdaċ; aċ go nduḃairt sé: Is mé rí na n-Iúdaċ. 22 D’ḟreagair Pílát: An níḋ do sgríoḃas, do sgríoḃas e. 23 Agus na saiġdiúirí, nuair a ċéasadar é, do ṫógadar a ċuid éadaiġ agus ḋeineadar ċeiṫre coda ḋíoḃ, cuid do gaċ saiġdiúir, agus a ċasóg. Ḃí an ċasóg, áṁ, gan fuaġáil inti, aċ í fiġte ar fad ó n-a bárr. 24 Agus duḃradar le n-a céile: Ná stracaimís í, aċ cuirimís ar ċrannaiḃ cé aige go mbeiḋ sí; go gcóṁlíonfaí an scriptiúir adeir: Do rainneadar eatarṫa mo ċuid éadaiġ, agus ċuireadar ar ċrannaiḃ mo ċúṁdaċ. Agus do ḋein na saiġdiúirí na neiṫe sin. 25 Agus ḃi ’n-a seasaṁ i n-aice croise Íosa a ṁáṫair, agus deirḃṡiúr a ṁáṫar, Máire Ċleoṗais, agus Máire Ṁaġdalén. 26 Agus nuair a ċonaic Íosa a ṁáṫair agus an deisgiobul ab ionṁuin leis ’n-a ṡeasaṁ, duḃairt sé le n-a ṁáṫair: A ḃean, siné do ṁac! 27 Ansan deir sé leis an ndeisgiobul: Féaċ do ṁáṫair. Agus ó’n uair sin amaċ do ġlac an deisgiobul ċun a ṫeaġlaiġ féin í. 28 I ’n-a ḋiaiḋ san, ó ḃí ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ níḋ críoċnuiġṫe, ionus go gcóṁlíonfaí an scriptiúir, duḃairt sé: Tá tart orm. 29 Agus ḃí árṫaċ ann agus é lán d’ḟínéigir. Ċuireadar ċun a ḃéil spúins agus é lán d’ḟínéigir agus iosóip tímpal air. 30 Agus nuair a ġlac Íosa an ḟínéigir, duḃairt sé: Tá críoċnuiġṫe. Agus do ċrom sé a ċeann, agus ṫug sé a anam uaiḋ. 31 Aċ na Iúdaiġ, óir b’é lá an ollaṁuiġṫe é, i dtreó ná fanfaḋ na cuirp ar an gcrois i gcaiṫeaṁ na sabbóide, óir ba lá mór sabbóide an lá san, d’iarradar ar Pílát go mbrisfí a gcosa agus go dtógfaí as iad. 32 Ansan do ṫáinig na saiġdiúirí, agus ḃriseadar cosa an ċéad duine, agus cosa an duine eile a ḃí céasda i n-aonḟeaċt leis. 33 Aċ nuair a ṫánadar ċun Íosa, ċonacadar go raiḃ sé marḃ ċeana féin, agus níor ḃriseadar a ċosa; 34 Aċ d’osgail duine de sna saiġdiúiríḃ a ṫaoḃ le sleaġ, agus ṫáiniġ amaċ as, láiṫreaċ, fuil agus usge. 35 Agus an t-é a ċonaic é ṫug sé fiaḋnaise ann, agus is fíor a ḟiaḋnaise. Agus is eól dó san go ḃfuil an ḟirínne aige ’á rád, ionus go gcreidfeaḋ siḃ-se. 36 Óir do deineaḋ na neiṫe sin ionus go gcóṁlíonfaí an scriptiúir: Ní ḃrisfiḋ siḃ aon ċnáṁ ann. 37 Agus airís deir scriptiúir eile: Ċífid siad an t-é a ṡádadar. 38 ’N-a ḋiaiḋ san d’iarr Ióseṗ ó Arimataea ar Pílát (mar deisgiobul le h-Íosa dob eaḋ é, aċ fé ċéilt, le h-eagla na n-Iúdaċ) leigint dó corp Íosa do ḃreiṫ leis. Agus do ṫoiliġ Pílát. 39 Agus ṫáinig sé agus do rug sé leis corp Íosa. Agus do ṫáinig Nicodémus, leis, an fear úd a ṫáinig ar dtúis ċun Íosa sa n-oiḋċe, agus measgán mirr agus aloé aige, tímpal céad púnt meáġċaint. 40 Agus do ṫógadar corp Íosa, agus do ċeangaladar é le línéadaċ agus leis na spíosraíḃ, fé mar is gnáṫ leis na Iúdaiġ aḋlacaḋ ḋéanaṁ. 41 Agus ḃí sa n-áit ’n-ar céasaḋ é gáirdín, agus sa ġáirdín ḃí tuama nua nár h-aḋlacaḋ aoinne fós ann. 42 Ċuireadar Íosa sa tuama san, mar ḃí sé ’n-a gcóṁgar, agus b’é lá ollaṁuiġṫe na n-Iúdaċ é. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society