Eoin 18 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XVIII. Tuairisg ar Ṗáis Ċríost. 1 Nuair a ḃí an ċaint sin ráiḋte ag Íosa ċuaiḋ sé amaċ, mar aon le n-a ḋeisgiobuil ṫar sruṫ Ċedrón, mar a raiḃ gáirdín, agus ċuaiḋ sé féin agus a ḋeisgiobuil isteaċ sa ġáirdín: 2 Agus ḃí fios na h-áite ag Iúdas, leis, an fear a ḋíol é, mar do ċuaiḋ Íosa ann go minic i n-aonḟeaċt le n-a ḋeisgiobulaiḃ. 3 Agus nuair a fuair Iúdas buiḋean saiġdiúirí agus oificeaċa ó sna h-árd-ṡagairt agus ó sna Fairisíniġ, ṫáinig sé cun na h-áite agus lóċranna aige, agus tóirsí, agus airm. 4 Agus ó ḃí ḟios ag Íosa gaċ níḋ d’á raiḃ le teaċt air, ċuaiḋ sé amaċ agus duḃairt sé leó: Cé ’tá uaiḃ? 5 D’ḟreagradar é: Íosa an Nasarénaċ. Duḃairt Íosa leó: Is mise é. Agus ḃí Iúdas, an fear a ḋíol é, ’n-a ṡeasaṁ ’n-a dteannta. 6 Agus ċóṁ luaṫ agus aduḃairt sé leó, Is mise é, ċuadar i ndiaiḋ a gcúl agus ṫuiteadar ar an dtalaṁ. 7 Ansan d’ḟiafraiġ sé ḋíoḃ airís: Cé ’tá uaiḃ? Agus duḃradar-san: Íosa an Nasarénaċ. 8 D’ḟreagair Íosa iad: Duḃart liḃ gur mise e; agus má’s mise atá uaiḃ leigiḋ dóiḃ seo imṫeaċt. Ionus go gcóṁlíonfaí an focal aduḃairt sé: 9 An ṁuintir a ṫugais dom níor ċailleas aon duine acu. 10 Agus ḃí claiḋeaṁ ag Símón Peadar, agus ṫaraing sé an claiḋeaṁ, agus ḃuail sé seirḃíseaċ an árd-ṡagairt, agus ḃain sé an ċluas ḋeas de. Agus Malcus ab ainim do’n tseirḃíseaċ. 11 Agus duḃairt Íosa le Peadar: Cuir do ċlaiḋeaṁ n-a ṫruaill taisge. An ċailís a ṫug an t-Aṫair dom, an aṁlaiḋ ná h-ólfad í? 12 Ansan do rug an ḃuiḋean agus an captaén agus seirḃísiġ na n-Iúdaċ ar Íosa, agus do ġaḃadar é. 13 Agus do rugadar i láṫair Annas ar dtúis é, óir ḃ’é sin aṫair céile Ċáiṗais, árdṡagairt na bliana san. 14 Agus b’é Cáiṗas an t-é ṫug an ċóṁairle úd do sna Iúdaiġ, gur ḃ’ é a leas aon duine aṁáin d’ḟáġail ḃáis ar son an ṗobuil. 15 Do lean Símón Peadar, áṁṫaċ, agus deisgiobul eile, Íosa. Agus ḃí aiṫne ar an ndeisgiobul eile sin ag an árdṡagart, agus ċuaiḋ sé isteaċ i ḃfoċair Íosa i halla an árdṡagairt. 16 Agus ḃí Ṗeadar ’n-a ṡeasaṁ i n-aice an doruis lasmuiġ. Ansan, an deisgiobul eile sin go raiḃ aiṫne ag an árdṡagart air, d’imṫiġ sé amaċ agus do laḃair sé le cailín an doruis agus ṫug sé Peadar isteaċ. 17 Agus duḃairt cailín an doruis le Peadar: Náċ duine de ḋeisgiobulaiḃ an ḟir úd tusa, leis? Deir seisean: Ní h-eaḋ. 18 Agus ḃí na seirḃísiġ agus na h-oificeaċa ’n-a seasaṁ i n-aice na teine, ’ġá dtéiḋ féin, mar ḃí sé fuar; agus ḃí Peadar ’n-a dteannta, leis, agus é ’n-a ṡeasaṁ, ’ġá ṫéiḋ féin. 19 Agus do ċeistiġ an t-árdṡagart Íosa i dtaoḃ a ḋeisgiobul agus i dtaoḃ a ṫeagaisg. 20 D’ḟreagair Íosa é: Do laḃras go h-osgailte leis an ndoṁan; ḋeineas teagasg i gcóṁnuiġe sa tsinagóig, agus sa teampul, mar a gcruinníġid na Iúdaiġ go léir; agus níor laḃras aon níḋ fé ċeilt. 21 Cad ’n-a ṫaoḃ duit mise ċeistiú? Ceistiġ na daoine a ḃí ag éisteaċt le u-ar laḃras leó; féaċ, is eól dóiḃ seo cad ’duḃart. 22 Nuair aduḃairt sé an méid sin do ḃuail seirḃíseaċ a ḃí láiṫreaċ buille ḃais an Íosa agus duḃairt sé; An mar sin a ṫugann tú freagra ar an árdṡagart? 23 D’ḟreagair Íosa é: Má’s olc mo ċaint, taḃair fiaḋnaise ar an olc; má’s maiṫ í, cad ċuige ḋuit mé ḃualaḋ? 24 Ansan do ċuir Annas uaiḋ é gaḃṫa ag triall ar Cáiṗas an t-árdṡagart. 25 Aċ ḃí Símón Peadar ’n-a ṡeasaṁ ’ġá ṫéiḋ féin agus duḃradar leis: Náċ duine d’á ḋeisgiobuil siúd ṫusa leis? Do ṡéan seisean agus duḃairt sé: Ní h-eaḋ. 26 Ansan duḃairt duine de ṡeirḃísiġ an árdṡagairt, gaol do’n fear gur ḃain Peadar an ċluas de: Ná feaca-sa ṫu sa ġáirdín i n’ḟoċair? 27 Do ṡéan Peadar airís: agus do ġlaoiḋ an coileaċ láiṫreaċ. 28 Ansan do rugadar Íosa leó ó Ċáiṗas go dtí an Praetórium. Ḃí sé ’n-a ṁaidin an uair sin, agus níor ċuadar féin isteaċ sa halla, i dtreó ná truailleófaí iad, agus go n-íosfaidís an ċáisg. 29 Uime sin do ċuaiḋ Pílát amaċ ag triall orṫa, agus duḃairt sé: Cad ’tá agaiḃ ’á ċur i leiṫ an duine seo? 30 D’ḟreagradar agus duḃradar leis: Mura mbeaḋ é seo ḃeiṫ ’n-a ċuirpṫeaċ ní ṫaḃarfaimís ag triall ort-sa é. 31 Duḃairt Pílát leó: Tógaiḋ féin é agus tugaiḋ breiṫ air do réir ḃúr ndliġe féin. Agus duḃairt na Iúdaiġ leis: Ní’l ceaduiġṫe ḋúinne aoinne ċur ċun ḃáis. 32 Ionus go gcóṁlíonfaí focal Íosa, an focal aduḃairt sé ’ġá ċur i n-iúil cad é an bás a ġeoḃaḋ sé. 33 Ansan do ċuaiḋ Pílát isteaċ sa ċúirt airís, agus ġlaoiḋ sé ċuige Íosa agus duḃairt sé leis: An tusa rí na n-Iúdaċ? 34 D’ḟreagair Íosa: An uait féin a deirir-se an níḋ sin, nó an daoine eile d’innis duit é am’ ṫaoḃ-sa? 35 D’ḟreagair Pílát: An Iúdaċ mise? Do ḋaoine féin agus na h-árdṡagairt isiad a ṫug suas dóṁ-sa ṫú. Cad ’tá déanta agat? 36 D’ḟreagair Íosa: Ní ḃaineann mo ríġeaċt-sa leis an saoġal so. Dá mbaineaḋ mo ríġeaċt leis an saoġal so ní baoġal ná go dtroidfeaḋ mo ṁuintir ionus ná taḃarfaí suas do sna Iúdaiġ mé: aċ anois ní h-as so atá mo ríġeaċt-sa. 37 Ansan duḃairt Pílát: An rí ṫu, mar sin? D’ḟreagair Íosa: Mar adeirir, is rí mé. Is ċuige do rugaḋ mise, agus is ċuige do ṫánaġ ar an saoġal, ċun go ndéanfainn fiaḋnaise do’n ḃfírinne. Gaċ n-aon a ḃaineann leis an ḃfírinne, éisteann sé le m’ ġlór-sa. 38 Deir Pílát leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair aduḃairt sé an focal san d’imṫiġ sé amaċ airís ċun na n-Iúdaċ, agus duḃairt sé leó: Ní ḃfaġaim-se coir ar ḃiṫ ann. 39 Aċ is nós agaiḃ-se go leigfinn duine saor ċúġaiḃ uim Ċáisg; an mian liḃ, mar sin, go leigfinn saor ċúġaiḃ rí na n-Iúdaċ? 40 Ansan do liúġadar go léir airís agus duḃradar: Ná leig saor é seo, aċ Barabbas. Agus biṫeaṁnaċ ab eaḋ Barabbas. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society