Eoin 17 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XVII. Guiḋe Ċríost ar son a ḋeisgiobul. 1 Do laḃair Íosa an ċaint sin, agus ansan do ṫóg sé a ṡúile suas ċun na ḃflaṫas, agus duḃairt sé: A Aṫair, tá an uair tagaiṫe; taḃair glóire do d’Ṁac ionus go dtaḃarfaḋ do Ṁac glóire ḋuit: 2 Fé mar a ṫugais dó cóṁaċt os cionn gaċ feóla, ionus, gaċ ar ṫugais dó, go dtaḃarfaḋ sé ḋóiḃ beaṫa ṡíoruiḋe. 3 Agus isí seo an ḃeaṫa ṡíoruiḋe, go gcuirfidís aiṫne ort-sa, an t-aon Dia fírinneaċ aṁáin, agus ar Íosa Críost a ċuiris uait. 4 Do ṡoillsiġeas-sa ṫú ar an dtalaṁ so; tá an obair déanta agam a ṫugais dom le déanaṁ. 5 Agus soillsiġ-se mise anois, a Aṫair, ad’ ḟoċair féin, leis an soillseaċt a ḃí agam ad’ ḟoċair sar a raiḃ an doṁan ar biṫ. 6 Do noċtas t’ainim do sna daoine a ṫugais dom as an saoġal; ba leat-sa iad, agus ṫugais dóṁ-sa iad; agus tá do ḃriaṫar coimeádta acu. 7 Tá ḟios acu anois guraḃ uait-se gaċ níḋ d’á dtugais dóṁ-sa. 8 Óir, na bréiṫre a ṫugais dom, do ṫugas dóiḃ iad; agus do ġlacadar iad, agus is eól dóiḃ go fíor gur uait-se a ṫánag, agus do ċreideadar gur tú a ċuir uait mé. 9 Guiḋim orṫa; ní h-ar an saoġal a ġuiḋim, aċ orṫa so a ṫugais-se ḋom; mar is leat-sa iad. 10 Agus is liom-sa gaċ níḋ is leat-sa, agus is leat-sa gaċ níḋ is liom-sa; agus táim soillsiġṫe ionta. 11 Agus nílim ar an saoġal feasda, agus táid siad so ar an saoġal, agus táimse ag dul ag triall ort-sa. A Aṫair naoṁṫa, comieád, at’ ainim féin, an ṁuintir a ṫugais dóṁ-sa, ionus go mba h-aon iad, fé mar is aon sinne. 12 An ḟaid a ḃíos ’n-a ḃfoċair ar an saoġal do ċoimeádas iad at’ ainim-se. An ṁuintir a ṫugais dom do ċoimeádas iad, agus níor imṫiġ íde as aoinne acu aċ ar ṁac na h-íde, ionus go gcóṁlíonfaí an scriptiúir. 13 Aċ anois táim ag teaċt ag triall ort-sa; agus tá an ċaint seo agam ’á ráḋ ar an saoġal, ionus go mbeaḋ acu, iomlán ionta féin, an t-áṫas is liom-sa. 14 Ṫugas-sa ḋóiḃ do ḃriaṫar-sa; agus do ṫug an saoġal fuaṫ ḋóiḃ, óir ní de’n tsaoġal iad, fé mar náċ de’n tsaoġal mise. 15 Nílim ’ġá iarraiḋ go dtógfá as an saoġal iad, aċ go gcoimeádfá saor ó’n olc iad. 16 Ní de’n tsaoġal iad, fé mar náċ de’n tsaoġal mise. Dein iad do naoṁú sa ḃfírinne. 17 Is fírinne do ḃriaṫar. 18 Fé mar a ċuiris-se uait mise isteaċ sa tsaoġal, do ċuireas-sa uaim iad so isteaċ sa tsaoġal. 19 Agus naoṁuiġim-se mé féin ar a son, ionus go mbeidís sin, leis, naoṁṫa sa ḃfírinne. 20 Ní h-ar a son aṁáin, áṁṫaċ, atáim ag guiḋe, aċ, mar an gcéadna, ar son na ndaoine a ċreidfiḋ ionam tré n-a mbriaṫar; 21 Ionus go mb’ aon iad go léir, fé mar ataoí-se, a Aṫair, ionam-sa agus mise ionat-sa; go mbeidís seo ’n-a n-aon ionainn; i dtreó go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris-se uait mé. 22 Agus an soillsiú a ṫugais-se orm-sa, do ṫugas-sa orṫa so é, ionus go mb’ aon iad, fé mar is aon sinne. 23 Mise ionta so, agus tusa ionam-sa, ionus go mbeidís beaċtuiġṫe i n-aon; agus go n-aiṫneóċaḋ an saoġal gur ċuiris-se uait mé, agus gur ṫugais gráḋ ḋóiḃ seo fé mar a ṫugais gráḋ ḋóm-sa. 24 A Aṫair, na daoine seo a ṫugais dom, is mian liom, an áit i n-a ḃfuilim-se, iad-san do ḃeiṫ ann mar aon liom; ionus go ḃfeicfidís mo ġlóire, an glóire a ṫugais-se ḋom, mas gur ṫugais gráḋ ḋom roiṁ cruiṫniú an doṁain. 25 A Aṫair atá ró-ċeart, ní raiḃ aiṫne ag an saoġal ort; aċ ḃí aiṫne agam-sa ort; agus ḃí ḟios acu so gur ċuiris-se uait mise. 26 Agus do ṫugas-sa ḋóiḃ, agus taḃarfad, eólus ar t’ainim; ionus, an gráḋ a ṫugais-se ḋóṁ-sa, go mbeaḋ sé ionta so, agus mise ionta. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society