Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 16 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XVI. Críoċnú cainte Ċríost le n-a ḋeisgiobulaiḃ.

1 D’innseas na neiṫe seo ḋaoiḃ ionus ná glacfaḋ siḃ sgannal.

2 Cuirfid siad amaċ as na sinagógaiḃ siḃ: seaḋ, agus tá an t-am ag teaċt nuair a ṁeasfaiḋ an t-é a ċuirfiḋ ċun ḃais siḃ go mbeiḋ onóir aige ’á ṫaḃairt do Ḋia.

3 Agus déanfaid siad na neiṫe sin liḃ-se toisg gan aiṫne ḃeiṫ acu ar an Aṫair, ná orm-sa.

4 Aċ táid na neiṫe seo innste agam daoiḃ i dtreó, nuair a ṫiocfaiḋ an t-am dóiḃ, go gcuiṁneóċaiḋ siḃ ar mé ’ġá n-innsint daoiḃ.

5 Aċ níor innseas na neiṫe seo ḋaoiḃ ó ṫusaċ, mar ḃíos i nḃúr ḃfoċair. Agus anois táim ag imṫeaċt ag triall ar an t-é a ċuir uaiḋ mé, agus ní’l aoinne agaiḃ ’ġá ḟiafraiġe ḋíom: Cá ḃfuilir ag imṫeaċt?

6 Aċ toisg gur laḃras na neiṫe seo liḃ do líon ḃúr gcroiḋe de ḋólás.

7 Aċ táim-se ag innsint na fírinne ḋaoiḃ: Isé ḃúr leas mé ḋ’imṫeaċt; óir mura n-imṫiġead ní ṫiocfaiḋ an Sólásaiḋe ċúġaiḃ; aċ má imṫiġim, cuirfead ċúġaiḃ é.

8 Agus nuair a ṫiocfaiḋ sé sin déanfaiḋ sé an doṁan do ḋaoraḋ i dtaoḃ an ṗeacṫa, agus i dtaoḃ cirt, agus i dtaoḃ breiṫeaṁantais:

9 I dtaoḃ peacṫa, toisg ná creidid siad ionam-sa;

10 I dtaoḃ cirt, óir táim ag dul ċun an Aṫar, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé feasda.

11 Agus i dtaoḃ breiṫeaṁantais, óir tá breiṫeaṁantas taḃarṫa ċeana féin ar priúnsa an doṁain seo.

12 Tá mórán eile neiṫe agam le ráḋ liḃ, aċ ní féidir daoiḃ iad a ḃreiṫ liḃ anois.

13 Aċ nuair a ṫiocfaiḋ an Spioraid úd na fírinne, múinfiḋ sé ḋaoiḃ an uile ḟírinne. Óir ní h-uaiḋ féin a laḃarfaiḋ sé, aċ laḃarfaiḋ sé gaċ a gcloisfiḋ sé; agus neósfiḋ sé ḋaoiḃ-se na neiṫe atá le teaċt.

14 Taḃarfaiḋ sé sin glóire ḋóṁ-sa, óir is de m’ ċuid-se a ġlacfaiḋ sé agus a neósfaiḋ sé ḋaoiḃ-se.

15 Gaċ uile níḋ atá ag an Aṫair is liom-sa é. Uime sin iseaḋ aduḃart: Is de m’ ċuid-se a ġlacfaiḋ sé agus a neósfaiḋ sé ḋaoiḃ-se.

16 Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé; agus ansan tamall beag airís, agus ċífiḋ siḃ mé; mar táim ag dul ag triall ar an Aṫair.

17 Ansan duḃairt cuid d’á ḋeisgiobulaiḃ le n-a ċéile: Cad é seo adeir sé linn? Tamall beag, agus ní ḟeicsiḋ siḃ mé; agus tamall beag airís, agus ċífiḋ siḃ mé; agus, Mas táim ag dul ag triall ar an Aṫair?

18 Agus duḃradar: Cad é seo adeir sé, Tamall beag? Ní ḟeadramair cad ’deir sé.

19 Agus ḃí ḟios ag Íosa gur ṁian leó é ċeistiú; agus duḃairt sé leó: Táṫaoí ag ceistiúċán eadraiḃ féin i dtaoḃ an ḟocail sin aduḃart: Tamall beag, agus ní ḟeicsiḋ siḃ mé; agus, tamall, beag airís, agus ċífiḋ siḃ mé.

20 Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ, go ndéanfaiḋ siḃ caoi agus gol, agus go mbeiḋ áṫas ar an saoġal; agus go mbeiḋ siḃ-se buarṫa, aċ iompófar ḃúr mbrón ċun áṫais.

21 Nuair a ḃíonn an ḃean i mbreóiteaċt clainne, bíonn buaireaṁ uirṫi, toisg a h-am a ḃeiṫ tagaiṫe; aċ nuair a ḃeireann sí an mac, ní ḃíonn cuiṁne aici ar an dtein-neas, mar ġeall ar an áṫas, toisg duine ḃeiṫ tagaiṫe ar an saoġal.

22 Sin mar atá buaireaṁ oraiḃ-se anois, aċ ċífead-sa siḃ airís, agus beiḋ áṫas ar ḃúr gcroiḋe; agus ní ḃainfiḋ aoinne ḃúr n-áṫas díḃ.

23 Agus ní ḟiafróċaiḋ siḃ aon níḋ ḋíom-sa an lá san. Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ, má iarrann siḃ aon rud ar an Aṫair am’ ainim taḃarfaiḋ sé ḋaoiḃ é.

24 Go dtí so níor iarraḃair aon níḋ am’ ainim: Iarraiḋ, agus ġeoḃaiḋ siḃ, ionus go mbeaḋ ḃúr n-áṫas iomlán.

25 Do laḃras na neiṫe seo liḃ i ḃfuirm soluídí. Tá an t-am ag teaċt nuair ná laḃarfad liḃ feasda i soluídiḃ, aċ neósfad daoiḃ go soiléir i dtaoḃ an Aṫar.

26 Sa lá san iarrfaiḋ siḃ am’ ainim-se; agus ní deirim liḃ go nguiḋfead an t-Aṫair an ḃúr son;

27 Óir tá gráḋ ag an Aṫair féin daoiḃ, toisg gráḋ ḃeiṫ agaiḃ dóṁ-sa agus gur ċreideaḃair gur ó Ḋia do ġluaiseas.

28 Do ġluaiseas amaċ ó’n Aṫair, agus do ṫánaġ ar an saoġal; táim ag fágáilt an tsaoġail airís, agus ag dul ag triall ar an Aṫair.

29 Duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Féaċ, anois taoí ag laḃairt go soiléir, agus ní h-aon tsoluíd atá agat d’á laḃairt.

30 Tá ḟios againn anois go ḃfuil fios gaċ uile níḋ agat, agus náċ gáḋ ḋuit aoinne ḃeiṫ ’ġad’ ċeistiú: as so creidimíd gur ó Ḋia a ġluaisís.

31 D’ḟreagair Íosa iad: An gcreideann siḃ anois?

32 Féaċ, tá an tráṫ ag teaċt, agus tá sé tagaiṫe ċeana féin, ’n-a sgaipfar siḃ, gaċ duine ċun a ċoda féin, agus ’n-a ḃfágfaid siḃ mise am’ aonar; aċ ní’lim am’ aonar, mar tá an t-Aṫair am’ ḟoċair.

33 Do laḃras na neiṫe sin liḃ ionus go mbeaḋ síoṫċain agaiḃ ionam-sa. Beiḋ trioblóid sa tsaoġal agaiḃ; aċ glacaiḋ misneaċ, tá buaiḋte agam-sa ar an saoġal.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan