Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 14 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XIV. Caint Ċríost tar éis a ṡuipéir ḋéiḋeanaiġ.

1 Ná tagaḋ buaireaṁ an ḃúr gcroiḋe. Creideann siḃ i nDia; creidiḋ ionam-sa leis.

2 Is mó árus i dtiġ m’Aṫar; dá mba ná beaḋ, do neósfainn daoiḃ é: óir táim ag dul ag cur áite i n-eagar ḋaoiḃ.

3 Agus má imṫiġim agus áit do ċur in-eagar ḋaoiḃ, táim ag teaċt airís agus glacfad ċúġam féin siḃ, i dtreó, an áit ’na mbead-sa go mbeiḋ siḃ-se ann, leis.

4 Agus is eól daoiḃ cá ḃfuilim ag imṫeaċt, agus tá eólas na sliġe agaiḃ.

5 Duḃairt Tomás leis: A Ṫiġearna, ní h-eól dúinn cá ḃfuilir ag imṫeaċt, agus conus is féidir dúinn an tslíġ d’aiṫint?

6 Duḃairt Íosa leis: Is mise an tslíġ, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa; ní ṫagann aoinne ċun an Aṫar aċ tríom-sa.

7 Dá n-aiṫniġeaḋ siḃ mise d’aiṫneóċ’ siḃ m’Aṫair gan aṁras, agus aiṫneóċaiḋ siḃ é feasda, agus do ċonacaḃair é.

8 Duḃairt Pilib leis: A Ṫiġearna, taisbeáin dúinn an t-Aṫair, agus is leór dúinn san.

9 Duḃairt Íosa leis: An ḃfuilim an ḟaid seo aimsire agaiḃ agus gan aiṫne agaiḃ orm? A Ṗilib, an t-é a ċíonn mise ċíonn sé an t-Aṫair, leis; agus conus adeirir-se, Taisbeáin dúinn an t-Aṫair?

10 Ná creideann siḃ go ḃfuilim-se sa n-Aṫair agus an t-Aṫair ionam-sa? Na bréiṫre a laḃraim-se liḃ-se ní h-uaim féin a laḃraim iad; aċ an t-Aṫair atá ’n-a ċóṁnuiġe ionam, isé a ḋeineann na mírḃúiltí.

11 Ná creideann siḃ mise ḃeiṫ sa n-Aṫair agus an t-Aṫair a ḃeiṫ ionam-sa?

12 Nó murab é sin é, creidiḋ mé mar ġeall ar na h-oibreaċa féin. Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ, an t-é a ċreideann ionam-sa, na h-oibreaċa a ḋeinim-se déanfaiḋ sé féin iad, agus déanfaiḋ sé oibreaċa is mó ’ná iad; mar táim-se ag dul ag triall ar an Aṫair.

13 Agus pé rud a ḋ’iarrfaiḋ siḃ ar an Aṫair am’ ainim-se déanfad-sa an rud san, i dtreó go ḃfaġaiḋ an t-Aṫair glóire sa Ṁac.

14 Má iarrann siḃ aon rud orm am’ ainim-se déanfad an rud san.

15 Má tá gráḋ agaiḃ dom coimeádaiḋ m’aiṫeanta.

16 Agus iarrfad-sa ar an Aṫair é, agus cuirfiḋ sé ċúġaiḃ Sólásaiḋe eile ċun fanṁaint agaiḃ go deó;

17 Spioraid na fírinne, náċ féidir do’n tsaoġal a ġlacaḋ, óir ní ḟeiceann sé é ná ní aiṫniġeann sé é; aċ aiṫnéoċaiḋ siḃ-se é, mar fanfaiḋ sé agaiḃ, agus beiḋ sé ionaiḃ.

18 Ní ḟágfad siḃ i nḃúr ndíleaċ-taiṫiḃ; tiocfad ċúġaiḃ.

19 Tamall beag eile agus ní ḟeiceann an saoġal mé feasda; aċ ċíonn siḃ-se mé: óir táim-se beó agus beiḋ siḃ-se beó, leis.

20 An lá san aiṫneóċaiḋ siḃ-se go ḃfuilim-se am’ Aṫair, agus go ḃfuil siḃ-se ionam-sa, agus mise ionaiḃ-se.

21 An t-é go ḃfuil m’aiṫeanta-sa aige agus do ċoimeádann iad, siné an t-é go ḃfuil grád aige ḋom; agus an t-é go ḃfuil grád aige ḋom, beiḋ gráḋ agam’ Aṫair dó; agus beiḋ gráḋ agam-sa ḋó agus taisbeánfad mé féin dó.

22 Duḃairt Iúdás leis, níor ḃ’é an t-Iscariót úd: A Ṫiġearna, cad fé ndeár go ndéanfair ṫu féin a ṫaisbeáint dúinne agus ná taisbeánfair ṫu féin do’n tsaoġal?

23 D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé leis: Má tá gráḋ ag duine ḋóṁ-sa coimeádfaiḋ sé mo ḃréiṫre, agus beiḋ gráḋ ag m’ Aṫair dó, agus tiocfaimíd ċuige agus déanfaimíd cóṁnuiġe i n-a ḟoċair.

24 An t-é ná fuil gráḋ aige ḋom ní ċoimeádann sé mo ḃréiṫre; agus an briaṫar d’aireaḃair ní h-é mo ḃriaṫar-sa é, aċ briaṫar an Aṫair a ċuir uaiḋ mé.

25 Do laḃras an méid seo liḃ agus mé i nḃúr ḃfoċair.

26 Aċ an Sólásaiḋe, an Spioraid Naoṁ, an t-é a ċuirfiḋ an t-Aṫair uaiḋ am’ ainim-se, múinfiḋ sé sin daoiḃ gaċ níḋ, agus cuirfiḋ sé i nḃúr gcuiṁne gaċ níḋ d’á ndéarfad liḃ.

27 Fágaim síoṫċáin agaiḃ; tugaim mo ṡíoṫċáin daoiḃ; ní mar a ṫugann an saoġal a ṫugaim-se ḋaoiḃ. Ná bíoḋ buaireaṁ ar ḃúr gcroiḋe, ná eagla.

28 D’aireaḃair conus mar aduḃart liḃ: Táim ag imṫeaċt, agus ag teaċt ċúġaiḃ. Dá mbead gráḋ agaiḃ dom, ḃeaḋ áṫas oraiḃ toisg mé ḃeiṫ ag dul ag triall ar an Aṫair; óir is mó an t-Aṫair ’ná mise.

29 Agus anois tá sé innste agam daoiḃ roim sé, i dtreó nuair a ṫiocfaiḋ sé go gcreidfiḋ siḃ.

30 Ní déarfad puinn i nḃúr ḃfocair anois. Óir tá priúnsa an doṁain seo ag teaċt, agus ní’l níḋ ar ḃiṫ aige ionam-sa.

31 Aċ ionus go n-aiṫneóċaḋ an doṁan go ḃfuil gráḋ agam do’n Aṫair; agus do réir mar a ṫug an t-Aṫair órdú ḋom, is mar sin a ḋeinim. Eiriġiḋ, imṫiġmís asso.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan